Catagóirí

  • Ceisteanna Coitianta Móréilimh dlr
  • Pleanáil
  • Uisce & Draenáil
  • Athchúrsáil & Dramhaíl
  • Taisteal & Iompar
  • Tithíocht
  • An Chomhairle & Daonlathas
  • Airgeadas
  • Oidhreacht
    • Caomhantas
    • Caomhantas

      Cad is déanmhas cosanta ann?

      Is ionann Déanmhais Chosanta agus foirgnimh, gnéithe agus struchtúir laistigh de Dhún Laoghaire Ráth an Dúin atá faoi chosaint toisc go mbaineann siad le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí díola spéise atá leagtha amach in Alt 51 (1) den Acht um Phleanáil agus Fhorbairt, 2000 agus Alt 2.5.4 de Threoirlínte na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maidir leis an Oidhreacht Ailtireachta a Chosaint. Is iad na catagóirí sin ná Ailtireacht, Stair, Seandálaíocht, Ealaíon, Cultúr, Eolaíocht, Teicniúil agus Sóisialta

      Tugtar an Taifead ar Dhéanmhais faoi Chosaint ar an liosta de na struchtúir uile atá faoi chosaint i nDún Laoghaire Ráth an Dúin. Roimh an Acht in 1999, tugadh Foirgnimh Liostaithe ar na foirgnimh agus na gnéithe seo, ach níl aon fheidhm ag an teideal sin a thuilleadh. Bíonn an Taifead ar Dhéanmhais faoi Chosaint ag síorathrú. Cuirtear struchtúir leis agus baintear struchtúir de go leanúnach.

      Cé na codanna de dhéanmhas cosanta ar gá iad a chaomhnú?

      Is é aidhm an ainmnithe mar Dhéanmhas Cosanta gach cuid den déanmhas a chaomhnú, lena n-áirítear an taobh istigh de, agus aon déanmhas eile ar an talamh sin (lena n-áirítear teorainneacha). Baineann an t-ainmniú leis na daingneáin agus na feistis ar chuid iad den taobh istigh de dhéanmhas cosanta nó de dhéanmhas ar an talamh timpeall air. Áirítear ballaí teorann seachtracha, mar shampla, spallaí, ráillí iarann teilgthe nó saoirsithe san ainmniú. 

      Tá smaointe agam maidir le cuid de mo Dhéanmhas Cosanta a athrú. Conas a fhaighim amach an bhfuil an cur chuige atá ar intinn agam i gceart?

      Féadfar comhairliúchán réamhphleanála a shocrú chun tograí a phlé ag céim an deartha. Ba cheart eolas mionsonraithe lena n-áirítear líniochtaí den togra a chur isteach chuig preplanning@dlrcoco.ie lena meas sula gcuirfear aiseolas ar fáil

      Cad iad na hoibleagáidí atá orm ó thaobh an phróisis pleanála de?

      Faoin gcóras pleanála, ní gá cead pleanála a fháil d’oibreacha beaga ar dhéanmhais de ghnáth. Tugtar forbairt dhíolmhaithe ar na hoibreacha seo. I gcás Déanmhais Cosanta, áfach, is féidir oibreacha den chineál sin a dhéanamh gan chead pleanála sa chás nach ndéanfaidh na hoibreacha difear ábhartha do shainghné an déanmhais chosanta nó d’eilimint den déanmhas a chuireann lena spéisiúlacht speisialta. Mura bhfuiltear cinnte an gá le cead pleanála nó nach gá, moltar teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Chaomhantais. 

      Conas a dhéantar Déanmhas Cosanta de dhéanmhas?

      Féadfar aon déanmhas, lena n-áirítear iad sin a bhfuil spéis áitiúil ag baint leo, a chomhlíonann ceann de na Catagóirí Díola Spéise de réir Alt 51 (1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus Alt 2.5.4 de na Treoirlínte maidir leis an Oidhreacht Ailtireachta a Chaomhnú, a áireamh ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta.

      Féadfaidh údarás pleanála déanmhas a chur leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta nó é a bhaint de mar is cuí de réir na nósanna imeachta reachtaíochta a leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

      Féadfaidh aon duine ar mian leis nó léi go gcuirfear leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta nó go mbainfear déanmhas de, iarratas a chur isteach chuig an Rannóg Caomhantais le meas. Ní mór go ngabhfaidh eolas breise le seoladh an fhoirgnimh mar léarscáileanna, grianghraif, agus aon fhaisnéis staire atá ar eolas.

      Conas a fhaighim amach an déanmhas cosanta é mo dhéanmhas?

