Catagóirí

  • Ceisteanna Coitianta Móréilimh dlr
  • Pleanáil
  • Uisce & Draenáil
  • Athchúrsáil & Dramhaíl
  • Taisteal & Iompar
  • Tithíocht
  • An Chomhairle & Daonlathas
  • Airgeadas
  • Oidhreacht
  • Reiligí
    • Reiligí

      Conas a aistrítear uaigh?

      Más maith leat úinéireacht uaighe a aistriú, ní mór go dtabharfaidh úinéir na huaighe cead i scríbhinn. Caithfidh siad litir a scríobh agus a shíniú ina gcuirtear in iúl:

      1. Uimhir na huaighe
      2. Ainm agus seoladh an duine a n-aistreofar an uaigh chuige
      3. Go dtuigeann siad go bhfuil siad ag scaoileadh gach ceart adhlactha don uaigh luaite
      4. Tá táille €65 + CBL @23%, Costas Iomlán €79.95 as an aistriú.

      Má tá úinéir na huaighe marbh, caithfidh an duine ar mian leis/léi an uaigh a ghlacadh foirm Dearbhaithe Sannacháin Díorthaigh a shíniú os comhair feidhmeannach síochána. Ta an fhoirm seo ar fáil ón oifig i nGráinseach an Déin. Féadfar go mbeidh litreacha ó neasghaol an úinéara de dhíth freisin ina gcuirfear in iúl nach bhfuil sé/sí i gcoinne an aistrithe, ach amháin má tá uacht ann ina gcuirtear a mhalairt in iúl. Sa chás sin, bíonn an uaigh mar chuid d’iarmhar an eastáit mura luaitear go sonrach í.

      Cé mhéad cónra a fhéadtar cur in uaigh?

      Ní féidir linn líon na gcónraí a fhéadtar cur in uaigh a dhearbhú, faraor. Braitheann sé sin ar chineál na talún agus thosca eile mar mhéid na gcónraí, etc.

      Cé mhéad corp créamtha a fhéadtar cur in uaigh?

      Féadtar roinnt prócaí beaga/cóifríní a chur in uaigh toisc go bhfuil siad níos lú ná cónra.

      Cad é an nós imeachta chun cloch chinn nua a chur suas?

      Féach an Leathanach Clocha Cinn a Chur Suas

      Cad é an nós imeachta chun cloch chinn nua a chur in áit seanchloiche?

      An gcaithfidh an chomhairle an dúshraith a thógáil le haghaidh clocha cinn/cobhlaí

      Caithfidh. Is é an chomhairle amháin atá freagrach as an dúshraith a thógáil.

      An féidir binse a chur i Reilig Sheangánaí?

      Níl. Ar an drochauir tá an liosta le haghaidh binsí i Reilig Sheangánaí ídithe.

      Conas a shocraítear go gcuirfear cloichíní nua ar uaigh?

      Tabhair an t-eolas seo a leanas don oifig go pearsanta nó seol chuici sa phost é:

      1.   Uimhir na huaighe, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, dáta báis nó adhlactha an duine san uaigh.

      2.   Uimhir chárta dochair/creidmheasa nó Seic/Ordú Poist (iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin) ar €210 +         CBL @ 13.5%. Costas Iomlán €238.35.

      3.   Cé ach go mb'fhearr leat, cloichíní eibhir léith nó cloichíní marmair bháin.

      4.    D’ainm, seoladh agus uimhir fóin chun go mbeidh muid in ann teagmháil leat agus an obair i gcrích.

      Conas a shocraítear go gcuirfear barrithir ar uaigh agus go gcuirfear slacht uirthi?

      Tabhair an t-eolas seo a leanas don oifig go pearsanta nó seol chuig an oifig é sa phost:

      1. Uimhir na huaighe, nó mura féidir é sin a dhéanamh, dáta báis nó adhlactha an duine san uaigh.
      2. Uimhir chárta dochair/creidmheasa nó Seic/Ordú Poist (iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin) ar €75 + CBL @13.5%. Costas Iomlán €85.13.
      3. D’ainm, sheoladh agus uimhir fóin chun gur féidir linn teagmháil leat agus an obair i gcrích. 
      An bhfuil an Chomhairle freagrach as féar a chur i Seangánach?

      Tá an chomhairle freagrach as féar a chur agus a lomadh i Seangánach. Déan teagmháil leis an oifig i nGráinseach an Déin má bhíonn aon cheist agat. Tabhair faoi deara gurb é polasaí na reilige gan féar a chur ar feadh bliain amháin ón adhlacadh mar gheall ar thurnamh.

      Conas a aimsítear uaigh?

      Tabhair faoi deara nach bhfuil taifid ríomhairithe ag reilig Ghráinseach an Déin ná reilig Sheangánaí agus, mar sin, is gá leis an eolas seo a leanas chun uaigh a aimsiú:

      1. Dáta/bliain an bháis nó adhlactha
      2. Ainm iomlán agus seoladh is déanaí an duine éagtha. Níl taifid ag an gComairle ach amháin do na reiligí i nGráinseach an Déin, Seangánach agus Cill Ghobáin.
      Conas a théann tú ann ar an gcóras iompar poiblí?
      • Ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Reilig Ghráinseach an Déin, bus uimhir 46a chuig Crosbhóthar Ghráinseach an Déin agus bus uimhir 4 chuig Páirc Áth na Carraige. Níl ach achar gearr le siúl ón dá áit.
      • Ón gCarraig Dhubh to dtí Reilig Ghráinseach an Déin, bus uimhir 84 a stopann gar do Gheataí na Reilige.
      • Ó Dhún Laoghaire go Reilig Ghráinseach an Déin, uimhir 46a chuig Crosbhóthar Ghráinseach an Déin, achar gearr le siúl.
      • Ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 145.
      • Ón gCarraig Dhubh go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 84.
      • Ó Dhún Laoghaire go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 45a. Stopann gach bus a théann chuig Reilig Sheangánaí gar do Gheataí na Reilige. 
      An bhfuil táille le híoc as taighde uaighe?

      Níl ach amháin má tá taighde le déanamh ar neart uaigheanna.

      Cá mhéad atá ar uaigh nua?

      Uaigheanna nua i Seangánach: €2,900 + táille adhlactha
      Uaigheanna nua i nGráinseach an Déin: €16,000 + táille adhlactha
      Níl siad ar fáil le ceannach roimh bhás.

      .

      Cén costas atá ar luaithreach créamtha a adhlacadh?

      €400 agus d'fhéadfaí é sin a dhéanamh go príobháideach seachas trí Ahdlacóir.

      Cad é an táille ar oscailt chun cónra a adhlacadh?

      €900

      An bhfuil an Chomhairle freagrach as slacht a chur ar uaigh tar éis an adhlactha?

      Tá. Cuireann an Chomhairle slacht ar uaigh tar éis an adlactha. Má tá imní ort faoi aon rud, déan teagmháil leis an oifig i nGráinseach an Déin.

      An féidir liom táille a íoc as cothabháil bhliantúil do m'uaigh nó d'uaigh mo theaghlaigh?

      Ar an drochuair, ní chuirimid an tseirbhís seo ar fáil a thuilleadh.

  • Páirceanna & Spásanna Oscailte
  • Pobal
  • Ailtireacht
  • Film Locations
  • Information Technology
  • Dún Laoghaire Baths

Reiligí

Back