Customer Service & Complaints

Impí ar Bhaile Átha Cliathaigh chun iarracht níos mó a dhéanamh chun moill a chur ar scaipeadh COVID-19

General News
dlr LexIcon

D’eisigh ceannairí cheithre Údarás Áitiúla Bhaile Átha Cliath, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Garda Síochána comhimpí inniu do shaoránaigh chun iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun moill a chur ar scaipeadh COVID-19 agus chun oibriú le chéile chun Baile Átha Cliath a ísliú anuas go dtí Leibhéal 1 i gCreat Náisiúnta an Rialtais um Maireachtáil le COVID.

Shínigh Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu; Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an Comh. Úna Power; Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy agus Méara Bhaile Átha Cliath Theas, an Comh. Ed O’Brien anuas ar an Stiúrthóir Sláinte Poiblí do FSS an Oirthir, an Dr Deirdre Mulholland agus Coimisinéir Cúnta um Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal, Paula Hilman Litir Oscailte chuig saoránaigh Bhaile Átha Cliath Theas.

Baill iad na ceithre údarás áitiúla, FSS agus na Gardaí de Ghrúpa Stiúrtha Réigiúnach an Oirthir (GSRO) a bhfuil tacaíocht á comhordú aige a bhí á tabhairt ag na gníomhaireachtaí eile do FSS ó thosaigh paindéim COVID-19 i Márta. 

Impítear sa Litir Oscailte ar Bhaile Átha Cliathaigh chun freagracht phearsanta a ghlacadh as a ngníomhartha agus chun oibriú le chéile chun uimhreacha cásanna a laghdú, an ráta ionfhabhtaithe a laghdú agus an méid daoine atá á dtabhairt chuig an ospidéal a laghdú. Spreagtar muintir Bhaile Átha Cliath chun cloí leis an gcomhairle agus an treoir a thugann Sláinte Poiblí FSS sa troid leanúnach in aghaidh namhaid bhaolach a bhfuil an oiread sin díobhála á dhéanamh aige do shláinte dhaoine, geilleagar Bhaile Átha Cliath agus don bhealach a mhaireann Baile Átha Cliathaigh.

Luaitear sa litir: “Is eol dúinn cheana féin gur cuma leis an ngalar seo cén aois thú, cén inscne thú, cé thú féin, nó cá bhfuil cónaí ort. Caithfimid caitheamh leis an ngalar mar namhaid bhaolach agus oibriú as lámh a chéile chun stop a chur lena scaipeadh trínár bpobail agus saol ár ndaoine muinteartha, ár gcomharsana, ár gcomhghleacaithe agus ár gcairde a chur i mbaol.”

Síníodh an Litir Oscailte go foirmiúil inniu ag Teach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, agus déanfar é a scaipeadh ar Bhaile Átha Cliathaigh trí na láithreáin ghréasáin agus cainéal meán sóisialta na gceithre údarás áitiúil. Tá feachtas fuaime raidió agus digiteach á chur ar siúl ag na ceithre údaráis áitiúla freisin atá dírithe ar iompar daoine 15-34 bliain d’aois i mBaile Átha Cliath i dtreo an víris COVID-19 a athrú.

Chuir Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, Hazel Chu, síniú an lae inniu ar siúl, agus dúirt sí: “Seachas an costas soiléir a bhfuil orainn go léir, mar dhaoine, íoc as, bhí sé fíordheacair ar bheatha gheilleagrach Bhaile Átha Cliath le sé mhí anuas. Tá daoine muinteartha, cairde, agus comharsana againn go léir a chaill a bpoist nó a ngnólachtaí agus atá ar an ngannchuid. Smaoinigh, le do thoil, faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun an víreas seo a chomhrac chun gur féidir le Baile Átha Cliath, a bhfuil aithne againn go léir air agus cion againn dó, filleadh ar a sheanléim arís.”

 

Dúirt an Comh. Úna Power, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:

Táim ag iarraidh ar dhaoine óga i mBaile Átha Cliath chun iarrachtaí níos mó a dhéanamh chun an méid daoine a laghdú a ndéanann siad teagmháil shóisialta leo chun cabhrú le stop a chur le scaipeadh an víris seo. Déan na rudaí éasca i gceart - caith masc, nigh do lámha i gceart, fan fad sóisialta amach ó dhaoine eile agus laghdaigh an méid daoine a ndéanann tú teagmháil shóisialta leo, an méid agus is féidir leat. Tá a fhios agam go raibh sé deacair, agus go háirithe ar dhaoine óga atá ag oibriú ar na túslínte agus obair neamhbhuan acu. Ar an drochuair, tá an víreas ag scaipeadh arís, agus caithfimid brath ar a chéile chun an rud ceart a dhéanamh.”

