Ní féidir – ní áirítear sa díolúine iad de réir Alt 1, Sceideal 2, Colún 2, Coinníoll 7. (féach leathanach 156).

Is féidir, ar choinníoll:
(féach leathanaigh 156–157, Aicme 3)
Ní féidir. Ní forbairt dhíolmhaithe é seo (seachas an póirse – féach na díolúintí ar leathanach 158, Aicme 7 agus Cuid 9).
Ní féidir. Ní forbairt dhíolmhaithe é sin. Is féidir garáiste atá le taobh an tí cheana féin a athchóiriú (féach Cuid 6).
Is féidir, ar choinníoll:
(féach leathanach 158, Aicme 7)
Is féidir. Níor cheart gur mhó toilleadh tancanna ola ná 3,500 lítir (Leathanach 156, Aicme 2).
Nóta: ó 28.02.07 áirítear múchán, tanc nó struchtúr stórála ola sa díolúine. Tá toilleadh de 3.5k i gceist i gcónaí
Is féidir. Níor cheart gur mhó airde na haeróige ná 6m lastuas den díon.
(féach leathanach 157, Aicme 4).
Ar an iomlán, ní gá cead pleanála a fháil chun síneadh nó grianán a thógáil nuair is ar chúl an tí a bheidh sé; ní mór go bpléifear le haon fhiosrúchán ón bpobal ina leith seo faoi réir fhorálacha Chuid 1 den 2ra Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001.
Níl sa mhéid seo a leanas ach treoirlínte ginearálta:
De réir Alt 35 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, ní chuirfear in iúl do dhaoine a dhéanann aighneacht nó a thugann tuairim maidir le hiarratas pleanála go bhfuarthas Tuilleadh Faisnéise nó ar Tuilleadh Faisnéise a Shoiléiriú, i gcás go measfar go bhfuil an Tuilleadh Faisnéise nó an Tuilleadh Faisnéise a Shoiléiriú suntasach agus go mbeidh fógraí poiblí nua de dhíth ina leith. Beidh 2 sheachtain (5 seachtaine i gcás iarratas a ngabhann EIS leo) ón dáta a bhfuair an tÚdarás Pleanála na fógraí, chun breis aighneachtaí a dhéanamh/tuairimí a thabhairt. Ní bheidh táille bhreise le híoc. Beidh ar dhaoine eile ar mian leo aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt an táille fhorordaithe a íoc..
Níor cheart go dtiocfadh ‘sárú nua nó níos mó’ de mhórathruithe nó de shíntí san fhoirgneamh atá ann. Is é sin le rá, níor cheart go mbeadh an foirgneamh atá ann níos measa mar thoradh ar mhórathrú nó ar shíneadh (ingearach nó taobhach) ó thaobh Rialachán Tógála de.
Tugtar na samplaí seo a leanas mar shoiléiriú:
Síneadh a chur le foirgneamh sa chaoi go mbainfear úsáid as staighre atá ann cheana féin san fhoirgneamh chun críche rochtana ar an síneadh agus éalaithe uaidh:
• Sa chás gur leor an staighre reatha do líon na ndaoine atá ina gcónaí san fhoirgneamh atá ann cheana ach nár leor é don fhoirgneamh sínte, b’ionann é sin agus ‘sárú nua’ ar na Rialacháin Tógála.
• Murar leor an staighre atá ann cheana don fhoirgneamh atá ann cheana agus dá mbeadh sé níos neamhleor arís mar gheall ar na daoine breise a bheadh ina gcónaí san fhoirgneamh sínte, b’ionann é sin agus ‘sárú níos mó’ de na Rialacháin Tógála.
Tabhair faoi deara, mar sin, nach n-éilíonn na Rialacháin Tógála sa chaoi is go mbaineann siad le hoibreacha i bhfoirgnimh atá ann cheana féin a bheith athraithe nó sínte go mór, ach amháin go gcoinneofaí an ‘status quo’ san fhoirgneamh atá ann cheana féin. I gcás go sáraíonn foirgneamh atá ann cheana féin na Rialacháin Tógála, níl aon dualgas ag gabháil le hathrú nó síneadh an fhoirgnimh sin go réiteofaí an sárú, ach tá dualgas ag gabháil leis nach mbeadh an sárú níos measa mar gheall air, i.e. nach dtiocfadh aon sárú nua nó níos mó de. Ní bhaineann na Rialacháin Tógála go cúlghabhálach le foirgnimh atá ann cheana féin má tá siad le síneadh seachas sa chaoi nach gceadaítear aon sárú nua nó níos mó.
