A

Languages

Torthaí cuardaigh

Cad é an cóimheas idir an iasacht agus an luach?
Ní rachaidh iasachtaí thar 97% de chostas an tí nó den luach margaidh, pé acu is lú (gan aon deontas a áireamh) agus faoi réir uasmhéid de €200,000. Ní rachaidh aisíocaíochtaí morgáiste thar 35% de ghlanphá an iarratasóra.
An mbaineann teorainn ioncaim leis an Scéim Iasachta um Theach a Cheannach?
I gcás gach iarratas ó dhuine aonair ar iasacht, ní mór nach mó an t-olltuilleamh ná €50,000 agus i gcás comhiarratas, ní mór nach mó an t-ollphá iomlán ná €75,000.
Táimse ar bhealach bailithe malaí. Cad a tharlóidh?
Cuirfidh an chomhairle an tseirbhís seo ar fáil.  
Tá lipéid mhalaí agam nár úsáideadh. Cad a dhéanfaidh mé leo?
Tabhair ar ais iad do Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (Táillí Dramhaíola, an Rannóg Airgeadais) agus déanfar aisíoc orthu.
Más custaiméir tráchtála mé, cé na táillí a bheidh le híoc agam?
Beidh na táillí do chustaiméirí tráchtála 20% ar a laghad níos lú ná táillí reatha na Comhairle. Déanfaidh Panda teagmháil le custaiméirí tráchtála in am trátha chun na táillí a dheimhniú.  
Cén ról a bheidh ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin nuair a aimseofar soláthraí nua?
Beidh ról rialtóra ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin chun reachtaíocht chomhshaoil a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear rialacháin maidir le ceadanna dramhaíola agus fodhlíthe dramhaíola.
An leanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin de bhainc bhuidéal a chur ar fáil?
Leanfaidh. Leanfaimid d'áiseanna athchúrsála a chur ar fáil ag bainc bhuidéal, agus in ionaid athchúrsála Bhaile Uí Ógáin, Pháirc Éidin agus Sheangánaí.  
Cad a tharlóidh d'fhoireann sheirbhís araidí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin?
Déanfar an fhoireann a chuireann an tseirbhís araidí 'liatha' ar fáil faoi láthair a athlonnú nó glacfaidh siad le hiomarcaíocht dheonach. Leanfaidh an fhoireann athlonnaithe de bheith ag cur seirbhísí feabhsaithe ar fáil sna réimsí Glanadh Sráideanna, Seirbhísí Uisce & Dramhaíola, Iompar agus Páirceanna. Ní bheidh aon iomarcaíochtaí éigeantacha ann.  
Cé leis nó léi a ndéanfaidh mé teagmháil má bhíonn breis ceisteanna agam?
Is féidir fiosrúcháin faoi chuntais a chur chuige rannóg Táillí Dramhaíola na Comhairle ar (01) 205 4747. Is féidir fiosrúcháin faoi sheirbhísí araidí a chur chuig rannóg Bainistíochta Dramhaíola na Comhairle ar (01) 205 4810.  
An mairfidh an tseirbhís Athchúrsála Araidí Glasa?
Mairfidh. Glacfaidh Panda leis an tseirbhís Araidí Glasa ó Greyhound a chuireann an tseirbhís sin ar fáil faoi láthair.  
An gcoinneoidh mé an araid 'liath' agus an araid 'glas'?
Coinneoidh, má shocraíonn tú go mbainfidh tú úsáid as seirbhís Panda. Seachas sin, ba cheart duit teagmháil leis an gComhairle ar (01) 205 4810 agus déanfaimid socrú na haraidí a thógáil.
An ndéanfar athbhrandáil ar na haraidí?
Déanfar. Socróidh Panda é seo in am trátha.
An athrófar an lá bailithe?
Beidh an lá bailithe céanna ann don am i láthair. Cé go mbailíonn Panda ó 80% dá chustaiméirí ar an lá céanna leis an gComhairle, tá sé beartaithe go mbeidh an lá bailithe céanna i bhfeidhm in aon cheantar amháin do na custaiméirí atá ag Panda cheana féin agus do chustaiméirí nua na Comhairle ar deireadh thiar. Déanfair cuíchóiriú ar na bealaí de réir a chéile agus cuirfidh Panda fógra chugaibh in am trátha faoi aon athrú beartaithe.
Cathain a gheobhaidh mé an bille deiridh ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin?
Gheobhaidh custaiméirí na Comhairle a mbille deiridh chomh luath agus is féidir i ndiaidh don Chomhairle éirí as an tseirbhís a chur ar fáil.
An bhfaighidh mé uimhir chuntais nua?
Cuirfidh Panda uimhir chuntais nua ar fáil duit.
Chuir an Chomhairle mo sheirbhís ar fionraí mar gheall ar riaráiste ar mo chuntas – an aistreofar sonraí mo chuntais (i.e. ainm, seoladh, stádas tarscaoilte – más in fheidhme – agus mo shonraí araide amháin) chuig Panda?
Toisc nach custaiméir na Comhairle tú a thuilleadh, ní chuirfear do shonraí ar fáil. Más maith leat glacadh le tairiscint Panda, déan teagmháil le Táillí Dramhaíola sa Chomhairle chomh luath agus is féidir chun do chuntas a chur ina cheart.  
Tá comhaontú agam leis an gComhairle maidir le mo riaráiste a íoc. Cad a tharlóidh anois?
Lean ar aghaidh de bheith ag íoc do riaráiste mar is gnáth.
Cad a tharlaíonn má tá mé i riaráiste táillí dramhaíola le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin?
Má tá do chuntas i riaráiste agus mura bhfuil comhaontú agat cheana féin leis an gComhairle, déan teagmháil le ball den fhoireann Táillí Dramhíola ar an uimhir fóin (01) 205 4747 chun an riaráiste a ghlanadh nó chun comhaontú foirmeálta a shocrú leis an riaráiste a íoc ina ghálaí.
Mura n-íocaim an riaráiste, cad a tharlóidh?
Rachaidh an Chomhairle sa tóir ar aon fhuílleach amuigh. Féadfar imeachtaí dlí a thionscnamh chun an fiachas agus na costais a bhaineann leis a ghnóthú. D'fhéadfadh droch-thionchar a bheith ar do rátáil chreidmheasa amach anseo dá ndeonfaí foraithne i do choinne
Cén fáth go bhfuil an Chomhairle ag scor de sheirbhís bhailithe dramhaíola a chur ar fáil?
Tá caillteanais neamhinbhuanaithe tabhaithe i leith na seirbhíse seo le roinnt blianta anuas toisc go bhfuil custaiméirí agus sciar den mhargadh caillte i gcoinne iomaitheoirí. Ó 64,000 custaiméir in 2006, tá ár mbonn custaiméirí laghdaithe go mór go timpeall is 18,500. Déanfaidh na caillteanais seo i leith na seirbhíse araidí, mura laghadófar iad, dochar do chumas na Comhairle seirbhísí tábhachtacha eile a chur ar fáil.    
Cad is déanmhas cosanta ann?
Is ionann Déanmhais Chosanta agus foirgnimh, gnéithe agus struchtúir laistigh de Dhún Laoghaire Ráth an Dúin atá faoi chosaint toisc go mbaineann siad le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí díola spéise atá leagtha amach in Alt 51 (1) den Acht um Phleanáil agus Fhorbairt, 2000 agus Alt 2.5.4 de Threoirlínte na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maidir leis an Oidhreacht Ailtireachta a Chosaint. Is iad na catagóirí sin ná Ailtireacht, Stair, Seandálaíocht, Ealaíon, Cultúr, Eolaíocht, Teicniúil agus Sóisialta Tugtar an Taifead ar Dhéanmhais faoi Chosaint ar an liosta de na struchtúir uile atá faoi chosaint i nDún Laoghaire Ráth an Dúin. Roimh an Acht in 1999, tugadh Foirgnimh Liostaithe ar na foirgnimh agus na gnéithe seo, ach níl aon fheidhm ag an teideal sin a thuilleadh. Bíonn an Taifead ar Dhéanmhais faoi Chosaint ag síorathrú. Cuirtear struchtúir leis agus baintear struchtúir de go leanúnach.
Cé na codanna de dhéanmhas cosanta ar gá iad a chaomhnú?
Is é aidhm an ainmnithe mar Dhéanmhas Cosanta gach cuid den déanmhas a chaomhnú, lena n-áirítear an taobh istigh de, agus aon déanmhas eile ar an talamh sin (lena n-áirítear teorainneacha). Baineann an t-ainmniú leis na daingneáin agus na feistis ar chuid iad den taobh istigh de dhéanmhas cosanta nó de dhéanmhas ar an talamh timpeall air. Áirítear ballaí teorann seachtracha, mar shampla, spallaí, ráillí iarann teilgthe nó saoirsithe san ainmniú. 
Tá smaointe agam maidir le cuid de mo Dhéanmhas Cosanta a athrú. Conas a fhaighim amach an bhfuil an cur chuige atá ar intinn agam i gceart?
Féadfar comhairliúchán réamhphleanála a shocrú chun tograí a phlé ag céim an deartha. Ba cheart eolas mionsonraithe lena n-áirítear líniochtaí den togra a chur isteach chuig preplanning@dlrcoco.ie lena meas sula gcuirfear aiseolas ar fáil  
Cad iad na hoibleagáidí atá orm ó thaobh an phróisis pleanála de?
Faoin gcóras pleanála, ní gá cead pleanála a fháil d’oibreacha beaga ar dhéanmhais de ghnáth. Tugtar forbairt dhíolmhaithe ar na hoibreacha seo. I gcás Déanmhais Cosanta, áfach, is féidir oibreacha den chineál sin a dhéanamh gan chead pleanála sa chás nach ndéanfaidh na hoibreacha difear ábhartha do shainghné an déanmhais chosanta nó d’eilimint den déanmhas a chuireann lena spéisiúlacht speisialta. Mura bhfuiltear cinnte an gá le cead pleanála nó nach gá, moltar teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Chaomhantais.   
Conas a dhéantar Déanmhas Cosanta de dhéanmhas?
Féadfar aon déanmhas, lena n-áirítear iad sin a bhfuil spéis áitiúil ag baint leo, a chomhlíonann ceann de na Catagóirí Díola Spéise de réir Alt 51 (1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 agus Alt 2.5.4 de na Treoirlínte maidir leis an Oidhreacht Ailtireachta a Chaomhnú, a áireamh ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta. Féadfaidh údarás pleanála déanmhas a chur leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta nó é a bhaint de mar is cuí de réir na nósanna imeachta reachtaíochta a leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Féadfaidh aon duine ar mian leis nó léi go gcuirfear leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta nó go mbainfear déanmhas de, iarratas a chur isteach chuig an Rannóg Caomhantais le meas. Ní mór go ngabhfaidh eolas breise le seoladh an fhoirgnimh mar léarscáileanna, grianghraif, agus aon fhaisnéis staire atá ar eolas.
An féidir liom balcóin/gairdín dín a chur le mo shíneadh gan chead?
Ní féidir – ní áirítear sa díolúine iad de réir Alt 1, Sceideal 2, Colún 2, Coinníoll 7. (féach leathanach 156).
An féidir liom cró gairdín a thógáil ar m’áitreabh gan chead?
Is féidir, ar choinníoll: Nach bhfuil sé chun tosaigh ar bhall tosaigh an tí; Nach mó é ná 25 mhéadar chearnacha (nó líon comhiomlánaithe na gcróite); Go mbeidh 25 mhéadar chearnacha de spás gairdín fágtha. N.B. Ní áirítear sínte ar an teach mar spás príobháideach oscailte; Go bhfuil bailchríoch an chró ag teacht leis an teach; Airde an chró: 4m ar a mhéad do dhíon claonta; 3m ar a mhéad do dhíon cothrom; Nach mbainfear úsáid as chun cónaí nó le haghaidh ainmhithe (muca, pónaithe, capaill, colúir). (féach leathanaigh 156–157, Aicme 3)  
An féidir liom síneadh a chur le tosach an tí gan chead?
Ní féidir. Ní forbairt dhíolmhaithe é seo (seachas an póirse – féach na díolúintí ar leathanach 158, Aicme 7 agus Cuid 9).  
An féidir liom síneadh a chur le taobh an tí gan chead?
Ní féidir. Ní forbairt dhíolmhaithe é sin. Is féidir garáiste atá le taobh an tí cheana féin a athchóiriú (féach Cuid 6).  
An féidir liom póirse a thógáil gan chead?
Is féidir, ar choinníoll: Nach lú an fad ón mbóthar ná 2 mhéadar Nach mó an airde ná 2 mhéadar chearnacha; 3m ar a mhéad do Dhíon Cothrom, 4m ar a mhéad do Dhíon Claonta. (féach leathanach 158, Aicme 7)
An féidir liom simléar, coire-theach nó tanc ola a chur isteach gan chead?
Is féidir. Níor cheart gur mhó toilleadh tancanna ola ná 3,500 lítir (Leathanach 156, Aicme 2). Nóta: ó 28.02.07 áirítear múchán, tanc nó struchtúr stórála ola sa díolúine. Tá toilleadh de 3.5k i gceist i gcónaí
An féidir liom aeróg teilifíse a chur ar mo dhíon gan chead?
Is féidir. Níor cheart gur mhó airde na haeróige ná 6m lastuas den díon. (féach leathanach 157, Aicme 4).  
Cé mhéad cónra a fhéadtar cur in uaigh?
Ní féidir linn líon na gcónraí a fhéadtar cur in uaigh a dhearbhú, faraor. Braitheann sé sin ar chineál na talún agus thosca eile mar mhéid na gcónraí, etc.  
Cé mhéad corp créamtha a fhéadtar cur in uaigh?
Féadtar roinnt prócaí beaga/cóifríní a chur in uaigh toisc go bhfuil siad níos lú ná cónra.
Cad é an nós imeachta chun cloch chinn nua a chur suas?
Féach an Leathanach Clocha Cinn a Chur Suas  
Cad é an nós imeachta chun cloch chinn nua a chur in áit seanchloiche?

An gcaithfidh an chomhairle an dúshraith a thógáil le haghaidh clocha cinn/cobhlaí
Caithfidh. Is é an chomhairle amháin atá freagrach as an dúshraith a thógáil.
An féidir binse a chur i Reilig Sheangánaí?
Níl. Ar an drochauir tá an liosta le haghaidh binsí i Reilig Sheangánaí ídithe.
Conas a shocraítear go gcuirfear cloichíní nua ar uaigh?
Tabhair an t-eolas seo a leanas don oifig go pearsanta nó seol chuici sa phost é: 1.   Uimhir na huaighe, nó, mura féidir é sin a dhéanamh, dáta báis nó adhlactha an duine san uaigh. 2.   Uimhir chárta dochair/creidmheasa nó Seic/Ordú Poist (iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin) ar €210 +         CBL @ 13.5%. Costas Iomlán €238.35. 3.   Cé ach go mb'fhearr leat, cloichíní eibhir léith nó cloichíní marmair bháin. 4.    D’ainm, seoladh agus uimhir fóin chun go mbeidh muid in ann teagmháil leat agus an obair i gcrích.
Conas a shocraítear go gcuirfear barrithir ar uaigh agus go gcuirfear slacht uirthi?
Tabhair an t-eolas seo a leanas don oifig go pearsanta nó seol chuig an oifig é sa phost: Uimhir na huaighe, nó mura féidir é sin a dhéanamh, dáta báis nó adhlactha an duine san uaigh. Uimhir chárta dochair/creidmheasa nó Seic/Ordú Poist (iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin) ar €75 + CBL @13.5%. Costas Iomlán €85.13. D’ainm, sheoladh agus uimhir fóin chun gur féidir linn teagmháil leat agus an obair i gcrích. 
An bhfuil an Chomhairle freagrach as féar a chur i Seangánach?
Tá an chomhairle freagrach as féar a chur agus a lomadh i Seangánach. Déan teagmháil leis an oifig i nGráinseach an Déin má bhíonn aon cheist agat. Tabhair faoi deara gurb é polasaí na reilige gan féar a chur ar feadh bliain amháin ón adhlacadh mar gheall ar thurnamh.
Conas a aimsítear uaigh?
Tabhair faoi deara nach bhfuil taifid ríomhairithe ag reilig Ghráinseach an Déin ná reilig Sheangánaí agus, mar sin, is gá leis an eolas seo a leanas chun uaigh a aimsiú: Dáta/bliain an bháis nó adhlactha Ainm iomlán agus seoladh is déanaí an duine éagtha. Níl taifid ag an gComairle ach amháin do na reiligí i nGráinseach an Déin, Seangánach agus Cill Ghobáin.
Conas a théann tú ann ar an gcóras iompar poiblí?
Ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Reilig Ghráinseach an Déin, bus uimhir 46a chuig Crosbhóthar Ghráinseach an Déin agus bus uimhir 4 chuig Páirc Áth na Carraige. Níl ach achar gearr le siúl ón dá áit. Ón gCarraig Dhubh to dtí Reilig Ghráinseach an Déin, bus uimhir 84 a stopann gar do Gheataí na Reilige. Ó Dhún Laoghaire go Reilig Ghráinseach an Déin, uimhir 46a chuig Crosbhóthar Ghráinseach an Déin, achar gearr le siúl. Ó Chathair Bhaile Átha Cliath go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 145. Ón gCarraig Dhubh go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 84. Ó Dhún Laoghaire go Reilig Sheangánaí, bus uimhir 45a. Stopann gach bus a théann chuig Reilig Sheangánaí gar do Gheataí na Reilige. 
An bhfuil táille le híoc as taighde uaighe?
Níl ach amháin má tá taighde le déanamh ar neart uaigheanna.
Cén costas atá ar luaithreach créamtha a adhlacadh?
€400 agus d'fhéadfaí é sin a dhéanamh go príobháideach seachas trí Ahdlacóir.
Cad é an táille ar oscailt chun cónra a adhlacadh?
€900  
An bhfuil an Chomhairle freagrach as slacht a chur ar uaigh tar éis an adhlactha?
Tá. Cuireann an Chomhairle slacht ar uaigh tar éis an adlactha. Má tá imní ort faoi aon rud, déan teagmháil leis an oifig i nGráinseach an Déin.  
An féidir liom táille a íoc as cothabháil bhliantúil do m'uaigh nó d'uaigh mo theaghlaigh?
Ar an drochuair, ní chuirimid an tseirbhís seo ar fáil a thuilleadh.  
Conas a fhaighim amach an déanmhas cosanta é mo dhéanmhas?
Mura bhfuil tú cinnte an déanmhas cosanta é do dhéanmhas nó nach déanmhas cosanta é, d'fhéadfá an Plean Forbartha Contae a cheadú, ar féidir breathnú air i Halla an Chontae, i Leabharlanna, agus ar shuíomh Idirlín na Comhairle. Uaireanta, ní léir an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr ar Thaifead na nDéanmhas Cosanta (RPS) toisc go bhfuil débhrí ag baint le seoladh agus le hainm na bhfoirgneamh. I gcás éiginnteachta, ní mór duit teagmháil leis an Oifigeach Caomhantais.
Conas a fhaighim amach an gá le cead pleanála i leith na cineálacha feabhsúchán nó athruithe ar mian liom iad a chur i bhfeidhm?
Tá dhá fhoráil faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt a chuireann ar cumas úinéirí `Déanmhas Cosanta fáil amach cé na hoibreacha ar féidir leo iad a dhéanamh agus na cinn nach féidir leo iad a dhéanamh gan cead pleanála. Seo iad: Dearbhú Alt 57 LINK to Section 57 application form Féadfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Dearbhú Alt 57, ar iarratas ón úinéir/áitritheoir, a eisiúint ina léireofar na hoibreacha a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh difear do shainghné an Déanmhais Cosanta agus, dá bhrí sin, a mbeidh cead pleanála de dhíth ina leith. Molaimid go mbeidh na hoibreacha beartaithe ar intinn agat agus iarratas á chur isteach agat ar Dhearbhú Alt 57. Dá mhó na sonraí a fhaightear maidir leis na hoibreacha is ea is sonraí agus is úsáidí an Dearbhú. Mar sin, molaimid go n-oibreoidh tú amach cad é atá tú ag iarraidh a dhéanamh sula gcuireann tú an t-iarratas isteach. Dearbhú Alt 5  LINK To Section 5 Application Form  Faoi Dhearbhú Alt 5, féadfar a chinneadh an forbairtí díolmhaithe iad forbairtí áirithe, agus, dá bhrí sin, nach mbeidh siad faoi réir chead pleanála. Is féidir an Dearbhú seo a bheith i gceist i gcás déanmhais neamhchosanta agus déanmhais cosanta araon. Tá táille EURO 80.00 ar an Dearbhú seo.
Conas a ríomhtar mo chíos?
Tá cíosanna Thithíocht na Comhairle bunaithe ar chóras ar a dtugtar ‘cíosanna difreálacha.’ Ciallaíonn sé seo go mbraitheann méid an chíosa a íocann tú ar ioncam iomlán do theaghlaigh. Má thagann méadú ar d’ioncam, méadófar an cíos fosta agus má laghdaíonn d’ioncam, laghdófar do chíos dá réir. Ríomhtar an cíos de réir na Scéime Cíosa Dhifreálaigh reatha. Is ionann an príomhshaothraí agus an duine a bhfuil an t-ioncam is mó sa teaghlach aige nó aici. Is foshaothraithe iad na daoine eile sa teaghlach a bhfuil ioncam acu. Ríomhtar an cíos mar seo a leanas: – ioncam an phríomhshaothraí lúide €35 arna iolrú faoi 16%. Ríomhtar ioncam foshaothraithe ar an mbealach céanna ach cuirfear uasteorainn de €18 in aghaidh an tsaothraí air. Tá asbhaint chíosa de €1 i bhfeidhm i leith gach páiste agus mac léinn sa teach. D’fhéadfaí táille seirbhíse bhreise a bheith i gceist, mar chothabháil choire nó táille téimh. 
Conas is féidir liom mo chíos a íoc?
