Faomhann an Coiste um Eagrú, Nós Imeachta agus Prótacal an féilire uair sa ráithe (i.e. Márta, Meitheamh, Meán Fómhar agus Nollaig). Foilsítear an féilire ar an suíomh Idirlín nuair atá sé faofa.

Tar éis an Buiséad Bliantúil a mheas gach bliain, cinneann baill thofa na Comhairle Contae (Comhairleoirí) an ráta bliantúil luachála a ghearrfar an bhliain dár gcionn.
Tugann an Coimisinéir Luachála san Oifig Luachála luacháil inrátaithe do gach áitreabh. Tá an Coimisinéir Luachála neamhspleách ar na hÚdaráis Áitiúla.
Maoinítear raon de sheirbhísí a chuireann an Chomhairle Contae ar fáil ar fud an Chontae leis an iocam ó rátaí.
Gach bliain, tar éis chruinniú an Bhuiséid Bhliantúil, ullmhaítear na leabhair Ráta le haghaidh an Chontae agus bíonn siad ar fáil don phobal le hiniúchadh ar feadh 14 lá. Tar éis na 14 lá, déanann an Bainisteoir Contae an ráta a dhéanamh agus greamaítear séala na Comhairle de na leabhair Ráta. Tarlaíonn sé seo go ginearálta go déanach i mí Eanáir nó go luath i mí Feabhra gach bliain. Fógraítear an dáta a ndearnadh an Ráta sna meáin gach bliain.
Tá an t-áititheoir ar an dáta ar a ndéantar an ráta faoi dhliteanas go príomha i leith rátaí na bliana iomláine a íoc agus, i gcás go mainníonn sé/sí iad a íoc, cuirfear an chéad áititheoir eile faoi dhliteanas i gcúinsí áirithe. Má bhíonn áitreabh folamh, beidh an t-úinéir nó an duine atá i dteideal an t-áitreabh a áitiú faoi dhliteanas i leith na rátaí a íoc ach beidh sé/sí cáilithe na rátaí a d’íoc sé nó sí a fháil ar ais faoi réir critéir shonraithe áirithe a chomhlíonadh. Rinneadh an ráta do 2013 ar an 24 Eanáir, 2013.
Nuair atá an t-athbhreithniú inmheánach i gcrích, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh sin a iarraidh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Caithfear achomhairc chun an Choimisinéara a dhéanamh laistigh de mhí ó chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun an choimisinéara freisin mura bhfreagraíonn an Chomhairle d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh laistigh de mhí.
Caithfear achomhairc chun an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig:
Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Teil: 01 6395689
Rphost: info@ocei.ie
Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus breis eolais ar Oifig an Choimisinéir ar fáil ar www.ocei.ie.
Féadfaidh tríú páirtithe a bhfuil tionchar ag cinneadh na Comhairle orthu achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara in aghaidh chinneadh na Comhairle.
Ní mór duit an táille cheart ar d’achomharc a áireamh (breis eolais i Rannán na dTáillí).
Is féidir leat na rátaí a íoc ar na bealaí seo a leanas:
Trí Shochar Díreach
Is féidir leat na rátaí a íoc ina ngálaí míosúla le linn bliana amháin.
Trí Ghíoró Bainc Aistriú Creidmheasa/Ríomhaistriú Airgid
Tá Gíoró Bainc ceangailte leis an Éileamh Rátaí.
Leis an mBailitheoir Rátaí
Féach na sonraí thíos
Sa Phost
Seiceanna, Ordú Airgid, Orduithe Poist.
Go pearsanta
In oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire agus i nDún Droma.
Ní ghlacfar le hairgead tirim in oifigí na Comhairle i Halla an Chontae ná i nDún Droma. Chomh maith leis sin, níor cheart airgead tirim a sheoladh sa phost.