      Mura bhfuil tú cinnte an déanmhas cosanta é do dhéanmhas nó nach déanmhas cosanta é, d'fhéadfá an Plean Forbartha Contae a cheadú, ar féidir breathnú air i Halla an Chontae, i Leabharlanna, agus ar shuíomh Idirlín na Comhairle. Uaireanta, ní léir an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr ar Thaifead na nDéanmhas Cosanta (RPS) toisc go bhfuil débhrí ag baint le seoladh agus le hainm na bhfoirgneamh. I gcás éiginnteachta, ní mór duit teagmháil leis an Oifigeach Caomhantais.

      Conas a fhaighim amach an gá le cead pleanála i leith na cineálacha feabhsúchán nó athruithe ar mian liom iad a chur i bhfeidhm?

      Tá dhá fhoráil faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt a chuireann ar cumas úinéirí `Déanmhas Cosanta fáil amach cé na hoibreacha ar féidir leo iad a dhéanamh agus na cinn nach féidir leo iad a dhéanamh gan cead pleanála. Seo iad:

      Dearbhú Alt 57 LINK to Section 57 application form

      Féadfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Dearbhú Alt 57, ar iarratas ón úinéir/áitritheoir, a eisiúint ina léireofar na hoibreacha a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh difear do shainghné an Déanmhais Cosanta agus, dá bhrí sin, a mbeidh cead pleanála de dhíth ina leith. Molaimid go mbeidh na hoibreacha beartaithe ar intinn agat agus iarratas á chur isteach agat ar Dhearbhú Alt 57. Dá mhó na sonraí a fhaightear maidir leis na hoibreacha is ea is sonraí agus is úsáidí an Dearbhú. Mar sin, molaimid go n-oibreoidh tú amach cad é atá tú ag iarraidh a dhéanamh sula gcuireann tú an t-iarratas isteach.

      Dearbhú Alt 5  LINK To Section 5 Application Form 

      Faoi Dhearbhú Alt 5, féadfar a chinneadh an forbairtí díolmhaithe iad forbairtí áirithe, agus, dá bhrí sin, nach mbeidh siad faoi réir chead pleanála. Is féidir an Dearbhú seo a bheith i gceist i gcás déanmhais neamhchosanta agus déanmhais cosanta araon. Tá táille EURO 80.00 ar an Dearbhú seo.

      Cá bhfaighidh mé daoine cáilithe chun obair a dhéanamh ar mo Dhéanmhas Cosanta?

      Tá sé tábhachtach ailtire nó suirbhéir foirgneamh a aimsiú a thuigeann foirgnimh thraidisiúnta agus a bhfuil saineolas aige nó aici ar a ndeisiú agus a n-athchóiriú. Molaimid go mbeadh creidiúnú caomhantais acu.  Tá roinnt eagraíochtaí ann a bhfuil bunachar sonraí á choinneáil acu de chonraitheoirí a bhfuil an saineolas cuí acu agus is féidir breathnú orthu ar a suímh idirlín. Tá clár cleachtóirí ag an Irish Georgian Society ar www.igs.ie agus tá liosta d’ailtirí a bhfuil creidiúnú caomhantais acu ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) ar féidir teacht air ar www.riai.ie. Tá clár de Shainchonraitheoirí Oidhreachta ag Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta ag www.cif.ie.

      Tá liosta neamheisiach de shainchonraitheoirí thíos, atá beartaithe le bheith mar threoir d’úinéirí agus d’áitritheoirí foirgneamh stairiúil. Ní féidir le Comhairle Contae Dhún-Laoghaire Ráth an Dúin a bheith cuntasach i gconarthaí a dhéanfar. Ba cheart i gcónaí iarraidh samplaí oibre agus teistiméireachtaí a fheiceáil sula ndéanfaí conraitheoir a choimisiúnú.

      Díonta a Dheisiú

      • Shay Hammond Leerway Ltd, Hills Hire Centre, Bóthar Bhaile Sheáin, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath 18, Teil: 01 2840330
      • Conor Duffy Joinery Contractor, Bóthar na Carraige, Ard Mhacha, BT60 3NP
      • Teil: 048 37510740
      • T.C Walsh & Son Ltd, 49 Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath 7
      • Teil: 01 6793572
      • Flemings of Dún Laoghaire, 19 Páirc Crosthwaite Thiar, Dún Laoghaire
      • Teil: 01 2802289
      • Ashbourne Roofing, An Chúil Fhuar, Cill Dhéagláin, Co. na Mí
      • Teil: 01 8354590
      • Seamus Smith, Gelsha, Béal Átha na Lao, Co. an Longfoirt
      • Teil: 0877979342
      • Eamon Toner, 6 Cearnóg Oilibhéir Pluincéid, Dún Laoghaire, Co. Baile Átha Cliath
      • Teil: 01 2806646 (m)0872776152
      • Dartmouth Building Contractors, Dartmouth House, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22
      • Teil: 01 4594011