Is féidir leo siúd siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialta an cíos a íoc tríd an scéim asbhainte Buiséid Teaghlaigh. Níor cheart gur mhó na hasbhaintí ná 25% den ioncam (sonraí breise ar fáil ó Chíosanna Tithíochta ar 01–2054841 nó ríomhphost chuig rents@dlrcoco.ie) Le cárta íocaíochta DLR a nglactar leis sna hOifigí Poist go léir agus i siopaí a bhfuil an comhartha PostPoint ar taispeáint iontu. Buanordú tríd an mbanc – tá litreacha buanordaithe ar fáil ó Chíosanna Tithíochta, déan teagmháil le 01–2054841 Seic, ordú poist nó dréacht bainc.  
Cad a dhéanfaidh mé má chaillim mo chárta íocaíochta?
Déan teagmháil leis an rannóg Cíosanna Tithíochta ar 01–2054841 nó cuir ríomphost chuig rents@dlrcoco.ie agus cuirfimid cárta nua chugat sa phost. Féadann tú bualadh isteach go dtí an cuntar tithíochta (Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire). Luan–Aoine, 10am go 4pm agus eiseofar cárta nua. Tá oifig againn i nDún Droma freisin, ar Chúl Bhanc na hÉireann, an tSráid Mhór, Dún Droma, uaireanta oscailte 9.30am–4.30pm.
Cad a dhéanfaidh mé má aistríonn ball den teaghlach amach?
Cuir an Rannóg Tithíochta ar an eolas láithreach má aistríonn ball den teaghlach amach. Is gá fianaise i scríbhinn den athrú seolta a chur ar fáil chun an áititheoir a bhaint den chuntas cíosa. Ar na cineálacha fianaise a nglacfar leo tá comhaontú léasa nó bille fóntais.
Cad a dhéanfaidh mé más maith le ball den teaghlach bogadh isteach san áitreabh?
Ní fhéadfaidh duine ar bith bogadh isteach san áitreabh gan fógra a chur chuig an Rannóg Tithíochta (Leithdháiltí) agus cead a fháil uaithi. Ba cheart a thuiscint go bhféadfaí an cíos seachtainiúil a mhéadú dá mbeadh duine breise ann.
Cad a tharlóidh má thitim i riaráistí?
Níor cheart do thionóntaí a thiteann i riaráistí neamhaird a dhéanamh den fhadhb. Ba cheart riaráistí a íoc láithreach. Mura féidir na riaráistí a íoc láithreach, ba cheart don tionóntaí teagmháil leis an rannóg a phléann le riaráistí cíosa chomh luath agus is féidir ar 01–2054841 nó trí ríomhphost a chur chuig rents@dlrcoco.ie chun plean aisíocaíochta a phlé. Má shocraítear plean aisíocaíochta chun cíos agus riaráistí a íoc thar thréimse ama, caithfear cloí leis an gcomhaontú seo. Tabhair faoi deara, beidh ar an gComhairle imeachtaí dlí a thionscnamh chun an tionónta/na tionóntaí a chur amach as an áitreabh má tá riaráistí ann i gcónaí.
Conas a sheiceálfaidh mé iarmhéid mo chuntais cíosa?
Féadfar an t-iarmhéid a thabhairt ar an bhfón nó i ríomhphost do thionónta an áitribh amháin. Cuir glaoch ar 01–2054841 nó ríomhphost chuig rents@dlrcoco.ie Tabhair faoi deara nach féidir linn cúrsaí tionóntachta a phlé ach le tionónta ainmnithe an áitribh, seachas sa chás go bhfuil comhaontú ann go labhróidh tríú páirtí ar son an tionónta. Eisítear ráiteas do thionóntaí gach trí mhí. Is féidir le tionóntaí a n-admhálacha/n-íocaíochtaí a chur i gcomparáid leis an ráiteas seo. Féadfar cóipeanna de ráitis chíos a eisiúint ach iad a iarraidh.
An gá dom foirm eolais teaghlaigh a líonadh isteach gach bliain?
Is gá. Is ceanglas de do chomhaontú tionóntacha é. Tá sé an tábhachtach go líonann tionóntaí an fhoirm eolais teaghlaigh isteach go cruinn gach bliain agus go dtugann siad sonraí ioncaim gach ball den teaghlach dúinn. Ar an gcaoi seo, is féidir linn cíos seachtainiúil cruinn a ríomh bunaithe ar na sonraí ioncaim a chuirtear ar fáil. Ba cheart an Chomhairle a chur ar an eolas láithreach má bhíonn aon athrú ar shonraí ioncaim aon bhall den teaghlach le linn na bliana. Má bhíonn moill air seo, féadfar na dochair siardhátaithe a chur i bhfeidhm ar do chuntas.         Féach an nasc don “fhoirm eolais teaghlaigh”
An cuma cá bhfuil an teach/t-árasán?
Glacfaidh an Chomhairle le d'iarratas fad is atá sé laistigh de limistéar riaracháin Chomhairle Contae Dhún-Laghaoire Ráth an Dúin.
Conas a dhéanfaidh mé coinne le duine éigin chun mo riaráistí a phlé?
Is féidir leat labhairt le Amanda Guinan, an tOifigeach Tacaíochta Riaráistí, ar an bhfón 01–2054836 nó ríomhphost a chur chuig aguinan@dlrcoco.ie nó is féidir leat teagmháil le haon bhall d’fhoireann Rannóige Iasachtaí Tithíochta.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má tá imní orm faoi mo riaráistí?
Déan teagmháil le Amanda Guinan, Rannóg Iasachtaí Tithíochta ar 01–2054836.
Conas is féidir liom mo mhorgáiste a íoc?
I gcás roinnt de na seanchuntais a mbaintear úsáid as cárta íocaíochta ina leith, is féidir íoc in oifig an phoist nó i siopaí ina bhfuil an fógra “Post Point” ar taispeáint. Buanordú tríd an mbanc Baincéireacht ar líne Seic iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Cad a dhéanfaidh mé más mian le ball den teaghlach/páirtí bogadh isteach san áitreabh?
Ní féidir le haon duine bogadh isteach san áitreabh gan fógra a thabhairt don Rannóg Tithíochta (Leithdháiltí) agus cead a fháil uaithi. Má tá sé beartaithe ag aon duine bogadh isteach in áitreabh ar leis an Chomhairle é, ba cheart dóibh teagmháil le Leithdháiltí Tithíochta ar 01–2054828    
Conas a íocfar an cíos?
Íocfar an cíos go ráithiúil roimh ré trí aistriú leictreonach díreach isteach i gcuntas bainc. Tabhair faoi deara, go mbeidh an t-ioncam cíosa faoi réir cáin shiarchoinneálach má tá an t-úinéir ina chónaí taobh amuigh d’Éirinn. Tá tuilleadh sonraí ar an ábhar seo ar fáil ar www.revenue.ie.  
Cé chomh minic is a dhéantar an cíos a athbhreithniú?
Gach 3–4 bliana de réir an chomaontaithe léasa, fiú má bhíonn méadú nó laghdú ar chíosanna.
Cén cíos a íocfaidh an Chomhairle dom chun m'áitreabh a fháil ar léas?
An cíos cothrom le 80% den chíos margaidh reatha.    
Cé na cúiseanna go ndiúltódh an Chomhairle do m'áitreabh?
Déanfaidh an Chomhairle an gá le tithíocht a mheas de réir 'Sustainable Communities Objectives' na Comhairle. Ansin, bheadh sé ag brath ar cé chomh oiriúnach is atá an t-áitreabh chun ár riachtanais a chomhlíonadh agus ar an mbail atá ar an áitreabh, cíos a aontú, na píosaí eolais éagsúla a iarrtar a bheith curtha ar fáil, e.g. Deimhniú BER agus coinníollacha léasa.
Cé a gheobhaidh m'áitreabh ar cíos?
Sanntar iarratasóirí ó liosta Leithdháiltí Tithíochta na Comhairle.  
An ndéanfaidh an Chomhairle an t-áitreabh a iniúchadh?
Ní mór go bhfuil dea-bhail nó sár-bhail ar áitribh. Le linn an phróisis idirbheartaíochta, socróidh an Chomhairle go ndéanfar an t-áitreabh a iniúchadh lena oiriúnacht maidir le socruithe léasa a mheas. Déanfar é a iniúchadh le deimhniú go gcomhlíonann sé ardchaighdeáin ó thaobh struchtúir agus maisithe de. Ní mór go gcomhlíonann áitrithe na Rialacháin Tithíochta (Caighdeáin do Thithíocht ar Cíos) 2008 agus leis na Rialacháin phleanála agus tógála go léir.
An gá go bhfaighidh sibh seilbh ghlan?
Is gá  
An gá le troscán?
Is gá. Féach an liosta thíos. Sceideal na dTroscán agus na bhFearas Seomraí Cistin -Clúdach Urláir Cuí (dea-bhail air) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu) -Cócaireán (i dtreoir oibre) -Eastarraingteoir Cochaill (i dtreoir oibre) -Cuisneoir / Reoiteoir (i dtreoir oibre) -Meaisín Níocháin (i dtreoir oibre) Seomra Suí -Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu) -Foireann Troscáin (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail uirthi) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu) Seomra Bia -Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu) -Bord & Cathaoireacha (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail orthu) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu) Seomra Codlata 1 -Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu) -Leaba/Tocht (in oiriúint do mhéid an tseomra, nua/réasúnta nua) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu) -Vardrús (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail air) Seomra Codlata 2 -Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu) -Leaba/Tocht (in oiriúint do mhéid an tseomra, nua/réasúnta nua) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu) -Vardrús (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail air) Seomra Codlata 3 -Clúdach/Clúdaigh Urláir (dea-bhail air/orthu) -Leaba/Tocht (in oiriúint do mhéid an tseomra, nua/réasúnta nua) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)) -Vardrús (in oiriúint do mhéid an tseomra agus dea-bhail air) Seomra Folctha/En Suite -Clúdach/Clúdaigh Urláir Oiriúnacha (dea-bhail air/orthu) -Caibinéad Seomra Folctha (dea-bhail air) -Sciath/Cuirtín Cithfholcadáin (dea-bhail air) -Dallóga/Cuirtíní (dea-bhail orthu)  
Cé na doiciméid/sonraí ar gá dom iad a thabhairt don Chomhairle?
Beidh cur síos ar an áitreabh ag teastáil ón gComhairle chomh maith le doiciméid mar an BER (Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh), Deimhniú Imréitigh Cánach Bailí agus sonraí bainc. Is gá cruthúnas úinéireachta a thabhairt chomh maith le cead ón iasachtóir má bhaineann le hábhar. Tabharfar liosta iomlán na ndoiciméad is gá leo don úinéir sula síneofar an léas.
An gceannóidh an Chomhairle an t-áitreabh uaim?
I gcásanna áirithe, aontóidh úinéir an áitribh leis an údarás áitiúil go n-áireofar “céadrogha ar cheannach” agus “ceart an chéad diúltú” mar choinníoll sa léas. Tugann na clásail seo an rogha don údarás áitiúil an t-áitreabh a cheannach ag amanna le linn nó ag deireadh na tréimhse léasa nó éilíonn siad ar an úinéir go dtairgfidh sé nó sí an t-áitreabh don Chomhairle má shocraíonn se nó sí é a dhíol.  
An féidir liom éirí as an gconradh le linn téarma an léasa más maith liom an t-áitreabh a dhíol?
Ní féidir. Faoin socrú léasa fadtéarmach, féadfaidh úinéir an áitribh an t-áitreabh a dhíol ar an gcoinníoll go n-aistreofar an comhaontú léasa don úinéir nua agus go dtabharfar fógra roimh ré don údarás áitiúil agus go n-aontóidh sé.  
Cad a tharlóidh má fhágann an tionónta an t-áitreabh? An íocfar mé fós féin?
Íocfar. Féadfar deireadh a chur leis na híocaíochtaí, áfach, má sháraíonn an tiarna talún a (h)oibleagáidí faoi théarma an chomhaontaithe léasa.
An gcaithfidh mé clárú leis an PRTB (an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha)?
Ní chaithfidh.    
Má bhíonn iompraíocht fhrith-shóisialta ar siúl ag an tionónta nó má chruthaíonn sé/sí núis, cén caingean dlí atá ar fáil dom?
Beidh an Chomhairle freagrach as déileáil le hiompraíocht fhrith-shóisialta.    
Cé a íocann na Táillí Bainistíochta bliantúla?
Bíonn na táillí bainistíochta le híoc ag úinéir an áitribh i gcónaí.
Cé atá freagrach as an bhféar a lomadh/na fuinneoga a ghlanadh?
An duine/na daoine a sanntar an t-áitreabh dóibh i gcás tithe agus an Comhlacht Bainistíochta i gcás árasán.  
Cé chomh fada go dtí go mbeidh a fhios agam gur spéis leis an gComhairle m'áitreabh a thógáil ar léas?
Laistigh de sheachtain amháin. Déanfar an t-áitreabh a iniúchadh agus má mheastar go bhfuil sé oiriúnach chun tabhairt ar léas, cuirfidh an Chomhairle tús le hidirbheartaíocht leat maidir le téarmaí cíosa.
An féidir liom síneadh a chur le mo theach gan cead pleanála a lorg?
Ar an iomlán, ní gá cead pleanála a fháil chun síneadh nó grianán a thógáil nuair is ar chúl an tí a bheidh sé; ní mór go bpléifear le haon fhiosrúchán ón bpobal ina leith seo faoi réir fhorálacha Chuid 1 den 2ra Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001. Níl sa mhéid seo a leanas ach treoirlínte ginearálta: Tithe Sraithe agus Leathscoite: Murar cuireadh síneadh leis an teach roimhe sin, níor cheart gur mhó an síneadh beartaithe ná 40 méadar cearnach. Tá sínte os cionn leibhéal na talún san áireamh sa díolúine freisin (más teach sraithe nó leathscoite é, níor cheart gur mhó achar an tsínidh os cionn na talún ná 12 mhéadar chearnacha). Ciallaíonn sé seo, i gcás an ghnáth-thí leathscoite, gur féidir síneadh de 28 méadar chearnacha a chur le hurlár na talún agus síneadh de 12 mhéadar chearnacha a chur leis an dara hurlár gan cead pleanála a lorg. Beidh aon síneadh le hurlár na talún 2 mhéadar ar a laghad ó aon teorainn. Tithe Scoite: Mar is amhlaidh le tithe sraithe agus leathscoite thuas, ba cheart nár mhó achar an tsínidh ná 40 méadar cearnach. Tá sínte urlár na talún san áireamh sa díolúine seo freisin. Níor cheart gur mhó sínte os cionn urlár na talún ná 20 méadar cearnach agus síneadh leis an dara hurlár de 20 méadar cearnach. Beidh aon síneadh le hurlár na talún 2 mhéadar ar a laghad ó aon teorainn. An dá chás:  Más sa bhreis ar shíneadh atá ann cheana féin é an síneadh molta (i ndiaidh 01-10-1964), níor cheart gur mhó achar iomlán na sínte uile ná 40 méadar cearnach – lena n-áirítear sínte ar gá cead pleanála a fháil dóibh, e.g. ar thaobh an tí.
Conas a iarraim go gcuirfear comharthaí agus línte ar bhóthar?
Faigheann an Chomhairle níos mó ná 300 iarratas ar bhearta reachtacha comharthaí agus línte gach bliain. Pléann an Grúpa Comhairleach ar Thrácht (TAG) leis na hiarratais seo go léir. Bunaíodh an grúpa seo go foirmiúil i Lúnasa 2006 agus tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ón nGarda Síochána agus d’innealtóirí ón Rannóg Tráchta. Chomh maith le plé a dhéanamh ar iarratais ón bpobal, ó na comhaltaí tofa, ó Bhus Átha Cliath agus ó ghrúpaí gnó, scrúdaíonn TAG saincheisteanna atá aitheanta go díreach ag an Rannóg Tráchta agus ag an nGarda Síochána Buaileann an Grúpa Comhairleach ar Thrácht le chéile go míosúil chun plé a dhéanamh ar chlár gnó, a gcuirtear cóip de chuig na comhaltaí tofa mar eolas. Tugtar na moltaí ó gach cruinniú den Ghrúpa do na Coistí Limistéir le nótáil faoi Ghnó na Comhairle dar teideal “Consultation with Garda Commissioner”. Toisc gur nós imeachta reachtúil nó dlíthiúil é seo a gcinneann na hinnealtóirí tráchta agus an Garda Síochána é, ba cheart iarratas foirmiúil ar nithe TAG a chur i ríomhphost chuig traffic@dlrcoco.ie nó i scríbhinn chuig an Roinn Iompair, an Rannóg Tráchta, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Co. Bhaile Átha Cliath. Tá sé tábhachtach go gcuirfidh tú na cúiseanna le d’iarratas in iúil agus go n-áireoidh tú, más féidir, fianaise thacaíochta maidir le cén fáth gur gá é. Ar na hiarratais TAG a dhéantar, tá na nithe seo a leanas: Stop géill slí cosc ar iontráil bosca buí haitseáil comharthaí sainordaitheacha líne bhuí shingile líne bhuí dhúbailte bá lódála scoil – coinnigh saor bá páirceála do dhaoine faoi mhíchumas líne bhán leanúnach glanbhealach srianadh meáchain cosc ar u-chasadh Nuair a chuirtear na línte nó na comharthaí a iarradh ar fáil, tá tú ceangailte leis an dlí cloí leo nó gearrfar pionós ort.
Faoi na Rialacháin Phleanála, cá fhad atá ag an bpobal agóidí i gcoinne tuilleadh faisnéise?
De réir Alt 35 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, ní chuirfear in iúl do dhaoine a dhéanann aighneacht nó a thugann tuairim maidir le hiarratas pleanála go bhfuarthas Tuilleadh Faisnéise nó ar Tuilleadh Faisnéise a Shoiléiriú, i gcás go measfar go bhfuil an Tuilleadh Faisnéise nó an Tuilleadh Faisnéise a Shoiléiriú suntasach agus go mbeidh fógraí poiblí nua de dhíth ina leith. Beidh 2 sheachtain (5 seachtaine i gcás iarratas a ngabhann EIS leo) ón dáta a bhfuair an tÚdarás Pleanála na fógraí, chun breis aighneachtaí a dhéanamh/tuairimí a thabhairt. Ní bheidh táille bhreise le híoc. Beidh ar dhaoine eile ar mian leo aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt an táille fhorordaithe a íoc..
Cá bhfaighidh mé daoine cáilithe chun obair a dhéanamh ar mo Dhéanmhas Cosanta?
Tá sé tábhachtach ailtire nó suirbhéir foirgneamh a aimsiú a thuigeann foirgnimh thraidisiúnta agus a bhfuil saineolas aige nó aici ar a ndeisiú agus a n-athchóiriú. Molaimid go mbeadh creidiúnú caomhantais acu.  Tá roinnt eagraíochtaí ann a bhfuil bunachar sonraí á choinneáil acu de chonraitheoirí a bhfuil an saineolas cuí acu agus is féidir breathnú orthu ar a suímh idirlín. Tá clár cleachtóirí ag an Irish Georgian Society ar www.igs.ie agus tá liosta d’ailtirí a bhfuil creidiúnú caomhantais acu ag Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann (RIAI) ar féidir teacht air ar www.riai.ie. Tá clár de Shainchonraitheoirí Oidhreachta ag Cónaidhm Thionscal na Foirgníochta ag www.cif.ie. Tá liosta neamheisiach de shainchonraitheoirí thíos, atá beartaithe le bheith mar threoir d’úinéirí agus d’áitritheoirí foirgneamh stairiúil. Ní féidir le Comhairle Contae Dhún-Laoghaire Ráth an Dúin a bheith cuntasach i gconarthaí a dhéanfar. Ba cheart i gcónaí iarraidh samplaí oibre agus teistiméireachtaí a fheiceáil sula ndéanfaí conraitheoir a choimisiúnú. Díonta a Dheisiú Shay Hammond Leerway Ltd, Hills Hire Centre, Bóthar Bhaile Sheáin, Cábán tSíle, Baile Átha Cliath 18, Teil: 01 2840330 Conor Duffy Joinery Contractor, Bóthar na Carraige, Ard Mhacha, BT60 3NP Teil: 048 37510740 T.C Walsh & Son Ltd, 49 Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath 7 Teil: 01 6793572 Flemings of Dún Laoghaire, 19 Páirc Crosthwaite Thiar, Dún Laoghaire Teil: 01 2802289 Ashbourne Roofing, An Chúil Fhuar, Cill Dhéagláin, Co. na Mí Teil: 01 8354590 Seamus Smith, Gelsha, Béal Átha na Lao, Co. an Longfoirt Teil: 0877979342 Eamon Toner, 6 Cearnóg Oilibhéir Pluincéid, Dún Laoghaire, Co. Baile Átha Cliath Teil: 01 2806646 (m)0872776152 Dartmouth Building Contractors, Dartmouth House, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath 22 Teil: 01 4594011 Saisfhuinneoga a Dheisiú K.W.R.S Ltd, Kells Windows, Sheeney, Ceannanus Mór, Co. na Mí Teil: 046 9241235 Advance Joinery Services Ltd, Unit 5 IDA Industrial Estate, Baile Munna, Baile Átha Cliath 11 Teil: 01 8625903/01 8625919 info@ajs.ie Callaghan Sash Windows, Brian Smith Teil: 046 9023323 (m) 086 8365452 bryan@sash.ie www.sashwindowsirl.com Ventrolla (WJ Bolger), 18 Sráid Bhaile Átha Fhirdhia, Baile Átha Cliath Teil: 01 450377 Ventrolla Ireland, Unit 10/11 Western Industrial Estate, Bóthar an Náis, Baile Átha Cliath 12 Teil: 1-800-948-359, info@ventrolla.ie, www.ventrolla.ie Historic Sash Windows Ltd, Richard Millea, 4 Ballygoran View, Cill Droichid, Co. Chill Dara, Teil: 01 6270031 Sash Window Solutions, an Gearradh, Ród. Co. Uíbh Fhailí Teil: 0872177663 sashwindowsolutions@gmail.com Ventrolla Sash Window Renovation Specialists Quality Carpentry, 45 Gráinseach Loreto, Bré, Co. Chill Mhantáin. Teagmhálaí:  Martin Mullaly Teil: 01 2860630 qualitycarpentry@eircom.net www.ventrolla.ie Aonad 4 Ascaill Bhaile an Mhóta, Baile Bhailcín, Baile Átha Cliath 12 Teil: 01 4605945 (m) 0872449881 Unit 4 Ballymount Avenue, Walkinstown, Dublin 12 www.conservationjoinery.com Philip Kennedy, Sráid an Chnoic, an Clochán, Co. Uíbh Fhailí Teil: 090 6457846 Lambstongue Ltd, 88 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2 01 6629928 www.lambstongue.ie Gloine Dhaite a Dheisiú Catherine Lamb, Ealaíontóir Gloine Dhaite, 69 Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2 Teil: 0877747965 Irish Stained Glass and Leaded Windows Company Ltd, The Studio, Treetops, an Fearann Glas, Áth an Ghainimh, Baile Átha Cliath 16 Teil: 01 2956167 Art Glass Ireland, Skeoge Business Park, Doire, BT48 8SE Teil: 0044 74 96037073, M:   0861238982 www.artglassireland.com Aria Stained Glass, Cortoon, Baile Chláir, Co. na Gaillimhe Teil: 091 793366 (m) 0872375789 Fuinneoga Cruach a Dheisiú Acol, Merrywell, Droim Cria, Co. na Mí Teil: 01 8250171 Window and Door Accessories Ltd, Richmond House, Coolock Industrial Estate, Baile Átha Cliath 17, Teil: 01 8670011 J.H Projects (Jan Hermans), Muineachán, 0871206057 jhprojects@eircom.net Lambstongue Ltd, 88 Sráid Bhagóid Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, Teil: 01 6629928 www.lambstongue.ie Plaistéireacht a Dheisiú Des O'Carroll, 7 Garrán an Teampaill Ghil, Baile Baodáin, Baile Átha Cliath 16, Teil: 0876658494 George O'Malley, 3 Ballywaltrim Business Park, Bré. Co. Chill Mhantáin Teil: 01 2116706 (m) 0872597439 Obair Iarainn a Dheisiú Bushy Park Ironwork, Aonaid 22-24 Páirc Ghnó na nGlaschnoc, Tamhlacht, Baile Átha Cliath 24, Teil: 01 4622788 Gerard Pulman Metal Working, Stewarts House, Columba's College, an Teampall Geal, Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14, Teil: 01 4934571 Tinteán Marmair/Iarainn Teilgthe a Athchóiriú  Brian MacElvanney, Súgan Antiques, 97 Sráid Phroinséis, Baile Átha Cliath 8, Teil: 082510597 David Kelly (Marble), 12 Bromley Court, Sráid Phroinséis, Baile Átha Cliath 8, Teil: 0879584280
Cad is MARP ann?