Ba cheart d’íocóirí rátaí teagmháil leis an mBailitheoir Rátaí dá limistéar. Is féidir le híocóirí rátaí teagmháil leis an Oifig Rátaí freisin ar 01-2054821 nó ríomhphost a chur chuig rates@dlrcoco.ie.
An Charraig Dhubh/Dún Laoghaire/Stigh Lorgan
Is é P.J. Meaghar an Bailitheoir Rátaí gníomhach don limistéar ó theorainn an Chontae le Cathair Bhaile Átha Cliath go lár Dhún Laoghaire. Ar a chuid limistéar tá Baile an Bhóthair, an Charraig Dhubh, Baile na Manach, an limistéar ó Bhaile na Manach go Bóthar na Mara i nDún Laoghaire agus Stigh Lorgan/Cluain Sceach. Is féidir teagmháil leis ar (01) 205 4798 nó 086 8585867 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig pjmeagher@dlrcoco.ie.
Dún Laoghaire/Seanchill
Is í Emma Hynes an Bailitheoir Rátaí d’iarthar an Chontae. Ar a cuid limistéar tá an chuid de Dhún Laoghaire ó Bhóthar na Mara go Glas Tuathail, Glas Tuathail, Deilginis, Seanchill, Coill na Silíní, Baile an tSionnaigh. Is féidir teagmháil léi ar (01) 205 4895 nó 086 0204632 trí ríomhphost a sheoladh chuig ehynes@dlrcoco.ie.
Dún Droma/Áth an Ghainimh
Is í Barbara Hanney an Bailitheoir Rátaí d’iarthar an Chontae. Ar a cuid limistéar tá Dún Droma, Stigh Lorgan, Áth an Ghainimh, Rathfearnáin agus Baile an Teampaill. Is féidir teagmháil léi ar (01) 204 7088 nó 086 1714135 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig bhanney@dlrcoco.ie.
Rinne an Coimisinéir Luachála breis is 2,200 aighneacht ó íocóirí rátaí a mheas sular eisigh sé na Deimhnithe Luachála deiridh. Má tá aighneachtaí déanta agat cheana féin a ndearnadh an Coimisinéir cinneadh fúthu, tá sé fós de cheart agat achomharc a dhéanamh. Ba cheart duit a choinneáil i gcuimhne, áfach, go mbeadh an Coimisinéir tar éis na nithe i do chuid aighneachtaí a mheas sular eisigh sé an Deimhniú Luachála.
Tá ceart breise chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála ann. Ní achomharc bailí a bheidh in achomharc chuig an mBinse Luachála mura leanann sé cinneadh an Choimisinéara Luachála maidir leis an gcéad achomharc. Caithfhidh an t-achomharc a bheith i scríbhinn agus ní mór go sonrófar forais an achomhairc ann. Caithfear an t-achomharc a dhéanamh laistigh de 28 lá agus ní mór go mbeidh an táille chuí a bheith ag gabháil leis. Tá tuilleadh eolais ar an mBinse Luachála ar www.valuation-trib.ie/
Is cinneadh deiridh é cinneadh an Bhinse Luachála ó thaobh méid na luachála de. Tá ceart breise achomhairc ann, áfach, chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí agus, sa deireadh, chuig an gCúirt Uachtarach.
An Rannóg Rátaí
An Rannóg Airgeadais
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Halla an Chontae
Bóthar na Mara
Dún Laoghaire
Co. Bhaile Átha Cliath
Fón: (01) 205 4821
Facs: (01) 280 5581
Rphost: rates@dlrcoco.ie
Suíomh: www.dlrcoco.ie/
Ba cheart duit na doiciméid go léir a chuir an Oifig Luachála chugat a scrúdú, an sliocht ó Thuarascáil an Luachálaí go háirithe, agus a dheimhniú go bhfuil tú sásta go bhfuil sé i gceart. Beidh litir faighte agat ón gComhairle chomh maith i mí Eanáir ag cur do dhliteanais rátaí do 211 in iúl duit chomh maith le luach d’áitribh agus an dáta is deireanaí le haghaidh achomharc a dhéanamh.
