Tá sé d'oibleagáid ar an gComhairle anois tús a chur le hathmheasúnú ar gach iarratasóir ar Thithíocht Shóisialta. D'fhéadfadh sé go mbeadh go leor ama i gceist leis an bpróiseas athmheasúnaithe.

Faoi na rialacháin nua, ní mór go mbeidh tú incháilithe le haghaidh tithíochta agus go mbeidh gá agat léi chun go n-áireofar thú do thairiscint ar thithíocht shóisialta.
Ciallaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta go bhféadfá a bheith incháilithe do thithíocht in áitribh i seilbh na Comhairle, áitribh SCC (Scéim Cóiríochta Cíosa), áitribh Léasa Fhadtéarma, áitribh Chumainn Dheonaigh Tithíochta, etc.
Rinne. Ceanglaíonn reachtaíocht Rialtais le déanaí go ndéanfaimid athruithe ar na critéir incháilitheachta do thacaíocht tithíochta agus do mheasúnú tithíochta.
Seo a leanas na príomhleasuithe:
Tá scéim nua leithdháiltí ann in ionad Scéim na dTosaíochtaí Ligin. Tá sé sin ar fáil ar ár suíomh Idirlín.
Ní mór go mbeidh do ghlanioncam faoi bhun na dtairseacha thíos:
Duine fásta aonair | Beirt Daoine Fásta Gan aon Pháistí |
Duine Fásta Amháin Páiste Amháin |
Duine Fásta Amháin Beirt Pháistí |
Duine Fásta Amháin Triúr Páistí |
Beirt Daoine Fásta Páiste Amháin |
Beirt Daoine Fásta Beirt Páistí |
Beirt Daoine Fásta Ceathrar Páistí nó breis |
Triúr Daoine Fásta Ceathrar Páistí nó breis |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
€35,000 | €36,750 | €35,875 | €36,750 | €37,625 | €37,625 | €38,500 | €40,250 | €42,000 |
Má dhiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag, cuirfear d’iarratas ar fionraí ar feadh dhá mhí dhéag. Déanfar d’iarratas a athmhúscailt tar éis na tréimhse seo ach ní áireofar an t-am ar fionraí mar am ar an liosta tithíochta. Ní bheidh tú ar Liosta Tithíochta na Comhairle ar feadh tréimhse na fionraíochta, ní bheidh an Scéim Rogha Tithíochta ar fáil duit agus ní bheidh tú incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta. Féadfaidh sé difear a dhéanamh do do Liúntas Cíosa Forlíontach freisin.
Ní féidir iarratas a chur ach chuig Údarás Áitiúil amháin. Más chuig Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a gcuirfidh tú an t-iarratas, is féidir leat suas le trí limistéar tithíochta i réigiún Bhaile Átha Cliath a roghnú, ar chóir go mbeadh ceann amháin ar a laghad acu i gComhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin.
Féadfaidh an dá limistéar eile a bheith i gCathair Bhaile Átha Cliath, Contae Bhaile Átha Cliath Theas nó Contae Fhine Gall. Má roghnaíonn tú limistéar i gcontae ar bith eile, seolfaimid an t-eolas mar gheall ort chuig na húdaráis tithíochta a roghnaítear. Déanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin d’iarratas a bhainistiú. Is féidir roghanna limistéar a athrú uair amháin sa tréimhse dhá mhí dhéag trí Fhoirm Rogha Limistéar a líonadh amach.
Tá na critéir incháilitheachta maidir le tithíocht Chomhairle i Scéim Leithdháilte na Comhairle.
Ar na critéir incháilitheachta tá:
Ní féidir é seo a dhéanamh amach, faraor. Tá liosta fada iarratasóirí ag fanacht le tacaíocht tithíochta sóisialta.
Oibríonn an tAonad um Chóiríocht don Lucht Siúil i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach Áitiúil maidir le Cóiríocht don Lucht Siúil atá comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, daoine den Lucht Siúil agus Ionadaithe an Lucht Siúil de réir mar a éilítear faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998. Cuireann an Coiste seo comhairle ar an gComhairle maidir le gach rud a bhaineann leis an Lucht Siúil agus, go háirithe, maidir lena riachtanais tithíochta.
Is é polasaí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin ná cóiríocht atá dírithe ar an Lucht Siúil a chur ar fáil do Phobal Taistealaithe dúchais na tíre. Más mian leat cur isteach ar Chóiríocht atá Dírithe ar an Lucht Siúil, is féidir leat teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054848 nó ar ríomhphost chuig travellers@dlrcoco.ie.
Is féidir le tionóntaí i dTithíocht Ghrúpáilte nó i mbánna ar láithreáin stad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054838 nó ríomhphost a chur chuig travellers@dlrcoco.ie. Moltar do thionóntaí an Lámhleabhar do Thionóntaí a cheadú sula ndéanfaidh siad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil.
Ní rachaidh iasachtaí thar 97% de chostas an tí nó den luach margaidh, pé acu is lú (gan aon deontas a áireamh) agus faoi réir uasmhéid de €200,000. Ní rachaidh aisíocaíochtaí morgáiste thar 35% de ghlanphá an iarratasóra.
I gcás gach iarratas ó dhuine aonair ar iasacht, ní mór nach mó an t-olltuilleamh ná €50,000 agus i gcás comhiarratas, ní mór nach mó an t-ollphá iomlán ná €75,000.
Tá cíosanna Thithíocht na Comhairle bunaithe ar chóras ar a dtugtar ‘cíosanna difreálacha.’ Ciallaíonn sé seo go mbraitheann méid an chíosa a íocann tú ar ioncam iomlán do theaghlaigh. Má thagann méadú ar d’ioncam, méadófar an cíos fosta agus má laghdaíonn d’ioncam, laghdófar do chíos dá réir. Ríomhtar an cíos de réir na Scéime Cíosa Dhifreálaigh reatha.