Tugadh an Próiseas um Riaráistí Morgáiste a Réiteach (MARP) isteach ar na hÚdaráis Áitiúla i nDeireadh Fómhair 2012 chun cabhrú a thabhairt d'iasachtóirí atá i riaráiste.
An ndéileálfar le mo chás mar chás rúnda?
Déileálfar. Déileáiltear le cás gach iasachtaí mar chás rúnda.
Cathain a bheidh mo mhorgáiste dlite?
Ba cheart go mbeadh d'íocaíocht i do chuntas morgáiste ar an gcéad lá de gach mí. 
Conas is féidir liom mo mhorgáiste iomlán a íoc?
Is féidir leat iarratas ar mheastachán fuascailte a chur chuig an Rannóg Iasachtaí Tithíochta. Seolfar meastachán scríofa chugat sa phost.  
Cén cineál oibre a chlúdaíonn an deontas?
Níl ach obair athshreangaithe, díonta nua agus téamh lárnach (i gcás nach bhfuil sé ann) ar fáil faoin scéim seo. N.B. Téamh Lárnach – Níl aon deontas ar fáil faoin scéim seo le haghaidh córas téimh lárnaigh atá ann cheana féin a uasghrádú. Tá na deontais sin ar fáil ón Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann ar 1850 927000 nó ar www.seai.ie
Cé chomh fada is a bheidh an léas? Cé a dhéanfaidh an cinneadh sin?
Beidh tréimhse 10 nó 20 bliain i gceist leis an léas agus aontóidh an t-úinéir agus an Chomhairle é eatarthu.  
Cé a bheidh freagrach as struchtúr an áitribh a chaomhnú?
Beidh úinéir an áitribh freagrach i gcónaí as caomhnú, árachas agus deisiú ó thaobh struchtúir de.
Conas a fhaighim amach go bhfuil Déanmhas Cosanta agam?
Mura bhfuil tú cinnte gurb ionann foirgneamh agus Déanmhas Cosanta, ní gá ach Aguisín 4 de Phlean Forbartha Contae 2016–2022 a cheadú. Is féidir fáil amach freisin an foirgneamh cosanta é trí bhrabhsáil ar léarscáileanna an Phlean Forbartha Contae – má tá dath oráiste ar fhoirgneamh is ionann é sin agus a rá gur Déanmhas Cosanta é. Uaireanta, ní léir go bhfuil struchtúr san áireamh ar Chlár na nDéanmhas Cosanta toisc débhríonna i seoladh agus ainm na bhfoirgneamh. I gcás nach bhfuil tú cinnte, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais. 
Bíonn tarscaoileadh agam i leith tháille sheasta Bhliantúil na Comhairle. An dtabharfaidh an soláthraí nua seirbhíse an tarscaoileadh céanna dom?
Seasfaidh Panda le Scéim Tarscaoilte Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (lena n-áirítear an clásal cruatain). Féadfaidh custaiméirí nach bhfuil tarscaoileadh acu faoi láthair, agus a dtiocfaidh athrú ar a gcás, iarratas a chur isteach ar tharscaoileadh do Panda. 
Tuigim gur gá cead pleanála dá bhfuil i gceist agam a dhéanamh. Cad ba cheart dom a chur isteach le m’iarratas pleanála?
Ní mór go n-áireofar Measúnacht Tionchair ar an Oidhreacht Ailtireachta i ngach iarratas pleanála maidir le hoibreacha ar Dhéanmhas Cosanta de réir Aguisín B de na Treoirlínte maidir le Cosaint Oidhreachta Ailtireachta chun cabhrú le moltaí a mheas. Caithfidh an tuarascáil sin a bheith déanta ag ailtire caomhantais creidiúnaithe nó a chomhionann (tá liosta de ghairmithe cuí-cháilithe ar fáil ar shuímh idirlín an Georgian Society agus an RIAI). Ní mór go n-áireofar sa tuarascáil a) achoimre ar thábhacht an fhoirgnimh b) suirbhé mionsonraithe ar an bhfoirgneamh ina n-aithneofar na gnéithe bunaidh/luatha a mhaireann agus an suirbhé fótagrafach a ghabhann leis c) ráiteas modha agus sonraíocht na n-oibreacha d) agus ní mór go n-aithneofar sonraí na n-oibreacha beartaithe ar na líníochtaí a ghabhann leis an tuarascáil le códú dathanna agus/nó nótaí achoimrithe chun idirdhealú soiléir a dhéanamh idir an déanmhas atá ann cheana féin agus na hoibreacha atá beartaithe.  
An bhfuil dualgas Déanmhas Cosanta a Chosaint ar Chur i mBaol?
Tá ceangal dlíthiúil ar úinéirí agus áititheoirí a chinntiú nach ndéanfar an déanmhas a chur i mbaol trí fhaillí, meath, damáiste nó dochar. Go ginearálta, má choinnítear an déanmhas sa riocht gur féidir cónaí ann agus má dhéanfar cothabháil air go rialta, níor cheart go mbeadh an struchtúr i mbaol. Má chuirfear an Déanmhas Cosanta i mbaol, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an úinéir nó ar an áititheoir, ag ceangal orthu aon obair a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá léi chun an déanmhas a chosaint.
Cad is féidir liom a dhéanamh faoi mo comharsana callánacha?
Má bhíonn tú faoi réir núise torainn ó áitreabh baile nó cónaithe, féadfaidh tú iarratas a chur díreach chuig an gCúirt Dúiche áitiúil ar Ordú Cúirte faoi Alt 108 den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992. Tá breis eolais ar Fhógraí Alt 108 agus núis torainn ar fáil ach cliceáil ar an treoir cheangailte maidir leis na Rialacháin Torainn.  (pdf - 2.24MB) Féadfaidh daoine a ndéanann núis torainn ó thionóntaí a bhfuil áitreabh príobháideach ar cíos acu difear dóibh, iarratas a chur díreach chuig an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (PRTB) chomh maith ag www.prtb.ie nó glaoch a chur ar (01) 635 0600 chun an fhadhb a réiteach. Is féidir leis an PRTB ordú a thabhairt go dlíthiúil do thiarnaí talún le cinntiú go gcomhlíonfaidh a dtionóntaí téarmaí an chomhaontaithe tionóntachta atá acu ó thaobh núise agus cineálacha eile iompair fhrithshóisialta.  Má bhíonn tú faoi réir núise torainn ó thionóntaí in áitribh atá i seilbh na Comhairle, féadfaidh tú gearán a chur díreach chuig an Rannán Iompair Fhrithshóisialta den Rannóg Tithíochta. Cliceáil ar an nasc chuig Núis Torainn le haghaidh breis eolais.
Cad is brí le ‘sárú nua nó níos mó’ ar na Rialacháin Tógála?
Níor cheart go dtiocfadh ‘sárú nua nó níos mó’ de mhórathruithe nó de shíntí san fhoirgneamh atá ann. Is é sin le rá, níor cheart go mbeadh an foirgneamh atá ann níos measa mar thoradh ar mhórathrú nó ar shíneadh (ingearach nó taobhach) ó thaobh Rialachán Tógála de. Tugtar na samplaí seo a leanas mar shoiléiriú: Síneadh a chur le foirgneamh sa chaoi go mbainfear úsáid as staighre atá ann cheana féin san fhoirgneamh chun críche rochtana ar an síneadh agus éalaithe uaidh:  •        Sa chás gur leor an staighre reatha do líon na ndaoine atá ina gcónaí san fhoirgneamh atá ann cheana ach nár leor é don fhoirgneamh sínte, b’ionann é sin agus ‘sárú nua’ ar na Rialacháin Tógála. •        Murar leor an staighre atá ann cheana don fhoirgneamh atá ann cheana agus dá mbeadh sé níos neamhleor arís mar gheall ar na daoine breise a bheadh ina gcónaí san fhoirgneamh sínte, b’ionann é sin agus ‘sárú níos mó’ de na Rialacháin Tógála. Tabhair faoi deara, mar sin, nach n-éilíonn na Rialacháin Tógála sa chaoi is go mbaineann siad le hoibreacha i bhfoirgnimh atá ann cheana féin a bheith athraithe nó sínte go mór, ach amháin go gcoinneofaí an ‘status quo’ san fhoirgneamh atá ann cheana féin. I gcás go sáraíonn foirgneamh atá ann cheana féin na Rialacháin Tógála, níl aon dualgas ag gabháil le hathrú nó síneadh an fhoirgnimh sin go réiteofaí an sárú, ach tá dualgas ag gabháil leis nach mbeadh an sárú níos measa mar gheall air, i.e. nach dtiocfadh aon sárú nua nó níos mó de. Ní bhaineann na Rialacháin Tógála go cúlghabhálach le foirgnimh atá ann cheana féin má tá siad le síneadh seachas sa chaoi nach gceadaítear aon sárú nua nó níos mó.
Cé chomh hard agus is féidir an síneadh a bheith gan cead é a thógáil?
Is é an pointe is airde atá ceadaithe do shíneadh díolmhaithe ná leibhéal na sceimhle. Má bhíonn díon cothrom ar an síneadh atá beartaithe, níor cheart go mbeadh sé thar leibhéal na sceimhle ná an uchtbhalla. Má bhíonn díon claonta ar an síneadh atá beartaithe, níor cheart go rachadh sé thar an díon atá ann cheana féin.
Cé na hoibleagáidí atá ar úinéirí Déanmhas Cosanta?
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar úinéirí nó áititheoirí Déanmhas Cosanta a chinntiú nach gcuirfear an struchtúr i mbaol trí fhaillí, meath, damáiste nó dochar. Go ginearálta, má choinnítear struchtúr i riocht ináitrithe agus má dhéantar cothabháil rialta air (na gáitéir a ghlanadh, slinnte in easnamh a dheisiú, adhmad taobh amuigh a phéinteáil, etc.) níor cheart go mbeadh sé i mbaol. Má tá déanmhas cosanta i mbaol, déanfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an úinéir nó an áititheoir, ag ceangal orthu aon obair a mheasfaidh sé is gá léi a dhéanamh chun an déanmhas a chosaint. Faoi fhorálacha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, gearrfar pionóis ar úinéir nó áititheoirí Déanmhas Cosanta a chuireann an déanmhas i mbaol nó nach ndéanann obair ar ordú an údaráis phleanála. Ba cheart a thabhairt faoi deara nach ionann easpa cothabhála ginearálta agus droch-chuma ‘cur i mbaol’ Déanmhais Cosanta. Tá ‘cur i mbaol’ sainmhínithe san Acht um Pleanáil agus Forbairt mar seo: ‘faoi lé díobhála, meathlúcháin nó damáiste, cibé acu láithreach nó thar thréimhse ama, trí fhaillí nó ar shlí dhíreach nó neamhdhíreach’.    
Cá n-aimseoidh mé breis eolais ar mo Dhéanmhas Cosanta?
Ní choinníonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin aon eolas stairiúil ar na Déanmhais Chosanta go léir. Moltar athbhreithniú a dhéanamh ar an eolas stairiúil agus na doiciméid stairiúla sna leabharlanna áitiúla, i gCartlann Ailtireachta na hÉireann, i gClárlann na nGníomhas, san Oifig Luachála, sa Chartlann Náisiúnta, i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, i Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise, i gCartlann Ard-Deoise Bhaile Átha Cliath, etc.    
Cad é ról na Comhairle de thoradh na n-athruithe ar an reachtaíocht?
Tá sé d'oibleagáid ar an gComhairle anois tús a chur le hathmheasúnú ar gach iarratasóir ar Thithíocht Shóisialta. D'fhéadfadh sé go mbeadh go leor ama i gceist leis an bpróiseas athmheasúnaithe.  
Cén toradh a bheidh air seo domsa mar iarratasóir ar Thithíocht Shóisialta cheana féin?
Faoi na rialacháin nua, ní mór go mbeidh tú incháilithe le haghaidh tithíochta agus go mbeidh gá agat léi chun go n-áireofar thú do thairiscint ar thithíocht shóisialta. Ciallaíonn tacaíocht tithíochta sóisialta go bhféadfá a bheith incháilithe do thithíocht in áitribh i seilbh na Comhairle, áitribh SCC (Scéim Cóiríochta Cíosa), áitribh Léasa Fhadtéarma, áitribh Chumainn Dheonaigh Tithíochta, etc.
An ndearnadh aon leasú ar an reachtaíocht le déanaí ar cheart dom a bheith ar an eolas faoi?
Rinne. Ceanglaíonn reachtaíocht Rialtais le déanaí go ndéanfaimid athruithe ar na critéir incháilitheachta do thacaíocht tithíochta agus do mheasúnú tithíochta.
Céard iad na príomhleasuithe?
Seo a leanas na príomhleasuithe: Tá scéim nua leithdháiltí ann in ionad Scéim na dTosaíochtaí Ligin. Tá sé sin ar fáil ar ár suíomh Idirlín. Ní mór duit a bheith i do chónaí i limistéar na Comhairle Contae nó nasc a bheith agat leis an gceantar le bheith incháilithe do Thacaíocht Tithíochta Sóisialta i limistéar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Ní fhéadfaidh tú iarratas a chur ach chuig Údarás Áitiúil amháin. Féach Pointe 6 thíos maidir le do rogha limistéar. Ní mór go bhfuil ceart dlíthiúil agat fanacht go fadtéarmach sa Stát. Níor cheart go mbeadh lóistín eile agat a bhféadfaí cónaí ann nó a bhféadfaí é a dhíol agus an t-airgead uaidh sin a úsáid chun lóistín oiriúnach eile a aimsiú. Ní mór go mbeidh do ghlanioncam faoi bhun na dtairseacha thíos: Duine fásta aonair Beirt Daoine FástaGan aon Pháistí Duine Fásta AmháinPáiste Amháin Duine Fásta AmháinBeirt Pháistí Duine Fásta AmháinTriúr Páistí Beirt Daoine FástaPáiste Amháin Beirt Daoine FástaBeirt Páistí  Beirt Daoine FástaCeathrar Páistí nó breis  Triúr Daoine Fásta Ceathrar Páistí nó breis  €35,000  €36,750  €35,875  €36,750  €37,625 €37,625  €38,500  €40,250  €42,000  
Conas a fhaighim amach go bhfuil nó nach bhfuil m'íocaíochtaí míosúla suas le dáta?
Eisítear ráiteas bliantúil gach bliain nó is féidir leat ráiteas a fháil a léireoidh na sonraí seo trí ghlaoch a chur ar an rannóg Cuntais Iasachtaí ar 01–2054836.
Cad a chlúdaíonn Árachas um Chosaint Morgáiste?
Clúdaíonn Árachas um Chosaint Morgáiste an t-iasachtaí i gcás éagumais go haois 65 bliana agus i gcás báis go haois 75 bliana. Ní chlúdaíonn sé iomarcaíocht ná dífhostaíocht. Má tá tuilleadh eolais uait, cuir glaoch ar 01–2054836.
Cá mhéad de m’iasacht atá fós le híoc?
Is féidir leat glaoch a chur ar aon bhall foirne sa rannóg Iasachtaí Ioncam Tithíochta ar 01–2054836.
Limistéir Tithíochta
Ní féidir iarratas a chur ach chuig Údarás Áitiúil amháin. Más chuig Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a gcuirfidh tú an t-iarratas, is féidir leat suas le trí limistéar tithíochta i réigiún Bhaile Átha Cliath a roghnú, ar chóir go mbeadh ceann amháin ar a laghad acu i gComhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin. Féadfaidh an dá limistéar eile a bheith i gCathair Bhaile Átha Cliath, Contae Bhaile Átha Cliath Theas nó Contae Fhine Gall. Má roghnaíonn tú limistéar i gcontae ar bith eile, seolfaimid an t-eolas mar gheall ort chuig na húdaráis tithíochta a roghnaítear. Déanfaidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin d’iarratas a bhainistiú. Is féidir roghanna limistéar a athrú uair amháin sa tréimhse dhá mhí dhéag trí Fhoirm Rogha Limistéar a líonadh amach. 
An bhfuil mé incháilithe do Thithíocht Chomhairle?
Tá na critéir incháilitheachta maidir le tithíocht Chomhairle i Scéim Leithdháilte na Comhairle. Ar na critéir incháilitheachta tá: Gá – Ní mór go mbeidh fíor-ghá agat le tithíocht agus nach mbeidh tú in ann cóiríocht a fháil le d’acmhainní féin. Ceart chun cónaithe in Éirinn – Ní mór go mbeidh an ceart dlíthiúil agat chun fanacht sa Stát go fadtéarmach. Aois – Caithfidh tú a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine. Ioncam –  Ní mór go mbeidh do ghlanioncam faoi bhun na dtairseach thíos:- Duine Fásta Aonair: €35,000 2 Dhuine Fásta Gan aon Pháistí: €36,750 Duine Fásta Amháin & Páiste Amháin: €35,875 Duine Fásta Amháin & 2 Pháistí: €36,750 2 Dhuine Fásta & Páiste Amháin: €37,625 2 Dhuine Fásta & 2 Pháistí: €38,500 2 Dhuine Fásta & 3 Pháistí: €39,375 2 Dhuine Fásta & 4 Pháistí nó níos mó: €40,250 3 Dhuine Fásta & 4 Pháistí nó níos mó: €42,000
Cad a tharlóidh má dhiúltaím do thairiscint tithíochta?
Má dhiúltaíonn tú do dhá thairiscint tithíochta laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag, cuirfear d’iarratas ar fionraí ar feadh dhá mhí dhéag. Déanfar d’iarratas a athmhúscailt tar éis na tréimhse seo ach ní áireofar an t-am ar fionraí mar am ar an liosta tithíochta. Ní bheidh tú ar Liosta Tithíochta na Comhairle ar feadh tréimhse na fionraíochta, ní bheidh an Scéim Rogha Tithíochta ar fáil duit agus ní bheidh tú incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta. Féadfaidh sé difear a dhéanamh do do Liúntas Cíosa Forlíontach freisin.
Ca fhad sula dtairgfear tithíocht dom?
Ní féidir é seo a dhéanamh amach, faraor. Tá liosta fada iarratasóirí ag fanacht le tacaíocht tithíochta sóisialta.
Cad é an t-uasdeontas atá ar fáil?
Is ionann an t-uasdeontas atá ar fáil agus €6,000 nó 100% de ghlanchostas ceadaithe na n-oibreacha atá beartaithe. D’fhéadfadh an t-iarratasóir a bheith incháilithe d’aisíocaíocht CBL ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi réir coinníollacha áirithe nuair atá an conraitheoir íoctha go hiomlán aige nó aici. 
Cén cineál oibre atá clúdaithe faoin Deontas?
Ar na hoibreacha atá clúdaithe tá greimráillí, rampaí rochtana, cithfholcadáin boinn leibhéalta, cathaoireacha staighre agus mionoibreacha eile a meastar gur gá leo chun go mbeidh an teach níos oiriúnaí chun cónaithe do dhuine a bhfuil fadhbanna gluaisteachta aige nó aici. 
An bhfuil mé incháilithe do Dheontas Tithíochta le haghaidh Áiseanna Soghluaisteachta?
Déantar tástáil acmhainne maidir leis an deontas seo agus cinntear leibhéal an deontais trí ollioncam bliantúil úinéir cláraithe an áitribh a chur san áireamh le hollioncam bhaill eile an teaghlaigh, iad siúd atá os cionn 18 mbliana d’aois (nó 23, má tá siad ag freastal ar chúrsa oideachais lánaimseartha) sa bhliain chánach roimhe. Le bheith incháilithe do dheontas faoin scéim seo, ní mór go mbeidh ollioncam an teaghlaigh faoi bhun €30,000 (féadfaidh iarratasóirí áirithe a bheith incháilithe do chineálacha neamhairde ioncaim).