Is ceist é seo d'úinéir an fhoirgnimh agus don tógálaí/gairmí a fhostaíonn úinéir an fhoirgnimh.
Táthar ag súil le go mbeidh na líníochtaí deimhnithe ag duine atá cáilithe chun é sin a dhéanamh mar ghairmí tógála – bheifí ag súil le go ndéanfadh an duine a rinne na líníochtaí é sin.
Ní bhíonn aon tionchar ag cead pleanála ar an riachtanas maidir le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas. Má tosaíodh na hoibreacha ar fhoirgneamh (seachas tithe cónaithe) ar an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin, is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Ní féidir. Níor chóir go mbeadh níos lú ná 25 méadar chearnacha de “Spás Príobháideach Oscailte” sa ghairdín cúil mar thoradh ar an síneadh. Is ionann limistéir chuadhromchlaithe ar chúl an tí agus forbairt dhíolmhaithe, fad is go mbaintear úsáid astu do chuspóir a bhaineann leis an teach a theachtadh agus nach mbaintear úsáid astu le do charranna a pháirceáil.
N.B. Existing or proposed garden shed/s are not reckoned as private open space.
Is féidir ar choinníoll:
(féach leathanach 157, Aicme 4, 1 - 4).
Is féidir achomharc chun an Bhoird Pleanála sna cásanna sin. Caithfear an t-achomharc a thaisceadh laistigh de mhí amháin ó dháta chinneadh an iarratais – féach Cuid VI de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta.
Is féidir ar choinníoll:
(Leathanach 157, Aicme 5)
N.B.: Níl pailis mhiotail ná fál slándála eile díolmhaithe.
De réir Alt 35 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt ní chuirfear in iúl do dhaoine a chuir agóid nó tuairim isteach maidir le hiarratas pleanála go bhfuarthas Eolas Breise nó Soiléiriú ar Eolas Breise ach amháin má mheastar go bhfuil an tEolas Breise nó an Soiléiriú ar Eolas Breise suntasach agus go mbeidh fógraí poiblí nua de dhíth ina leith. Bíonn dhá sheachtain (5 seachtaine i gcás iarratas a ngabhann EIS leo) ag agóideoirí ón dáta ar ar bhfuair an tÚdarás Pleanála na fógraí leasaithe chun agóidí nó tuairimí eile a chur isteach. Ní gá aon táille bhreise a íoc. Beidh ar dhaoine eile ar mian leo agóid/tuairim a chur isteach an táille fhorordaithe a íoc.
6 mhí. Ó 31/03/2003 féadfar trí mhí sa bhreis a cheadú nuair a aontaítear sin.
Is féidir. Chun tosaigh nó taobh leis an teach le haghaidh dhá charr ar a mhéid.
(Leathanach 157, Aicme 6, Cuid B(ii))
NB: Níl díolmhú ann le haghaidh bealach isteach d’fheithiclí a leathnú.
Is gá leagan leasaithe den Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil i gcás go ndéantar leasú ábhartha ar dhearadh nó ar oibreacha nó ar athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ar bhfuil Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas deonta dó ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta. Is féidir leat iarratas a chur chuig an Údarás Rialaithe Foirgníochta ar an deimhniú leasaithe.
Ní féidir. Is féidir leat cuid de theach ináitrithe a scartáil chun síneadh chur leis.
Má éiríonn aon cheist faoi an bhfuil Cead Pleanála ag teastáil do thogra nó an forbairt dhíolmhaithe é, féadfar aighneacht a chur isteach, i scríbhinn le tograí nó mapaí – dá mhéad eolas is ea is fearr é – agus an táille ag gabháil leis (€80.00). Déanfaidh an pleanálaí na haighneachtaí a mheas agus freagróimid iad laistigh de 4 seachtaine maidir le cé acu go bhfuil cead pleanála ag teastáil nó nach bhfuil. Féadfaidh an t-iarratasóir an cinneadh a tharchur chuig an mBord Pleanála agus an táille ag gabháil leis (€150.00).