      Saisfhuinneoga a Dheisiú

      • K.W.R.S Ltd, Kells Windows, Sheeney, Ceannanus Mór, Co. na Mí
      • Teil: 046 9241235
      • Advance Joinery Services Ltd, Unit 5 IDA Industrial Estate, Baile Munna, Baile Átha Cliath 11
      • Teil: 01 8625903/01 8625919 info@ajs.ie
      • Callaghan Sash Windows, Brian Smith
      • Teil: 046 9023323 (m) 086 8365452 bryan@sash.ie www.sashwindowsirl.com
      • Ventrolla (WJ Bolger), 18 Sráid Bhaile Átha Fhirdhia, Baile Átha Cliath
      • Teil: 01 450377
      • Ventrolla Ireland, Unit 10/11 Western Industrial Estate, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 12
      • Teil: 1-800-948-359, info@ventrolla.ie, www.ventrolla.ie
      • Historic Sash Windows Ltd, Richard Millea, 4 Ballygoran View, Cill Droichid, Co. Chill Dara,
      • Teil: 01 6270031
      • Sash Window Solutions, an Gearradh, Ród. Co. Uíbh Fhailí Teil: 0872177663 sashwindowsolutions@gmail.com
      • Ventrolla Sash Window Renovation Specialists Quality Carpentry, 45 Gráinseach Loreto, Bré, Co. Chill Mhantáin. Teagmhálaí:  Martin Mullaly Teil: 01 2860630 qualitycarpentry@eircom.net www.ventrolla.ie
      • Aonad 4 Ascaill Bhaile an Mhóta, Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12 Teil: 01 4605945 (m) 0872449881 Unit 4 Ballymount Avenue, Walkinstown, Dublin 12 www.conservationjoinery.com
      • Philip Kennedy, Sráid an Chnoic, an Clochán, Co. Uíbh Fhailí
      • Teil: 090 6457846
      • Lambstongue Ltd, 88 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2
      • 01 6629928 www.lambstongue.ie

      Gloine Dhaite a Dheisiú

      • Catherine Lamb, Ealaíontóir Gloine Dhaite, 69 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
      • Teil: 0877747965
      • Irish Stained Glass and Leaded Windows Company Ltd, The Studio, Treetops, an Fearann Glas, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 16
      • Teil: 01 2956167
      • Art Glass Ireland, Skeoge Business Park, Doire, BT48 8SE
      • Teil: 0044 74 96037073, M:   0861238982 www.artglassireland.com
      • Aria Stained Glass, Cortoon, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe Teil: 091 793366 (m) 0872375789

      Fuinneoga Cruach a Dheisiú

      • Acol, Merrywell, Droim Cria, Co. na Mí Teil: 01 8250171
      • Window and Door Accessories Ltd, Richmond House, Coolock Industrial Estate, Baile Átha Cliath 17, Teil: 01 8670011
      • J.H Projects (Jan Hermans), Muineachán, 0871206057 jhprojects@eircom.net
      • Lambstongue Ltd, 88 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, Teil: 01 6629928 www.lambstongue.ie

      Plaistéireacht a Dheisiú

      • Des O'Carroll, 7 Garrán an Teampaill Ghil, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath 16, Teil: 0876658494
      • George O'Malley, 3 Ballywaltrim Business Park, Bré. Co. Chill Mhantáin Teil: 01 2116706 (m) 0872597439

      Obair Iarainn a Dheisiú

      • Bushy Park Ironwork, Aonaid 22-24 Páirc Ghnó na nGlaschnoc, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, Teil: 01 4622788
      • Gerard Pulman Metal Working, Stewarts House, Columba's College, an Teampall Geal, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, Teil: 01 4934571

      Tinteán Marmair/Iarainn Teilgthe a Athchóiriú 

      • Brian MacElvanney, Súgan Antiques, 97 Sráid Phroinséis, Baile Átha Cliath 8, Teil: 082510597
      • David Kelly (Marble), 12 Bromley Court, Sráid Phroinséis, Baile Átha Cliath 8, Teil: 0879584280
      Conas a fhaighim amach go bhfuil Déanmhas Cosanta agam?