Cé a dhéanann ionadaíocht don Lucht Siúil?
Oibríonn an tAonad um Chóiríocht don Lucht Siúil i gcomhar leis an gCoiste Comhairleach Áitiúil maidir le Cóiríocht don Lucht Siúil atá comhdhéanta de Chomhairleoirí Contae, daoine den Lucht Siúil agus Ionadaithe an Lucht Siúil de réir mar a éilítear faoi Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil), 1998. Cuireann an Coiste seo comhairle ar an gComhairle maidir le gach rud a bhaineann leis an Lucht Siúil agus, go háirithe, maidir lena riachtanais tithíochta.
Conas a chuirim isteach ar Chóiríocht atá Dírithe ar an Lucht Siúil?
Is é polasaí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin ná cóiríocht atá dírithe ar an Lucht Siúil a chur ar fáil do Phobal Taistealaithe dúchais na tíre. Más mian leat cur isteach ar Chóiríocht atá Dírithe ar an Lucht Siúil, is féidir leat teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054848 nó ar ríomhphost chuig travellers@dlrcoco.ie.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil maidir le deisiúcháin?
Is féidir le tionóntaí i dTithíocht Ghrúpáilte nó i mbánna ar láithreáin stad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil ar 01 2054838 nó ríomhphost a chur chuig travellers@dlrcoco.ie. Moltar do thionóntaí an Lámhleabhar do Thionóntaí a cheadú sula ndéanfaidh siad teagmháil leis an Aonad Cóiríochta don Lucht Siúil.
An bhfuil liosta feithimh ann?
Tá. Bíonn iarratais bailí ar feadh 12 mhí ón dáta ar a bhfaightear iad. Baintear den liosta iad tar éis 12 mhí.
Cé chomh fada agus atá an liosta feithimh?
Cé go stóráiltear iarratais in ord na ndátaí ar a bhfuarthas iad, ní gá go dtugtar spás don chéad díoltóir eile ar an liosta. Nuair a bhíonn folúntas ann sa mhargadh, breathnóidh an bainisteoir margaidh ar gach iarratas ar an liosta feithimh agus roghnóidh sé nó sí an táirge is fearr a oireann don fholúntas. Is ionann ár gcritéir roghnúcháin agus treoir do na bainisteoirí margaí:- Critéir bhia:  Earraí orgánacha a chur chun cinn Earraí a saothraítear iad ar bhonn inbhuanaithe a chur chun cinn Saothróirí áitiúla a chur chun cinn Rogha a bhfuil éagsúlacht eitneach ag baint léi a chur chun cinn Critéir neamh-bhia Earraí ceardaíochta lámhdhéanta a chur chun cinn Earraí ceardaíochta a dhéantar go háitiúil a chur chun cinn Ealaíontóirí áitiúla a chur chun cinn Earraí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn Earraí a bhfuil éagsúlach eitneach ag baint leo a chur chun cinn Cé gurb ionann na critéir seo agus treoir do na bainisteoirí margaí, is féidir go roghnófar táirgí nua nach bhfuil de réir na gcritéar má mheastar go gcuirfidh na custaiméirí spéis iontu agus go gcuirfidh siad leis na táirgí atá á ndíol cheana féin. Tionscnamh gnó de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tabhair faoi deara – dá fheabhas d’iarratas agus dá mhéad eolais a chuireann tú ar fáil (lena n-áirítear grianghraif, bileoga táirgí, sonraí suímh idirlín, etc.) is ea is dóichí go roghnófar do tháirge in ionad iarratais eile. Is deis duit é do tháirge a chur chun tosaigh.
An nglacann sibh le Díoltóirí Séasúracha?
Glacann. Measaimid gach iarratas agus go minic roghnaímid táirgí a shaothraítear agus dhíoltar go séasúrach, mar thorthaí agus sméara úra i míonna an tsamhraidh agus táirgí Nollaig sa gheimhridh. Más díoltóir séasúrach thú, léirigh an mhí/na míonna ina mbíonn do tháirge ar fáil faoi Liosta Táirgí ag bun an chéad leathanaigh den iarratas.
An mbeidh aon díoltóir eile ag díol an táirge céanna?
Toisc go molaimid iomaíocht shláintiúil inár margaí, ní féidir linn aon ghealltanas a thabhairt gur tusa amháin a bheidh ag díol aon táirge ar leith; déanaimid iarracht, áfach, a chinntiú nach mbeidh an iomarca díoltóirí ag díol aon táirge ar leith chun go mbeidh sciar den ghnó ag gach díoltóir.
An gcuireann sibh aon trealamh ar fáil (boird, scáth fearthainne, gaiséabó, etc.)?
Ní chuirimid aon trealamh ar fáil. Beidh na bainisteoirí margaí in ann comhairle a chur ort maidir le scáthanna fearthainne/gaiséabó le húsáid sa mhargadh nuair a thairgtear spás duit.
An síneoidh úinéir an fhoirgnimh nó duine atá údaraithe amhlaidh an dearbhú reachtúil maidir leis na hoibreacha a n-iarrtar deimhniú Rialtachta dóibh?
Is ceist é seo d'úinéir an fhoirgnimh agus don tógálaí/gairmí a fhostaíonn úinéir an fhoirgnimh.
Is gá le sraith de líníochtaí “deimhnithe” de réir Nóta 2. Cé atá in ann líníochtaí a “dheimhniú”?
Táthar ag súil le go mbeidh na líníochtaí deimhnithe ag duine atá cáilithe chun é sin a dhéanamh mar ghairmí tógála – bheifí ag súil le go ndéanfadh an duine a rinne na líníochtaí é sin.
Tá cead pleanála agam, cén tionchar atá aige air sin?
Ní bhíonn aon tionchar ag cead pleanála ar an riachtanas maidir le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas. Má tosaíodh na hoibreacha ar fhoirgneamh (seachas tithe cónaithe) ar an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin, is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
An féidir liom an gairdín cúil ar fad a chlúdach le síneadh de 40 méadar chearnacha?
Ní féidir. Níor chóir go mbeadh níos lú ná 25 méadar chearnacha de “Spás Príobháideach Oscailte” sa ghairdín cúil mar thoradh ar an síneadh. Is ionann limistéir chuadhromchlaithe ar chúl an tí agus forbairt dhíolmhaithe, fad is go mbaintear úsáid astu do chuspóir a bhaineann leis an teach a theachtadh agus nach mbaintear úsáid astu le do charranna a pháirceáil.   N.B. Existing or proposed garden shed/s are not reckoned as private open space.
An féidir liom mias satailíte a chur ann gan chead?
Is féidir ar choinníoll: Nach bhfuil ach ceann amháin i ngach teach Trastomhas uasta de mhéadar amháin. Nach dtógtar é ar bhalla tosaigh an tí. Nach dtógtar é ar fhána dín tosaigh an tí nó níos airde ná an chuid is airde den díon.  (féach leathanach 157, Aicme 4, 1 - 4).
Cé na roghanna atá ag úinéir an áitribh má dhiúltaítear don iarratas nó má cheadaítear é de réir coinníollacha?
Is féidir achomharc chun an Bhoird Pleanála sna cásanna sin. Caithfear an t-achomharc a thaisceadh laistigh de mhí amháin ó dháta chinneadh an iarratais – féach Cuid VI de na Rialacháin um Rialú Foirgníochta.
An féidir liom cóip i scríbhinn d’Fhógra Tosaithe a chur isteach go fóill?
Ní féidir. Ní ghlactar le cóipeanna i scríbhinn a thuilleadh. Is gá gach foirm a chur isteach go leictreonach anois ar shuíomh Idirlín Building Control Management System (BCMS).     
An ngearrtar táille ar Dheimhniú Rialtachta?
Is é an táille ná €500 arb ionann agus an táille ar dheimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán faoi a cheathair nó €11.60 in aghaidh an mhéadair chearnaigh d’achar an urlár, pé acu is mó. D’fhéadfadh sé seo a bheith éagsúil ag brath ar na hoibreacha – féach an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacha um Rialú Foirgníochta.
An féidir le haturnae dearbhú reachtúil a shíniú mar Choimisinéir Mionnaí?
Is féidir nuair is Coimisinéir Mionnaí é/ní chomh maith. Ní fheidhmeoidh sé nó sí na cumhachtaí seo, áfach, maidir le himeachtaí a bhfuil sé nó sí mar aturnae ag aon cheann de na páirtithe iontu nó a bhfuil leas aige iontu.
Tá sé leagtha amach go gcaithfear na coinníollacha a bhféadfaidh an tÚdarás um Rialú Foirgníochta a chur sa deimhniú Rialtachta a chomhlíonadh laistigh de 4 mhí. Ní leor é seo agus an bhfuil meicníocht ann chun é a shíneadh?
Níl aon mheicníocht ann chun é a shíneadh. Is cion é obair a thosú ar fhoirgneamh gan Teastas um Shábháilteacht ó Dhóiteán (nuair is ga leis) a bheith agat agus is ionann an Teastas Rialtachta agus deis chun córas deimhnithe sábháilteachta ó dhóiteán a chomhlíonadh. Mura gcuirfear na hoibreacha i gcrích laistigh den tréimhse 4 mhí, ní bheidh feidhm ag an deimhniú.
Cad is Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta ann?
Deimhniú a thugann údarás rialaithe tógála maidir le hoibreacha ar fhoirgnimh tráchtála agus bloic árasán ar tosaíodh iad nó ar cuireadh i gcrích iad gan an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán ar gá leis. Féadfar an deimhniú a thabhairt le coinníollacha agus gan choinníollacha nó é a dhiúltú.
An féidir liom ballaí a thógáil timpeall an tí gan chead pleanála?
Is féidir ar choinníoll: Nach bhfuil siad níos airde ná 2 mhéadar ar chúl Nach bhfuil siad níos airde ná 1.2 mhéadar chun tosaigh nó chun tosaigh ar thosach an tí. (Leathanach 157, Aicme 5) N.B.: Níl pailis mhiotail ná fál slándála eile díolmhaithe.  
Faoi na Rialacháin Phleanála, cá fhad atá ag an bpobal chun agóidí in aghaidh eolais bhreise a thaisceadh?
De réir Alt 35 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt ní chuirfear in iúl do dhaoine a chuir agóid nó tuairim isteach maidir le hiarratas pleanála go bhfuarthas Eolas Breise nó Soiléiriú ar Eolas Breise ach amháin má mheastar go bhfuil an tEolas Breise nó an Soiléiriú ar Eolas Breise suntasach agus go mbeidh fógraí poiblí nua de dhíth ina leith. Bíonn dhá sheachtain (5 seachtaine i gcás iarratas a ngabhann EIS leo) ag agóideoirí ón dáta ar ar bhfuair an tÚdarás Pleanála na fógraí leasaithe chun agóidí nó tuairimí eile a chur isteach. Ní gá aon táille bhreise a íoc. Beidh ar dhaoine eile ar mian leo agóid/tuairim a chur isteach an táille fhorordaithe a íoc. 
Cá fhad a bhíonn ag iarratasóir chun eolas breise a thaisceadh?
6 mhí. Ó 31/03/2003 féadfar trí mhí sa bhreis a cheadú nuair a aontaítear sin.
An gá go mbeidh an Deonú Deiridh de Chead Pleanála agam sula gcuirfidh mé an Fógra Tosaithe isteach?
Is gá. Is gá go mbeidh Deonú Deiridh agat sula bhféadfaidh tú fógra tosaithe a chur isteach.
Cén táille atá ar Theastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Is é an táille ná €800 in aghaidh an fhoirgnimh.  
An bhfuil socruithe idirthréimhseacha ann maidir leis an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a thabhairt isteach?
Tháinig an riachtanas maidir le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2010 le haghaidh foirgneamh nua (seachas tithe cónaithe) a cuireadh tús leo ar nó i ndiaidh an dáta sin.
An gá Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil sula gcuirfear fógra tosaithe isteach?
Ní dhéanfaidh aon duine oibreacha de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 ná ar aon choinníollacha ar faoina réir a dheonaítear Teastas Rochtana do Daoine faoi Mhíchumas (i gcás gur gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil). Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas a chur isteach ar TRDM agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an TRDM agus aon choinníollacha ina leith sula gcuirfear tús leis na hoibreacha. Is féidir, áfach, cur isteach ar TRDM tar éis fógra tosaithe a tabhairt, ach ní osclófar, ní oibreofar agus ní áitreofar foirgneamh agus ní cheadófar é sin in imthosca ar bith mura bhfuil TRDM tugtha nó go dtí go gcinnfear próiseas achomhairc. Nó mór fógra tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis an obair.
Cad is Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Is teastas é an Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a dheonaíonn an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta ar deimhniú é go gcomhlíonann dearadh oibreacha áirithe, e.g. foirgnimh nua (seachas tithe cónaithe), roinnt sínte le foirgnimh agus athruithe móra orthu (seachas tithe cónaithe) ceanglais Sceideal M a ghabhann leis na Rialacháin Phleanála.  
Cathain is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Is gá le Teastas Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas maidir leis na hoibreacha seo a leanas ar fhoirgnimh seachas tithe cónaithe (ach lena n-áirítear foirgnimh árasán), a mhéid a bhaineann Ceanglais Chuid M leo agus a cuireadh tús leo ar an 1 Eanáir 2010 nó ina dhiaidh sin: (a) oibreacha a bhaineann le dearadh agus tógáil foirgnimh nua, (b) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha– (i) ar ionad lae, (ii) ar fhoirgneamh a bhfuil árasán ann, (iii) ar óstán, brú nó foirgnimh aíochta, nó (iv) foirgneamh institiúideach, nó (v) áit tionóil, nó (vi) ionad siopadóireachta, ach níl oibreacha ar fhoirgnimh den chineál sin ar oibreacha beaga iad san áireamh, (c) oibreacha a bhaineann le hathrú ábhartha ar shiopa, oifig nó foirgneamh tionscail i gcás– (i) go gcuirfear achar urláir breise ar fáil laistigh den fhoirgneamh atá ann cheana, nó (ii) go roinnfear an foirgneamh ina aonaid le haghaidh áitíochta ar leith, (d) oibreacha a bhaineann le síneadh de níos mó ná 25 mhéadar chearnacha a chur le foirgneamh, (e) foirgneamh a mbeidh athrú ábhartha úsáide ag baint leis (féach an nóta thíos) Ní mór a thabhairt faoi deara sa chomhthéacs seo • go bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith na n-oibreacha go léir a bhaineann le hathrú ábhartha nó síneadh, gan gá le hobair eile ar an bhfoirgneamh atá ann cheana féin1,2. • nach bhfuil feidhm ag Ceanglais Chuid M 2000 i leith athrú ábhartha úsáide, ach amháin i gcás go mbaineann athrú ábhartha nó síneadh leis an athrú ábhartha úsáide. Sa chás sin, breathnaigh ar an bpointe roimhe seo3. 1 Tá sé sonraithe in Alt 11 de na Rialacháin Phleanála 1997–2008 go mbaineann na Rialacháin le gach cuid d’fhoirgneamh a mbeidh tionchar ag an athrú ábhartha nó ag an síneadh uirthi ach amháin a mhéid is go dtoirmiscfear oibreacha a chruthódh sárú nua ná sárú níos mó i bhfoirgneamh den chineál sin. 2 Ní bhaineann Cuid M le hoibreacha i dtaca le sínte a chur le teaghaisí atá ann cheana féin nó athruithe ábhartha a dhéanamh orthu, ar choinníoll nach gcruthóidh na hoibreacha teaghais nua 3 Rinneadh Ceanglais Chuid M 2010 a bhí le tosú ar an 1 Eanáir 2012 Alt 13 a leasú sa chaoi is go bhfuil feidhm ag Cuid M ar athruithe ábhartha úsáide áirithe. Rinne sé Alt 11 de na Rialacháin Phleanála a leasú freisin chun an sainmhíniú ar Athrú Ábhartha a leathnú sa chaoi is go n-áirítear Cuid M ann.
An mbeidh Fógra 7 lá nó Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta i gceist leis an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Ní gá le fógra 7 lá maidir le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, mar ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula dtosófar – féach thuas. Ní gá le Deimhniú Tabhairt chun Rialtachta mar ní bhaineann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas ach le hoibreacha a tosaíodh ón 1 Eanáir 2010 agus ní bhaineann sé go cúlghabhálach. Ní mór Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil sula n-osclófar, a n-oibreofar nó a n-áiteofar foirgneamh ina mbeidh Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas de dhíth i leith oibreacha. Is féidir cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas chun na críche sin.
An féidir na hoibreacha a thosú ar an bhforbairt ábhartha sula ndeonófar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Ní gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas sula gcuirfear tús le hobair go teicniúil. Ní dhéanfaidh duine oibreacha, áfach, de shárú ar Chuid M den Dara Sceideal a ghabhann le Rialacháin Phleanála 2000 nó de shárú ar choinníollacha faoina ndeonaítear Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas (i gcás go bhfuil gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas). Chun obair dheisiúcháin chostasach a sheachaint, meastar gur dea-chleachtas é iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteáin a chur isteach ag an am céanna. Dá bhrí sin, leagfar amach an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus aon choinníollacha a bhainfidh leis sula gcuirfear tús le hoibreacha.
Cá fhad a thógfaidh sé chun Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a phróiseáil?
Is é an tréimhse ama ná suas le 8 seachtaine faoi Alt 6(5)den Acht um Rialú Foirgníochta, 1990, nó níos faide má aontaíonn an t-iarratasóir agus an tÚdarás Rialaithe Foirgníochta é sin.
Cathain ba cheart dom cur isteach ar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Ba cheart duit cur isteach air san am gcéanna a gcuireann tú isteach ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Is ionann an tréimhse am leis an dá iarratas a mheas. Ar an gcaoi sin, beidh gach eolas ábhartha agat sula gcuirfear tús leis an bhfoirgníocht.
Cuir i gcás go bhfuil an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán agam ach nach bhfuil an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agam?
Cuir isteach ar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas láithreach/chomh luath agus is féidir. Liostáiltear ar cheart a chur ar fáil leis an iarratas i bParagraf 2(b) de Chiorclán na Roinne BC11/2009. Is féidir ábhar breise a iarraidh ar an Údarás Rialaithe Foirgníochta.
Má deonaíodh cead pleanála agus Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán d’fhorbairt bheartaithe roimh 01/01/10, ach mura cuireadh tús leis na hoibreacha roimh an dáta sin, an bhfuil gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Tá. 
An bhfuil gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i dtaca le hathrú ábhartha ar úsáid foirgnimh?
Tá gá le Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas i dtaca le hoibreacha áirithe a mbaineann Ceanglais Chuid M leo. Breathnaigh ar Alt 20 D (1) de I.R. 351. Ní bhainfidh Cuid M le haon athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ach amháin nuair atá athrú ábhartha i gceist – sna cásanna sin, bainfidh Cuid M leis na hoibreacha go léir i dtaca leis an athrú ábhartha agus ba cheart cur isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
An féidir liom páirceáil a chur ar fáil i mo ghairdín gan chead?
Is féidir. Chun tosaigh nó taobh leis an teach le haghaidh dhá charr ar a mhéid. (Leathanach 157, Aicme 6, Cuid B(ii)) NB: Níl díolmhú ann le haghaidh bealach isteach d’fheithiclí a leathnú.
Cad is fógra 7 lá ann?
Is fógra mear maidir le hobair a thosú sula ndeonaítear an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán.
Cén táille atá ar an bhfógra 7 lá?
Is é an gnáth-tháille ná €250 nó €5.80 in aghaidh an mhéadair chearnaigh, pé acu is mó. Is ionann é seo agus a dhá oiread leis an méid atá ar ghnáthiarratas ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán. Féadfaidh an táille a bheith éagsúil ag brath ar an obair atá beartaithe agus liostáiltear na táillí sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Rialú Foirgníochta.
An gá dom cur isteach ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán chomh maith agus an gá dom táille a íoc ar dá rud?
Is gá. Caithfidh Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán atá bailí a bheith ag gabháil leis an bhfógra 7 lá agus dearbhú reachtúil maidir leis an obair atá beartaithe, ach níl táille i gceist ach ar an bhfógra 7 lá i gceist. Ní gá duit táillí ar leith a íoc ar an bhFógra 7 Lá agus ar an Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán araon.
An féidir leat cur isteach ar Fhógra 7 lá má tá iarratas curtha isteach agat cheana féin ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán?
Is féidir. Má tá iarratas bailí déanta agat ar Dheimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán, is féidir leat fógra 7 lá a chur isteach ar choinníoll go gcuireann tú uimhir thagartha an iarratais bhunaidh isteach leis chomh maith leis an táille leasaithe agus na doiciméid riachtanacha go léir atá liostaithe in Alt 20A de na Rialacháin. Ba cheart duit teagmháil leis an Údarás Rialaithe Foirgníochta.
Cén táille atá ar Fhógra Tosaithe?
Is é an táille ná €30 in aghaidh an aonaid.  
Más forbairt Árasán/Tráchtála atá i gceist, ar cheart dom Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a bheith agam?
Ba cheart. Nuair a chuirtear fógra tosaithe isteach maidir le Forbairt Tráchtála nó Árasán, ní mór Deimhniú um Shábháilteacht ó Dhóiteán a chur isteach freisin.
Cé mhéad lá sula gcuirfear tús leis an bhforbairt ar gá dom Fógra Tosaithe a chur isteach?
Caithfidh tú Fógra Tosaithe a chur isteach 14–28 lá sula gcuirfear tús leis na hoibreacha, ina gcuirtear in iúl don Údarás Foirgníochta cén dáta tosaithe atá beartaithe agat. Mura ndéanfaidh tú é sin, beidh tú ag sárú na gCoinníollacha Pleanála. 
Mura cuireadh isteach ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas d'fhoirgneamh nó i gcás go taisceadh achomharc leis an mBord Pleanála faoi iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi mhíchumas, cad é an scéal?