Mar chuid den phróiseas athluachála, eisíodh Deimhnithe Luachála d’Íocóirí Rátaí i Meitheamh agus i Meán Fómhair anuraidh. Tugadh cuireadh d’íocóirí an t-am sin uiríll a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Luachála. Rinne níos mó ná 2,200 íocóir uiríll. Mheas an Coimisinéir aon uiríll a rinneadh sular eisigh sé na Deimhnithe Luachála deiridh.
Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Choimisinéara maidir le do luacháil, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Beidh ort an t-achomharc a dhéanamh faoin 8 Feabhra 2011. Measfaidh an Coimisinéir Luachála d’achomharc agus déanfaidh sé cinneadh laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfuarthas an t-achomharc.
Má bhíonn aon cheist agat, is féidir leat ríomhphost a chur chuig revalinfo@valoff.ie nó glaoch a chur ar (01) 817 1033. Íosghlaoch a dhéanamh ar 1890 531 431 nó breathnaigh ar shuíomh idirlín na hOifige Luachála ar www.valoff.ie/revaluation.html.
Is muirear é Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála a gcuireann an tÚdarás Áitiúil i bhfeidhm é i leith áitreabh nuathógtha go dtí go ngearrfar rátaí tráchtála. Tugadh isteach é den chéad uair in 2007 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006, a achtaíodh ar an 24 Nollaig, 2006.
Is éard atá i gceist le hathluacháil ná Liosta Luachála suas chun dáta a chruthú de na háitribh tráchtála agus tionscail go léir laistigh de cheantar an údaráis rátála, faoi threoir luachanna cíosa áitreabh ar an dáta luachála sonraithe arbh é, i gcás cheantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an 30 Meán Fómhair, 2005. Athdháilfear an dliteanas rátaí tráchtála idir íocóirí rátaí mar thoradh ar an athluacháil.
Ba é an Coimisinéir Luachála a thionscain athluacháil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, de réir na gcumhachtaí a dhílsítear ann faoin Acht Luachála, 2001, tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin araon mar a éilítear sa reachtaíocht. Rinne sé an tOrdú Luachála ar an 27 Meitheamh 2008, rud a chuir tús leis an bpróiseas i gContae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Ní raibh na Liostaí Luachála roimhe sin ag teacht leis na hathruithe móra a tháinig ar luachanna réadmhaoine thar na blianta. D’fhéach an Coimisinéir le tuilleadh córa, cothromaíochta agus trédhearcachta a thabhairt isteach i gcóras rátála na nÚdarás Áitiúil trí luachálacha a bheith ag teacht le luachanna cíosa áitreabh. Déantar é seo chun a chinntiú go measfar rátaí tráchtála de réir liosta suas chun data de luachálacha ar áitribh tráchtála agus tionscail.
Ní fhéadfaí locht a fháil ar dhuine as an tuairim sin a bheith aige nó aici. An toradh atá air sin ná go measfaidh íocóirí rátaí go bhfuil an mheasúnacht ar a rátaí níos airde ná mar ba cheart toisc go bhfuil laghdú ar a luachanna cíosa. Ní hamhlaidh atá. Tá dáta an luachála bunaidh gan tábhacht nach mór mar leasaítear iolraitheoir na Comhairle (ráta bliantúil ar an luacháil nó ARV mar is fearr aithne air sa Bhéarla) chun a chinntiú go mbeidh na leibhéil chéanna rátaí le híoc, beag beann ar dháta na Luachála.
