Intro Text 

The Building Control Section is responsible for administering the Building Regulations in the Dún Laoghaire Rathdown area. The Building Regulations apply to the design and construction of new buildings, extensions, material alterations and certain changes of use of existing buildings. Guidance is provided in a series of Technical Guidance Documents published by the Department of Housing, Local Government and Heritage and in the codes, standards and other documents referred to in these.

Building Control deliver effective public oversight of compliance with Building Regulations by inspecting active construction sites and new buildings under construction. If you have a question or any concern about the quality of construction work underway in the Dun Laoghaire Rathdown area please contact us.

From the 1st of July 2021, Building Control (Amendment) Regulations 2021 (S.I. No. 229 of 2021) will be enacted. The revised Regulations state that “Where a copy of the 7 day notice statutory declaration referred to in Article 20A (2)(a)(ii)(II), has been submitted via the Building Control Management System, the applicant shall retain the original 7 day notice statutory declaration and shall produce the original 7 day notice statutory declaration for inspection where required to do so by the building control authority.”

You can see the full details of the new Statutory Instrument here.

 

 

FAQS

Tá gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i dtaca le hoibreacha áirithe a mbaineann Ceanglais Chuid M leo. Breathnaigh ar Alt 20 D (1) de I.R. 351. Ní bhainfidh Cuid M le haon athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ach amháin nuair atá athrú ábhartha i gceist – sna cásanna sin, bainfidh Cuid M leis na hoibreacha go léir i dtaca leis an athrú ábhartha agus ba cheart cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Tháinig an riachtanas maidir le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2010 le haghaidh foirgneamh nua (seachas tithe cónaithe) a cuireadh tús leo ar nó i ndiaidh an dáta sin.

Níl aon táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Is féidir nuair is Coimisinéir Mionnaí é/ní chomh maith. Ní fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí seo, áfach, maidir le himeachtaí a bhfuil sé nó sí mar aturnae ag aon cheann de na páirtithe iontu nó a bhfuil leas aige iontu.

Is féidir. Má tá iarratas bailí déanta agat ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, is féidir leat fógra 7 lá a chur isteach ar choinníoll go gcuireann tú uimhir thagartha an iarratais bhunaidh isteach leis chomh maith leis an táille leasaithe agus na doiciméid riachtanacha go léir atá liostaithe in Alt 20A de na Rialacháin. Ba cheart duit teagmháil leis an Údarás Rialaithe Foirgníochta.

Ní féidir. Ní ghlactar le cóipeanna i scríbhinn a thuilleadh. Is gá gach foirm a chur isteach go leictreonach anois ar shuíomh Idirlín Building Control Management System (BCMS)

 

 

Ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula gcuirfear tús le hobair go teicniúil. Ní dhéanfaidh duine oibreacha, áfach, de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 nó de shárú ar choinníollacha faoina ndeonaítear Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas (i gcás go bhfuil gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas).

Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin a chur isteach ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus aon choinníollacha a bhainfidh leis sula gcuirfear tús le hoibreacha.

Is gá. Caithfidh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán atá bailí a bheith ag gabháil leis an bhfógra 7 lá agus dearbhú reachtúil maidir leis an obair atá beartaithe, ach níl táille i gceist ach ar an bhfógra 7 lá i gceist.

Ní gá duit táillí ar leith a íoc ar an bhFógra 7 Lá agus ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán araon.

Ní gá. Is ionann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus deimhniú gur comhlíonadh riachtanais Chuid M reatha – Cuid M 2000. Níl na moltaí maidir le Dréacht-Chuid M 2009 tugtha chun críche go fóill. Is féidir go mbeidh eolas breise de dhíth le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas nuair a thiocfaidh leasuithe a dhéanfar amach anseo chun bheith i ngníomh.

Is gá. Is gá go mbeidh Deonú Deiridh agat sula bhféadfaidh tú fógra tosaithe a chur isteach.

Ní dhéanfaidh aon duine oibreacha de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 ná ar aon choinníollacha ar faoina réir a dheonaítear Teastas Rochtana do Daoine faoi Mhíchumas (i gcás gur gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil).

Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas a chur isteach ar TRDM agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an TRDM agus aon choinníollacha ina leith sula gcuirfear tús leis na hoibreacha.

Is féidir, áfach, cur isteach ar TRDM tar éis fógra tosaithe a tabhairt, ach ní osclófar, ní oibreofar agus ní áitreofar foirgneamh agus ní cheadófar é sin in imthosca ar bith mura bhfuil TRDM tugtha nó go dtí go gcinnfear próiseas achomhairc.

