Cuir Síol: Todhchaí na Gaeilge á Cothú i nDún Laoghaire‑Ráth an Dúin
Leagan Gaeilge
Cuir Síol: Todhchaí na Gaeilge á Cothú i nDún Laoghaire‑Ráth an Dúin
Tá borradh faoin nGaeilge ar fud Dhún Laoghaire‑Ráth an Dúin, agus seo an t‑am leis an bhfás sin a threisiú. De réir Dhaonáireamh 2022, tá Gaeilge mhaith ag 29% de mhuintir an chontae, agus tá níos mó daoine ná riamh á labhairt go laethúil lasmuigh den chóras oideachais.
Dá réir sin, tá Cuir Síol á sheoladh ag Comhairle Contae DLR, ciste €20,000 chun tionscnaimh nua Gaeilge a spreagadh i rith Sheachtain na Gaeilge 2026 agus níos faide.
Más mian leat grúpa siúlóide a bhunú trí Ghaeilge, club fichille do pháistí a eagrú, ranganna damhsa trí Ghaeilge a chur ar bun, nó tionscnamh cultúrtha nó sóisialta eile a chruthú, ba mhaith le Cuir Síol cloisteáil uait.
Má tá cónaí nó obair agat i nDún Laoghaire‑Ráth an Dúin agus má tá smaoineamh agat a thabharfadh níos mó deiseanna do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid, seo é do dheis síol a chur.
Muna gcuirfimid san earrach, ní bhainfimid san fhómhar. Cuirimis síolta le chéile.
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ag Gaeilge@dlrcoco.ie
Cuir Síol: Planting the Future of Irish in DLR
The Irish language is blossoming across Dún Laoghaire‑Rathdown and now is the moment to help it grow even further. The 2022 Census shows that 29% of people in the county speak Irish well, and more local residents are using the language daily outside the education system than ever before.
To nurture this momentum, DLR County Council has launched Cuir Síol, a €20,000 fund supporting new community‑led Irish language projects during Seachtain na Gaeilge 2026 and beyond.
Whether you dream of starting a hiking group trí Ghaeilge, setting up a kids’ chess club, running dance classes through Irish, or creating a new cultural or social initiative, Cuir Síol wants to hear from you.
If you live or work in Dún Laoghaire‑Rathdown and have an idea that could give people more opportunities to use their Gaeilge, this is your sign to plant that seed.
We can only reap what we sow, let’s plant the seeds together.
For more information and to apply, please email Gaeilge@dlrcoco.ie
News
View all
dlr Recognised Nationally with Three Prestigious Awards at 2...
dlr Launches Free Events to Help Households Save on Energy C...