Is fearr é sin a mhíniú le sampla. Breathnaigh ar an méid seo a leanas:
Áitreabh A | Áitreabh B | Áitreabh C | Rátaí Iomlána | |
---|---|---|---|---|
Luacháil Inrátaithe | €200 | €200 | €200 | |
Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV) – Roimh Athluacháil | €69.20 | €69.20 | €69.20 | |
Dliteanas Rátaí – Roimh Athluacháil | €13,840 | €13,840 | €13,840 | €41,520 |
Luach Cíosa | €60,000 | €81,500 | €100,000 | |
ARV i ndiaidh Athluachála | €0.170 | €0.170 | €0.170 | |
Dliteanas Rátaí i ndiaidh Athluachála | €10,200 | €13,855 | €17,000 | €41,055 |
Roimh an athluacháil, bíonn an luacháil agus an measúnú rátaí mar an gcéanna i leith gach áitreabh. Tógann an Chomhairle rátaí de €41,520 isteach san iomlán. I ndiaidh na hathluachála, léiríonn na luachálacha rátaí na luachanna cíosa ar an margadh oscailte (ón dáta luachála, an 30 Meán Fómhair 2005). Is léir, i ndiaidh na hathluachála, go bhfuil an measúnú rátaí le haghaidh áitreabh A laghdaithe, go bhfuil áitreabh B nach mór mar an gcéanna ach go bhfuil measúnú méadaithe ag áitreabh C. Tógann an Chomhairle níos lú airgid isteach ar an iomlán freisin.
Íocfar na rátaí ina dhá ghála, an chéad ghála nuair a dhéantar an ráta agus nuair a fhaigheann áititheoir an áitribh an bille rátaí agus an dara gála faoin 1 Iúil. Mar rogha air sin, is féidir le híocóirí rátaí iad a íoc go míosúil trí dhochar díreach.
Tagann gach Coiste um Beartais Straitéiseacha le chéile go rathúil (i.e. Márta, Meitheamh, Meán Fómhair & Mí na Nollag).
Alt 143 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 (arna leasú):
€30k do liúntas an Chathaoirligh
€6k do liúntas an LeasChathaoirligh
Déantar na láthair na Stáisiún Vótála a athbhreithniú sa tréimhse roimh aon toghchán/reifreann.
Chun go mbeimid i gcomhréir le rialacháin Cosanta Sonraí, tá an córas socraithe ar an gcaoi nach ndeimhneofar ach sonraí beachta ar an leathanach fiosrúcháin.
Ar aibhsigh tú an baile fearainn ceart ar an liosta anuas?
Ar thriail tú do shonraí a chuardach tríd an Eircode a chur isteach?
Ar chuir tú do chéad ainm agus do shloinne iomlán isteach, e.g. d’fhéadfaí Anthony McVeigh a chur isteach mar Tony McVeigh?
Is ionann na hiontrálacha ar an gclár agus an méid a chuir tú ar an bhfoirm. I gcás roinnt toghthóirí, tugadh ainm dóibh ach úsáideann siad ainm eile, e.g., Margaret ach glaoitear Peggy uirthi.
D’fhéadfadh sé gur chuir tú Patrick ar an bhfoirm ach go bhfuil Paddy nó Pat á chuardach agat.
D’fhéadfadh sé go bhfuil spásanna nó sínte fada i sloinnte mar O’Reilly, McMahon/Mac nó in ainmneacha Gaeilge.
D’fhéadfadh sé go bhfuil spás nó fleiscín san ainm.
Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár i ndiaidh an 25 Samhain, ní fheicfidh tú d’ainm ar an gClár Beo ar líne go dtí go bhfoilsítear é ar an 1 Feabhra.
Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár tar éis dó a bheith foilsithe ar an 1 Feabhra, ní fheicfidh tú d’ainm ar líne. Beidh d’ainm ar an Dréacht-Chlár a bheidh ar fáil ar líne ón 1 Samhain.
Seoltar foirm RFA do shealbhóirí tí le linn mhíonna an tsamhraidh atá le líonadh isteach agus le seoladh ar ais chugainn chun gur féidir linn an clár a nuashonrú. Mura bhfuil d’ainm ar an bhfoirm seo, bainfear d’ainm den Chlár toisc nach n-áirítear ar an gClár seo ach daoine a luaitear go bhfuil gnáthchónaí orthu ag an seoladh áirithe sin.
