Catagóirí

  • Ceisteanna Coitianta Móréilimh dlr
  • Pleanáil
  • Uisce & Draenáil
  • Athchúrsáil & Dramhaíl
    • Dramhaíl
    • Muirir Dramhaíola
    • Dramhaíl

      Cad is féidir liom a dhéanamh faoi mo comharsana callánacha?

      Má bhíonn tú faoi réir núise torainn ó áitreabh baile nó cónaithe, féadfaidh tú iarratas a chur díreach chuig an gCúirt Dúiche áitiúil ar Ordú Cúirte faoi Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Tá breis eolais ar Fhógraí Alt 108 agus núis torainn ar fáil ach cliceáil ar an treoir cheangailte maidir leis na Rialacháin Torainn.  (pdf - 2.24MB)

      Féadfaidh daoine a ndéanann núis torainn ó thionóntaí a bhfuil áitreabh príobháideach ar cíos acu difear dóibh, iarratas a chur díreach chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) chomh maith ag www.prtb.ie nó glaoch a chur ar (01) 635 0600 chun an fhadhb a réiteach. Is féidir leis an PRTB ordú a thabhairt go dlíthiúil do thiarnaí talún le cinntiú go gcomhlíonfaidh a dtionóntaí téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta atá acu ó thaobh núise agus cineálacha eile iompair fhrithshóisialta. 

      Má bhíonn tú faoi réir núise torainn ó thionóntaí in áitribh atá i seilbh na Comhairle, féadfaidh tú gearán a chur díreach chuig an Rannán Iompair Fhrithshóisialta den Rannóg Tithíochta.

      Cliceáil ar an nasc chuig Núis Torainn le haghaidh breis eolais.

      An bhfuil cead agam gual toite a dhó sa tinteán?

      Is cion é gual ‘toiteach’ nó gual biotúmanach a dhó áit ar bith i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath ón 1 Meán Fómhair 2012, agus féadfar fíneáil de suas le €5,000 a ghearradh ort sa chúirt má dhéanann tú é.

      Céard iad na Rialacháin “Deco Paints”?

      Baineann na Rialacháin seo le comhlachtaí mar oibreoirí deisiúcháin tuairteála a mbíonn gníomhaíochtaí Ath-bhailchríochnaithe Feithiclí ar bun acu. Baineann na Rialacháin leis na hoibreoirí tráchtála go léir a úsáideann táirgí péinte a bhfuil tuaslagóirí orgánacha iontu ar a n-áitribh.

      Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil ar an nasc seo chuig na Rialacháin “Deco Paints”.

      Céard iad na Rialacháin “Organic Solvents"?

      Déanann na Rialacháin seo úsáid tráchtála tuaslagán a rialú sna hearnálacha éagsúla tionscail in Éirinn, (lena n-áirítear na próisis a bhaineann le Tirimghlanadh, Clódóireacht, Lannú agus Bratú Dromchla) chun truailliú aeir a laghdú.

      Cliceáil ar an nasc seo chuig na Rialacháin le haghaidh eolas mionsonraithe. 

      Céard iad na Rialacháin DTLL?

      Is éard is DTLL (Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach) ann ná aon chineál fearais ná gléis ar gá cumhacht leictreach nó chadhnra le hoibriú, agus a bhfuil a úinéir ag iarraidh é a dhiúscairt mar dhramhaíl. Chomh maith le nithe móra tí mar theilifíseáin, ríomhairí, cócaireáin, cuisneoirí agus meaisíní níocháin, tá nithe beaga pearsanta san áireamh mar cheamaraí, bréagáin, uaireadóirí, fóin phóca agus imreoirí MP3.

      Tugadh na Rialacháin DTLL isteach in 2005 chun diúscairt, bailiú agus athchúrsáil d’earraí agus fearais leictreacha ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn in Éirinn. Is é ceann de phríomhghnéithe na rialachán ná go gcaithfidh díoltóirí an deis a thairiscint do chustaiméirí nuair is mian leo táirge leictreach nó leictreonach nua a cheannach nithe DTLL atá cosúil a thabhairt ar ais saor in aisce ar bhunús aon d’aon.

      Cliceáil ar an nasc seo a leanas chuig DTLL le haghaidh tuilleadh eolais.

      Cén áit ar féidir liom fáil réidh le cadhnraí ídithe?

