Tá. Bíonn iarratais bailí ar feadh 12 mhí ón dáta ar a bhfaightear iad. Baintear den liosta iad tar éis 12 mhí.
This picturesque location in Rathfarnham, overlooked by the historic 18th Century Marlay House and within the grounds of the 247 acre park is home to a playground, a par-3 golf course, a model railway, running and walking trails and various sports facilities including tennis courts, football pitches and a cricket ground.
The Marlay Park Co Co Market is nestled within the charming craft courtyard of Marlay house. Vendors are keen to build relationships with customers and share their passion for their products.
Tá. Bíonn iarratais bailí ar feadh 12 mhí ón dáta ar a bhfaightear iad. Baintear den liosta iad tar éis 12 mhí.
Ní chuirimid aon trealamh ar fáil. Beidh na bainisteoirí margaí in ann comhairle a chur ort maidir le scáthanna fearthainne/gaiséabó le húsáid sa mhargadh nuair a thairgtear spás duit.
Toisc go molaimid iomaíocht shláintiúil inár margaí, ní féidir linn aon ghealltanas a thabhairt gur tusa amháin a bheidh ag díol aon táirge ar leith; déanaimid iarracht, áfach, a chinntiú nach mbeidh an iomarca díoltóirí ag díol aon táirge ar leith chun go mbeidh sciar den ghnó ag gach díoltóir.
Glacann. Measaimid gach iarratas agus go minic roghnaímid táirgí a shaothraítear agus dhíoltar go séasúrach, mar thorthaí agus sméara úra i míonna an tsamhraidh agus táirgí Nollaig sa gheimhridh.
Más díoltóir séasúrach thú, léirigh an mhí/na míonna ina mbíonn do tháirge ar fáil faoi Liosta Táirgí ag bun an chéad leathanaigh den iarratas.
Cé go stóráiltear iarratais in ord na ndátaí ar a bhfuarthas iad, ní gá go dtugtar spás don chéad díoltóir eile ar an liosta. Nuair a bhíonn folúntas ann sa mhargadh, breathnóidh an bainisteoir margaidh ar gach iarratas ar an liosta feithimh agus roghnóidh sé nó sí an táirge is fearr a oireann don fholúntas.
Is ionann ár gcritéir roghnúcháin agus treoir do na bainisteoirí margaí:-
Critéir bhia:
Critéir neamh-bhia
Cé gurb ionann na critéir seo agus treoir do na bainisteoirí margaí, is féidir go roghnófar táirgí nua nach bhfuil de réir na gcritéar má mheastar go gcuirfidh na custaiméirí spéis iontu agus go gcuirfidh siad leis na táirgí atá á ndíol cheana féin.
Tionscnamh gnó de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tabhair faoi deara – dá fheabhas d’iarratas agus dá mhéad eolais a chuireann tú ar fáil (lena n-áirítear grianghraif, bileoga táirgí, sonraí suímh idirlín, etc.) is ea is dóichí go roghnófar do tháirge in ionad iarratais eile. Is deis duit é do tháirge a chur chun tosaigh.