Customer Service & Complaints

Seachtain na Gaeilge

General News
Public Notices

Is é inniu an chéad lá de Sheachtain na Gaeilge 2022!

Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile is mó in Éirinn agus ar domhan a dhéanann ceiliúradh ar theanga agus cultúr na hÉireann.

Tugann Seachtain na Gaeilge, a ritheann ó inniu, an 1ú Márta go dtí Lá Fhéile Pádraig an 17ú Márta an deis do dhaoine ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar chultúr saibhir na hÉireann chomh maith le deis do dhaoine cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid Gaeilge trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla atá ar siúl trí mheán na Gaeilge. Is feachtas feasachta í Seachtain na Gaeilge ata sé mar aidhm aici aird daoine a tharraingt ar an teanga. Molaimid daoibh súil a choinneáil amach ar líne agus bheith ag éisteacht go haireach chun an teanga a fheiceáil agus a chloisteáil i bpearsa agus ar líne.

Tá Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Leabharlanna dlr ag déanamh gach iarracht chun a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge á cur chun cinn ina n-oifigí agus timpeall an chontae. Coinnigh súil ar ár suíomhanna gréasáin agus ár meáin shóisialta mar beimid ag postáil i nGaeilge an oiread agus is féidir linn agus beidh seanfhocal an lae á phostáil againn i rith Sheachtain na Gaeilge 2022 chun cabhrú le daoine an teanga a fhoghlaim.

Beidh roinnt imeachtaí á reáchtáil ag Leabharlanna dlr i rith Sheachtain na Gaeilge cosúil le Óga Ióga (Dé Céadaoin 2ú Márta & Déardaoin 10ú Márta) a thabharfaidh an deis do pháistí i scoileanna áitiúla ióga a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Táimid ag súil chomh maith le DIY Gaeilge (Dé Céadaoin 16ú Márta ag 7:00i.n.) leis an t-údar agus iriseoir Gaeilge, Úna-Minh Caomhánach. Tabharfaidh Úna-Minh caint shuimiúil ar na hacmhainní éagsúla ar líne atá saor in aisce le húsáid chun an Ghaeilge a fhoghlaim; mar sin, más spéis leat an Ghaeilge a fhoghlaim, déan cinnte nach gcailleann tú amach ar an gcaint seo!

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolas a fháil ar na himeachtaí seo agus coinnigh súil amach ar ár meáin shóisialta.

Today marks the first day of Seachtain na Gaeilge 2022!

Seachtain na Gaeilge is the largest festival that celebrates the Irish language and culture in Ireland and all over the world.

Seachtain na Gaeilge, which runs from today, the 1st of March until St.Patrick’s Day, the 17th of March allows people to celebrate Ireland’s unique, diverse language and culture and allows people to practise their Gaeilge through different events that are held through the medium of Irish. Seachtain na Gaeilge also functions as an awareness campaign about the Irish language so expect to see and hear some Irish being used in person and online.

Dún Laoghaire-Rathdown County Council and dlr Libraries are striving to ensure that the Irish language is promoted both in its offices and around the county. Keep an eye on our social channels where we will be posting in Irish as much as we can as well as posting a seanfhocal each day during Seachtain na Gaeilge to help people learn the language.

dlr Libraries are hosting many events throughout Seachtain na Gaeilge such as Óga Ióga (Wednesday 2nd March & Thursday 10th March) which will provide Yoga classes to children from different local primary schools through the medium of Irish. DIY Gaeilge (Wednesday 16th March, 7:00PM) promises to be another excellent event which will see the Irish language author and journalist, Úna-Minh Caomhánach give a fascinating talk about the numerous free online resources that can be used to learn the Irish language, so if you’re thinking about learning the language, this would be a great place to start!

For further information about these events click here to visit the dlr Libraries website or take a look at our social media channels.

News

View all

We care about your feedback. Have your say.

Is this page useful?

Any concerns with your local area?

Report a problem with the Council