(Cuid 5, An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, lch 28)
Ní eiseofar fótachóipeanna de léarscáileanna ar iarratais phleanála a cláraíodh roimh 11-Már-2002. Ní mór go mbeidh an dáta stampáilte ar aon fótachóipeanna de léarscáileanna ar chomhaid a cláraíodh i ndiaidh 11-Már-2002 agus go síneoidh ceannaitheoir na léarscáileanna dearbhú faoi Alt 74 (4) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 agus go gcuirfear an dearbhú seo sa chomhad pleanála.
Níl. Ní dhíolmhaítear formhór na n-oibreacha ar Dhéanmhas Cosanta. Is gá dearbhú a fháil chun na ceisteanna faoina bhfuil díolmhaithe agus nach bhfuil díolmhaithe a shoiléiriú.
Is gá. Ní forbairt dhíolmhaithe é sin.
Is féidir ar choinníoll nach mó an t-achar ná 2 mhéadar chearnacha, nach mó an airde ná 2 mhéadar os cionn lár an bhóthair os a chomhair agus nach bhfuil sé lasta.
Is gá ach amháin mura mó líon na bpáistí, lena n-áirítear na cúramóirí, ná seisear agus go ndéantar an cúram i dteach an chúramóra.
(Leathanach160, Aicme 14).
Úsáid ócáideach de halla scoile, club, gailearaí ealaíne, músaem, leabharlann, seomra léitheoireachta, giomnáisiam nó struchtúir a údáidtear mar áiteanna adhartha phoiblí de ghnáth
(Leathanach 160 Aicme15).
Ní gá, ar choiníoll nach bhfuil sé suite laistigh de 10m ó chúirtealáiste aon teach cónaithe seachas le cead i scríbhinn ón úinéir/áitritheoir.
(Leathanach 167, Aicme 31 (c)).
Go ginearálta, ní gá. Feach na teorainneacha sna rialacháin maidir le forbairtí díolmhaithe.
(Leathanach 163).
Ní gá cead a fháil ar an ngnáthbhealach, ach, tá sí faoi réir na nósanna imeachta comhairliúcháin a luaitear i gCuid VIII de na Rialacháin um Pleanáil 2001 arna leasú.
Is féidir, ar choinníoll nach airde é ná 2 mhéadar.
(Leathanach 157 Aicme 5, leathanach159 Aicme 9)
Ní gá ar choinníoll nach mó achar an fhógra ná 0.6 méadar cearnach más teach cónaithe ar díol/le ligean atá i gceist agus 1.2 mhéadar chearnach más aon struchtúr eile nó talamh atá i gceist.
Níor cheart níos mó ná fógra amháin a bheith ann. Ní mór é a bhaint tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an díola/ligin.
Is féidir. Ar choinníoll nach mó an t-athrú ar leibhéal na talún ná aon mhéadar amháin os cionn na talún ná faoin talamh taobh leo. Ní ceadmhach leibhéal na talún ar thosach an tí a athrú ach amháin i gcás tírdhreachtú.
(Leathanach 158, Aicme 6)
Is féidir, de réir na rialach, ar chúl an tí. Ní dhíolmhófaí soilse agus fál os cionn 2 mhéadar, áfach. Tá an teorainn d’aon mhéadar amháin i gceist freisin ó thaobh leibhéal na talún a ardú nó a ísliú.
(Leathanach 158, Aicme 6 & Leathanach 159, Aicme 11)
Is féidir ar choinníoll nach múrphictiúr atá i gceist agus nach Déanmhas Cosanta é an teach.
(Leathanach159, Aicme 12)
Is féidir ar choinníoll:
(Leathanach 158, Aicme 8)
Is féidir faoi réir forálacha Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001. N.B. Caithfidh an garáiste a bheith ceangailte leis an teach.
(Leathanaigh 156–157).
Is féidir ar choinníoll go gcloítear leis na treoirlínte seo a leanas:
Is féidir. Ón 28.02.2007, tá siad díolmhaithe faoi Aicme 2 nua le rialacháin díolmhaithe, faoi réir teorainneacha.