 

Dúirt an Comh. David Healy, Méara Fhine Gall: “Fad a dhruideann an Geimhreadh linn, caithfimid a thuiscint go gcabhróidh sé le daoine leochaileacha inár bpobal má ghlactar le freagracht as ár ngníomhartha maidir le COVID-19. Tá iarracht á déanamh acu cheana féin chun an baol atá rompu a laghdú a mhéid agus is féidir agus is féidir linn an baol sin a laghdú níos mó trí chloí leis na treoirlínte sláinte poiblí agus an ráta ionfhabhtaithe a mhoilliú. Is tábhachtach freisin a chinntiú go ndéantar aerú maith ar gach spás a roinneann daoine ó theaghlaigh éagsúla agus chun maisc a chaitheamh nuair a iarrtar ort.”      

 

Dúirt an Comh. Ed O’Brien, Méara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas: “Beidh gach duine i mBaile Átha Cliath buíoch i gcónaí de gach oibrí agus oibrí deonach túslíne a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun sinn a choimeád sábháilte i rith na paindéime seo. Ach is é an bealach is fearr is féidir linn go léir an buíochas sin a thaispeáint anois ná chun iarracht bhreise a dhéanamh chun cloí leis na treoirlínte agus moill a chur ar scaipeadh an víris. Táimid ag iarraidh oraibh go léir a bheith in bhur n-oibrithe deonacha agus deireadh a chur leis an idirghníomhú sóisialta, cuairteanna ar na háiteanna is fearr linn agus le himeachtaí sóisialta a eagraítear ar an toirt chun gur féidir linn scaipeadh an víris a theorannú arís.”

Dúirt an Dr Deirdre Mulholland, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS an Oirthir: “Má bhíonn comharthaí COVID-19 ar dhaoine, tá sé tábhachtach go ndéanann siad teagmháil lena ndochtúir agus go gcloíonn siad leis an gcomhairle a chuireann siad ar fáil. Má mholann ár ndochtúir nó comhairle Sláinte Poiblí dúinn chun aonrú a dhéanamh nó chun srian a chur ar ár ngluaiseachtaí, is tábhachtach go gcloímid leis an gcomhairle sin chun slabhra an tarchuir a ghearradh. Chun teacht ar eolas fút féin agus daoine eile a chosaint, tabhair cuairt, le do thoil, ar https://www2.hse.ie/coronavirus/.”

Dúirt an Coimisinéir Cúnta um Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal, an Garda Síochána, Paula Hilman: “Leanann Gardaí ar fud na tíre ag oibriú lenár gcomhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freastal ar riachtanais phobal leochaileach agus ar deacair iad a aimsiú. Ó thús Phaindéim COVID-19 ar aghaidh, bhí ár n-acmhainní dírithe ar dhaoine a gcasaimid leo ‘a Spreagadh chun Páirt a Ghlacadh, Míniú a Thabhairt dóibh agus a Spreagadh’ chun cloí le Rialuithe Sláinte Covid. I gcásanna inar sainaithníodh daoine aonair nó grúpaí mar dhaoine aonair nó grúpaí leochaileacha, d’oibrigh Gardaí ar fud na tíre go dlúth le comhghleacaithe sna hÚdaráis Áitiúla, FSS agus seirbhísí deonacha lena chinntiú go ndearnadh teagmháil leo siúd a sainaithníodh agus gur tugadh an tacaíocht dóibh a theastaíonn uathu. De réir mar a thagann athrú ar na cúinsí, tá ar Ghardaí ar fud na tíre tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus dophobail. Leanaimid le hidirchaidreamh a dhéanamh lenár gcomhghleacaithe in FSS agus Údaráis Áitiúla chun freagairt oiriúnach a chur ar fáil don phobal. Ba cheart do dhuine ar bith a dteastaíonn cúnamh an Gharda Síochána uathu teagmháil a dhéanamh lena nGarda Pobail / a stáisiún Gardaí áitiúil go díreach nó, i gcás éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112.”

Chun tú féin agus daoine eile a chosaint, molann FSS chun do lámha a ní i gceart agus go minic. Clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr nó do mhuinchille nuair a dhéanann tú casacht nó sraothartach agus cuir ciarsúir a d’úsáid tú isteach i mbosca bruscair. Déan rudaí agus dromchlaí a leagtar lámh orthu go minic a ghlanadh agus dhíghalrú. Seachain teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile trí fhad dhá méadar a choimeád idir tú féin agus daoine eile.

 

News

View all

We care about your feedback. Have your say.

Is this page useful?

Any concerns with your local area?

Report a problem with the Council