      De réir an dlí, caithfidh aon siopa a dhíolann cadhnraí seanchadhnraí den chineál céanna a thógáil ar ais don athchúrsáil saor in aisce. Tá boscaí gorma le haghaidh athchúrsáil cadhnraí ar taispeáint i roinnt siopaí anois. Ní gá cadhnraí nua a cheannach nuair a thugann tú dramhchadhnraí ar ais chuig siopa agus is cuma má cheannaigh tú na cadhnraí ídithe in áit éigin eile. Glactar le dramhchadhnraí in aon cheann d’Ionaid Athchúrsála na Comhairle freisin. Ná cuir cadhnraí san araid bhruscair tí!

      Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar dhramhchadhnraí.

      Cé na táillí ar Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin a úsáid?

      Tá sonraí iomlána na dtáillí a bhaineann le sealbhóirí tí, agus na gcineálacha dramhaíola a nglactar leo san Ionad Cathartha Athchúrsála, ar fáil ar leathanach gréasáin Pháirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin.

      Conas is féidir liom mo sheancharr a dhiúscairt?

      Is féidir le húinéirí carr a seanfheithiclí a thabhairt chuig Saoráid Chóireála Údaraithe chun é a dhiúscairt agus a athchúrsáil r bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, saor in aisce. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar fheithiclí a bhfuil a ré caite.

      Mar rogha air sin, cuireann Comhairle Contae DLR seirbhís bailithe feithiclí ar fáil saor in aisce le haghaidh carranna príobháideacha.

      Cé na hamanna a bhfuil sé ceadmhach oibreacha tógála a dhéanamh?

      Cé nach bhfuil amanna socraithe sa dlí a chuireann teorainn le huaireanta oibre ar láithreáin tógála, tá treoir-amanna caighdeánacha ann a bhaineann le gníomhaíochtaí foirgníochta. Má tharlaíonn obair lasmuigh de na huaireanta sin, féadfar a mheas gur cúis le núis torainn í agus féadfaidh Oifigigh Sláinte Chomhshaoil na Comhairle imscrúdú a dhéanamh ina leith. Chomh maith leis sin, féadfar srianta a chur ar amanna oibre trí choinníollacha cead pleanála.

      Is iad na hamanna caighdeánacha a ghlactar leo le haghaidh gníomhaíochtaí tógála i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin ná:

      Luan go hAoine: 8 a.m. to 7 p.m.; Sathairn: 8 a.m. to 2 p.m.; Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc: ní cheadaítear obair.

      Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil iontu seo ach treoir-amanna amháin, agus, in imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá oibreacha tógála a dhéanamh lasmuigh de na huaireanta seo. Chomh maith leis sin, níl feidhm ag na treoir-amanna seo i gcás aon chineál oibreacha éigeandála a dhéanfaidh an ESB, Iarnród Éireann, Bord Gáis, etc.

      Cliceáil ar an nasc chuig Núis Torainn le haghaidh tuilleadh eolais.

      Conas is féidir liom aispeist a dhiúscairt?

      Is cineál dramhaíola guaisí é aispeist a d’fhéadfadh baol do shláinte an duine a bheith ag baint léi mura ndéantar í a láimhseáil agus a dhiúscairt i gceart. Níor cheart do aon duine ach amháin sainchonraitheoirí dramhaíola a bhfuil an cead cuí acu aispeist a bhaint agus a iompar. Ní féidir aispeist a thabhairt chuig Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin ná chuig aon ionad dramhaíola eile de chuid na Comhairle.

      Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar aispeist a bhaint agus a dhiúscairt.

      An féidir liom dramhaíl a dhó?

      Ní féidir! Tá sé in aghaidh an dlí dramhaíl tí nó ghairdín a dhó agus féadfar fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ort as é a dhéanamh. Tá dó sa chúlghairdín díobhálach don chomhshaol, cruthaíonn sé núis do chomharsana agus d’fhéadfadh sé fadhbanna sláinte a chruthú freisin.

      Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Dramhaíl a Dhó.

  • Taisteal & Iompar
  • Tithíocht
  • An Chomhairle & Daonlathas
  • Airgeadas
  • Oidhreacht
  • Reiligí
  • Páirceanna & Spásanna Oscailte
  • Pobal
  • Ailtireacht
  • Film Locations
  • Information Technology
  • Dún Laoghaire Baths

Dramhaíl

Back