Ba cheart don áititheoir nua a chinntiú go bhfuil na rátaí go léir, lena n-áirítear rátaí na bliana reatha, agus gach dliteanas eile íoctha sula gcuirfear an díolachán i gcrích nó sula sannfar an léas i leith aon áitreabh inrátataithe.
Commercial Rates Payment can be made via the following:
By Direct Debit: You can pay your rates in monthly instalments over the course of one year by completing our Direct Debit Mandate Form.
By Bank Giro Credit Transfer/EFT: A Bank Giro is attached to your Rate Demand.
By Credit/Debit Card: Payment can be made by telephone at 01 2054821 (maximum tansaction amount is €5,000).
In person: At the Council’s Offices in Dún Laoghaire and Dundrum using Credit or Debit Card. The maximum transaction amount of €5,000.
Instalment by Agreement: If you are experiencing difficulty in paying your bill in full please contact us at 01 2054821 or by e-mail to rates@dlrcoco.ie
Please note that Cash is not accepted at the Council's offices nor should it be sent through the post.
Amharc ar an nGailearaí
Ba cheart don áititheoir nua a chinntiú go bhfuil na rátaí go léir, lena n-áirítear rátaí na bliana reatha, agus gach dliteanas eile íoctha sula gcuirfear an díolachán i gcrích nó sula sannfar an léas i leith aon áitreabh inrátataithe.
Tá sé de cheanglas ar úinéirí áitribh inrátaithe ón 1 Iúil 2014, fógra a thabhairt don údarás áitiúil ábhartha nuair a bheidh athrú ar áitiú a n-áitribh, i.e. nuair atá áitreabh á dhíol, nuair atá áititheoir nua ann nó nuair a thagann an t-áitreabh chun bheith folamh. Ní mór d’úinéirí Foirm Alt 32 a chomhlánú laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe. Gearrfar pionós airgeadais ar úinéirí nach gcuireann fógra chuig an údarás áitiúil laistigh de 14 lá. Is ionann méid an phionóis seo agus méid is comhionann le dhá bhliain de na rátaí dlite ón áititheoir roimhe sin. Fanfaidh aon phionós nach n-íocann úinéir an áitribh ábhartha mar thoradh ar nár tugadh fógra ina mhuirear ar an áitreabh.
Ba cheart d’íocóirí rátaí cuimhneamh go bhfuil ceanglas dlí orthu na rátaí tráchtála go léir atá dlite uathu a íoc sula bhfágfaidh siad an t-áitreabh nó sula ndíolfar an t-áitreabh nó sula n-aistreofar leas san áitreabh. Fanfaidh aon rátaí atá dlite agus nach bhfuil íoctha ag úinéir an áitribh ábhartha ina muirear ar an áitreabh.
Cliceáil anseo chun Foirm Alt 32 a íoslódáil http://www.dlrcoco.ie/sites/default/files/atoms/files/section_321.pdf
Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil raon de thacaí airgeadais ar fáil do ghnóthaí cáilithe i gContae Dhún Laoghaire Rath an Dúin. Orthu siúd, tá an Scéim um Áitribh Tráchtála Folmha a bunaíodh chun spreagadh a thabhairt do ghnóthaí nua áitribh tráchtála atá folamh le tréimhse níos faide ná 6 mhí a áitiú.
Tá sonraí na scéime seo agus tacaí airgeadais eile ar fáil ag:
Má tá an t-áitreabh folamh ar an lá a ndéantar an ráta agus má tá sé ar fáil lena ligean nó má tá sé á athchóiriú, is gá rátaí a íoc leis an gComhairle. Féadfaidh an tÍocóir Rátaí aisíoc ar na rátaí a fháil fad gur íocadh rátaí na bliana iomláine agus gur comhlíonadh cúinsí áirithe.
Beidh ar an Íocóir Rátaí Foirm Aisíoca Rátaí agus gealltanas reachtúil a chomhlánú agus fianaise i bhfoirm doiciméid ar iarrachtaí an t-áitreabh a ligean nó a athchóiriú a chur ar fáil. Is ionann an t-aisíoc atá ar fáil do 2015 agus 2016 agus 75% de na rátaí ar a mhéad.
Buailfidh Luachálaí (a thugtar Oifigeach Athbhreithnithe air/uirthi) ón Oifig Luachála isteach chugat chun an áitreabh a mheas. Nuair is féidir, déanfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe teagmháil leat roimh an iniúchadh chun coinne a shocrú. Nuair atá an t-iniúchadh déanta ar an áitreabh, seolfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe dréacht -deimhniú chugat ina luafar an luacháil mholta agus sonraí eile faoin áitreabh.
Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil nó leis na sonraí eile ar an dréacht-deimhniú, féadfaidh tú aighneachtaí a chur chuig an Oifigeach Athbhreithnithe laistigh de 28 lá ón dáta a n-eisítear an dréacht-deimhniú, féach http://www.valoff.ie/en/
Mura bhfuil tú sásta leis an Luacháil athbhreithnithe ón oifigeach Athbhreithnithe tá ceart breise agat chun achomharc a dhéanamh chun an Bhinse Luachála. Is foras neamhspleách é an Binse Luachála a bunaíodh é chun díospóid faoi luachálacha a réiteach.
