IARRATAS A CHUR ISTEACH AR CHEAD PÁIRCEÁLA
Tá páirceáil íoca faoi rialú an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1994, nach ndéantar foráil maidir le páirceáil “d’áitritheoirí amháin” ann.
Féadfaidh áitritheoirí iarratas a chur isteach ar Cheadanna Páirceála d’Áitritheoirí agus ar Cheadanna do Chuairteoirí a bheidh bailí le húsáid sa limistéar páirceála íoca a bhaineann leo. Is é an táille reatha ar chead páirceála d’áitritheoirí ná €140 ar chead bliana nó €75 ar chead dhá bhliain. Beidh ar dhaoine nach áitritheoirí iad/nach bhfuil cead ina seilbh acu íoc as páirceáil ar bhunús Íoc & Taispeáint.
Beidh ceadanna do chuairteoirí, a bheidh bailí le haghaidh páirceála i spás Íoc & Taispeáint le linn na n-uaireanta infheidhme, ar fáil d’áitritheoirí ar chostas €2.00 in aghaidh an cheada, agus díolfar iad ina gceathrair, faoi réir coinníollacha. Beidh gach cead bailí ar feadh lae. Chomh maith leis sin, féadfar íoc as páirceáil ghearrfhanachta le ticéad Íoc & Taispeáint.
Féadfaidh gach duine a chuireann cruthúnas (i.e. bille fóntais nó ráiteas bainc) suas le dáta ar fáil gur áitritheoirí é nó í de limistéar Íoc agus Taispeáint éigin suas le 120 ticéad do chuairteoirí a cheannach in aghaidh na bliana.
Féadfar Ceadanna Páirceála d’Áitritheoirí agus do Chuairteoirí a cheannach trí chlárú ar shuíomh idirlín GoParkIt.com.
Doiciméid tacaíochta atá ag teastáil le haghaidh iarratais ar Chead Páirceála d’Áitritheoirí nua:
Cruthúnas cónaithe reatha (i.e. a bhfuil dáta air laistigh de thrí mhí anuas) ar a dtaispeántar d’ainm agus do sheoladh, i.e. bille fóntais tí, ráiteas Bainc, Comhair Creidmheasa nó Cárta Creidmheasa; comhaontú tionóntachta cláraithe le tiarna talún, is inghlactha ag an gComhairle. (Ní ghlacfaidh an Chomhairle le billí nach billí tí iad ná le billí fóin phóca).
Fótachóip de do theastas árachais feithicle reatha – caithfidh gurb ionann an seoladh ar an teastas árachais agus an seoladh a n-iarrfar an cead dó. Má tá an carr cláraithe in ainm comhlachta, beidh ort cóip de theastas árachais reatha na feithicle a sholáthar, AGUS litir ón gcomhlacht ina ndeirtear go bhfuil tú fostaithe aige agus gur tusa a bhaineann gnáthúsáid as an bhfeithicil.
Cóip de do cheadúnas tiomána reatha
Cóip de do dhiosca árachais reatha
Má tá Cead Páirceála d'Áitritheoirí le hathnuachan agat, an t-aon doiciméad tacaíochta is gá leis ná cruthúnas cónaitheachta reatha (i.e. a bhfuil dáta laistigh de thrí mhí anuas air).
Tá liosta iomlán na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar shuíomh Idirlín GoParkIt.
CUIR IARRATAS ISTEACH VIA GOPARKIT.COM
Féadfar foirmeacha iarratais crua a chomhlánú agus a chur isteach móide na doiciméid tacaíochta agus an táille is gá leo, chuig an Rannóg Páirceála de Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá na foirmeacha ábhartha ar fáil le híoslódáil ón leathanach seo.