Tugann na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2007 éifeacht le forálacha i dtaobh forbairtí díolmhaithe maidir le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh teaghaisí agus luaitear go ndíolmhaítear painéal gréine a shuiteáil nó a chur suas ar chúirtealáiste an tí nó laistigh de chúirtealáiste an tí, nó ar aon fhoirgnimh laistigh de chúirtealáiste an tí fad is a chomhlíontar na coinníollacha agus na teorainneacha seo a leanas:
Painéil Ghréine:
Beidh achar fearais iomlán aon phainéal den chineál seo chomh maith le haon phainéil a cuireadh ann roimhe seo ar nó laistigh de chúirtealáiste an tí 12 mhéadar chearnacha ar a mhéad nó 50% d’achar iomlán an dín, pé acu is lú:
Tuirbíní Gaoithe:
Tá díolmhú ann maidir le tuirbín gaoithe a fhoirgniú nó a thógáil ar chúirtealáiste an tí nó laistigh de chúirtealáiste an tí faoi réir na Rialachán seo a leanas (Aicme 2):
Mar eolas – Tugann na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2008 (IR 256 de 2008) feidhm do na forálacha a bhaineann le forbairtí díolmhaithe i dtaca le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh foirgnimh tionscail, áitribh ghnó agus gabháltais talmhaíochta.
Féach na Rialacháin le haghaidh tuilleadh eolais
Is gá: Foirgnimh nua, lena n-áirítear bloic árasáin
Ní gá: Tithe cónaithe
Is gá: Athrú ábhartha ar ionad cúram lae, bloc árasán, óstán, brú, foirgneamh aíochta, foirgneamh institiúideach, áit tionóil, ionad siopadóireachta
Is gá: Athrú ábhartha ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail i gcás go gcuirfear achar urláir breise ar fáil laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana féin nó go roinnfear foirgneamh i roinnt aonad le haghaidh áitíochta ar leith.
Is gá: Síneadh de níos mó ná 25m2 a chur le foirgneamh atá ann cheana féin seachas teach cónaithe
Ní gá: Foirgneamh damáiste nó dóite atá ann cheana féin agus atá á dheisiú.
Ní gá: Athrú ábhartha úsáide, leis féin – féach thuas
Is gá: Athrú ábhartha úsáide a mbaineann athrú ábhartha leis i dtaca leis an athrú úsáide.
Ní féidir. Ní ghlactar le cóipeanna i scríbhinn a thuilleadh. Is gá gach foirm a chur isteach go leictreonach anois ar shuíomh Idirlín Building Control Management System (BCMS).
Is é an táille ná €500 arb ionann agus an táille ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán faoi a cheathair nó €11.60 in aghaidh an mhéadair chearnaigh d’achar an urlár, pé acu is mó. D’fhéadfadh sé seo a bheith éagsúil ag brath ar na hoibreacha – féach an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacha um Rialú Foirgníochta.
Is féidir nuair is Coimisinéir Mionnaí é/ní chomh maith. Ní fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí seo, áfach, maidir le himeachtaí a bhfuil sé nó sí mar aturnae ag aon cheann de na páirtithe iontu nó a bhfuil leas aige iontu.
Níl aon mheicníocht ann chun é a shíneadh. Is cion é obair a thosú ar fhoirgneamh gan Teastas um Shábháilteacht ó Dhóiteán (nuair is ga leis) a bheith agat agus is ionann an Teastas Rialtachta agus deis chun córas deimhnithe sábháilteachta ó dhóiteán a chomhlíonadh. Mura gcuirfear na hoibreacha i gcrích laistigh den tréimhse 4 mhí, ní bheidh feidhm ag an deimhniú.
Deimhniú a thugann údarás rialaithe tógála maidir le hoibreacha ar fhoirgnimh tráchtála agus bloic árasán ar tosaíodh iad nó ar cuireadh i gcrích iad gan an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ar gá leis. Féadfar an deimhniú a thabhairt le coinníollacha agus gan choinníollacha nó é a dhiúltú.
Is gá. Is gá go mbeidh Deonú Deiridh agat sula bhféadfaidh tú fógra tosaithe a chur isteach.
Is é an táille ná €800 in aghaidh an fhoirgnimh.
Tháinig an riachtanas maidir le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2010 le haghaidh foirgneamh nua (seachas tithe cónaithe) a cuireadh tús leo ar nó i ndiaidh an dáta sin.
Ní dhéanfaidh aon duine oibreacha de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 ná ar aon choinníollacha ar faoina réir a dheonaítear Teastas Rochtana do Daoine faoi Mhíchumas (i gcás gur gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil).
Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas a chur isteach ar TRDM agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an TRDM agus aon choinníollacha ina leith sula gcuirfear tús leis na hoibreacha.