Is féidir leat cur isteach le bheith san áireamh san Fhorlíonadh a chuirfear leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA2) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais roimh an dáta deiridh le bheith curtha san áireamh san Fhorlíonadh.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig ar dtús ar 01 205 4880 agus a chinntiú go bhfuil tú cláraithe ag an seoladh ceart agus go bhfuil an stádas/náisiúntacht cheart agat. Nuair a dheimhneofar an dá shonra seo, tabharfar treoracha duit chuig an Stáisiún Vótála cuí chun do vóta a úsáid.
Is féidir leat iarraidh go n-áireofar thú ar an bhforlíonadh leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA3) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais chugainn roimh an dáta deiridh ar a n-áireofar daoine ar an bhForlíonadh.
Uachtarán: Is féidir le saoránaigh na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vóta a chaitheamh i Reifreann nó i dToghchán Uachtaráin, Toghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla.
Dáil: Is féidir le saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (D) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla.
Eoraip: Is féidir le saoránaigh an AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (E) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Eoraip agus i dToghcháin Áitiúla.
Áitiúil: Is féidir le saoránaigh neamh-AE (L) vóta a chaitheamh i dToghcháin Áitiúla.
*arna chur in iúl ar an gclár.
Ní féidir. Caithfidh tú a bheith ar an gClár chun vóta a chaitheamh.
Ní chuirfear an Forlíonadh ar líne go dtí go bhfuil an dáta deiridh ar a n-áirítear ainmneacha air thart.
Is féidir leat foirm iarratais (RFA5) a líonadh amach chun go gcuirfear d’ainm ar an bhforlíonadh le Clár na dToghthóirí. Caithfidh tú an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus ní mór fianaise ar an tsaoránacht Éireann a chur leis, mar shampla cóip de do Dheimhniú Eadóirsithe nó den leathanach ábhartha de do Phas Éireannaigh.
Tá eolas do vótálaithe faoi mhíchumas ar shuíomh Idirlín na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
Níl Clár na dToghthóirí ar fáil don phobal mar gheall ar cheanglais dlí a bhaineann le rúndacht phearsanta. Tá Clár in Eagar ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ach táille a íoc. Féach tuilleadh eolais faoi “Tá mé buartha go mbeidh mo shonraí ar fáil do dhaoine eile agus go bhfaighidh mé dramhphost” sna Ceisteanna Coitianta seo.
John Bailey (Cathaoirleach)
Anne Colgan
Jim Gildea
Shay Brennan
Chris Curran
Cormac Devlin
Kate Feeney
Melisa Halpin
Pat Hand
Deirdre Kingston
Michael Merrigan
Brian Murphy
Peter O'Brien
Denis O'Callaghan
An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (1)
- Terence Corish (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1)
- Kathy Irwin (Chambers Ireland )
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)
- Liz Ferris (Chambers Ireland )
An Earnáil Cheardchumann (1)
- Jimmy Jordan (Comhdháil na gCeardchumann)
An Earnáil Phobail/Dheonach (1)
- Kieron Brennan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)
- Catherine Kenny (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
John Bailey
Shay Brennan (Cathaoirleach)
Liam Dockery
Deirdre Donnelly
Pat Hand
Donal Smith
Deirdre Kingston
Hugh Lewis
Lettie McCarthy
Shane O'Brien
Seamas O'Neill
Barry Saul
Ossian Smyth
Barry Ward
An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (2)
- Keith Byrne (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
- Clare O’Sullivan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (2)
- Pat Neill (Chambers Ireland)
- Gregory Alken (Chambers Ireland )
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)
- Tom Nolan (Chambers Ireland)
An Earnáil Phobail/Dheonach (1)
- Jim Colgan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)
- Jim Nolan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Marie Baker
Jennifer Cuffe
Cormac Devlin
Mary Fayne
Hugh Lewis
