Customer Service & Complaints

Coiste Comhairliúcháin Gaeilge seolta ag dlr

General News
dlr LexIcon

Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (dlr) Coiste Comhairliúcháin Gaeilge a sheoladh.

Ag seoladh inniu an 20ú Deireadh Fómhair, bunaíodh an Coiste chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn laistigh den Chomhairle agus chun monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le cur i bhfeidhm Scéim Teanga na Comhairle Contae.

Tá an Coiste déanta suas de bhaill foirne, geallsealbhóirí seachtracha ó earnálacha éagsúla agus Comhairleoirí Contae.

Agus í ag labhairt ag seoladh an Choiste, dúirt An Cathaoirleach, an Comhairleoir Mary Hanafin:

Tá an Ghaeilge an-láidir sa Chontae. Tá an Ghaeilge an-láidir i measc na nGaelscoileanna agus na bunscoileanna agus sna Gaelcholáistí. Níl ach bealach amháin chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus sin chun í a labhairt. An chéad rud a rinne mé nuair a toghadh mé mar Cathaoirleach ná d’iarr mé ar na Comhairleoirí ar fad sa Chomhairle Contae a gcuid Gaeilge a úsáid. Agus dúirt mé leo gur cuma cén saghas Gaeilge atá acu, is cuma faoi na botúin. Tá neart daoine anseo ag úsáid a gcuid Gaeilge, Gaeilge nár úsáid siad le fada.

Déanfaidh an Coiste monatóireacht ar an éileamh ar an soláthar seirbhísí i nGaeilge agus déanfaidh sé an t-éileamh sin a mheas. Chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar an Scéim, déanfaidh an Coiste monatóireacht ar aon reachtaíocht eile a bhaineann leis an nGaeilge agus déanfar scrúdú ar straitéisí na Comhairle chun a chinntiú go bhfuil an Chomhairle ag cloí leis an reachtaíocht ábhartha.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Frank Curran:

Fáiltím go mór roimh an nuacht maidir le bunú an Choiste Comhairliúcháin Gaeilge agus táim ag súil go mbeidh tionchar mór ag an gCoiste seo maidir le feabhas a chur ar chaighdeán ár seirbhísí i nGaeilge agus go mbeidh sé mar thairbhe don Chomhairle agus don Chontae go ceann na mblianta.

Breathnaigh ar ár bhfíseán promóisin anseo nó éist le Podchraoladh dlr le Conchúr Ó Sé, Oifigeach Forbartha Gaeilge anseo.

News

View all

We care about your feedback. Have your say.

Is this page useful?

Any concerns with your local area?

Report a problem with the Council