Ní féidir foirgneamh a oscailt, a oibriú ná a áitiú nó ní féidir cead a thabhairt é a oscailt, a oibriú ná a áitiú gan an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas is gá leis, nó, i gcás gur taisceadh achomharc, go dtí go bhfuil cinneadh déanta faoin achomharc.    
Éilíonn an fhoirm le haghaidh leagain leasaithe de Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas go gcuirfí líníochtaí oibre ar fáil. Ní fhorbraítear líníochtaí oibre ach i gcás go bhfuil tús curtha le hobair.
Níl an gá le leagan leasaithe de Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas teoranta d’oibreacha nach bhfuil tosaithe. Bíonn sé i gceist nuair a dhéantar leasú ábhartha ar dhearadh an fhoirgnimh nó ar na hoibreacha atá tosaithe cheana féin.
An gá go léireofaí gur comhlíonadh an moladh maidir le Cuid M leasaithe ar an bhfoirm le haghaidh Deimhnithe Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas, ar ábhar de phróiseas comhairliúcháin phoiblí in 2009?
Ní gá. Is ionann an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas agus deimhniú gur comhlíonadh riachtanais Chuid M reatha – Cuid M 2000. Níl na moltaí maidir le Dréacht-Chuid M 2009 tugtha chun críche go fóill. Is féidir go mbeidh eolas breise de dhíth le haghaidh iarratas ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas nuair a thiocfaidh leasuithe a dhéanfar amach anseo chun bheith i ngníomh.
I gcás go n-athraítear dearadh foirgnimh nó obair ar fhoirgnimh (e.g. go dteastaíonn athruithe ar an leagan amach de dheasca coinníollacha láithreáin nach raibh súil leo), cad leis a bhfuiltear ag súil?
Is gá leagan leasaithe den Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil i gcás go ndéantar leasú ábhartha ar dhearadh nó ar oibreacha nó ar athrú ábhartha ar úsáid foirgnimh ar bhfuil Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas deonta dó ag an Údarás Rialaithe Foirgníochta. Is féidir leat iarratas a chur chuig an Údarás Rialaithe Foirgníochta ar an deimhniú leasaithe.
Cén fáth nach bhfuil scoileanna, seachas na cinn is lú, díolmhaithe ó tháillí ar an Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Déantar foráil leis na Rialacháin go mbeidh bunscoileanna a bhfuil ceathrar múinteoirí nó níos lú iontu díolmhaithe ó tháillí, mar a d’iarr an Roinn Oideachais agus Eolaíochta.
An bhfuil táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas?
Níl aon táille iarratais in aghaidh an mhéadair chearnaigh ar Dheimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas.
An féidir le gníomhairí an fhoirm iarratais don Deimhniú Rochtana do Dhaoine faoi Mhíchumas a shíniú thar ceann an iarratasóra?
Is féidir, má thugann úinéir an fhoirgnimh údarás dóibh é a dhéanamh
An féidir liom teach ináitrithe a scartáil gan chead?
Ní féidir. Is féidir leat cuid de theach ináitrithe a scartáil chun síneadh chur leis.
Cad is Dearbhú agus Tarchur ar Fhorbairt agus ar Fhorbairt dhíolmhaithe ann (i.e. cad is Dearbhú ar Dhíolmhú)?
Má éiríonn aon cheist faoi an bhfuil Cead Pleanála ag teastáil do thogra nó an forbairt dhíolmhaithe é, féadfar aighneacht a chur isteach, i scríbhinn le tograí nó mapaí – dá mhéad eolas is ea is fearr é – agus an táille ag gabháil leis (€80.00).  Déanfaidh an pleanálaí na haighneachtaí a mheas agus freagróimid iad laistigh de 4 seachtaine maidir le cé acu go bhfuil cead pleanála ag teastáil nó nach bhfuil. Féadfaidh an t-iarratasóir an cinneadh a tharchur chuig an mBord Pleanála agus an táille ag gabháil leis (€150.00). (Cuid 5, An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, lch 28)
An dtabharfar fótachóipeanna de léarscáileanna don phobal?
Ní eiseofar fótachóipeanna de léarscáileanna ar iarratais phleanála a cláraíodh roimh 11-Már-2002. Ní mór go mbeidh an dáta stampáilte ar aon fótachóipeanna de léarscáileanna ar chomhaid a cláraíodh i ndiaidh 11-Már-2002 agus go síneoidh ceannaitheoir na léarscáileanna dearbhú faoi Alt 74 (4) den Acht Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar 2000 agus go gcuirfear an dearbhú seo sa chomhad pleanála.
An bhfuil feidhm ag na díolúintí seo más Déanmhas Cosanta é an t-áitreabh?
Níl. Ní dhíolmhaítear formhór na n-oibreacha ar Dhéanmhas Cosanta. Is gá dearbhú a fháil chun na ceisteanna faoina bhfuil díolmhaithe agus nach bhfuil díolmhaithe a shoiléiriú. 
An gá cead a fháil le haghaidh scáthláin bhus?
Is gá. Ní forbairt dhíolmhaithe é sin.  
An féidir liom cuimhneachán a thógáil ar thaobh an bhóthair gan chead?
Is féidir ar choinníoll nach mó an t-achar ná 2 mhéadar chearnacha, nach mó an airde ná 2 mhéadar os cionn lár an bhóthair os a chomhair agus nach bhfuil sé lasta.  
An gá cead a fháil le haghaidh saoráid cúraim leanaí crèche?
Is gá ach amháin mura mó líon na bpáistí, lena n-áirítear na cúramóirí, ná seisear agus go ndéantar an cúram i dteach an chúramóra.  
Athrú úsáide
(Leathanach160, Aicme 14).
Úsáid ócáideach
Úsáid ócáideach de halla scoile, club, gailearaí ealaíne, músaem, leabharlann, seomra léitheoireachta, giomnáisiam nó struchtúir a údáidtear mar áiteanna adhartha phoiblí de ghnáth (Leathanach 160 Aicme15).
An gá cead a fháil le haghaidh bosca teileafóin?
Ní gá, ar choiníoll nach bhfuil sé suite laistigh de 10m ó chúirtealáiste aon teach cónaithe seachas le cead i scríbhinn ón úinéir/áitritheoir. (Leathanach 167, Aicme 31 (c)).  
An gá do Ghnóthairí Reachtúla cead a fháil chun gnáthoibreacha soláthair/cothabhála/ginearálta ar a saoráidí a dhéanamh (e.g. Údaráis Áitiúla, ESB, Telecoms, Iarnród Éireann, Bord Gáis, etc.)?
Go ginearálta, ní gá. Feach na teorainneacha sna rialacháin maidir le forbairtí díolmhaithe. (Leathanach 163).  
An gá don Chomhairle cead a fháil chun a hobair féin a dhéanamh?
Ní gá cead a fháil ar an ngnáthbhealach, ach, tá sí faoi réir na nósanna imeachta comhairliúcháin a luaitear i gCuid VIII de na Rialacháin um Pleanáil 2001 arna leasú.
An féidir liom geata a chur suas ar m'áitreabh gan chead?
Is féidir, ar choinníoll nach airde é ná 2 mhéadar. (Leathanach 157 Aicme 5, leathanach159 Aicme 9)
An gá cead a fháil chun fógra Ar Díol a chrochadh?
Ní gá ar choinníoll nach mó achar an fhógra ná 0.6 méadar cearnach más teach cónaithe ar díol/le ligean atá i gceist agus 1.2 mhéadar chearnach más aon struchtúr eile nó talamh atá i gceist. Níor cheart níos mó ná fógra amháin a bheith ann. Ní mór é a bhaint tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an díola/ligin.
An féidir liom oibreacha locháin, cosáin, deiceála ná tírdhreachtaithe a thógáil gan chead?
Is féidir. Ar choinníoll nach mó an t-athrú ar leibhéal na talún ná aon mhéadar amháin os cionn na talún ná faoin talamh taobh leo. Ní ceadmhach leibhéal na talún ar thosach an tí a athrú ach amháin i gcás tírdhreachtú. (Leathanach 158, Aicme 6)
An féidir liom cúirt leadóige a thógáil gan chead?
Is féidir, de réir na rialach, ar chúl an tí. Ní dhíolmhófaí soilse agus fál os cionn 2 mhéadar, áfach. Tá an teorainn d’aon mhéadar amháin i gceist freisin ó thaobh leibhéal na talún a ardú nó a ísliú. (Leathanach 158, Aicme 6 & Leathanach 159, Aicme 11)
An féidir liom mo theach a phéinteáil gan chead?
Is féidir ar choinníoll nach múrphictiúr atá i gceist agus nach Déanmhas Cosanta é an teach. (Leathanach159, Aicme 12)    
An féidir liom carbhán/veain champála nó bád a choinneáil i mo ghairdín gan chead?
Is féidir ar choinníoll: Nach bhfuil níos mó ná carbhán/veain champála ná bád amháin ann; Nach le haghaidh úsáide tráchtála/fógraíochta atá siad; Nach mbainfear úsáid astu mar theaghais agus iad á stóráil; Nach stóráiltear ann iad ar feadh tréimhse níos faide ná 9 mí in aon bhliain amháin.  (Leathanach 158, Aicme 8)
An féidir liom cóiríocht chónaithe a dhéanamh den gharáiste gan chead?
Is féidir faoi réir forálacha Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001. N.B. Caithfidh an garáiste a bheith ceangailte leis an teach. (Leathanaigh 156–157).
An féidir liom fuinneog a thógáil le taobh an tsínte?
Is féidir ar choinníoll go gcloítear leis na treoirlínte seo a leanas: Tithe Sraithe agus Tithe Leathscoite: Ní bheidh na fuinneoga ag leibhéal urlár na talún níos mó ná méadar amháin ón teorainn os a gcomhair. Ní bheidh na fuinneoga os cionn leibhéal urlár na talún níos mó ná 11 mhéadar ón teorainn os a gcomhair. Baineann an méid thuas le tithe sraithe agus tithe leathscoite. Tithe Scoite: I gcás gur teach scoite atá ann agus gur mó achar thalamh an tsínte os cionn urlár na talún ná 12 mhéadar chearnacha, ní bheidh na fuinneoga níos mó ná 11 mhéadar ón teorainn os a gcomhair.
An bhfuil cead agam gual toite a dhó sa tinteán?
Is cion é gual ‘toiteach’ nó gual biotúmanach a dhó áit ar bith i gCathair nó i gContae Bhaile Átha Cliath ón 1 Meán Fómhair 2012, agus féadfar fíneáil de suas le €5,000 a ghearradh ort sa chúirt má dhéanann tú é.
Céard iad na Rialacháin “Deco Paints”?
Baineann na Rialacháin seo le comhlachtaí mar oibreoirí deisiúcháin tuairteála a mbíonn gníomhaíochtaí Ath-bhailchríochnaithe Feithiclí ar bun acu. Baineann na Rialacháin leis na hoibreoirí tráchtála go léir a úsáideann táirgí péinte a bhfuil tuaslagóirí orgánacha iontu ar a n-áitribh. Le haghaidh tuilleadh eolais cliceáil ar an nasc seo chuig na Rialacháin “Deco Paints”.
Céard iad na Rialacháin “Organic Solvents"?
Déanann na Rialacháin seo úsáid tráchtála tuaslagán a rialú sna hearnálacha éagsúla tionscail in Éirinn, (lena n-áirítear na próisis a bhaineann le Tirimghlanadh, Clódóireacht, Lannú agus Bratú Dromchla) chun truailliú aeir a laghdú. Cliceáil ar an nasc seo chuig na Rialacháin le haghaidh eolas mionsonraithe. 
Céard iad na Rialacháin DTLL?
Is éard is DTLL (Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach) ann ná aon chineál fearais ná gléis ar gá cumhacht leictreach nó chadhnra le hoibriú, agus a bhfuil a úinéir ag iarraidh é a dhiúscairt mar dhramhaíl. Chomh maith le nithe móra tí mar theilifíseáin, ríomhairí, cócaireáin, cuisneoirí agus meaisíní níocháin, tá nithe beaga pearsanta san áireamh mar cheamaraí, bréagáin, uaireadóirí, fóin phóca agus imreoirí MP3. Tugadh na Rialacháin DTLL isteach in 2005 chun diúscairt, bailiú agus athchúrsáil d’earraí agus fearais leictreacha ar bhealach atá freagrach ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn in Éirinn. Is é ceann de phríomhghnéithe na rialachán ná go gcaithfidh díoltóirí an deis a thairiscint do chustaiméirí nuair is mian leo táirge leictreach nó leictreonach nua a cheannach nithe DTLL atá cosúil a thabhairt ar ais saor in aisce ar bhunús aon d’aon. Cliceáil ar an nasc seo a leanas chuig DTLL le haghaidh tuilleadh eolais.
Cén áit ar féidir liom fáil réidh le cadhnraí ídithe?
De réir an dlí, caithfidh aon siopa a dhíolann cadhnraí seanchadhnraí den chineál céanna a thógáil ar ais don athchúrsáil saor in aisce. Tá boscaí gorma le haghaidh athchúrsáil cadhnraí ar taispeáint i roinnt siopaí anois. Ní gá cadhnraí nua a cheannach nuair a thugann tú dramhchadhnraí ar ais chuig siopa agus is cuma má cheannaigh tú na cadhnraí ídithe in áit éigin eile. Glactar le dramhchadhnraí in aon cheann d’Ionaid Athchúrsála na Comhairle freisin. Ná cuir cadhnraí san araid bhruscair tí! Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar dhramhchadhnraí.  
Cé na táillí ar Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin a úsáid?
Tá sonraí iomlána na dtáillí a bhaineann le sealbhóirí tí, agus na gcineálacha dramhaíola a nglactar leo san Ionad Cathartha Athchúrsála, ar fáil ar leathanach gréasáin Pháirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin.  
Conas is féidir liom mo sheancharr a dhiúscairt?
Is féidir le húinéirí carr a seanfheithiclí a thabhairt chuig Saoráid Chóireála Údaraithe chun é a dhiúscairt agus a athchúrsáil r bhealach atá slán ó thaobh an chomhshaoil de, saor in aisce. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar fheithiclí a bhfuil a ré caite. Mar rogha air sin, cuireann Comhairle Contae DLR seirbhís bailithe feithiclí ar fáil saor in aisce le haghaidh carranna príobháideacha.
Cé na hamanna a bhfuil sé ceadmhach oibreacha tógála a dhéanamh?
Cé nach bhfuil amanna socraithe sa dlí a chuireann teorainn le huaireanta oibre ar láithreáin tógála, tá treoir-amanna caighdeánacha ann a bhaineann le gníomhaíochtaí foirgníochta. Má tharlaíonn obair lasmuigh de na huaireanta sin, féadfar a mheas gur cúis le núis torainn í agus féadfaidh Oifigigh Sláinte Chomhshaoil na Comhairle imscrúdú a dhéanamh ina leith. Chomh maith leis sin, féadfar srianta a chur ar amanna oibre trí choinníollacha cead pleanála. Is iad na hamanna caighdeánacha a ghlactar leo le haghaidh gníomhaíochtaí tógála i nDún Laoghaire/Ráth an Dúin ná: Luan go hAoine: 8 a.m. to 7 p.m.; Sathairn: 8 a.m. to 2 p.m.; Domhnach agus Laethanta Saoire Bainc: ní cheadaítear obair. Tabhair faoi deara, áfach, nach bhfuil iontu seo ach treoir-amanna amháin, agus, in imthosca áirithe, d’fhéadfadh sé gur ghá oibreacha tógála a dhéanamh lasmuigh de na huaireanta seo. Chomh maith leis sin, níl feidhm ag na treoir-amanna seo i gcás aon chineál oibreacha éigeandála a dhéanfaidh an ESB, Iarnród Éireann, Bord Gáis, etc. Cliceáil ar an nasc chuig Núis Torainn le haghaidh tuilleadh eolais.
Conas is féidir liom aispeist a dhiúscairt?
Is cineál dramhaíola guaisí é aispeist a d’fhéadfadh baol do shláinte an duine a bheith ag baint léi mura ndéantar í a láimhseáil agus a dhiúscairt i gceart. Níor cheart do aon duine ach amháin sainchonraitheoirí dramhaíola a bhfuil an cead cuí acu aispeist a bhaint agus a iompar. Ní féidir aispeist a thabhairt chuig Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin ná chuig aon ionad dramhaíola eile de chuid na Comhairle. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais ar aispeist a bhaint agus a dhiúscairt.
An féidir liom dramhaíl a dhó?
Ní féidir! Tá sé in aghaidh an dlí dramhaíl tí nó ghairdín a dhó agus féadfar fíneáil suas le €3,000 a ghearradh ort as é a dhéanamh. Tá dó sa chúlghairdín díobhálach don chomhshaol, cruthaíonn sé núis do chomharsana agus d’fhéadfadh sé fadhbanna sláinte a chruthú freisin. Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Dramhaíl a Dhó.
Cén áit a bhfaighidh mé cóip den Chlár?
Níl Clár na dToghthóirí ar fáil don phobal mar gheall ar cheanglais dlí a bhaineann le rúndacht phearsanta. Tá Clár in Eagar ar fáil ó Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ach táille a íoc. Féach tuilleadh eolais faoi “Tá mé buartha go mbeidh mo shonraí ar fáil do dhaoine eile agus go bhfaighidh mé dramhphost” sna Ceisteanna Coitianta seo.
Conas is féidir liom an Dréacht-Chlár a cheadú?
ar an suíomh idirlín ag an nasc seo trí ghlaoch a chur ar Rannóg an Chláir ar 01 2054880. trí bhualadh isteach chuig oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire agus Dún Droma. trí bhualadh isteach chuig an leabharlann áitiúil, oifig an phoist nó stáisiún na ngardaí.
Conas is féidir liom an Stáisiún Vótála Áitiúil a aimsiú?
Déantar na láthair na Stáisiún Vótála a athbhreithniú sa tréimhse roimh aon toghchán/reifreann.  Aimsigh do Stáisiún Vótála    
Níl mé in ann teacht ar m’ainm nuair a dhéanaim cuardach ar an suíomh idirlín …
Chun go mbeimid i gcomhréir le rialacháin Cosanta Sonraí, tá an córas socraithe ar an gcaoi nach ndeimhneofar ach sonraí beachta ar an leathanach fiosrúcháin. Ar aibhsigh tú an baile fearainn ceart ar an liosta anuas? Ar thriail tú do shonraí a chuardach tríd an Eircode a chur isteach? Ar chuir tú do chéad ainm agus do shloinne iomlán isteach, e.g. d’fhéadfaí Anthony McVeigh a chur isteach mar Tony McVeigh? Is ionann na hiontrálacha ar an gclár agus an méid a chuir tú ar an bhfoirm. I gcás roinnt toghthóirí, tugadh ainm dóibh ach úsáideann siad ainm eile, e.g., Margaret ach glaoitear Peggy uirthi. D’fhéadfadh sé gur chuir tú Patrick ar an bhfoirm ach go bhfuil Paddy nó Pat á chuardach agat. D’fhéadfadh sé go bhfuil spásanna nó sínte fada i sloinnte mar O’Reilly, McMahon/Mac nó in ainmneacha Gaeilge. D’fhéadfadh sé go bhfuil spás nó fleiscín san ainm. Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár i ndiaidh an 25 Samhain, ní fheicfidh tú d’ainm ar an gClár Beo ar líne go dtí go bhfoilsítear é ar an 1 Feabhra. Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár tar éis dó a bheith foilsithe ar an 1 Feabhra, ní fheicfidh tú d’ainm ar líne. Beidh d’ainm ar an Dréacht-Chlár a bheidh ar fáil ar líne ón 1 Samhain. 
Cén fáth gur baineadh m’ainm den Chlár?
Seoltar foirm RFA do shealbhóirí tí le linn mhíonna an tsamhraidh atá le líonadh isteach agus le seoladh ar ais chugainn chun gur féidir linn an clár a nuashonrú. Mura bhfuil d’ainm ar an bhfoirm seo, bainfear d’ainm den Chlár toisc nach n-áirítear ar an gClár seo ach daoine a luaitear go bhfuil gnáthchónaí orthu ag an seoladh áirithe sin.
Beidh mé 18 mbliana d’aois tar éis teacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra ach beidh me 18 mbliana d’aois roimh Lá na Vótála. An bhféadfar mé a áireamh ar an gClár?
Is féidir leat cur isteach le bheith san áireamh san Fhorlíonadh a chuirfear leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA2) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais roimh an dáta deiridh le bheith curtha san áireamh san Fhorlíonadh.
Cad é an táille má tá roinnt árasán á dtógáil agam i mbloc amháin?
Is é an táille ná €30 in aghaidh an bhloic árasán. Ní gá duit fógra tosaithe ar leith a fháil le haghaidh gach árasáin, e.g. 100 árasán i mbloc amháin = €30
An féidir liom aon rud a dhéanamh má tá Lá na Vótála tagtha ach nach bhfuil mo Chárta Vótála faighte agam?
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig ar dtús ar 01 205 4880 agus a chinntiú go bhfuil tú cláraithe ag an seoladh ceart agus go bhfuil an stádas/náisiúntacht cheart agat. Nuair a dheimhneofar an dá shonra seo, tabharfar treoracha duit chuig an Stáisiún Vótála cuí chun do vóta a úsáid.
Bhog mé chuig seoladh eile tar éis teacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra, an áireofar mé ar an gClár ag mo sheoladh nua má ghairfear Toghchán/Reifreann?
Is féidir leat iarraidh go n-áireofar thú ar an bhforlíonadh leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA3) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais chugainn roimh an dáta deiridh ar a n-áireofar daoine ar an bhForlíonadh.
Cad is brí le cineál Toghcháin?
Uachtarán: Is féidir le saoránaigh na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vóta a chaitheamh i Reifreann nó i dToghchán Uachtaráin, Toghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla. Dáil: Is féidir le saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (D) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla. Eoraip: Is féidir le saoránaigh an AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (E) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Eoraip agus i dToghcháin Áitiúla. Áitiúil: Is féidir le saoránaigh neamh-AE (L) vóta a chaitheamh i dToghcháin Áitiúla. *arna chur in iúl ar an gclár.  
