Beaches

Comhairle sábháilteachta uisce eisithe ag Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce Éireann agus an RNLI roimh Dheireadh Seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh

General News
Water Safety

Roimh dheireadh seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh, tá Garda Cósta na hÉireann, Sábháilteacht Uisce Éireann agus an RNLI ag   tathant ar an bpobal fanacht slán má tá siad chun imeacht amach ar an uisce nó bheith cois uisce. 

Cé go bhfuil teocht an aeir tar éis ardú, tá teocht na farraige agus teocht an uisce intíre fós íseal. Tá baol dofheicthe ag baint leis an gcontrárthacht seo, baol tromchúiseach maidir le geit fuar-uisce nó baol hipopiteirme má théann duine isteach san uisce nó má thiteann siad isteach de phleist in uisce.

Fiú amháin ar laethanta te grianmhara, is minic a bhíonn teochtaí uisce faoi bhun 15 ° C; fuar go leor chun geit fuar-uisce a bhaint asat. Nuair a tharlaíonn an t-imoibriú nó freagairt tobann seo, spreagann sé  díogarnach anála ainneonach, chomh maith le scaoll, agus freisin cailltear análú rialta, rud a mhéadaíonn go mór an baol báite.

Go leor de na daoine a bheidh ag triall ar an gcósta nó ar uiscebhealaí intíre thar an deireadh seachtaine saoire bainc, beidh siad ag déanamh a gcéad snámh den séasúr.  Ná dearmad imeacht isteach san uisce go réamhchúiseach, caith cúpla steall uisce ort féin chun imeacht i dtaithí ar an uisce fuar,  ná tum tú féin san uisce ach ar feadh achar gearr agus ná téigh amach thar do dhoimhneacht féin san uisce. Ná téigh i d’aonar, bí ag snámh in éineacht le daoine eile, fanaigí le chéile i gcónaí, agus déan deimhin de go bhfágfaidh gach duine an t-uisce go sábháilte. 

Má tá tú ag beartú ar imeacht isteach san uisce nó amach ar an uisce, cuimhnigh:  

  • Fiosraigh an aimsir agus an taoide sula dtéann tú amach, agus beir leat áis chun fios a chuir ar chabhair, mar shampla fón póca lánluchtaithe
  • Caith seaicéad tarrthála nó áis snámhachta i gcónaí, atá feistithe agus cóirithe i gceart 
  • Seachain alcól toisc go gcuireann sé isteach ar do bhreithiúnas, ar chomhordú agus ar an t-achar a thógann sé ort gníomhú.
  • Innis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus an t-am go bhfuil súil agat filleadh abhaile

 

Má thiteann tú isteach san uisce de phlimp nó má bhíonn deacracht agat, cuimhnigh ar na nithe seo:

  • Snámh ar an Uisce chun fanacht beo 
    • Fan socair agus ná lig don scaoll tú a chuir ag lascadh an uiscey calm and fight any instinct to panic or thrash around
    • Cuir do cheann siar, leis na cluasa faoin uisce
    • Tóg go bog é agus déan do dhícheall d’anál a tharraingt go réidh
    • Bog do lámha agus do chosa chun fanacht ar snámh. Tá sé ceart go leor má théann do chosa faoin uisce, bímid go léir ar snámh ar bhealach difriúil
    • Nuair a bheidh smacht agat arís ar d’anál, glaoigh ar chabhair nó ardaigh do lámh nó snámh go sábháilte, má tá tú in ann

 

Má fheiceann tú duine i dtrioblóid ar an uisce nó feadh an chósta nó má cheapann tú go bhfuil siad i dtrioblóid, bain úsáid as raidió mara VHF Ch 16 nó glaoigh ar 999 nó 112 agus cuir fios ar an nGarda Cósta.

Share
Facebook

News

View all

We care about your feedback. Have your say.

Is this page useful?

Any concerns with your local area?

Report a problem with the Council