Ní mór duit iarratas i scríbhinn a chur chuig an mBinse Luachála laistigh de 29 lá ón dáta ar a bhfuair tú an fógra nó an cinneadh ón Oifigeach Athbhreithnithe. Ba cheart an táille chuí a bheith ag gabháil leis.
Seo a leanas sonraí teagmhála an Bhinse Luachála:
Urlár a haon
Ormond House
Cé Urumhan Uachtarach
Baile Átha Cliath 7
Fón: (01) 872 8177
Facs: (01) 872 8060
Rphost: info@valuation-trib.ie
Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse Luachála, faoi réir achomharc a dhéanamh ar phoc dlí chun na hArd-Chúirte.
Is ionann an Oifig Luachála agus an ghníomhaireacht Stáit a dhéanann réadmhaoin a luacháil. Is é príomhghnó na hOifige Luachála ná luachálacha cruinne, suas chun dáta i dtaca le háitribh tráchtála agus tionscail a chur ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis rátála de réir mar a leagtar síos le reacht (san Acht Luachála 2001 go príomha).
Cuireann an Oifig seirbhísí comhairleoireachta ar fáil freisin do Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla, Boird Sláinte agus na Coimisinéirí Ioncaim. Féach suíomh Idirlín na hOifige le haghaidh tuilleadh http://www.valoff.ie/en/
Is muirear é Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála a gcuireann an tÚdarás Áitiúil i bhfeidhm é i leith áitreabh nuathógtha go dtí go ngearrfar rátaí tráchtála. Tugadh isteach é den chéad uair in 2007 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006, a achtaíodh ar an 24 Nollaig, 2006.
Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil inrátaithe ar d’áitreabh, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur chuig an gCoimisinéir Luachála le go leasófar luacháil an áitribh. Ní féidir ach iarratas amháin a chur isteach ar luacháil a leasú nuair atá athrú ábhartha ar an áitreabh, áfach, mar shampla, méadú nó laghdú ar an achar urláir. Caithfidh táille a bheith ag gabháil leis an iarratas. Is é an táille reatha ar áitreabh a liostáil ná €250.
Féadfaidh an tÚdarás Rátála leasú ar luacháil áitribh a iarraidh freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisinéir Luachála leasuithe ar luacháil a thionscnamh, féach http://www.valoff.ie/en/
Tá an t-áititheoir ar an dáta ar a ndéantar an dáta faoi dhliteanas go príomha as rátaí na bliana iomláine a íoc agus, má theipeann air/uirthi iad a íoc, cuirfear an fhreagracht ar an gcéad áititheoir eile i gcúinsí áirithe.
Má bhíonn áitreabh folamh, áfach, is é an t-úinéir nó an duine atá “i dteideal an t-áitreabh a áitiú” ar an dáta a ndéantar an ráta a bheith freagrach as na rátaí a íoc ach beidh sé/sí cáilithe d’aisíoc na rátaí a íocann sé/sí faoi réir chritéir shonraithe a chomhlíonadh.
Mura n-íoctar Rátaí, déanfar imeachtaí dlí a thionscnamh chun an fiach a bhailiú.
Is ionann rátaí agus cáin bunaithe ar mhaoin a ghearrann Údaráis Áitiúla ar áititheoirí áitreabh tráchtála/tionscail ina limistéar riaracháin.
An Oifig Luachála
Irish Life Centre
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Fón Fiosrúcháin Ghinearálta: (01) 817 1000
Facs: (01) 817 1180
Rphost: info@valoff.ie
Suíomh: http://www.valoff.ie/en/
Is féidir leat do rátaí a íoc ar na bealaí seo a leanas:
Dochar Díreach
Is féidir leat na rátaí a íoc ina ngálaí míosúla le linn na bliana.
Sainordú Dochair Dhírigh do Rátaí Tráchtála
Gíoró Bainc Aistriú Creidmheasa/Ríomhaistriú Airgid
Ceanglaítear Gíoró Bainc leis an Éileamh Rátaí.
Cárta Creidmheasa/Dochair
Teileafón 01 2054821 nó 01 2054339 (€5,000 ar a mhéad)
Go pearsanta
In oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire nó i nDún Droma le cárta creidmheasa nó dochair. €5,000 ar a mhéad.
Gálaí
Má tá deacracht agat do bhille iomlán a íoc, déan teagmháil linn ar 01 2054339.
Tabhair faoi deara nach nglacfar le hairgead tiri in oifigí na Comhairle agus nár cheart airgead tirim a sheoladh sa phost.
Ríomhtar na rátaí trí luach an áitribh a iolrú faoin ráta bliantúil ar luacháil (ARV). Tá an Coimisinéir Luachála freagrach as luachálacha agus tá an tÚdarás Áitiúil freagrach as an ARV. Seo a leanas soiléiriú ar an dá théarma sin:
Luacháil Inrátaithe x Ráta Bliantúil ar Luacháil = Rátaí
eg. €100,000 x €0.1648 = €16,480.00