Faigheann an Chomhairle níos mó ná 300 iarratas ar bhearta reachtacha comharthaí agus línte gach bliain.
Pléann an Grúpa Comhairleach ar Thrácht (TAG) leis na hiarratais seo go léir.
Bunaíodh an grúpa seo go foirmiúil i Lúnasa 2006 agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ón nGarda Síochána agus d’innealtóirí ón Rannóg Tráchta.
Chomh maith le plé a dhéanamh ar iarratais ón bpobal, ó na comhaltaí tofa, ó Bhus Átha Cliath agus ó ghrúpaí gnó, scrúdaíonn TAG saincheisteanna atá aitheanta go díreach ag an Rannóg Tráchta agus ag an nGarda Síochána
Buaileann an Grúpa Comhairleach ar Thrácht le chéile go míosúil chun plé a dhéanamh ar chlár gnó, a gcuirtear cóip de chuig na comhaltaí tofa mar eolas. Tugtar na moltaí ó gach cruinniú den Ghrúpa do na Coistí Limistéir le nótáil faoi Ghnó na Comhairle dar teideal “Consultation with Garda Commissioner”.
Toisc gur nós imeachta reachtúil nó dlíthiúil é seo a gcinneann na hinnealtóirí tráchta agus an Garda Síochána é, ba cheart iarratas foirmiúil ar nithe TAG a chur i ríomhphost chuig traffic@dlrcoco.ie nó i scríbhinn chuig an Roinn Iompair, an Rannóg Tráchta, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Co. Bhaile Átha Cliath.
Tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú na cúiseanna le d’iarratas in iúil agus go n-áireoidh tú, más féidir, fianaise thacaíochta maidir le cén fáth gur gá é.
Ar na hiarratais TAG a dhéantar, tá na nithe seo a leanas:
- Stop
- géill slí
- cosc ar iontráil
- bosca buí
- haitseáil
- comharthaí sainordaitheacha
- líne bhuí shingile
- líne bhuí dhúbailte
- bá lódála
- scoil – coinnigh saor
- bá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas
- líne bhán leanúnach
- glanbhealach
- srianadh meáchain
- cosc ar u-chasadh
Nuair a chuirtear na línte nó na comharthaí a iarradh ar fáil, tá tú ceangailte leis an dlí cloí leo nó gearrfar pionós ort.