Intro Text 

Please note that Local Enterprise Office Dún Laoghaire-Rathdown promotes a range of Financial Supports to qualifying businesses based in Dún Laoghaire-Rathdown county. Please visit their Financial Supports webpage by clicking here

           Notice of Rate Having Been Made

          County of Dún Laoghaire Rathdown

 

Notice is hereby given that on 27th January, 2023 County Rates have been duly made on the property rateable thereto in the County of Dún Laoghaire-Rathdown..

The Annual Rate on Valuation for the service of the financial year ending on 31st December 2023 is 0.1801.

                                       COUNTY CHARGES

                        ANNUAL RATE OF VALUATION: 0.1801

 

The rate books are now in my custody and may be inspected by any person affected thereby at the Council’s offices at County Hall, Marine Road, Dún Laoghaire and will be there open for such inspection between the hours of 10.00 a.m. and 4.00 p.m. exclusive of Saturdays, Sundays and Bank Holidays.  The said rates will be payable from and after the publication of this notice.

Dated this 30th January 2023

Helena Cunningham
Director of Finance & Economic Development
Dún Laoghaire-Rathdown County Council
County Hall
Marine Road
Dún Laoghaire

 

FAQS

Ba cheart don áititheoir nua a chinntiú go bhfuil na rátaí go léir, lena n-áirítear rátaí na bliana reatha, agus gach dliteanas eile íoctha sula gcuirfear an díolachán i gcrích nó sula sannfar an léas i leith aon áitreabh inrátataithe.

 

Tá sé de cheanglas ar úinéirí áitribh inrátaithe ón 1 Iúil 2014, fógra a thabhairt don údarás áitiúil ábhartha nuair a bheidh athrú ar áitiú a n-áitribh, i.e. nuair atá áitreabh á dhíol, nuair atá áititheoir nua ann nó nuair a thagann an t-áitreabh chun bheith folamh. Ní mór d’úinéirí Foirm Alt 32 a chomhlánú laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe. Gearrfar pionós airgeadais ar úinéirí nach gcuireann fógra chuig an údarás áitiúil laistigh de 14 lá. Is ionann méid an phionóis seo agus méid is comhionann le dhá bhliain de na rátaí dlite ón áititheoir roimhe sin. Fanfaidh aon phionós nach n-íocann úinéir an áitribh ábhartha mar thoradh ar nár tugadh fógra ina mhuirear ar an áitreabh.

Ba cheart d’íocóirí rátaí cuimhneamh go bhfuil ceanglas dlí orthu na rátaí tráchtála go léir atá dlite uathu a íoc sula bhfágfaidh siad an t-áitreabh nó sula ndíolfar an t-áitreabh nó sula n-aistreofar leas san áitreabh. Fanfaidh aon rátaí atá dlite agus nach bhfuil íoctha ag úinéir an áitribh ábhartha ina muirear ar an áitreabh.

Cliceáil anseo chun Foirm Alt 32 a íoslódáil http://www.dlrcoco.ie/sites/default/files/atoms/files/section_321.pdf

Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil raon de thacaí airgeadais ar fáil do ghnóthaí cáilithe  i gContae Dhún Laoghaire Rath an Dúin. Orthu siúd, tá an Scéim um Áitribh Tráchtála Folmha a bunaíodh chun spreagadh a thabhairt do ghnóthaí nua áitribh tráchtála atá folamh le tréimhse níos faide ná 6 mhí a áitiú.

Tá sonraí na scéime seo agus tacaí airgeadais eile ar fáil ag:

www.localenterprise.ie/dlr/financial-supports

Má tá an t-áitreabh folamh ar an lá a ndéantar an ráta agus má tá sé ar fáil lena ligean nó má tá sé á athchóiriú, is gá rátaí a íoc leis an gComhairle. Féadfaidh an tÍocóir Rátaí aisíoc ar na rátaí a fháil fad gur íocadh rátaí na bliana iomláine agus gur comhlíonadh cúinsí áirithe.

