Chun go mbeimid i gcomhréir le rialacháin Cosanta Sonraí, tá an córas socraithe ar an gcaoi nach ndeimhneofar ach sonraí beachta ar an leathanach fiosrúcháin.
Ar aibhsigh tú an baile fearainn ceart ar an liosta anuas?
Ar thriail tú do shonraí a chuardach tríd an Eircode a chur isteach?
Ar chuir tú do chéad ainm agus do shloinne iomlán isteach, e.g. d’fhéadfaí Anthony McVeigh a chur isteach mar Tony McVeigh?
Is ionann na hiontrálacha ar an gclár agus an méid a chuir tú ar an bhfoirm. I gcás roinnt toghthóirí, tugadh ainm dóibh ach úsáideann siad ainm eile, e.g., Margaret ach glaoitear Peggy uirthi.
D’fhéadfadh sé gur chuir tú Patrick ar an bhfoirm ach go bhfuil Paddy nó Pat á chuardach agat.
D’fhéadfadh sé go bhfuil spásanna nó sínte fada i sloinnte mar O’Reilly, McMahon/Mac nó in ainmneacha Gaeilge.
D’fhéadfadh sé go bhfuil spás nó fleiscín san ainm.
Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár i ndiaidh an 25 Samhain, ní fheicfidh tú d’ainm ar an gClár Beo ar líne go dtí go bhfoilsítear é ar an 1 Feabhra.
Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár tar éis dó a bheith foilsithe ar an 1 Feabhra, ní fheicfidh tú d’ainm ar líne. Beidh d’ainm ar an Dréacht-Chlár a bheidh ar fáil ar líne ón 1 Samhain.