Cad is brí leis an ainmniú seo?
D’fhéadfadh foirgnimh atá laistigh de theorainneacha ACA a bheith ina ndéanmhais chosanta nó ina ndéanmhais neamhchosanta. Tá impleachtaí ar leith ag baint le forbairt laistigh de ACA – baineann an chosaint le cuma na ndéanmhas agus gnéithe an tsráid-dreacha, de ghnáth. Níl aon chosc ar athruithe ná athshocruithe inmheánacha fad is nach mbeadh aon tionchar ar chuma sheachtrach an déanmhais.
Go ginearálta, bíonn cead pleanála de dhíth le haghaidh oibreacha a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar an taobh amuigh, mar athruithe ar an mbunábhar dín, fuinneoga, ballaí teorann, etc. Ní chun críocha forbairt a chosc atá an t-ainmniú ACA ann ach chun forbairt ardchaighdeáin mhothálach a chur chun cinn a chuirfidh le carachtar stairiúil an limistéir agus le taitneamhacht na ndaoine ann.
Déantar measúnú aonair ar gach limistéar a ndearnadh ACA de agus tá measúnacht carachtair agus doiciméad creata polasaí féin ullmhaithe ina leith. Tá siad siúd liostaithe thíos. Is féidir teorainneacha gach ACA a fheiceáil ar léarscáileanna Phlean Forbartha an Chontae 2016–2022.