Lynsey McGovern
Carron McKinney
Sorcha Nic Cormaic
Seamas O'Neill
Barry Saul
Carrie Smyth
Ossian Smyth (Cathaoirleach)
An Earnáil Talmhaíochta/Feirmeoireachta (1)
- Denis Mulvey (Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann)
An Earnáil Chomshaoil/Chaomhantais (1)
- Diarmuid McAree (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1)
- Peter Clancy (Chambers Ireland)
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)
- Errol Close (Chambers Ireland)
An Earnáil Phobail/Dheonach (1)
- Elizabeth Clooney (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)
- Marese Hegarty (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Marie Baker
Anne Colgan
Jennifer Cuffe
Kevin Daly
Karen Furlong
Jim Gildea
Karl Gill
Carron McKinney
Michael Merrigan (Cathaoirleach)
Brian Murphy
Tom Murphy
Patricia Stewart
Grace Tallon
An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (2)
- Goff Lalor (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
- Rob Goodbody (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (2)
- Matt Gallagher (Chambers Ireland)
- Martin O'Donnell (Chambers Ireland)
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)
- Kevin Fitzgerald (Chambers Ireland)
An Earnáil Phobail/Dheonach (1)
- Paul O'Callaghan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Sóisialta (1)
- Veronica Heywood (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Chris Curran
Kevin Daly
Liam Dockery
Kate Feeney
Melisa Halpin
Mary Hanafin
Lettie McCarthy
Michael Merrigan
Tom Murphy
Peter O'Brien
Denis O'Callaghan
Emma Blaine
John Kennedy
Barry Ward (Cathaoirleach)
An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (1)
- Tom Kivlehan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1)
- Sean O'Neill (Chambers Ireland)
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (2)
- Dr Josephine Browne (Chambers Ireland)
- Jim Leyden (Chambers Ireland)
An Earnáil Cheardchumann (1)
- Rosheen Callendar (Comhdháil na gCeardchumann)
An Earnáil Phobail/Dheonach (1)
- Aileen Eglinton (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)
- Fardus Sultan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Deirdre Donnelly
Mary Fayne
Karl Gill
Mary Hanafin
Lynsey McGovern
Sorcha Nic Cormaic
Carrie Smyth (Cathaoirleach)
Patricia Stewart
Grace Tallon
Emma Blaine
John Kennedy
Karen Furlong
An Earnáil Chomhshaoil/Chaomantais (1)
- Victoria White (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)
- Larry O’Connor (Chambers Ireland )
An Earnáil Phobail/Dheonach (2)
- Michele Relihan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
- Tom Conlon (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (2)
- Clare Abdel-Basit (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
- Geraldine Graydon (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Agus tú ag iarraidh faisnéise faoi na Rialacháin AFC, ní mór duit:
d’iarratas a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach agus a lua go bhfuil sé á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC
do shonraí teagmhála a chur ar fáil
an fhaisnéis chomhshaoil atá ag teastáil a lua ar bhealach chomh soiléir agus is féidir
más mian leat an fhaisnéis a fháil i bhformáid ar leith nó go mbeidh teacht agat air ar bhealach ar leith, ní mór duit é sin a lua san iarratas.
Tá oibleagáid orainn freagra a thabhairt laistigh de mhí ón dáta a bhfaightear an t-iarratas.
Cuir an t-iarratas chuig:
Conor Peoples
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Rannóg um Sheirbhísí Corparáideacha & Acmhainní Daonna
Comhairle Contae Dhún LAoghaire-Ráth an Dúin
Bóthar na Mara
Dún Laoghaire
Co. Bhaile Átha Cliath
Teil: 01 2047053
Facs: 01 2806969
Rphost: foi@dlrcoco.ie
Teil oifige: 01 2047053
Rphost oifige: foi@dlrcoco.ie
Foráiltear sna Rialacháin RFC go bhfaighidh daoine rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh údarás poiblí nó atá á coinneáil dóibh agus nach mbíonn ar fáil ar bhealaí eile go rialta.
Feidhmíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1996 agus 2003 i gcomhthráth leis na Rialacháin RFC. Ciallaíonn sé seo gur féidir le daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus faoi na Rialacháin RFC.
Más mian leat rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh na Comhairle faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, breathnaigh ar an Rannóg um Chosaint Sonraí.
Má cheapann tú nach bhfuil do chearta cosanta sonraí á n-urramú ag an gComhairle, ní mór duit teagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí san eagraíocht, an tUas. Tom Mahon. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra uainn, féadfaidh tú teagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí – is iad seo a leanas na sonraí:
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Co Laoise
ÍosGhlao: 1890 252 231 Teil: 057 868 4800 Facs: 057 868 4757
Rphost: info@dataprotection.ie
Suíomh Idirlín: https://www.dataprotection.ie/docs/Home/4.htm
Ní éigeantach é an cárta vótála a bheith agat chun vóta a chaitheamh. Fiú má tá an cárta vótála faighte agat, beidh ort ceann amháin de na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat mar chruthúnas céannachta:
*Ní mór go mbeidh doiciméad eile ag gabháil leis na ceithre rud dheireanacha ar a dtaispeánfar seoladh an duine sa dáilcheantar nó sa toghlimistéar áitiúil.
Ó 2004, caithfidh údaráis chlárúcháin dhá leagan den Chlár a fhoilsiú – an Clár Iomlán agus an Clár Atheagraithe. Tá liosta de gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an gclár iomlán agus ní féidir é a úsáid ach do chuspóir toghchánach nó do chuspóir reachtúil eile. Tá ainmneacha agus seoltaí daoine ar féidir iad a úsáid do chuspóir nach cuspóir reachtach ná toghchánach é ar an gClár atheagraithe, e.g. le húsáid ag eagraíocht tráchtála nó eagraíocht eile le haghaidh margaíocht dhíreach. Roghnaigh bosca an diúltaithe ar an bhfoirm chlárúcháin chun nach gcuirfear do shonraí san áireamh ar an gClár Atheagraithe.
Liosta na gComhairleoirí Áitiúla atá ann faoi láthair:
http://ecouncil.dlrcoco.ie:9071/mgMemberIndex.aspx?VW=TABLE&PIC=1&FN=ALPHA
Is féidir leat fanacht ar an gClár má tá sé ar intinn agat filleadh ar d’áitreabh laistigh de 18 mí.
Faoi Alt 3 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá ceart agat a fháil amach, saor in aisce, má tá faisnéis ort i seilbh na Comhairle. Tá an ceart agat chomh maith tuairisc ar an bhfaisnéis a fháil agus ar an gcuspóir/na cuspóirí atá leis an bhfaisnéis sin a bheith aici.
Faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart agat cóip den fhaisnéis phearsanta a fháil. Baineann sé seo le gach cineál faisnéise, e.g. faisnéis i scríbhinn, CCTV, etc. Tá tú i dteideal fios a bheith agat cén áit a bhfuarthas an fhaisnéis, cén chaoi ar baineadh úsáid aisti agus ar tugadh í d’aon duine eile. Tá ar an gComhairle freagra ar d’iarratas a chur chugat laistigh de 21 lá faoi Alt 3.
Ní mór aon iarratas ar shonraí pearsanta a chur ar aghaidh i scríbhinn, sa phost, ar ríomhphost nó i bhfacs. Féadfar go n-iarrfar fianaise chéannachta ort chun nach dtabharfar faisnéis phearsanta don duine mícheart. Cuir d’iarratas chuig:
An tUas. Tom Mahon
An tOifigeach Cosanta Sonraí
An Rannóg Chorparáideach, Cumarsáide agus Rialachais.