Mura bhfuil mé cláraithe nuair a ghairtear Toghchán/Reifreann, an féidir liom vóta a chaitheamh?
Ní féidir. Caithfidh tú a bheith ar an gClár chun vóta a chaitheamh.
Chuir mé m'ainm isteach le bheith san áireamh san Fhorlíonadh ach ní fheicim m'ainm ar líne?
Ní chuirfear an Forlíonadh ar líne go dtí go bhfuil an dáta deiridh ar a n-áirítear ainmneacha air thart.
Tá m’ainm ar an gClár agus anois is Saoránach na hÉireann mé tar éis theacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra. An athrófar mo stádas ar an gClár má ghairtear Toghchán/Reifreann?
Is féidir leat foirm iarratais (RFA5) a líonadh amach chun go gcuirfear d’ainm ar an bhforlíonadh le Clár na dToghthóirí. Caithfidh tú an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus ní mór fianaise ar an tsaoránacht Éireann a chur leis, mar shampla cóip de do Dheimhniú Eadóirsithe nó den leathanach ábhartha de do Phas Éireannaigh.
Céard a tharlóidh mura n-íocaim na Rátaí?
Mura n-íoctar Rátaí, déanfar imeachtaí dlí a thionscnamh chun an fiach a bhailiú.
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Thithíocht Shóisialta?
Comhairleoirí (Iomlán: 14) John Bailey (Cathaoirleach)Anne ColganJim GildeaShay BrennanChris CurranCormac DevlinKate FeeneyMelisa HalpinPat HandDeirdre KingstonMichael MerriganBrian MurphyPeter O'BrienDenis O'Callaghan   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 6) An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (1)- Terence Corish (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1)- Kathy Irwin (Chambers Ireland ) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)- Liz Ferris (Chambers Ireland ) An Earnáil Cheardchumann (1)- Jimmy Jordan (Comhdháil na gCeardchumann) An Earnáil Phobail/Dheonach (1)- Kieron Brennan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)- Catherine Kenny (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)  
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Iompar agus Gluaiseacht ar fud an Chontae?
Comhairleoirí (Iomlán: 14) John Bailey Shay Brennan (Cathaoirleach)Liam DockeryDeirdre DonnellyPat HandDonal SmithDeirdre KingstonHugh LewisLettie McCarthyShane O'BrienSeamas O'NeillBarry SaulOssian SmythBarry Ward   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 7)   An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (2) - Keith Byrne (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)- Clare O’Sullivan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (2)- Pat Neill (Chambers Ireland)- Gregory Alken (Chambers Ireland ) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)- Tom Nolan (Chambers Ireland) An Earnáil Phobail/Dheonach (1)- Jim Colgan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)- Jim Nolan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)  
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Chomhshaol, Athrú Aeráide agus Fuinneamh?
Comhairleoirí (Iomlán: 12) Marie Baker Jennifer CuffeCormac DevlinMary FayneHugh LewisLynsey McGovern Carron McKinneySorcha Nic CormaicSeamas O'NeillBarry SaulCarrie SmythOssian Smyth (Cathaoirleach)   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 6) An Earnáil Talmhaíochta/Feirmeoireachta (1) - Denis Mulvey (Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann) An Earnáil Chomshaoil/Chaomhantais (1)- Diarmuid McAree (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1)- Peter Clancy (Chambers Ireland) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)- Errol Close (Chambers Ireland) An Earnáil Phobail/Dheonach (1)- Elizabeth Clooney (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1)- Marese Hegarty (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Pleanáil?
Comhairleoirí (Iomlán: 13) Marie Baker Anne Colgan Jennifer CuffeKevin Daly Karen Furlong Jim GildeaKarl GillCarron McKinneyMichael Merrigan (Cathaoirleach)Brian MurphyTom MurphyPatricia StewartGrace Tallon   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 7) An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (2)- Goff Lalor (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)- Rob Goodbody (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (2)- Matt Gallagher (Chambers Ireland)- Martin O'Donnell (Chambers Ireland) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)- Kevin Fitzgerald (Chambers Ireland) An Earnáil Phobail/Dheonach (1)- Paul O'Callaghan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Sóisialta (1)- Veronica Heywood (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)  
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fiontar?
Comhairleoirí (Iomlán: 13) Chris Curran Kevin DalyLiam DockeryKate FeeneyMelisa HalpinMary HanafinLettie McCarthyMichael MerriganTom MurphyPeter O'BrienDenis O'Callaghan Emma Blaine John KennedyBarry Ward (Cathaoirleach)   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 7) An Earnáil Chomhshaoil/Chaomhantais (1) - Tom Kivlehan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Forbartha/Foirgníochta (1) - Sean O'Neill (Chambers Ireland) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (2) - Dr Josephine Browne (Chambers Ireland)- Jim Leyden (Chambers Ireland) An Earnáil Cheardchumann (1) - Rosheen Callendar (Comhdháil na gCeardchumann) An Earnáil Phobail/Dheonach (1) - Aileen Eglinton (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (1) - Fardus Sultan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)  
Cé hiad baill an Choiste Beartas Straitéiseach um Fhorbairt Pobail, Cultúr agus Aosú?
Comhairleoirí (Iomlán: 12) Deirdre DonnellyMary FayneKarl GillMary HanafinLynsey McGovernSorcha Nic CormaicCarrie Smyth (Cathaoirleach)Patricia StewartGrace Tallon Emma Blaine John Kennedy Karen Furlong   Ionadaithe Earnála (Iomlán: 6) An Earnáil Chomhshaoil/Chaomantais (1)- Victoria White (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Ghnó/Tráchtála (1)- Larry O’Connor (Chambers Ireland ) An Earnáil Phobail/Dheonach (2)- Michele Relihan (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)- Tom Conlon (Líonra Rannpháirtíochta Pobail) An Earnáil Cuimsithe Shóisialta (2)- Clare Abdel-Basit (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)- Geraldine Graydon (Líonra Rannpháirtíochta Pobail)   
Cé chomh minic is a bhíonn cruinnithe ag na Coistí um Beartais Straitéiseacha?
Tagann gach Coiste um Beartais Straitéiseacha le chéile go rathúil (i.e. Márta, Meitheamh, Meán Fómhair & Mí na Nollag).
Tá mé faoi mhíchumas – cé na socruithe speisialta atá déanta dom?
Tá eolas do vótálaithe faoi mhíchumas ar shuíomh Idirlín na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil http://www.environ.ie/sites/default/files/migrated-files/en/Publications/LocalGovernment/Voting/FileDownLoad%2C1896%2Cen.pdf
Cad é an Oifig Luachála?
Is ionann an Oifig Luachála agus an ghníomhaireacht Stáit a dhéanann réadmhaoin a luacháil. Is é príomhghnó na hOifige Luachála ná luachálacha cruinne, suas chun dáta i dtaca le háitribh tráchtála agus tionscail a chur ar fáil d’íocóirí rátaí agus d’údaráis rátála de réir mar a leagtar síos le reacht (san Acht Luachála 2001  go príomha).  Cuireann an Oifig seirbhísí comhairleoireachta ar fáil freisin do Ranna Rialtais, Údaráis Áitiúla, Boird Sláinte agus na Coimisinéirí Ioncaim. Féach suíomh Idirlín na hOifige le haghaidh tuilleadh http://www.valoff.ie/en/
Conas a iarraim faisnéis faoi na Rialacháin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis Chomhshaoil (RFC)?
Agus tú ag iarraidh faisnéise faoi na Rialacháin AFC, ní mór duit: d’iarratas a chur isteach i scríbhinn nó i bhfoirm leictreonach agus a lua go bhfuil sé á dhéanamh faoi na Rialacháin RFC do shonraí teagmhála a chur ar fáil an fhaisnéis chomhshaoil atá ag teastáil a lua ar bhealach chomh soiléir agus is féidir más mian leat an fhaisnéis a fháil i bhformáid ar leith nó go mbeidh teacht agat air ar bhealach ar leith, ní mór duit é sin a lua san iarratas. Tá oibleagáid orainn freagra a thabhairt laistigh de mhí ón dáta a bhfaightear an t-iarratas. Cuir an t-iarratas chuig: Conor PeoplesAn tOifigeach um Shaoráil FaisnéiseAn Rannóg um Sheirbhísí Corparáideacha & Acmhainní DaonnaComhairle Contae Dhún LAoghaire-Ráth an DúinBóthar na MaraDún LaoghaireCo. Bhaile Átha Cliath  Teil:  01 2047053 Facs:  01 2806969 Rphost: foi@dlrcoco.ie Teil oifige:  01 2047053 Rphost oifige:  foi@dlrcoco.ie Foráiltear sna Rialacháin RFC go bhfaighidh daoine rochtain ar fhaisnéis chomhshaoil atá i seilbh údarás poiblí nó atá á coinneáil dóibh agus nach mbíonn ar fáil ar bhealaí eile go rialta.     Feidhmíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1996 agus 2003 i gcomhthráth leis na Rialacháin RFC. Ciallaíonn sé seo gur féidir le daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis chomhshaoil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus faoi na Rialacháin RFC. Más mian leat rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh na Comhairle faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, breathnaigh ar an Rannóg um Chosaint Sonraí.  
An bhfuil cead achomhairc agam?
Má cheapann tú nach bhfuil do chearta cosanta sonraí á n-urramú ag an gComhairle, ní mór duit teagmháil leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí san eagraíocht, an tUas. Tom Mahon. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra uainn, féadfaidh tú teagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí – is iad seo a leanas na sonraí: Oifig an Choimisinéara Cosanta SonraíTeach na CanálachBóthar an StáisiúinCúil an tSúdaireCo Laoise ÍosGhlao:  1890 252 231            Teil:  057 868 4800        Facs:  057 868 4757 Rphost:  info@dataprotection.ie Suíomh Idirlín:  https://www.dataprotection.ie/docs/Home/4.htm
Céard iad sonraí teagmhála na hOifige Luachála?
An Oifig LuachálaIrish Life CentreSráid na Mainistreach ÍochtarachBaile Átha Cliath 1 Fón Fiosrúcháin Ghinearálta: (01) 817 1000Facs:            (01) 817 1180Rphost:           info@valoff.ieSuíomh:       http://www.valoff.ie/en/ 
Cad a tharlóidh má iarraim athbhreithniú ar an luacháil inrátaithe?
Buailfidh Luachálaí (a thugtar Oifigeach Athbhreithnithe air/uirthi) ón Oifig Luachála isteach chugat chun an áitreabh a mheas. Nuair is féidir, déanfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe teagmháil leat roimh an iniúchadh chun coinne a shocrú. Nuair atá an t-iniúchadh déanta ar an áitreabh, seolfaidh an tOifigeach Athbhreithnithe dréacht -deimhniú chugat ina luafar an luacháil mholta agus sonraí eile faoin áitreabh. Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil nó leis na sonraí eile ar an dréacht-deimhniú, féadfaidh tú aighneachtaí a chur chuig an Oifigeach Athbhreithnithe laistigh de 28 lá ón dáta a n-eisítear an dréacht-deimhniú, féach http://www.valoff.ie/en/  
Cad is féidir liom a dhéanamh mura bhfuil mé sásta leis an luacháil inrátaithe?
Mura bhfuil tú sásta leis an luacháil inrátaithe ar d’áitreabh, féadfaidh tú iarratas i scríbhinn a chur chuig an gCoimisinéir Luachála le go leasófar luacháil an áitribh. Ní féidir ach iarratas amháin a chur isteach ar luacháil a leasú nuair atá athrú ábhartha ar an áitreabh, áfach, mar shampla, méadú nó laghdú ar an achar urláir. Caithfidh táille a bheith ag gabháil leis an iarratas. Is é an táille reatha ar áitreabh a liostáil ná €250. Féadfaidh an tÚdarás Rátála leasú ar luacháil áitribh a iarraidh freisin. Chomh maith leis sin, féadfaidh an Coimisinéir Luachála leasuithe ar luacháil a thionscnamh, féach http://www.valoff.ie/en/
Tá mo chárta vótála ar iarraidh. An féidir liom vóta a chaitheamh?
Ní éigeantach é an cárta vótála a bheith agat chun vóta a chaitheamh. Fiú má tá an cárta vótála faighte agat, beidh ort ceann amháin de na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat mar chruthúnas céannachta: Pas Ceadúnas tiomána reatha Cárta aitheantais fostaí a bhfuil grianghraf air Cárta aitheantais mic léinn a d’eisigh institiúid oideachais agus a bhfuil grianghraf air Doiciméad taistil a bhfuil ainm agus grianghraf air Leabhar Bainc nó Coigiltis nó Comhar Creidmheasa Cárta Deimhnithe Cónaithe sealadach Seic-chárta seic* Cárta creidmheasa* Teastas breithe* Teastas pósta* A cheque card* A credit card* A birth certificate* A marriage certificate*   *Ní mór go mbeidh doiciméad eile ag gabháil leis na ceithre rud dheireanacha ar a dtaispeánfar seoladh an duine sa dáilcheantar nó sa  toghlimistéar áitiúil.
Tá imní orm go mbeidh mo shonraí ar fáil do dhaoine eile agus go gcuirfear dramhphost chugam.
Ó 2004, caithfidh údaráis chlárúcháin dhá leagan den Chlár a fhoilsiú – an Clár Iomlán agus an Clár Atheagraithe. Tá liosta de gach duine atá i dteideal vóta a chaitheamh ar an gclár iomlán agus ní féidir é a úsáid ach do chuspóir toghchánach nó do chuspóir reachtúil eile. Tá ainmneacha agus seoltaí daoine ar féidir iad a úsáid do chuspóir nach cuspóir reachtach ná toghchánach é ar an gClár atheagraithe, e.g. le húsáid ag eagraíocht tráchtála nó eagraíocht eile le haghaidh margaíocht dhíreach. Roghnaigh bosca an diúltaithe ar an bhfoirm chlárúcháin chun nach gcuirfear do shonraí san áireamh ar an gClár Atheagraithe.
Cé na Comhairleoirí Áitiúla atá an faoi láthair?
Liosta na gComhairleoirí Áitiúla atá ann faoi láthair: http://ecouncil.dlrcoco.ie:9071/mgMemberIndex.aspx?VW=TABLE&PIC=1&FN=ALPHA
Má bhím thar lear nuair a thiomsaítear an Clár, an féidir liom fanacht ar an gClár fiú mura mbeidh mé i mo chónaí ag mo sheoladh baile?
Is féidir leat fanacht ar an gClár má tá sé ar intinn agat filleadh ar d’áitreabh laistigh de 18 mí.
Cathain a fhoilsítear Féilire na gCruinnithe?
Faomhann an Coiste um Eagrú, Nós Imeachta agus Prótacal an féilire uair sa ráithe (i.e. Márta, Meitheamh, Meán Fómhar agus Nollaig). Foilsítear an féilire ar an suíomh Idirlín nuair atá sé faofa. 
Conas a fhaighim rochtain ar mo shonraí pearsanta?
Faoi Alt 3 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá ceart agat a fháil amach, saor in aisce, má tá faisnéis ort i seilbh na Comhairle. Tá an ceart agat chomh maith tuairisc ar an bhfaisnéis a fháil agus ar an gcuspóir/na cuspóirí atá leis an bhfaisnéis sin a bheith aici. Faoi Alt 4 de na hAchtanna um Chosaint Sonraí, tá an ceart agat cóip den fhaisnéis phearsanta a fháil. Baineann sé seo le gach cineál faisnéise, e.g. faisnéis i scríbhinn, CCTV, etc. Tá tú i dteideal fios a bheith agat cén áit a bhfuarthas an fhaisnéis, cén chaoi ar baineadh úsáid aisti agus ar tugadh í d’aon duine eile. Tá ar an gComhairle freagra ar d’iarratas a chur chugat laistigh de 21 lá faoi Alt 3. Ní mór aon iarratas ar shonraí pearsanta a chur ar aghaidh i scríbhinn, sa phost, ar ríomhphost nó i bhfacs. Féadfar go n-iarrfar fianaise chéannachta ort chun nach dtabharfar faisnéis phearsanta don duine mícheart. Cuir d’iarratas chuig: An tUas. Tom Mahon An tOifigeach Cosanta Sonraí An Rannóg Chorparáideach, Cumarsáide agus Rialachais. Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Bóthar na Mara Dún Laoghaire Co. Bhaile Átha Cliath   Líne Dhíreach: 01 2054787 Facs:  01 2806969 Rphost: tmahon@dlrcoco.ie Rphost Oifige: foi@dlrcoco.ie Ní mór gach aon sonra a thabhairt a d’fhéadfadh a bheith ina chabhair don Chomhairle Contae thú a aithint agus do shonraí a aimsiú, e.g. aon seoladh roimhe seo agus/nó dáta breithe. Chomh maith leis sin, ní mór a bheith soiléir faoi na sonraí atá á lorg agat mura bhfuil ach faisnéis áirithe ag teastáil uait. Ba cheart go bhfaighfeá na sonraí seo laistigh de 40 lá ó dháta an iarratais
An gcaithfidh m’iarratas a bheith i scríbhinn?
Ní mór go ndéanfar iarratais i scríbhinn agus go seachadfar iad de láimh, sa phost nó i bhfacs. Ní mór iarratais a chur chuig: An tUas. Conor Peoples An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise An Rannóg Chorparáideach, Cumarsáide agus Rialachais Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Bóthar na Mara Dún Laoghaire Co. Bhaile Átha Cliath Líne Dhíreach:  01 2047053Facs: 01 2806969 Ríomhost:  foi@dlrcoco.ie Ní mór duit a lua go bhfuil an fhaisnéis á hiarraidh agat faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí. Ba cheart gur leor an fhaisnéis sna hiarratais chun gur féidir linn na taifid i gceist a aithint. Ní mór go sonraítear iontu freisin an fhormáid ina bhfuil rochtain ar na taifid á lorg, mar shampla fótachóip de na taifid, breathnú ar chomhad, ríomhphost, etc. Má roghnaíonn tú ár bhFoirm Iarratais ar Shaoráil Faisnéise, tá sé ar fáil faoin gceannteideal ‘Related Documents’ thuas.
An mbeidh orm táille a íoc agus iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise á dhéanamh agam?
Cé nach bhfuil aon táille ar an iarratas tosaigh ar Shaoráil Faisnéis, féadfaidh an Chomhairle táillí cuardaigh, aisghabhála agus cóipeála a ghearradh faoi réir na dtairseach a leagtar amach san Acht. Féach an doiciméad ceangailte dar teideal ‘Táille ar Shaoráil Faisnéise’ le haghaidh breis eolais. Táillí eile I gcomhréir le hAlt 27 den Acht, féadfar táillí a ghearradh as an am a chaitear ag aimsiú taifead agus as aon chostas fótachóipeála a thabhaítear ag cur an ábhair a iarradh ar fáil. Ní ghearrfar táillí maidir le taifid phearsanta, seachas i gcás go bhfuil líon mór taifead i gceist. Socraítear na táillí ar thaifid a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil de réir Ionstraim Reachtúil Uimh. 484 de 2014 mar seo a leanas: €20 san uair don chuardach agus aisghabháil € 0.04 ina aghaidh an leathanaigh don fhótachóipeáil € 10 le haghaidh CD-ROM Ní mór go mbeidh orduithe airgid nó seiceanna a n-íocfar as táillí agus muirir leo iníoctha le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Laghduithe agus Tarscaoilte Tarscaoilfear táille maidir le taifid a chuardach, a aisghabháil agus a chuardach nuair  nach mó an costas ná €100.
Cad é an liúntas atá in íoctha le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirleach Údaráis Áitiúla faoi Alt 143?
Alt 143 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 (arna leasú): €30k do liúntas an Chathaoirligh €6k do liúntas an LeasChathaoirligh
Cad é an Ráta Bliantúil Luachála?
Tar éis an Buiséad Bliantúil a mheas gach bliain, cinneann baill thofa na Comhairle Contae (Comhairleoirí) an ráta bliantúil luachála a ghearrfar an bhliain dár gcionn.
Cad is Luacháil Inrátaithe ann?
Tugann an Coimisinéir Luachála san Oifig Luachála luacháil inrátaithe do gach áitreabh. Tá an Coimisinéir Luachála neamhspleách ar na hÚdaráis Áitiúla.
Cad dó a mbaintear úsáid as an airgead ó rátaí?
Maoinítear raon de sheirbhísí a chuireann an Chomhairle Contae ar fáil ar fud an Chontae leis an iocam ó rátaí.
Cad is brí leis an "ráta a dhéanamh"?
Gach bliain, tar éis chruinniú an Bhuiséid Bhliantúil, ullmhaítear na leabhair Ráta le haghaidh an Chontae agus bíonn siad ar fáil don phobal le hiniúchadh ar feadh 14 lá. Tar éis na 14 lá, déanann an Bainisteoir Contae an ráta a dhéanamh agus greamaítear séala na Comhairle de na leabhair Ráta. Tarlaíonn sé seo go ginearálta go déanach i mí Eanáir nó go luath i mí Feabhra gach bliain. Fógraítear an dáta a ndearnadh an Ráta sna meáin gach bliain.
Cé atá faoi dhliteanas rátaí a íoc?
Tá an t-áititheoir ar an dáta ar a ndéantar an ráta faoi dhliteanas go príomha i leith rátaí na bliana iomláine a íoc agus, i gcás go mainníonn sé/sí iad a íoc, cuirfear an chéad áititheoir eile faoi dhliteanas i gcúinsí áirithe. Má bhíonn áitreabh folamh, beidh an t-úinéir nó an duine atá i dteideal an t-áitreabh a áitiú faoi dhliteanas i leith na rátaí a íoc ach beidh sé/sí cáilithe na rátaí a d’íoc sé nó sí a fháil ar ais faoi réir critéir shonraithe áirithe a chomhlíonadh. Rinneadh an ráta do 2013 ar an 24 Eanáir, 2013.
An féidir liom achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil ansin?