Is féidir, áfach, cur isteach ar TRDM tar éis fógra tosaithe a tabhairt, ach ní osclófar, ní oibreofar agus ní áitreofar foirgneamh agus ní cheadófar é sin in imthosca ar bith mura bhfuil TRDM tugtha nó go dtí go gcinnfear próiseas achomhairc.
Nó mór fógra tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis an obair.
Is teastas é an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a dheonaíonn an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta ar deimhniú é go gcomhlíonann dearadh oibreacha áirithe, e.g. foirgnimh nua (seachas tithe cónaithe), roinnt sínte le foirgnimh agus athruithe móra orthu (seachas tithe cónaithe) ceanglais Sceideal M a ghabhann leis na Rialacháin Phleanála.
Is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas maidir leis na hoibreacha seo a leanas ar fhoirgnimh seachas tithe cónaithe (ach lena n-áirítear foirgnimh árasán), a mhéid a bhaineann Ceanglais Chuid M leo agus a cuireadh tús leo ar an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin:
(a) oibreacha a bhaineann le dearadh agus tógáil foirgnimh nua,
(b) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha–
(i) ar ionad lae,
(ii) ar fhoirgneamh a bhfuil árasán ann,
(iii) ar óstán, brú nó foirgnimh aíochta, nó
(iv) foirgneamh institiúideach, nó
(v) áit tionóil, nó
(vi) ionad siopadóireachta,
ach níl oibreacha ar fhoirgnimh den chineál sin ar oibreacha beaga iad san áireamh,
(c) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail i gcás–
(i) go gcuirfear achar urláir breise ar fáil laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana, nó
(ii) go roinnfear an foirgneamh ina aonaid le haghaidh áitíochta ar leith,
(d) oibreacha a bhaineann le síneadh de níos mó ná 25 mhéadar chearnacha a chur le foirgneamh,
(e) foirgneamh a mbeidh athrú ábhartha úsáide ag baint leis (féach an nóta thíos)
Ní mór a thabhairt faoi deara sa chomhthéacs seo
• go bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith na n-oibreacha go léir a bhaineann le hathrú ábhartha nó síneadh, gan gá le hobair eile ar an bhfoirgneamh atá ann cheana féin1,2.
• nach bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith athrú ábhartha úsáide, ach amháin i gcás go mbaineann athrú ábhartha nó síneadh leis an athrú ábhartha úsáide. Sa chás sin, breathnaigh ar an bpointe roimhe seo3.
1 Tá sé sonraithe in Alt 11 de na Rialacháin Phleanála 1997–2008 go mbaineann na Rialacháin le gach cuid d’fhoirgneamh a mbeidh tionchar ag an athrú ábhartha nó ag an síneadh uirthi ach amháin a mhéid is go dtoirmiscfear oibreacha a chruthódh sárú nua ná sárú níos mó i bhfoirgneamh den chineál sin.
2 Ní bhaineann Cuid M le hoibreacha i dtaca le sínte a chur le teaghaisí atá ann cheana féin nó athruithe ábhartha a dhéanamh orthu, ar choinníoll nach gcruthóidh na hoibreacha teaghais nua
3 Rinneadh Ceanglais Chuid M 2010 a bhí le tosú ar an 1 Eanáir 2012 Alt 13 a leasú sa chaoi is go bhfuil feidhm ag Cuid M ar athruithe ábhartha úsáide áirithe. Rinne sé Alt 11 de na Rialacháin Phleanála a leasú freisin chun an sainmhíniú ar Athrú Ábhartha a leathnú sa chaoi is go n-áirítear Cuid M ann.
Ní gá le fógra 7 lá maidir le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, mar ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula dtosófar – féach thuas.
Ní gá le Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta mar ní bhaineann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ach le hoibreacha a tosaíodh ón 1 Eanáir 2010 agus ní bhaineann sé go cúlghabhálach. Ní mór Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil sula n-osclófar, a n-oibreofar nó a n-áiteofar foirgneamh ina mbeidh Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas de dhíth i leith oibreacha. Is féidir cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas chun na críche sin.
Ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula gcuirfear tús le hobair go teicniúil. Ní dhéanfaidh duine oibreacha, áfach, de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 nó de shárú ar choinníollacha faoina ndeonaítear Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas (i gcás go bhfuil gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas).
Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin a chur isteach ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus aon choinníollacha a bhainfidh leis sula gcuirfear tús le hoibreacha.
Is é an tréimhse ama ná suas le 8 seachtaine faoi Alt 6(5)den Acht um Rialú Foirgníochta, 1990, nó níos faide má aontaíonn an t-iarratasóir agus an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta é sin.