Nó mór fógra tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis an obair.

Ní gá le fógra 7 lá maidir le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, mar ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula dtosófar – féach thuas.

Ní gá le Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta mar ní bhaineann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ach le hoibreacha a tosaíodh ón 1 Eanáir 2010 agus ní bhaineann sé go cúlghabhálach. Ní mór Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil sula n-osclófar, a n-oibreofar nó a n-áiteofar foirgneamh ina mbeidh Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas de dhíth i leith oibreacha. Is féidir cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas chun na críche sin.

Is é an táille ná €500 arb ionann agus an táille ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán faoi a cheathair nó €11.60 in aghaidh an mhéadair chearnaigh d’achar an urlár, pé acu is mó. D’fhéadfadh sé seo a bheith éagsúil ag brath ar na hoibreacha – féach an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacha um Rialú Foirgníochta.

Is é an tréimhse ama ná suas le 8 seachtaine faoi Alt 6(5)den Acht um Rialú Foirgníochta, 1990, nó níos faide má aontaíonn an t-iarratasóir agus an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta é sin.

Is é an táille ná €30 in aghaidh an bhloic árasán. Ní gá duit fógra tosaithe ar leith a fháil le haghaidh gach árasáin, e.g. 100 árasán i mbloc amháin = €30

Deimhniú a thugann údarás rialaithe tógála maidir le hoibreacha ar fhoirgnimh tráchtála agus bloic árasán ar tosaíodh iad nó ar cuireadh i gcrích iad gan an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ar gá leis. Féadfar an deimhniú a thabhairt le coinníollacha agus gan choinníollacha nó é a dhiúltú.

Is fógra mear maidir le hobair a thosú sula ndeonaítear an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.

Is teastas é an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a dheonaíonn an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta ar deimhniú é go gcomhlíonann dearadh oibreacha áirithe, e.g. foirgnimh nua (seachas tithe cónaithe), roinnt sínte le foirgnimh agus athruithe móra orthu (seachas tithe cónaithe) ceanglais Sceideal M a ghabhann leis na Rialacháin Phleanála.  

Ba cheart duit cur isteach air san am gcéanna a gcuireann tú isteach ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Is ionann an tréimhse am leis an dá iarratas a mheas. Ar an gcaoi sin, beidh gach eolas ábhartha agat sula gcuirfear tús leis an bhfoirgníocht.

Is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas maidir leis na hoibreacha seo a leanas ar fhoirgnimh seachas tithe cónaithe (ach lena n-áirítear foirgnimh árasán), a mhéid a bhaineann Ceanglais Chuid M leo agus a cuireadh tús leo ar an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin:

(a) oibreacha a bhaineann le dearadh agus tógáil foirgnimh nua,

(b) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha–

(i) ar ionad lae,

(ii) ar fhoirgneamh a bhfuil árasán ann,

(iii) ar óstán, brú nó foirgnimh aíochta, nó

(iv) foirgneamh institiúideach, nó

(v) áit tionóil, nó

(vi) ionad siopadóireachta,

ach níl oibreacha ar fhoirgnimh den chineál sin ar oibreacha beaga iad san áireamh,

(c) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail i gcás–

(i) go gcuirfear achar urláir breise ar fáil laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana, nó

(ii) go roinnfear an foirgneamh ina aonaid le haghaidh áitíochta ar leith,

(d) oibreacha a bhaineann le síneadh de níos mó ná 25 mhéadar chearnacha a chur le foirgneamh,

(e) foirgneamh a mbeidh athrú ábhartha úsáide ag baint leis (féach an nóta thíos)

Ní mór a thabhairt faoi deara sa chomhthéacs seo

• go bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith na n-oibreacha go léir a bhaineann le hathrú ábhartha nó síneadh, gan gá le hobair eile ar an bhfoirgneamh atá ann cheana féin1,2.

• nach bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith athrú ábhartha úsáide, ach amháin i gcás go mbaineann athrú ábhartha nó síneadh leis an athrú ábhartha úsáide. Sa chás sin, breathnaigh ar an bpointe roimhe seo3.

1 Tá sé sonraithe in Alt 11 de na Rialacháin Phleanála 1997–2008 go mbaineann na Rialacháin le gach cuid d’fhoirgneamh a mbeidh tionchar ag an athrú ábhartha nó ag an síneadh uirthi ach amháin a mhéid is go dtoirmiscfear oibreacha a chruthódh sárú nua ná sárú níos mó i bhfoirgneamh den chineál sin.