Nuair atá an t-athbhreithniú inmheánach i gcrích, féadfaidh tú athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh sin a iarraidh ar an gCoimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Caithfear achomhairc chun an Choimisinéara a dhéanamh laistigh de mhí ó chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh. Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chun an choimisinéara freisin mura bhfreagraíonn an Chomhairle d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh laistigh de mhí. Caithfear achomhairc chun an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil a dhéanamh i scríbhinn agus a sheoladh chuig: Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil 18 Sráid Líosain Íochtarach Baile Átha Cliath 2 Teil:   01 6395689 Rphost:  info@ocei.ie Tá tuilleadh sonraí teagmhála agus breis eolais ar Oifig an Choimisinéir ar fáil ar www.ocei.ie. Féadfaidh tríú páirtithe a bhfuil tionchar ag cinneadh na Comhairle orthu achomharc a dhéanamh chun an Choimisinéara in aghaidh chinneadh na Comhairle. Ní mór duit an táille cheart ar d’achomharc a áireamh (breis eolais i Rannán na dTáillí).  
Cé atá freagrach as Rátaí a íoc?
Tá an t-áititheoir ar an dáta ar a ndéantar an dáta faoi dhliteanas go príomha as rátaí na bliana iomláine a íoc agus, má theipeann air/uirthi iad a íoc, cuirfear an fhreagracht ar an gcéad áititheoir eile i gcúinsí áirithe. Má bhíonn áitreabh folamh, áfach, is é an t-úinéir nó an duine atá “i dteideal an t-áitreabh a áitiú” ar an dáta a ndéantar an ráta a bheith freagrach as na rátaí a íoc ach beidh sé/sí cáilithe d’aisíoc na rátaí a íocann sé/sí faoi réir chritéir shonraithe a chomhlíonadh.
Cad é mo Cheart chun Achomhairc?
Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ar d’iarratas nó má theipeann ar an gComhairle freagra a chur chugat laistigh den tréimhse atá sannta dó sin, féadfaidh tú athbhreithniú inmheánach ar an gceist a iarraidh. Déanfaidh oifigeach na Comhairle nach raibh baint aige leis an gcinneadh bunaidh an t-athbhreithniú sin. Ní mór duit an t-achomharc a dhéanamh laistigh de mhí ón dáta ar a bhfuair tú an litir faoin gcinneadh agus ní mór don Chomhairle freagra a chur chugat maidir leis an achomharc laistigh de mhí ón dáta ar a bhfuair sí an t-achomharc. Cuir an t-achomharc chuig: Conor Peoples Oifigeach um Shaoráil Faisnéise An Rannóg Chorparáideach, Cumarsáide agus Rialachais Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Bóthar na Mara Dún Laoghaire Co. Bhaile Átha Cliath.   Teil:  01 2047053   Facs:  01 2806969   Rphost: foi@dlrcoco.ie
An bhfuil ceart achomhairc chun an Choimisinéara Cosanta Sonraí?
An Coimisinéir Cosanta Sonraí Má mheasann tú nach bhfuil an Chomhairle ag urramú do chearta cosanta sonraí, ba cheart duit teagmháil linn. Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, féadfaidh tú teagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí – sonraí mar seo a leanas: Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí Teach na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSudaire, Co. Laoise. ÍosGhlao:  1890 252 231            Teil:  057 868 4800        Facs:  057 868 4757 Rphost:  info@dataprotection.ie Suíomh Idirlín:  https://www.dataprotection.ie/docs/Home/4.htm
Conas a íocaim na rátaí?
Is féidir leat na rátaí a íoc ar na bealaí seo a leanas: Trí Shochar DíreachIs féidir leat na rátaí a íoc ina ngálaí míosúla le linn bliana amháin.  Trí Ghíoró Bainc Aistriú Creidmheasa/Ríomhaistriú AirgidTá Gíoró Bainc ceangailte leis an Éileamh Rátaí.  Leis an mBailitheoir RátaíFéach na sonraí thíos Sa PhostSeiceanna, Ordú Airgid, Orduithe Poist. Go pearsantaIn oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire agus i nDún Droma. Ní ghlacfar le hairgead tirim in oifigí na Comhairle i Halla an Chontae ná i nDún Droma. Chomh maith leis sin, níor cheart airgead tirim a sheoladh sa phost.  
An gá dom na Rátaí a íoc má tá an t-áitreabh folamh?
Má tá an t-áitreabh folamh ar an lá a ndéantar an ráta agus má tá sé ar fáil lena ligean nó má tá sé á athchóiriú, is gá rátaí a íoc leis an gComhairle. Féadfaidh an tÍocóir Rátaí aisíoc ar na rátaí a fháil fad gur íocadh rátaí na bliana iomláine agus gur comhlíonadh cúinsí áirithe. Beidh ar an Íocóir Rátaí Foirm Aisíoca Rátaí agus gealltanas reachtúil a chomhlánú agus fianaise i bhfoirm doiciméid ar iarrachtaí an t-áitreabh a ligean nó a athchóiriú a chur ar fáil. Is ionann an t-aisíoc atá ar fáil do 2015 agus 2016 agus 75% de na rátaí ar a mhéad.  
Cad a tharlóidh mé bhím fós míshásta leis an luacháil athbhreithnithe?
Mura bhfuil tú sásta leis an Luacháil athbhreithnithe ón oifigeach Athbhreithnithe tá ceart breise agat chun achomharc a dhéanamh chun an Bhinse Luachála. Is foras neamhspleách é an Binse Luachála a bunaíodh é chun díospóid faoi luachálacha a réiteach. Ní mór duit iarratas i scríbhinn a chur chuig an mBinse Luachála laistigh de 29 lá ón dáta ar a bhfuair tú an fógra nó an cinneadh ón Oifigeach Athbhreithnithe. Ba cheart an táille chuí a bheith ag gabháil leis. Seo a leanas sonraí teagmhála an Bhinse Luachála:  Urlár a haonOrmond HouseCé Urumhan UachtarachBaile Átha Cliath 7 Fón: (01) 872 8177  Facs: (01) 872 8060 Rphost: info@valuation-trib.ie Is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse Luachála, faoi réir achomharc a dhéanamh ar phoc dlí chun na hArd-Chúirte. 
An bhfuil tacaí airgeadais ar fáil d’íocóirí rátaí i gComhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin?
Cuireann an Oifig Fiontair Áitiúil raon de thacaí airgeadais ar fáil do ghnóthaí cáilithe  i gContae Dhún Laoghaire Rath an Dúin. Orthu siúd, tá an Scéim um Áitribh Tráchtála Folmha a bunaíodh chun spreagadh a thabhairt do ghnóthaí nua áitribh tráchtála atá folamh le tréimhse níos faide ná 6 mhí a áitiú. Tá sonraí na scéime seo agus tacaí airgeadais eile ar fáil ag: www.localenterprise.ie/dlr/financial-supports
Conas a íocaim na Rátaí?
Is féidir leat do rátaí a íoc ar na bealaí seo a leanas: Dochar DíreachIs féidir leat na rátaí a íoc ina ngálaí míosúla le linn na bliana. Sainordú Dochair Dhírigh do Rátaí Tráchtála Gíoró Bainc Aistriú Creidmheasa/Ríomhaistriú Airgid Ceanglaítear Gíoró Bainc leis an Éileamh Rátaí.  Cárta Creidmheasa/Dochair Teileafón 01 2054821 nó 01 2054339 (€5,000 ar a mhéad) Go pearsantaIn oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire nó i nDún Droma le cárta creidmheasa nó dochair. €5,000 ar a mhéad.  Gálaí Má tá deacracht agat do bhille iomlán a íoc, déan teagmháil linn ar 01 2054339.  Tabhair faoi deara nach nglacfar le hairgead tiri in oifigí na Comhairle agus nár cheart airgead tirim a sheoladh sa phost.
Má bhogann tionónta nua isteach in áitreabh agus má tá rátaí dlite le híoc don áitreabh sin, an féidir go gcaithfidh sé/sí a bheith freagrach astu?
Ba cheart don áititheoir nua a chinntiú go bhfuil na rátaí go léir, lena n-áirítear rátaí na bliana reatha, agus gach dliteanas eile íoctha sula gcuirfear an díolachán i gcrích nó sula sannfar an léas i leith aon áitreabh inrátataithe.  
Céard iad Rátaí Údaráis Áitiúil?
Is ionann rátaí agus cáin bunaithe ar mhaoin a ghearrann Údaráis Áitiúla ar áititheoirí áitreabh tráchtála/tionscail ina limistéar riaracháin.  
Tá íocaíocht ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha (NPPR) íoctha agam ach ní chuimhin liom na sonraí?
B'fhearr d'uimhir PSP a chur ar fáil dúinn nó uimhir chlárúcháin an NPPR, a d'fhéadfadh a bheith seolta chugat i ríomhphost nuair a d'íoc tú.  
Cén duine ar cheart dom teagmháil leis/léi má tá ceist agam faoi mo bhille rátaí?
Ba cheart d’íocóirí rátaí teagmháil leis an mBailitheoir Rátaí dá limistéar. Is féidir le híocóirí rátaí teagmháil leis an Oifig Rátaí freisin ar 01-2054821 nó ríomhphost a chur chuig rates@dlrcoco.ie. An Charraig Dhubh/Dún Laoghaire/Stigh Lorgan Is é P.J. Meaghar an Bailitheoir Rátaí gníomhach don limistéar ó theorainn an Chontae le Cathair Bhaile Átha Cliath go lár Dhún Laoghaire. Ar a chuid limistéar tá Baile an Bhóthair, an Charraig Dhubh, Baile na Manach, an limistéar ó Bhaile na Manach go Bóthar na Mara i nDún Laoghaire agus Stigh Lorgan/Cluain Sceach. Is féidir teagmháil leis ar (01) 205 4798 nó 086 8585867 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig pjmeagher@dlrcoco.ie. Dún Laoghaire/Seanchill Is í Emma Hynes an Bailitheoir Rátaí d’iarthar an Chontae. Ar a cuid limistéar tá an chuid de Dhún Laoghaire ó Bhóthar na Mara go Glas Tuathail, Glas Tuathail, Deilginis, Seanchill, Coill na Silíní, Baile an tSionnaigh. Is féidir teagmháil léi ar (01) 205 4895 nó 086 0204632 trí ríomhphost a sheoladh chuig ehynes@dlrcoco.ie. Dún Droma/Áth an Ghainimh Is í Barbara Hanney an Bailitheoir Rátaí d’iarthar an Chontae. Ar a cuid limistéar tá Dún Droma, Stigh Lorgan, Áth an Ghainimh, Rathfearnáin agus Baile an Teampaill. Is féidir teagmháil léi ar (01) 204 7088 nó 086 1714135 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig bhanney@dlrcoco.ie.
Dá mba rud é go ndearna mé “aighneachtaí” cheana féin nuair a eisíodh na Deimhnithe Luachála molta an bhliain seo chaite?
Rinne an Coimisinéir Luachála breis is 2,200 aighneacht ó íocóirí rátaí a mheas sular eisigh sé na Deimhnithe Luachála deiridh. Má tá aighneachtaí déanta agat cheana féin a ndearnadh an Coimisinéir cinneadh fúthu, tá sé fós de cheart agat achomharc a dhéanamh. Ba cheart duit a choinneáil i gcuimhne, áfach, go mbeadh an Coimisinéir tar éis na nithe i do chuid aighneachtaí a mheas sular eisigh sé an Deimhniú Luachála.
Dá mba rud é go mbeinn fós míshásta leis an luacháil tar éis an achomhairc?
Tá ceart breise chun achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Luachála ann. Ní achomharc bailí a bheidh in achomharc chuig an mBinse Luachála mura leanann sé cinneadh an Choimisinéara Luachála maidir leis an gcéad achomharc. Caithfhidh an t-achomharc a bheith i scríbhinn agus ní mór go sonrófar forais an achomhairc ann. Caithfear an t-achomharc a dhéanamh laistigh de 28 lá agus ní mór go mbeidh an táille chuí a bheith ag gabháil leis. Tá tuilleadh eolais ar an mBinse Luachála ar www.valuation-trib.ie/
An cinneadh deiridh é chinneadh an Bhinse Luachála?
Is cinneadh deiridh é cinneadh an Bhinse Luachála ó thaobh méid na luachála de. Tá ceart breise achomhairc ann, áfach, chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí agus, sa deireadh, chuig an gCúirt Uachtarach.
Céard iad sonraí teagmhála na Rannóige Rátaí i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin?
  An Rannóg RátaíAn Rannóg AirgeadaisComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an DúinHalla an ChontaeBóthar na MaraDún LaoghaireCo. Bhaile Átha Cliath Fón:              (01) 205 4821 Facs:             (01)  280 5581 Rphost:          rates@dlrcoco.ie Suíomh:         www.dlrcoco.ie/
Conas is féidir liom na táillí uisce a íoc?
Is féidir leat na táillí uisce a íoc ar na bealaí seo a leanas  Aistriú Gíoró BaincBeidh Gíoró Bainc ceangailte den bhille. Sa PhostSeiceanna, Orduithe Poist nó Orduithe Airgid Go PearsantaLe seic in oifigí na Comhairle.   Ní ghlacfar le hairgead tirim in oifigí na Comhairle i Halla an Chontae ná i nDún Droma. Níor cheart airgead tirim a sheoladh sa phost ach oiread. 
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má tá fadhbanna uisce agam nó fadhbanna leis na seirbhísí dramhuisce?
   Teagmháil le:     Seirbhís/ Láthair An Rannóg Muirear Uisce Fiosrúcháin faoi bhillí nó faoi ghnéithe eile de tháillí uisce (Tabhair faoi deara go bhfuil eolas ginearálta ar tháillí uisce ar fáil ar www.dlrcoco.ie)  Fón:(01) 2047074 Oibríochtaí Soláthair Uisce – Soláthar, cothabháil, pléascadh, etc. Iarthar an Chontae – Uimhir Fóin Iosta Áth an Ghainimh:(01) 2955063 Braemor, Gleann Cuilinn, Bóthar na Gráinsí, Cill Tiarnáin, Fearann na Scéimhe, Arda Bhaile na Lobhar, Marlaí, Moreen, An Gleann Nua, An Garrán Cnó, Páirc na Saileach, Gleann na Giúise, Baile Mhic Fheorais, Bóthar Bhaile Uí Chuinn, Eastát Tionscail Áth an Ghainimh, Áth an Ghainimh, Seanchill, An Chéim, Eastát Tionscail Stigh Lorgan, Bóthar Chnoc na Sceiche, Gleann Shruthán na Coille, Baile Uí Ógáin, Barr na Coille, Baile an Teampaill (Iarthar), Cluain Ard, Mainistir Chorcaí, Bóthar Falls, Bóthar Ghleanntán na Raithní Oirthear an Chontae – Uimhir Fóin Iosta Shráid Sheoirse:(01) 2054700 Baile an Bhóthair, An Naigín, Cuas an Ghainimh, Seangánach, Trimbelston, An Baile Breac, An Charraig Dhubh, Deilginis, Dún Laoghaire, Glas Tuathail, Cill Iníon Léinín, Baile Uí Lachnáin (Thuaidh), Baile na Manach Lár an Chontae –Uimhir Fóin Iosta Bhóthar na Grúdlainne (01) 2884650 Belfield, Baile an tSaoir, Cábán tSíle, Baile an Teampaill (an tOirthear amháin), Cluain Sceach (an Deisceart amháin), Cúirt Choirnéil, Gráinseach an Déin, Dún Droma, Faiche na Rás, Baile na nGabhar, Baile na Lobhar (seachas na hArda), Cnoc Mhuirfean, Ascaill Bhaile an Róistigh, Stigh Lorgan, Na Glasáin Oibríochtaí Draenála –  Cothabháil an phríomhshéaraigh, etc.       Oirthear an Chontae – Uimhir Fóin Iosta Phlás Sheoirse:(01) 2054700 Baile an Bhóthair, An Baile Breac, An Charraig Dhubh, Deilginis, Dún Laoghaire, Glas Tuathail, Cill Iníon Léinín, Baile Uí Lachnáin, Baile na Manach, An Naigín, Cuas an Ghainimh, Seangánach (Thuaidh), Trimelston An chuid eile den Chontae – Uimhir Fóin Iosta Áth an Ghainimh:(01) 2955124 Gach ceantar de chuid Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin seachas iad siúd a luaitear thuas Lasmuigh de na Gnáthuaireanta  –  Uisce & Draenáil  –   Gach ceantar  –  (01) 677 8844      
Cé a eisíonn na billí uisce tráchtála?
Cuireann an tÚdarás Áitiúil ábhartha na billí uisce tráchtála amach. Cuirfidh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin na billí amach dá ceantar féin.
Conas a ghearrtar é?
Tá táille bhliantúil sheasta ar an tseirbhís a bheith ar fáil chomh maith le táille méid atá bunaithe ar mhéid an uisce a úsáidtear.
Cé a shocraíonn an méid atá le híoc agam?
Tá an táille ar sholáthar uisce agus ar bhailiú agus cóireáil dramhuisce bunaithe ar chostas iarbhír na seirbhíse sin. Tá méadar ar an soláthar uisce, a mhéid is indéanta, agus tá na billí bunaithe ar an eolas seo. 
Cén buntáiste a bhaineann le méadar uisce dom?
Tá táillí uisce bunaithe ar tháille sheasta bhliantúil anois móide táille bunaithe ar mhéid an uisce a úsáidtear – dá laghad an t-uisce a úsáideann tú, is ea is lú airgid a íocann tú. Gheofar faisnéis ón gcóras méadar maidir le húsáid uisce agus cuireann an córas fógra chuig an gcustaiméir agus chuig na hÚdaráis Áitiúla nuair a d’fhéadfadh sé go bhfuil sceitheadh ann. B’fhéidir go mb’fhiú do chustaiméirí an úsáid uisce a reatha a scrúdú ag féachaint le huisce a chaomhnú agus airgead a shábháil dá mb’fhéidir é. Tá tuilleadh comhairle ar fáil ar líne ag www.taptips.ie/at-work.htm. Ní bhaintear úsaid as rátaí tráchtála a thuilleadh chun seirbhísí uisce a mhaoiniú.
Cá suiteáiltear na méadair uisce?
Cuirtear na méadair agus trealamh léite na méadar taobh amuigh den chuid is mó agus chomh gar agus is féidir do theorainn an áitribh. I gcásanna áirithe, áfach, mar gheall ar bhrú ar na seirbhísí nó easpa spáis, is gá na méadair a shuiteáil taobh istigh den áitreabh.
Conas a léim mo mhéadar uisce?
  Eolas maidir le do Mhéadar Uisce a léamh  (pdf -404kb)  PDF 404 KB
Cé atá freagrach má tá sceitheadh ann?
Tá an custaiméir freagrach as gach sceitheadh a théann leis an sruth; áirítear ann sin an t-uisce go léir a thomhaiseann an méadar chomh maith le haimsiú agus deisiú an sceite. I bhformhór na gcásanna, beidh an Chomhairle freagrach as sceitheadh ar aghaidh an tsrutha nó ag méadar an chustaiméara. Is é an eisceacht ná nuair is gá méadar a shuiteáil laistigh d’áitreabh an chustaiméara. Sa chás sin, beidh an custaiméir freagrach as sceitheadh in aghaidh an tsrutha chomh fada le teorainn an áitribh nó leis an mbuacaire i limistéar poiblí. I gcásanna eisceachtúla, nuair atá sceitheadh ag acomhal an méadair agus phíobán an chustaiméara ag dul leis an sruth, d’fhéadfadh an Chomhairle a bheith freagrach as an sceitheadh a dheisiú agus an úsáid uisce a bhaineann leis an sceitheadh. Má mheasfar gurb é sin an cás, déanfaidh an Chomhairle tochailt chun breathnú ar an acomhal seo ar éarlais de €750 a íoc. Ní dhéanfar an éarlais agus an t-uisce ón sceitheadh a aisíoc nó a chur chun sochar do chuntais ach amháin má bhíonn an t-acomhal ag sceitheadh. I gcás go bhfuil sceitheadh sa phíobán a nascann an méadar le teorainn an chustaiméara, beidh an fhreagracht as an úsáid uisce ar an gcustaiméir mar a léirítear thuas ach déanfaidh an Chomhairle an deisiú ar son an chustaiméara agus íocfar as an gcostas leis an éarlais.
Cad a tharlaíonn má tá gnó sa bhaile?
Mura bhfuil sé indéanta méadar ar leith a chur ar an úsáid tráchtála, cuirfear liúntas baile i bhfeidhm agus asbhainfear an méid sin ón méid uisce a sholáthrófar.
Cé chomh minic is a gheobhaidh mé bille?
Eisíonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin trí bhille sa bhliain.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil má bhíonn ceist agam faoin mbille?
Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg na dTáillí Uisce, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath nó ar cheann de na bealaí seo a leanas: Teileafón: (01) 204 7074 Facs: (01) 280 5581 Ríomhphost: watercharges@dlrcoco.ie Suíomh gréasáin: www.dlrcoco.ie
Cé na daoine a mbeidh orthu táillí uisce a íoc?
Ní mór d’úsáideoirí tráchtála uile na seirbhíse uisce táillí uisce a íoc. Faoin mbeartas praghsála uisce, ní chuirtear maoiniú rialtais ar fáil do na húdaráis áitiúla ach le haghaidh seirbhísí uisce tí amháin. Tá brí ‘uisce tí’ sainmhínithe go cruinn agus is é is ciall leis ná uisce chun gnáthchuspóirí tí laistigh de shuíomh cónaithe. Tá saincheanglas ar na húdaráis áitiúla méadar a chur ar an uisce tráchtála go léir a sholáthraítear agus táillí a ghearradh air sin agus níl aon rogha ann ó thaobh eisceachtaí toisc nach bhfuil aon fhoinse maoinithe eile ann. Faoi mar atá i gcás fóntas eile, níl aon rogha ann táillí uisce a tharscaoileadh. Murab ionann agus soláthraithe fóntas príobháideach, ní féidir brabús a dhéanamh ar an tseirbhís. Táthar ag súil go mbeidh tomhaltóirí airdeallach ar an méid uisce a úsáidtear agus go ndéanfaidh siad iarracht uisce, ar acmhainn luachmhar theoranta é, a chaomhnú. Cuirtear a lán uisce amú nuair nach múchtar an sconna nó trí sceitheadh ó sconnaí agus ó phíobáin. Gearrtar de réir méide i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é "údar an truaillithe a íocfaidh as" agus le Creat-Treoir an AE maidir le hUisce (2000/60/EC).