Ba cheart duit cur isteach air san am gcéanna a gcuireann tú isteach ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Is ionann an tréimhse am leis an dá iarratas a mheas. Ar an gcaoi sin, beidh gach eolas ábhartha agat sula gcuirfear tús leis an bhfoirgníocht.
Cuir isteach ar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas láithreach/chomh luath agus is féidir. Liostáiltear ar cheart a chur ar fáil leis an iarratas i bParagraf 2(b) de Chiorclán na Roinne BC11/2009. Is féidir ábhar breise a iarraidh ar an Údarás Rialaithe Foirgníochta.
Tá.
Tá gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i dtaca le hoibreacha áirithe a mbaineann Ceanglais Chuid M leo. Breathnaigh ar Alt 20 D (1) de I.R. 351. Ní bhainfidh Cuid M le haon athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ach amháin nuair atá athrú ábhartha i gceist – sna cásanna sin, bainfidh Cuid M leis na hoibreacha go léir i dtaca leis an athrú ábhartha agus ba cheart cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Is fógra mear maidir le hobair a thosú sula ndeonaítear an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.
Is é an gnáth-tháille ná €250 nó €5.80 in aghaidh an mhéadair chearnaigh, pé acu is mó. Is ionann é seo agus a dhá oiread leis an méid atá ar ghnáthiarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.
Féadfaidh an táille a bheith éagsúil ag brath ar an obair atá beartaithe agus liostáiltear na táillí sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Rialú Foirgníochta.
Is gá. Caithfidh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán atá bailí a bheith ag gabháil leis an bhfógra 7 lá agus dearbhú reachtúil maidir leis an obair atá beartaithe, ach níl táille i gceist ach ar an bhfógra 7 lá i gceist.
Ní gá duit táillí ar leith a íoc ar an bhFógra 7 Lá agus ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán araon.
Is féidir. Má tá iarratas bailí déanta agat ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, is féidir leat fógra 7 lá a chur isteach ar choinníoll go gcuireann tú uimhir thagartha an iarratais bhunaidh isteach leis chomh maith leis an táille leasaithe agus na doiciméid riachtanacha go léir atá liostaithe in Alt 20A de na Rialacháin. Ba cheart duit teagmháil leis an Údarás Rialaithe Foirgníochta.
Is é an táille ná €30 in aghaidh an aonaid.
Ba cheart. Nuair a chuirtear fógra tosaithe isteach maidir le Forbairt Tráchtála nó Árasán, ní mór Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a chur isteach freisin.
Caithfidh tú Fógra Tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis na hoibreacha, ina gcuirtear in iúl don Údarás Foirgníochta cén dáta tosaithe atá beartaithe agat. Mura ndéanfaidh tú é sin, beidh tú ag sárú na gCoinníollacha Pleanála.
Ní féidir foirgneamh a oscailt, a oibriú ná a áitiú nó ní féidir cead a thabhairt é a oscailt, a oibriú ná a áitiú gan an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas is gá leis, nó, i gcás gur taisceadh achomharc, go dtí go bhfuil cinneadh déanta faoin achomharc.
Níl an gá le leagan leasaithe de Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas teoranta d’oibreacha nach bhfuil tosaithe. Bíonn sé i gceist nuair a dhéantar leasú ábhartha ar dhearadh an fhoirgnimh nó ar na hoibreacha atá tosaithe cheana féin.
Ní gá. Is ionann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus deimhniú gur comhlíonadh riachtanais Chuid M reatha – Cuid M 2000. Níl na moltaí maidir le Dréacht-Chuid M 2009 tugtha chun críche go fóill. Is féidir go mbeidh eolas breise de dhíth le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas nuair a thiocfaidh leasuithe a dhéanfar amach anseo chun bheith i ngníomh.
Déantar foráil leis na Rialacháin go mbeidh bunscoileanna a bhfuil ceathrar múinteoirí nó níos lú iontu díolmhaithe ó tháillí, mar a d’iarr an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
Níl aon táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
Is féidir, má thugann úinéir an fhoirgnimh údarás dóibh é a dhéanamh
Is é an táille ná €30 in aghaidh an bhloic árasán. Ní gá duit fógra tosaithe ar leith a fháil le haghaidh gach árasáin, e.g. 100 árasán i mbloc amháin = €30