Ráiteas Príobháideachais

 

Is ráiteas é seo maidir leis na cleachtais phríobháideachais a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo. Nílimid freagrach as an ábhar atá ar shuímh ghréasáin eile ná as na cleachtais phríobháideachais a bhaineann leo. Is féidir a aithint go soiléir nuair is nasc chuig suíomh gréasáin eile atá i nasc seachtrach éigin ar ár suíomh. Mínítear téarmaí teicniúla áirithe a mbaintear úsáid astu sa ráiteas seo ag bun an leathanaigh.

Ráiteas ginearálta

Léiríonn an ráiteas seo ár bpolasaí príobháideachais maidir lenár suíomh gréasáin – www.dlrcoco.ie. Nílimid freagrach as ábhar ná cleachtais phríobháideachais na suímh gréasáin eile atá nasctha leis.

Bíonn lánurraim ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin do do cheart chun príobháideachta, agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Pléifear le haon faisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil don Chomhairle le hardchaighdéan slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003.

 

 

Faisnéis phearsanta a bhailiú agus a úsáid

 

Ní bhailíonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sonraí pearsanta a bhaineann leat ar an suíomh gréasáin seo, seachas faisnéis a chuireann tú ar fáil (mar shampla, trí ríomhphost a chur chugainn nó ar an bhfoirm aiseolais ar líne). Ní chuirtear faisnéis a sholáthraíonn tú ar fáil ar an gcaoi seo ar fáil do thríú páirtithe, agus ní bhaineann an Chomhairle úsáid aisti ach de réir mar a thagann sé leis an gcúis lenar chuir tú ar fáil í.

 

Faisnéis theicniúil a bhailiú agus a úsáid

 

Ní bhaineann an suíomh gréasáin seo (www.dlrcoco.ie) úsáid as fianáin, seachas fianáin “seisiúin’ shealadacha a chumasaíonn do bhrabhsálaí gréasáin a chuimhneach cé na leathanaigh ar tugadh cuairt orthu cheana féin. Má dhíchumasaítear na fianáin sa bhrabhsálaí gréasáin ní bheidh aon chaillteanas feidhmiúlachta ann agus cuairteoirí ag úsáid an tsuímh.

Bíonn sonraí teicniúla a bhaineann le cuairteanna á logáil chun críocha staitisticí ag an soláthraí seirbhíse a dhéanann rianú idirlín dúinn. Ní bhailítear faisnéis ar féidir linn é a úsáid chun cuairteoirí ar an suíomh gréasáin a aithint. Is iad na sonraí teicniúla seo a leanas amháin a gcoinnítear taifead orthu:

  • Seoladh IP bhrabhsálaí gréasáin an chuairteora
  • an t-ainm fearainn barrleibhéil (mar shampla .ie, .com, .org, .net)
  • seoladh an tsuímh gréasáin ónar tháinig an cuairteoir chugainn, lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh a úsáideadh
  • sonraí x a léiríonn trácht cuairteoirí timpeall ar an suíomh gréasáin seo (mar shampla leathanaigh a bhfuarthas rochtain orthu agus doiciméid a íoslódáladh)
  • cineál an bhrabhsálaí gréasáin a d’úsáid an cuairteoir

Ní dhéanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin aon iarracht cuairteoirí aonair a aithint, nó na sonraí teicniúla thuas a nascadh le haon duine aonair.Is é polasaí na Comhairle gan faisnéis theicniúil i leith cuairteoirí aonair ar an suíomh gréasáin a nochtadh d’aon tríú páirtí (seachas an soláthraí seirbhíse idirlín a dhéanann sonraí den chineál seo a thaifeadadh thar ár gceann agus a bhfuil faoi cheangal na bhforálacha rúndachta i ndáil leis sin), ach má éilíonn an dlí orainn faisnéis a nochtadh.Ní bhainfidh ach Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin úsáid as an bhfaisnéis theicniúil agus chun críche staitisticí agus riaracháin amháin. Ní mór a thabhairt faoi deara nach “sonraí pearsanta” chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 & 2003, iad na sonraí faisnéise nach féidir linn iad a cheangal le haon duine aonair inaitheanta.

 

Gluais na dtéarmaí teicniúla a úsáidtear

Brábhsálaí gréasáin

An bogearra a úsáideann tú chun leathanaigh ghréasán a léamh. Mar shampla, Microsoft Internet Explorer, Netscape Navigator agus Opera.

Seoladh IP

Sonraí aitheanta do ríomhaire (nó ríomhaire do chomhlachta idirlín), a léirítear mar chód “prótacail idirlín’ (mar shampla 192.168.72.34). Tá seoladh IP uathúil ag gach ríomhaire atá nasctha leis an ngréasán, ach ní hionann an seoladh gach uair a dhéantar an nasc.

Fianáin

Píosaí beaga faisnéise a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs a gcuireann do ríomhaire ar shuíomh gréasáin iad. Is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin a léamh le linn do chuairteanna ina dhiaidh sin. Féadfaidh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán a bheith ag baint le do nósanna brabhsálaithe ar an leathanach gréasáin, nó uimhir aitheanta uathúil chun gur féidir leis an suíomh gréasáin “cuimhneamh ort” ar fhilleadh duit ar cuairt. Go ginearálta, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin ar féidir thú a aithint uathu, ach má chuir tú a leithéid d’fhaisnéis ar fáil don suíomh gréasáin.

Back