Beidh ar an Íocóir Rátaí Foirm Aisíoca Rátaí agus gealltanas reachtúil a chomhlánú agus fianaise i bhfoirm doiciméid ar iarrachtaí an t-áitreabh a ligean nó a athchóiriú a chur ar fáil. Is ionann an t-aisíoc atá ar fáil do 2015 agus 2016 agus 75% de na rátaí ar a mhéad.

 

Buailfidh Luachálaí (a thugtar Oifigeach Athbhreithnithe air/uirthi) ón Oifig Luachála isteach chugat chun an áitreabh a mheas. Nuair is féidir, déanfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe teagmháil leat roimh an iniúchadh chun coinne a shocrú. Nuair atá an t-iniúchadh déanta ar an áitreabh, seolfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe dréacht -deimhniú chugat ina luafar an luacháil mholta agus sonraí eile faoin áitreabh.

Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil nó leis na sonraí eile ar an dréacht-deimhniú, féadfaidh tú aighneachtaí a chur chuig an Oifigeach Athbhreithnithe laistigh de 28 lá ón dáta a n-eisítear an dréacht-deimhniú, féach http://www.valoff.ie/en/

 

Mura bhfuil tú sásta leis an Luacháil athbhreithnithe ón oifigeach Athbhreithnithe tá ceart breise agat chun achomharc a dhéanamh chun an Bhinse Luachála. Is foras neamhspleách é an Binse Luachála a bunaíodh é chun díospóid faoi luachálacha a réiteach.

Ní mór duit iarratas i scríbhinn a chur chuig an mBinse Luachála laistigh de 29 lá ón dáta ar a bhfuair tú an fógra nó an cinneadh ón Oifigeach Athbhreithnithe. Ba cheart an táille chuí a bheith ag gabháil leis.

Seo a leanas sonraí teagmhála an Bhinse Luachála: 

Urlár a haon
Ormond House
Cé Urumhan Uachtarach
Baile Átha Cliath 7

Fón: (01) 872 8177 

Facs: (01) 872 8060

Rphost: info@valuation-trib.ie

Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse Luachála, faoi réir achomharc a dhéanamh ar phoc dlí chun na hArd-Chúirte.
 

Is ionann an Oifig Luachála agus an ghníomhaireacht Stáit a dhéanann réadmhaoin a luacháil. Is é príomhghnó na hOifige Luachála ná luachálacha cruinne, suas chun dáta i dtaca le háitribh tráchtála agus tionscail a chur ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis rátála de réir mar a leagtar síos le reacht (san Acht Luachála 2001  go príomha). 

Cuireann an Oifig seirbhísí comhairleoireachta ar fáil freisin do Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla, Boird Sláinte agus na Coimisinéirí Ioncaim. Féach suíomh Idirlín na hOifige le haghaidh tuilleadh http://www.valoff.ie/en/

Is muirear é Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála a gcuireann an tÚdarás Áitiúil i bhfeidhm é i leith áitreabh nuathógtha go dtí go ngearrfar rátaí tráchtála. Tugadh isteach é den chéad uair in 2007 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006, a achtaíodh ar an 24 Nollaig, 2006.

 

Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil inrátaithe ar d’áitreabh, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur chuig an gCoimisinéir Luachála le go leasófar luacháil an áitribh. Ní féidir ach iarratas amháin a chur isteach ar luacháil a leasú nuair atá athrú ábhartha ar an áitreabh, áfach, mar shampla, méadú nó laghdú ar an achar urláir. Caithfidh táille a bheith ag gabháil leis an iarratas. Is é an táille reatha ar áitreabh a liostáil ná €250.