Líne Dhíreach: 01 2054787
Facs: 01 2806969
Rphost: tmahon@dlrcoco.ie
Rphost Oifige: foi@dlrcoco.ie
Ní mór gach aon sonra a thabhairt a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair don Chomhairle Contae thú a aithint agus do shonraí a aimsiú, e.g. aon seoladh roimhe seo agus/nó dáta breithe. Chomh maith leis sin, ní mór a bheith soiléir faoi na sonraí atá á lorg agat mura bhfuil ach faisnéis áirithe ag teastáil uait.
Ba cheart go bhfaighfeá na sonraí seo laistigh de 40 lá ó dháta an iarratais
Ní mór go ndéanfar iarratais i scríbhinn agus go seachadfar iad de láimh, sa phost nó i bhfacs. Ní mór iarratais a chur chuig:
An tUas. Conor Peoples
An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise
An Rannóg Chorparáideach, Cumarsáide agus Rialachais

Líne Dhíreach: 01 2047053
Facs: 01 2806969
Ríomhost: foi@dlrcoco.ie
Ní mór duit a lua go bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh agat faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Ba cheart gur leor an fhaisnéis sna hiarratais chun gur féidir linn na taifid i gceist a aithint. Ní mór go sonraítear iontu freisin an fhormáid ina bhfuil rochtain ar na taifid á lorg, mar shampla fótachóip de na taifid, breathnú ar chomhad, ríomhphost, etc.
Má roghnaíonn tú ár bhFoirm Iarratais ar Shaoráil Faisnéise, tá sé ar fáil faoin gceannteideal ‘Related Documents’ thuas.
Cé nach bhfuil aon táille ar an iarratas tosaigh ar Shaoráil Faisnéis, féadfaidh an Chomhairle táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoi réir na dtairseach a leagtar amach san Acht. Féach an doiciméad ceangailte dar teideal ‘Táille ar Shaoráil Faisnéise’ le haghaidh breis eolais.
Táillí eile
I gcomhréir le hAlt 27 den Acht, féadfar táillí a ghearradh as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostas fótachóipeála a thabhaítear ag cur an ábhair a iarradh ar fáil. Ní ghearrfar táillí maidir le taifid phearsanta, seachas i gcás go bhfuil líon mór taifead i gceist. Socraítear na táillí ar thaifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil de réir Ionstraim Reachtúil Uimh. 484 de 2014 mar seo a leanas:
€20 san uair don chuardach agus aisghabháil
€ 0.04 ina aghaidh an leathanaigh don fhótachóipeáil
€ 10 le haghaidh CD-ROM
Ní mór go mbeidh orduithe airgid nó seiceanna a n-íocfar as táillí agus muirir leo iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Laghduithe agus Tarscaoilte
Tarscaoilfear táille maidir le taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chuardach nuair nach mó an costas ná €100.
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar d’iarratas nó má theipeann ar an gComhairle freagra a chur chugat laistigh den tréimhse atá sannta dó sin, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gceist a iarraidh. Déanfaidh oifigeach na Comhairle nach raibh baint aige leis an gcinneadh bunaidh an t-athbhreithniú sin. Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar a bhfuair tú an litir faoin gcinneadh agus ní mór don Chomhairle freagra a chur chugat maidir leis an achomharc laistigh de mhí ón dáta ar a bhfuair sí an t-achomharc.
Cuir an t-achomharc chuig:
Conor Peoples
Oifigeach um Shaoráil Faisnéise

Co. Bhaile Átha Cliath.
Teil: 01 2047053
Facs: 01 2806969
Rphost: foi@dlrcoco.ie
Má mheasann tú nach bhfuil an Chomhairle ag urramú do chearta cosanta sonraí, ba cheart duit teagmháil linn. Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, féadfaidh tú teagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí – sonraí mar seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí
Teach na Canálach,
Bóthar an Stáisiúin,
Cúil an tSudaire,
Co. Laoise.