Is ionann an príomhshaothraí agus an duine a bhfuil an t-ioncam is mó sa teaghlach aige nó aici. Is foshaothraithe iad na daoine eile sa teaghlach a bhfuil ioncam acu. Ríomhtar an cíos mar seo a leanas: – ioncam an phríomhshaothraí lúide €35 arna iolrú faoi 16%. Ríomhtar ioncam foshaothraithe ar an mbealach céanna ach cuirfear uasteorainn de €18 in aghaidh an tsaothraí air. Tá asbhaint chíosa de €1 i bhfeidhm i leith gach páiste agus mac léinn sa teach. D’fhéadfaí táille seirbhíse bhreise a bheith i gceist, mar chothabháil choire nó táille téimh.
Féach an nasc don “fhoirm eolais teaghlaigh”
Is féidir leat labhairt le Amanda Guinan, an tOifigeach Tacaíochta Riaráistí, ar an bhfón 01–2054836 nó ríomhphost a chur chuig aguinan@dlrcoco.ie nó is féidir leat teagmháil le haon bhall d’fhoireann Rannóige Iasachtaí Tithíochta.
Déan teagmháil le Amanda Guinan, Rannóg Iasachtaí Tithíochta ar 01–2054836.
Ní féidir le haon duine bogadh isteach san áitreabh gan fógra a thabhairt don Rannóg Tithíochta (Leithdháiltí) agus cead a fháil uaithi. Má tá sé beartaithe ag aon duine bogadh isteach in áitreabh ar leis an Chomhairle é, ba cheart dóibh teagmháil le Leithdháiltí Tithíochta ar 01–2054828
Tugadh an Próiseas um Riaráistí Morgáiste a Réiteach (MARP) isteach ar na hÚdaráis Áitiúla i nDeireadh Fómhair 2012 chun cabhrú a thabhairt d'iasachtóirí atá i riaráiste.
Déileálfar. Déileáiltear le cás gach iasachtaí mar chás rúnda.
Ba cheart go mbeadh d'íocaíocht i do chuntas morgáiste ar an gcéad lá de gach mí.
Is féidir leat iarratas ar mheastachán fuascailte a chur chuig an Rannóg Iasachtaí Tithíochta. Seolfar meastachán scríofa chugat sa phost.
Eisítear ráiteas bliantúil gach bliain nó is féidir leat ráiteas a fháil a léireoidh na sonraí seo trí ghlaoch a chur ar an rannóg Cuntais Iasachtaí ar 01–2054836.
Clúdaíonn Árachas um Chosaint Morgáiste an t-iasachtaí i gcás éagumais go haois 65 bliana agus i gcás báis go haois 75 bliana. Ní chlúdaíonn sé iomarcaíocht ná dífhostaíocht. Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 01–2054836.
Is féidir leat glaoch a chur ar aon bhall foirne sa rannóg Iasachtaí Ioncam Tithíochta ar 01–2054836.
Níl ach obair athshreangaithe, díonta nua agus téamh lárnach (i gcás nach bhfuil sé ann) ar fáil faoin scéim seo.
N.B. Téamh Lárnach – Níl aon deontas ar fáil faoin scéim seo le haghaidh córas téimh lárnaigh atá ann cheana féin a uasghrádú. Tá na deontais sin ar fáil ón Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar 1850 927000 nó ar www.seai.ie
Is ionann an t-uasdeontas atá ar fáil agus €6,000 nó 100% de ghlanchostas ceadaithe na n-oibreacha atá beartaithe. D’fhéadfadh an t-iarratasóir a bheith incháilithe d’aisíocaíocht CBL ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi réir coinníollacha áirithe nuair atá an conraitheoir íoctha go hiomlán aige nó aici.
Ar na hoibreacha atá clúdaithe tá greimráillí, rampaí rochtana, cithfholcadáin boinn leibhéalta, cathaoireacha staighre agus mionoibreacha eile a meastar gur gá leo chun go mbeidh an teach níos oiriúnaí chun cónaithe do dhuine a bhfuil fadhbanna gluaisteachta aige nó aici.
Déantar tástáil acmhainne maidir leis an deontas seo agus cinntear leibhéal an deontais trí ollioncam bliantúil úinéir cláraithe an áitribh a chur san áireamh le hollioncam bhaill eile an teaghlaigh, iad siúd atá os cionn 18 mbliana d’aois (nó 23, má tá siad ag freastal ar chúrsa oideachais lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe. Le bheith incháilithe do dheontas faoin scéim seo, ní mór go mbeidh ollioncam an teaghlaigh faoi bhun €30,000 (féadfaidh iarratasóirí áirithe a bheith incháilithe do chineálacha neamhairde ioncaim).
Íocfar an cíos go ráithiúil roimh ré trí aistriú leictreonach díreach isteach i gcuntas bainc. Tabhair faoi deara, go mbeidh an t-ioncam cíosa faoi réir cáin shiarchoinneálach má tá an t-úinéir ina chónaí taobh amuigh d’Éirinn. Tá tuilleadh sonraí ar an ábhar seo ar fáil ar www.revenue.ie.
Ní mór go bhfuil dea-bhail nó sár-bhail ar áitribh. Le linn an phróisis idirbheartaíochta, socróidh an Chomhairle go ndéanfar an t-áitreabh a iniúchadh lena oiriúnacht maidir le socruithe léasa a mheas. Déanfar é a iniúchadh le deimhniú go gcomhlíonann sé ardchaighdeáin ó thaobh struchtúir agus maisithe de. Ní mór go gcomhlíonann áitrithe na Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithíocht ar Cíos) 2008 agus leis na Rialacháin phleanála agus tógála go léir.
Is gá. Féach an liosta thíos.
Sceideal na dTroscán agus na bhFearas
Seomraí
Cistin
-Clúdach Urláir Cuí (dea-bhail air)
-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)
-Cócaireán (i dtreoir oibre)
-Eastarraingteoir Cochaill (i dtreoir oibre)
-Cuisneoir / Reoiteoir (i dtreoir oibre)
-Meaisín Níocháin (i dtreoir oibre)
Seomra Suí
-Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu)
-Foireann Troscáin (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail uirthi)
-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)
Seomra Bia