Féadfaidh an tÚdarás Rátála leasú ar luacháil áitribh a iarraidh freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisinéir Luachála leasuithe ar luacháil a thionscnamh, féach http://www.valoff.ie/en/

Tá an t-áititheoir ar an dáta ar a ndéantar an dáta faoi dhliteanas go príomha as rátaí na bliana iomláine a íoc agus, má theipeann air/uirthi iad a íoc, cuirfear an fhreagracht ar an gcéad áititheoir eile i gcúinsí áirithe.

Má bhíonn áitreabh folamh, áfach, is é an t-úinéir nó an duine atá “i dteideal an t-áitreabh a áitiú” ar an dáta a ndéantar an ráta a bheith freagrach as na rátaí a íoc ach beidh sé/sí cáilithe d’aisíoc na rátaí a íocann sé/sí faoi réir chritéir shonraithe a chomhlíonadh.

Mura n-íoctar Rátaí, déanfar imeachtaí dlí a thionscnamh chun an fiach a bhailiú.

Is ionann rátaí agus cáin bunaithe ar mhaoin a ghearrann Údaráis Áitiúla ar áititheoirí áitreabh tráchtála/tionscail ina limistéar riaracháin.

 

An Oifig Luachála
Irish Life Centre
Sráid na Mainistreach Íochtarach
Baile Átha Cliath 1

Fón Fiosrúcháin Ghinearálta: (01) 817 1000
Facs:            (01) 817 1180
Rphost:           info@valoff.ie
Suíomh:       http://www.valoff.ie/en/

 

Is féidir leat do rátaí a íoc ar na bealaí seo a leanas:

Dochar Díreach
Is féidir leat na rátaí a íoc ina ngálaí míosúla le linn na bliana.

Sainordú Dochair Dhírigh do Rátaí Tráchtála

Gíoró Bainc Aistriú Creidmheasa/Ríomhaistriú Airgid

Ceanglaítear Gíoró Bainc leis an Éileamh Rátaí. 

Cárta Creidmheasa/Dochair

Teileafón 01 2054821 nó 01 2054339 (€5,000 ar a mhéad)

Go pearsanta
In oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire nó i nDún Droma le cárta creidmheasa nó dochair. €5,000 ar a mhéad. 

Gálaí

Má tá deacracht agat do bhille iomlán a íoc, déan teagmháil linn ar 01 2054339

Tabhair faoi deara nach nglacfar le hairgead tiri in oifigí na Comhairle agus nár cheart airgead tirim a sheoladh sa phost.

Ríomhtar na rátaí trí luach an áitribh a iolrú faoin ráta bliantúil ar luacháil (ARV). Tá an Coimisinéir Luachála freagrach as luachálacha agus tá an tÚdarás Áitiúil freagrach as an ARV. Seo a leanas soiléiriú ar an dá théarma sin:

  • Luacháil: 
    Is é an Coimisinéir Luachála a chinneann luacháil áitreabh. Is é bunús na luachála ná an Glanluach Bliantúil (nó an NAV mar is fearr aithne air sa Bhéarla), i.e. luach cíosa an áitribh ar an margadh oscailte ar dháta luachála sonraithe. Chun cuspóirí athluachála, is é an dáta luachála ábhartha in Dún Laoghaire ná an 30 Meán Fómhair, 2005.
  • Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV): 
    "Is éard atá sa “Ráta Bliantúil ar Luacháil” (a tugadh “an ráta sa phunt” air roimhe sin), ná iolraitheoir  go bunúsach, agus cinneann an Chomhairle é ag an gCruinniú Buiséid Bliantúil. Ansin, “déanann” an Bainisteoir Contae an ráta tar éis próisis comhairliúcháin phoiblí. Is é an ráta bliantúil ar luacháil le haghaidh 2013 ná €0.1666. Léirítear an luacháil agus an ARV araon ar do bhille rátaí agus seo a leanas ríomh samplach:

     Luacháil Inrátaithe x Ráta Bliantúil ar Luacháil = Rátaí

      eg.     €100,000     x     €0.1648       =  €16,480.00

 

Back