      Mura bhfuil tú cinnte gurb ionann foirgneamh agus Déanmhas Cosanta, ní gá ach Aguisín 4 de Phlean Forbartha Contae 2016–2022 a cheadú. Is féidir fáil amach freisin an foirgneamh cosanta é trí bhrabhsáil ar léarscáileanna an Phlean Forbartha Contae – má tá dath oráiste ar fhoirgneamh is ionann é sin agus a rá gur Déanmhas Cosanta é. Uaireanta, ní léir go bhfuil struchtúr san áireamh ar Chlár na nDéanmhas Cosanta toisc débhríonna i seoladh agus ainm na bhfoirgneamh. I gcás nach bhfuil tú cinnte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais. 

      Tuigim gur gá cead pleanála dá bhfuil i gceist agam a dhéanamh. Cad ba cheart dom a chur isteach le m’iarratas pleanála?

      Ní mór go n-áireofar Measúnacht Tionchair ar an Oidhreacht Ailtireachta i ngach iarratas pleanála maidir le hoibreacha ar Dhéanmhas Cosanta de réir Aguisín B de na Treoirlínte maidir le Cosaint Oidhreachta Ailtireachta chun cabhrú le moltaí a mheas. Caithfidh an tuarascáil sin a bheith déanta ag ailtire caomhantais creidiúnaithe nó a chomhionann (tá liosta de ghairmithe cuí-cháilithe ar fáil ar shuímh idirlín an Georgian Society agus an RIAI). Ní mór go n-áireofar sa tuarascáil a) achoimre ar thábhacht an fhoirgnimh b) suirbhé mionsonraithe ar an bhfoirgneamh ina n-aithneofar na gnéithe bunaidh/luatha a mhaireann agus an suirbhé fótagrafach a ghabhann leis c) ráiteas modha agus sonraíocht na n-oibreacha d) agus ní mór go n-aithneofar sonraí na n-oibreacha beartaithe ar na líníochtaí a ghabhann leis an tuarascáil le códú dathanna agus/nó nótaí achoimrithe chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an déanmhas atá ann cheana féin agus na hoibreacha atá beartaithe.

      An bhfuil dualgas Déanmhas Cosanta a Chosaint ar Chur i mBaol?

      Tá ceangal dlíthiúil ar úinéirí agus áititheoirí a chinntiú nach ndéanfar an déanmhas a chur i mbaol trí fhaillí, meath, damáiste nó dochar. Go ginearálta, má choinnítear an déanmhas sa riocht gur féidir cónaí ann agus má dhéanfar cothabháil air go rialta, níor cheart go mbeadh an struchtúr i mbaol.

      Má chuirfear an Déanmhas Cosanta i mbaol, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an úinéir nó ar an áititheoir, ag ceangal orthu aon obair a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá léi chun an déanmhas a chosaint.

      Cé na hoibleagáidí atá ar úinéirí Déanmhas Cosanta?

      Tá oibleagáid dhlíthiúil ar úinéirí nó áititheoirí Déanmhas Cosanta a chinntiú nach gcuirfear an struchtúr i mbaol trí fhaillí, meath, damáiste nó dochar. Go ginearálta, má choinnítear struchtúr i riocht ináitrithe agus má dhéantar cothabháil rialta air (na gáitéir a ghlanadh, slinnte in easnamh a dheisiú, adhmad taobh amuigh a phéinteáil, etc.) níor cheart go mbeadh sé i mbaol.

      Má tá déanmhas cosanta i mbaol, déanfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an úinéir nó an áititheoir, ag ceangal orthu aon obair a mheasfaidh sé is gá léi a dhéanamh chun an déanmhas a chosaint.

      Faoi fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, gearrfar pionóis ar úinéir nó áititheoirí Déanmhas Cosanta a chuireann an déanmhas i mbaol nó nach ndéanann obair ar ordú an údaráis phleanála. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann easpa cothabhála ginearálta agus droch-chuma ‘cur i mbaol’ Déanmhais Cosanta. Tá ‘cur i mbaol’ sainmhínithe san Acht um Pleanáil agus Forbairt mar seo: ‘faoi lé díobhála, meathlúcháin nó damáiste, cibé acu láithreach nó thar thréimhse ama, trí fhaillí nó ar shlí dhíreach nó neamhdhíreach’.    

      Cá n-aimseoidh mé breis eolais ar mo Dhéanmhas Cosanta?

      Ní choinníonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin aon eolas stairiúil ar na Déanmhais Chosanta go léir. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas stairiúil agus na doiciméid stairiúla sna leabharlanna áitiúla, i gCartlann Ailtireachta na hÉireann, i gClárlann na nGníomhas, san Oifig Luachála, sa Chartlann Náisiúnta, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, i gCartlann Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, etc.

  • Reiligí
  • Páirceanna & Spásanna Oscailte
  • Pobal
  • Ailtireacht
  • Film Locations
  • Information Technology
  • Dún Laoghaire Baths

Caomhantas

Back