-Bord & Cathaoireacha (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail orthu)
-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)
Seomra Codlata 1

-Leaba/Tocht (in oiriúint do mhéid an tseomra, nua/réasúnta nua)
-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)
-Vardrús (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail air)
Seomra Codlata 2

Seomra Codlata 3

-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu))

Seomra Folctha/En Suite
-Clúdach/Clúdaigh Urláir Oiriúnacha (dea-bhail air/orthu)
-Caibinéad Seomra Folctha (dea-bhail air)
-Sciath/Cuirtín Cithfholcadáin (dea-bhail air)
-Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)
I gcásanna áirithe, aontóidh úinéir an áitribh leis an údarás áitiúil go n-áireofar “céadrogha ar cheannach” agus “ceart an chéad diúltú” mar choinníoll sa léas. Tugann na clásail seo an rogha don údarás áitiúil an t-áitreabh a cheannach ag amanna le linn nó ag deireadh na tréimhse léasa nó éilíonn siad ar an úinéir go dtairgfidh sé nó sí an t-áitreabh don Chomhairle má shocraíonn se nó sí é a dhíol.
Ní féidir. Faoin socrú léasa fadtéarmach, féadfaidh úinéir an áitribh an t-áitreabh a dhíol ar an gcoinníoll go n-aistreofar an comhaontú léasa don úinéir nua agus go dtabharfar fógra roimh ré don údarás áitiúil agus go n-aontóidh sé.
Íocfar. Féadfar deireadh a chur leis na híocaíochtaí, áfach, má sháraíonn an tiarna talún a (h)oibleagáidí faoi théarma an chomhaontaithe léasa.
Ní chaithfidh.