2 Ní bhaineann Cuid M le hoibreacha i dtaca le sínte a chur le teaghaisí atá ann cheana féin nó athruithe ábhartha a dhéanamh orthu, ar choinníoll nach gcruthóidh na hoibreacha teaghais nua

3 Rinneadh Ceanglais Chuid M 2010 a bhí le tosú ar an 1 Eanáir 2012 Alt 13 a leasú sa chaoi is go bhfuil feidhm ag Cuid M ar athruithe ábhartha úsáide áirithe. Rinne sé Alt 11 de na Rialacháin Phleanála a leasú freisin chun an sainmhíniú ar Athrú Ábhartha a leathnú sa chaoi is go n-áirítear Cuid M ann.

Is gá:  Foirgnimh nua, lena n-áirítear bloic árasáin

Ní gá: Tithe cónaithe

Is gá:  Athrú ábhartha ar ionad cúram lae, bloc árasán, óstán, brú, foirgneamh aíochta, foirgneamh institiúideach, áit tionóil, ionad siopadóireachta

Is gá:  Athrú ábhartha ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail i gcás go gcuirfear achar urláir breise ar fáil laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana féin nó go roinnfear foirgneamh i roinnt aonad le haghaidh áitíochta ar leith.

Is gá: Síneadh de níos mó ná 25m2 a chur le foirgneamh atá ann cheana féin seachas teach cónaithe

Ní gá:  Foirgneamh damáiste nó dóite atá ann cheana féin agus atá á dheisiú.

Ní gá:   Athrú ábhartha úsáide, leis féin – féach thuas

Is gá:  Athrú ábhartha úsáide a mbaineann athrú ábhartha leis i dtaca leis an athrú úsáide.

Caithfidh tú Fógra Tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis na hoibreacha, ina gcuirtear in iúl don Údarás Foirgníochta cén dáta tosaithe atá beartaithe agat. Mura ndéanfaidh tú é sin, beidh tú ag sárú na gCoinníollacha Pleanála. 

Déantar foráil leis na Rialacháin go mbeidh bunscoileanna a bhfuil ceathrar múinteoirí nó níos lú iontu díolmhaithe ó tháillí, mar a d’iarr an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Is é an gnáth-tháille ná €250 nó €5.80 in aghaidh an mhéadair chearnaigh, pé acu is mó. Is ionann é seo agus a dhá oiread leis an méid atá ar ghnáthiarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.

Féadfaidh an táille a bheith éagsúil ag brath ar an obair atá beartaithe agus liostáiltear na táillí sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Rialú Foirgníochta.

Is é an táille ná €30 in aghaidh an aonaid.

 

Is é an táille ná €800 in aghaidh an fhoirgnimh.

 

Cuir isteach ar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas láithreach/chomh luath agus is féidir. Liostáiltear ar cheart a chur ar fáil leis an iarratas i bParagraf 2(b) de Chiorclán na Roinne BC11/2009. Is féidir ábhar breise a iarraidh ar an Údarás Rialaithe Foirgníochta.

Níl an gá le leagan leasaithe de Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas teoranta d’oibreacha nach bhfuil tosaithe. Bíonn sé i gceist nuair a dhéantar leasú ábhartha ar dhearadh an fhoirgnimh nó ar na hoibreacha atá tosaithe cheana féin.

Ba cheart. Nuair a chuirtear fógra tosaithe isteach maidir le Forbairt Tráchtála nó Árasán, ní mór Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a chur isteach freisin.

Ní féidir foirgneamh a oscailt, a oibriú ná a áitiú nó ní féidir cead a thabhairt é a oscailt, a oibriú ná a áitiú gan an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas is gá leis, nó, i gcás gur taisceadh achomharc, go dtí go bhfuil cinneadh déanta faoin achomharc.

 

 

Níl aon mheicníocht ann chun é a shíneadh. Is cion é obair a thosú ar fhoirgneamh gan Teastas um Shábháilteacht ó Dhóiteán (nuair is ga leis) a bheith agat agus is ionann an Teastas Rialtachta agus deis chun córas deimhnithe sábháilteachta ó dhóiteán a chomhlíonadh. Mura gcuirfear na hoibreacha i gcrích laistigh den tréimhse 4 mhí, ní bheidh feidhm ag an deimhniú.

Back