Catagóirí

Soláthar Tithíochta – Iarratasóirí

Limistéir Tithíochta

Ní féidir iarratas a chur ach chuig Údarás Áitiúil amháin. Más chuig Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a gcuirfidh tú an t-iarratas, is féidir leat suas le trí limistéar tithíochta i réigiún Bhaile Átha Cliath a roghnú, ar chóir go mbeadh ceann amháin ar a laghad acu i gComhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin.

Féadfaidh an dá limistéar eile a bheith i gCathair Bhaile Átha Cliath, Contae Bhaile Átha Cliath Theas nó Contae Fhine Gall. Má roghnaíonn tú limistéar i gcontae ar bith eile, seolfaimid an t-eolas mar gheall ort chuig na húdaráis tithíochta a roghnaítear. Déanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin d’iarratas a bhainistiú. Is féidir roghanna limistéar a athrú uair amháin sa tréimhse dhá mhí dhéag trí Fhoirm Rogha Limistéar a líonadh amach. 

An bhfuil mé incháilithe do Thithíocht Chomhairle?

Tá na critéir incháilitheachta maidir le tithíocht Chomhairle i Scéim Leithdháilte na Comhairle.

Ar na critéir incháilitheachta tá:

  • – Ní mór go mbeidh fíor-ghá agat le tithíocht agus nach mbeidh tú in ann cóiríocht a fháil le d’acmhainní féin.
  • Ceart chun cónaithe in Éirinn – Ní mór go mbeidh an ceart dlíthiúil agat chun fanacht sa Stát go fadtéarmach.
  • Aois – Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine.
  • Ioncam –  Ní mór go mbeidh do ghlanioncam faoi bhun na dtairseach thíos:-
  • Duine Fásta Aonair: €35,000
  • 2 Dhuine Fásta Gan aon Pháistí: €36,750
  • Duine Fásta Amháin & Páiste Amháin: €35,875
  • Duine Fásta Amháin & 2 Pháistí: €36,750
  • 2 Dhuine Fásta & Páiste Amháin: €37,625
  • 2 Dhuine Fásta & 2 Pháistí: €38,500
  • 2 Dhuine Fásta & 3 Pháistí: €39,375
  • 2 Dhuine Fásta & 4 Pháistí nó níos mó: €40,250
  • 3 Dhuine Fásta & 4 Pháistí nó níos mó: €42,000
Ca fhad sula dtairgfear tithíocht dom?

Ní féidir é seo a dhéanamh amach, faraor. Tá liosta fada iarratasóirí ag fanacht le tacaíocht tithíochta sóisialta.

Cé a dhéanann ionadaíocht don Lucht Siúil?

Oibríonn an tAonad um Chóiríocht don Lucht Siúil i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach Áitiúil maidir le Cóiríocht don Lucht Siúil atá comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, daoine den Lucht Siúil agus Ionadaithe an Lucht Siúil de réir mar a éilítear faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998. Cuireann an Coiste seo comhairle ar an gComhairle maidir le gach rud a bhaineann leis an Lucht Siúil agus, go háirithe, maidir lena riachtanais tithíochta.

Conas a chuirim isteach ar Chóiríocht atá Dírithe ar an Lucht Siúil?

Is é polasaí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin ná cóiríocht atá dírithe ar an Lucht Siúil a chur ar fáil do Phobal Taistealaithe dúchais na tíre. Más mian leat cur isteach ar Chóiríocht atá Dírithe ar an Lucht Siúil, is féidir leat teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054848 nó ar ríomhphost chuig travellers@dlrcoco.ie.

Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil maidir le deisiúcháin?

Is féidir le tionóntaí i dTithíocht Ghrúpáilte nó i mbánna ar láithreáin stad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054838 nó ríomhphost a chur chuig travellers@dlrcoco.ie. Moltar do thionóntaí an Lámhleabhar do Thionóntaí a cheadú sula ndéanfaidh siad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil.

Back