Cén fáth nach bhfuil soláthar uisce i mo theach?
D’fhéadfadh sé gur múchadh an t-uisce chun príomhphíobán a pléascadh i do cheantar a dheisiú. Cuir ceist ar do chomharsana le feiceáil an bhfuil t-uisce acu. Má tá soláthar uisce ag do chomharsana, seans gur fadhb inmheánach i d’áitreabh féin atá ann. Sa chás sin, bheadh ort pluiméir a aimsiú chun breathnú ar an gcóras.
Tá na draenacha tachta. Cad is féidir liom a dhéanamh?
Tá úinéir an áitribh freagrach as an draein an bealach ar fad chuig príomhshéarach na Comhairle, fiú má ritheann an draein thar spás poiblí, e.g. thar an gcosán agus/nó thar an mbóthar. Nuair a ghlaofar amach é, beidh Cigire na Comhairle in ann suíomh an tachta a aimsiú trí scrúdú a dhéanamh ar dhúnphollta shéarach na Comhairle.  Má tá séarach na Comhairle glan, ciallaíonn sé sin go bhfuil tachtadh i ndraein phríobháideach an tí/na dtithe. Sa chás sin, ba cheart do shealbhóir an tí comhlacht oiriúnach a aimsiú chun an tachtadh a ghlanadh. Cliceáil ar Chothabháil Draenacha Príobháideacha le haghaidh tuilleadh eolais.   
Tá aerbhac ann. Conas is féidir liom fáil réidh leis?
Cliceáil ar an nasc seo le haghaidh eolais ar aerbhac a réiteach., Air Locks(pdf -56kb)     
An féidir liom an teas lárnach a úsáid má tá an t-uisce múchta?
Má shuiteáil conraitheoir cláraithe an córas téimh lárnaigh, ba cheart go rithfí é ó umar inmhéadaithe (nó ‘expansion tank’ mar is fearr aithne air sa Bhéarla) ar leith san áiléar. Níor cheart go mbeadh aon tionchar ag dúnadh an phríomhphíobáin uisce ar an uisce sin agus ba cheart go mb’fhéidir an córas a rith go slán. Ní mór duit, áfach, deimhniú air sin a fháil ón té a shuiteáil an córas nó ón bpluiméir.
Cad a dhéanfaidh mé má bhíonn tionchar ag tionscadal beartaithe nó ag oibreacha tógála bóthair ar m’áitreabh?
Má tá spéis agat i dtionscadal bóthair atá beartaithe nó má tá barúlacha agat le tabhairt faoi sin, ba cheart duit aighneacht a dhéanamh le linn thréimhse an Chomhairliúcháin phoiblí nó teagmháil a dhéanamh le hInnealtóir an Tionscadail de chuid na Comhairle Contae. Beidh sonraí an Innealtóra san áireamh i sonraí na scéime. I gcásanna ina bhfuil sé beartaithe go bhfaighidh an Chomhairle seilbh ar thalamh le haghaidh tionscadail bóthair, déanfaidh an Chomhairle teagmháil dhíreach leis an úinéir/áititheoir. Má thagann saincheisteanna chun cinn agus an bóthar á thógáil, mar fhadhbanna rochtana, damáiste, nó uisce nó cumhacht a stopadh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hInnealtóir Cónaitheach na scéime sin sa Chomhairle a chabhróidh leat. Scaipfear a s(h)onraí teagmhála i mbileog i gceantar na scéime sula dtosófar na hoibreacha, nó beidh siad ar fáil trí theagmháil le hOifig na Comhairle um Thionscadail Bhóthair ar 00 353 (1) 2054839 nó trí ríomhphost a chur chuig roadprojects@dlrcoco.ie.
Conas is féidir liom sonraí tionscadail atá beartaithe a fheiceáil?
Foilseoidh an Chomhairle dearaí tosaigh le haghaidh an tionscadail roimh phróiseas comhairliúcháin phoiblí. Nuair a fhaomhfar iad, cruthófar an dearadh mionsonraithe. Mairfidh tréimhse an chomhairliúcháin phoiblí ar feadh 8 seachtaine agus fógrófar é sna meáin náisiúnta agus trí bhileoga a scaipeadh sa cheantar. Reáchtálfaidh an Chomhairle imeachtaí eolais phoiblí um thráthnóna i rith na tréimhse comhairliúcháin phoiblí in ionad sa cheantar ina mbeidh na hoibreacha beartaithe ar siúl. Chomh maith leis sin, beidh líníochtaí ar fáil le breathnú orthu le linn na tréimhse comhairliúcháin phoiblí sa Roinn Pleanála i Halla an Chontae, Dún Laoghaire agus in Oifigí na Comhairle i nDún Droma. Bíonn sonraí agus líníochtaí a bhaineann le tionscadail reatha agus le tionscadail bheartaithe ar fáil freisin. 
Conas is féidir liom fabhtanna bóthair nó cosáin a thuairisciú?
Conas is féidir liom fabhtanna bóthair nó cosáin a thuairisciú? Ba cheart fabhtanna cosáin mar phollta, scoilteanna, turnamh, etc. a thuairisciú don Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair. Ba cheart cineál an fhabht agus suíomh cruinn an fhabht a áireamh sa tuairisc, i.e. seoladh an áitribh is cóngaraí don fhabht. Is féidir fabhtanna cosáin nó bóthair a thuairisciú ar cheann de na bealaí seo a leanas: Ríomhphost: roadmaintenance@dlrcoco.ie Fón: 01-2054879 I scríbhinn chuig: An Rannóg Cothabhála Bóithre, An Rannóg Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Conas is féidir liom fabhtanna sna soilse sráide a thuairisciú?
Ba cheart fabhtanna sa Soilsiú Poiblí a thuairisciú don Rannóg Soilsithe Phoiblí, an Rannóg Iompair. Ba cheart uimhir an chuaille solais, an seoladh is cóngaraí don solas agus cineál an fhabht a áireamh i dtuairisc ar fhabht, i.e. solas múchta / lasta 24–7 / ag lasadh agus ag múchadh, etc. Is féidir fabhtanna sa Soilsiú Poiblí a thuairisciú ar cheann de na bealaí seo a leanas: Ríomhphost: lighting@dlrcoco.ie Fón: 01-2054809 I scríbhinn chuig: An Rannóg Soilsithe Phoiblí, An Rannóg Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Cad a dhéanfaidh mé má tá crainn nó fálta ar áitreabh príobháideach ag fás amach ar chosán poiblí nó ar bhóthar poiblí?
Má bhíonn fálta nó sceacha ó áitreabh príobháideach ag fás amach ar an mbóthar nó ar an gcosán agus más contúirt atá ann, ní mór duit suíomh/seoladh na faidhbe a thuairisciú don Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair. Is féidir teagmháil leis an Rannóg Cothabhála Bóithre ar na bealaí seo a leanas:  Ríomhphost: roadmaintenance@dlrcoco.ie Fón: 01-2054879 I scríbhinn chuig: An Rannóg Cothabhála Bóithre, An Roinn Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Conas a fhaighim amach cé atá i mbun oibreacha cosáin nó bóthair?
Má bhíonn oibreacha idir lámha ar mhaith leat eolas orthu a fháil, i.e. cuspóir nó fad, is féidir leat teagmháil leis an Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair. Is féidir leat teagmháil linn ar na bealaí seo a leanas: Ríomhphost: roadmaintenance@dlrcoco.ie Fón: 01-2054879 I scríbhinn chuig: An Rannóg Cothabhála Bóithre, An Roinn Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Conas a dhéanfaidh mé ainmchláir nó fógraí atá damáistithe, caite nó in easnamh ar fad a thuairisciú?
Má thugann tú faoi deara go bhfuil ainmchláir bhóthair nó fógraí treo damáistithe, loite nó meirgeach, etc., is féidir leat an fhadhb agus an suíomh a thuairisciú don Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair. Is féidir teagmháil linn ar na bealaí seo a leanas: Ríomhphost: roadmaintenance@dlrcoco.ie Fón: 01-2054879 I scríbhinn chuig: An Rannóg Cothabhála Bóithre, An Roinn Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Rath an Dúin Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath
Cé na nithe ar cheart dom ceadúnas a fháil dóibh?
Boird agus cathaoireacha taobh amuigh d'áitreabh tráchtála Dúnadh sealadach bóithre Fógraí ar bhóithre poiblí maidir le himeachtaí Eolas áitiúil nó comtharthaí treo bóthair comhairleacha
Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar athnuachan marcanna bóthair atá tréigthe?
Ní mór iarratais ar athnuachan línte bóthair a chur i ríomhphost chuig traffic@dlrcoco, nó i scríbhinn chuig an Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. Tabhair sonraí beachta na suíomhanna atá i gceist. Déanfaidh an tInnealtóir Tráchta an suíomh a scrúdú agus más gá na línte a athnuachan, cuirfear an t-eolas sin chuig an gconraitheoir línte le háireamh ar a liosta oibre. Tabhair faoi deara nach n-áirítear athnuachan línte mar chuid de phróiseas an Ghrúpa Chomhairligh maidir le Trácht (nó ‘TAG’ mar is fearr aithne air sin sa Bhéarla).
Conas a iarrfaidh mé tuairisc ar sheicheamhú soilse tráchta?
Cuir d’iarratas i scríbhinn chuig an Rannóg Cothabhála Bóithre, an Rannóg Iompair, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath nó cuir na sonraí i ríomhphost chuig traffic@dlrcoco.ie. Tá táille sheasta de €100 ar na costais riaracháin móide táille bhreise de €50 má tá mapaí/líníochtaí ag teastáil. Áireofar aon fhabht a tuairiscíodh le linn na tréimhse iarrtha, líníocht den phasléaráid agus cóip de na hamanna sa tuairisc.  
Conas a iarrfaidh trasrian coisithe le haghaidh mo cheantair?
Is ionann trasrian coisithe agus láthair den tsráid ar a dtugann solas tráchta ceart slí do choisithe. Is féidir trasrian coisithe le haghaidh do cheantair a iarraidh i ríomhphost chuig: traffic@dlrcoco.ie nó i scríbhinn chuig an Rannóg Iompair, an Rannóg Cothabhála Bóithre, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath. Cuir na sonraí seo a leanas ar fáil leis: D’ainm agus do sheoladh Ainm na sráide nó an bhóthair ar mian leat go gcuirfear trasrian coisithe air An chúis a measann tú gur gá le trasrian coisithe san áit sin Grianghraf den suíomh (más féidir) Fiosróidh an Rannóg Iompair d’iarratas, ag cur leithead an bhóthair san áireamh chomh maith le cé chomh cóngarach is atá sé do phointí trasnaithe eile, na comhairimh ó thaobh sruth na gcoisithe de, méid an tráchta agus stair na dtimpistí chun cinneadh a dhéanamh an gá le trasrian coisithe ar an suíomh sin nó nach gá. I gcásanna áirithe, nuair nach gá le solas tráchta, breathnóidh an Rannóg Tráchta ar thearmann nó oileán do choisithe a chur ar fáil.
Conas a dhéanfaidh mé iarratas ar Dhúnadh Sealadach Bóthair?
Sula ndéanfar aon iarratas ar dhúnadh sealadach bóthair, IS GÁ don iarratasóir teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Tráchta den Rannóg Iompair i ríomhphost chuig traffic@dlrcoco.ie, nó trí ghlaoch a chur ar (01) 205 4700 chun cruinniú a shocrú leis an Innealtóir Tráchta ábhartha.   Nuair atá plé déanta agat leis an innealtóir tráchta agus má mheastar gur oiriúnach an dúnadh, is féidir leat an fhoirm iarratais ar dhúnadh bóthair a chomhlánú agus a chur chuig an Rannóg Tráchta, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Co. Bhaile Átha Cliath.
Conas a iarrfaidh mé bearta moillithe tráchta le haghaidh m'eastáit?
Toisc go bhfuil acmhainní airgeadais le haghaidh beart moillithe tráchta teoranta, d’earcaigh an Rannóg Tráchta Innealtóir Comhairleach chun tosaíocht a thabhairt do na hiarratais ar mhoilliú tráchta i Nollaig 2007 mar bhealach chun an maoiniú a dháileadh go cuí sna ceantair ar mó gá iontu. Tá tuilleadh eolais air seo ar fáil sa tuarascáil “Prioritisation of Traffic Calming Schemes in the Dún Laoghaire Rathdown County Council Area” (2008). Mar thoradh ar shrianta maoinithe ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Rannóg Tráchta tosaíocht do chur i bhfeidhm na 16 scéim a aithníodh sa tuarascáil le haghaidh Timpistí a Fhiosrú agus a Chosc (nó ‘Accident Investigation and Prevention (AIP) mar is fearr aithne air sa Bhéarla) nuair a bheidh maoiniú ar fáil thar Liostáil na Scéimeanna Moillithe Tráchta Tosaíochta. Is gá AIP a dhéanamh sna ceantair sin mar gheall ar líon ard na dtimpistí ar na sráideanna, acomhail agus/nó sna ceantair timpeall ar na suíomhanna a ndearnadh measúnacht orthu. Idir an dá linn, cuirfear aon iarratas ar mhoilliú tráchta ar liosta le meas agus cláir moillithe tráchta don todhchaí á gceapadh. I gcás nach bhfuil an Chomhairle freagrach as eastát, ní bheidh aon chumhacht ag an gComhairle bearta moillithe tráchta a chur ar fáil mar rampaí moillithe, etc. Ba cheart imní maidir le tiománaithe ag dul go róthapa, maidir le tiomáint neamh-airdeallach nó maidir le tiomáint chontúirteach i gceantar a chur faoi bhráid an Stáisiúin Gardaí áitiúil.
Cé leis a ndéanfaidh mé teagmháil maidir le mórlánaí bus nó raonta rothar?
Tá an Rannóg Tráchta i gcomhar leis an Oifig um Pleanáil Tráchta agus Tionscadail Bhóithre agus Oifig Tionscadail Ghréasán na Mórlánaí Bus freagrach as an nGréasán Bus a chur ar fáil de réir mar a leagtar amach i Straitéis Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath “Platform for Change” agus Iompar 21. Tá raonta rothair á gcur ar fáil againn ar bhonn leanúnach agus leanfaimid leis sin de réir ár ndoiciméid polasaí rothaíochta. Chomh maith leis sin, táimid fós ag cur saoráidí páirceála rothar ar fáil ar eochairshuíomhanna  ar fud an chontae
Céard iad na céimeanna a bhaineann le bóthar a thógáil nó le mórfheabhsuithe bóthair a dhéanamh?
Mar chuid de thionscadal bóthair nua nó de mhórthionscadal feabhsaithe bóthair, déanfar próiseas deartha agus comhairliúcháin a bhfaomhfaidh Baill thofa na Comhairle Contae faoi Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 nó a bhfaomhfaidh an Bord Pleanála ag brath ar mhéid agus ar scóip an tionscadail. Féadfaidh an Bord Pleanála Éisteacht ó Bhéal a reáchtáil a mbeidh Cigire a cheapfaidh an Bord ina chathaoirleach uirthi chun éisteacht le fianaise an údaráis mholta agus aighneachtaí na bpáirtithe leasmhara.
An bhfuil dualgas ar úinéirí athrú ar áitiú áitribh inrátaithe a chur in iúl don Údarás Áitiúil?
Tá sé de cheanglas ar úinéirí áitribh inrátaithe ón 1 Iúil 2014, fógra a thabhairt don údarás áitiúil ábhartha nuair a bheidh athrú ar áitiú a n-áitribh, i.e. nuair atá áitreabh á dhíol, nuair atá áititheoir nua ann nó nuair a thagann an t-áitreabh chun bheith folamh. Ní mór d’úinéirí Foirm Alt 32 a chomhlánú laistigh de 14 lá ó dháta an athraithe. Gearrfar pionós airgeadais ar úinéirí nach gcuireann fógra chuig an údarás áitiúil laistigh de 14 lá. Is ionann méid an phionóis seo agus méid is comhionann le dhá bhliain de na rátaí dlite ón áititheoir roimhe sin. Fanfaidh aon phionós nach n-íocann úinéir an áitribh ábhartha mar thoradh ar nár tugadh fógra ina mhuirear ar an áitreabh. Ba cheart d’íocóirí rátaí cuimhneamh go bhfuil ceanglas dlí orthu na rátaí tráchtála go léir atá dlite uathu a íoc sula bhfágfaidh siad an t-áitreabh nó sula ndíolfar an t-áitreabh nó sula n-aistreofar leas san áitreabh. Fanfaidh aon rátaí atá dlite agus nach bhfuil íoctha ag úinéir an áitribh ábhartha ina muirear ar an áitreabh. Cliceáil anseo chun Foirm Alt 32 a íoslódáil http://www.dlrcoco.ie/sites/default/files/atoms/files/section_321.pdf
Céard a tharlóidh má tá mé faoi dhliteanas roinnt blianta?
Má tá dliteanas ort, seans go ngearrfar pionós ort as an íocaíocht a bheith déanach.
Tá mo Dheimhniú Luachála Deiridh faighte agam ón Oifig Luachála. Cad ba cheart dom a dhéanamh anois?
Ba cheart duit na doiciméid go léir a chuir an Oifig Luachála chugat a scrúdú, an sliocht ó Thuarascáil an Luachálaí go háirithe, agus a dheimhniú go bhfuil tú sásta go bhfuil sé i gceart. Beidh litir faighte agat ón gComhairle chomh maith i mí Eanáir ag cur do dhliteanais rátaí do 211 in iúl duit chomh maith le luach d’áitribh agus an dáta is deireanaí le haghaidh achomharc a dhéanamh.  Mar chuid den phróiseas athluachála, eisíodh Deimhnithe Luachála d’Íocóirí Rátaí i Meitheamh agus i Meán Fómhair anuraidh. Tugadh cuireadh d’íocóirí an t-am sin uiríll a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Luachála. Rinne níos mó ná 2,200 íocóir uiríll. Mheas an Coimisinéir aon uiríll a rinneadh sular eisigh sé na Deimhnithe Luachála deiridh. Mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Choimisinéara maidir le do luacháil, is féidir leat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh. Beidh ort an t-achomharc a dhéanamh faoin 8 Feabhra 2011. Measfaidh an Coimisinéir Luachála d’achomharc agus déanfaidh sé cinneadh laistigh de 6 mhí ón dáta a bhfuarthas an t-achomharc.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais ar mo luacháil nó ar an bpróiseas athluachála?
Má bhíonn aon cheist agat, is féidir leat ríomhphost a chur chuig revalinfo@valoff.ie nó glaoch a chur ar (01) 817 1033. Íosghlaoch a dhéanamh ar 1890 531 431 nó breathnaigh ar shuíomh idirlín na hOifige Luachála ar www.valoff.ie/revaluation.html.  
Cad é Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála agus an gá dom é a íoc?
Is muirear é Tobhach Réadmhaoine na Bliana Iontrála a gcuireann an tÚdarás Áitiúil i bhfeidhm é i leith áitreabh nuathógtha go dtí go ngearrfar rátaí tráchtála. Tugadh isteach é den chéad uair in 2007 faoin Acht Rialtais Áitiúil (Ceantair Feabhsúcháin Gnó) 2006, a achtaíodh ar an 24 Nollaig, 2006.  

Cad is athluacháil ann?
Is éard atá i gceist le hathluacháil ná Liosta Luachála suas chun dáta a chruthú de na háitribh tráchtála agus tionscail go léir laistigh de cheantar an údaráis rátála, faoi threoir luachanna cíosa áitreabh ar an dáta luachála sonraithe arbh é, i gcás cheantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an 30 Meán Fómhair, 2005. Athdháilfear an dliteanas rátaí tráchtála idir íocóirí rátaí mar thoradh ar an athluacháil.  
Cé atá freagrach as Athluacháil a dhéanamh?
Ba é an Coimisinéir Luachála a thionscain athluacháil Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, de réir na gcumhachtaí a dhílsítear ann faoin Acht Luachála, 2001, tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin araon mar a éilítear sa reachtaíocht. Rinne sé an tOrdú Luachála ar an 27 Meitheamh 2008, rud a chuir tús leis an bpróiseas i gContae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Cén fáth gur thionscain an Coimisinéir Luachála an próiseas Athluachála?
Ní raibh na Liostaí Luachála roimhe sin ag teacht leis na hathruithe móra a tháinig ar luachanna réadmhaoine thar na blianta. D’fhéach an Coimisinéir le tuilleadh córa, cothromaíochta agus trédhearcachta a thabhairt isteach i gcóras rátála na nÚdarás Áitiúil trí luachálacha a bheith ag teacht le luachanna cíosa áitreabh. Déantar é seo chun a chinntiú go measfar rátaí tráchtála de réir liosta suas chun data de luachálacha ar áitribh tráchtála agus tionscail.
Caithfidh nach bailí an 30 Meán Fómhair 2005 i gcomhthéacs an mheathlaithe sa mhargadh?
Ní fhéadfaí locht a fháil ar dhuine as an tuairim sin a bheith aige nó aici. An toradh atá air sin ná go measfaidh íocóirí rátaí go bhfuil an mheasúnacht ar a rátaí níos airde ná mar ba cheart toisc go bhfuil laghdú ar a luachanna cíosa. Ní hamhlaidh atá. Tá dáta an luachála bunaidh gan tábhacht nach mór mar leasaítear iolraitheoir na Comhairle (ráta bliantúil ar an luacháil nó ARV mar is fearr aithne air sa Bhéarla) chun a chinntiú go mbeidh na leibhéil chéanna rátaí le híoc, beag beann ar dháta na Luachála. 
Conas a oibríonn dáileadh an Dliteanais Rátaí seo?
Is fearr é sin a mhíniú le sampla. Breathnaigh ar an méid seo a leanas:   Áitreabh A Áitreabh B Áitreabh C Rátaí Iomlána Luacháil Inrátaithe €200 €200 €200   Ráta Bliantúil ar an Luacháil (ARV) – Roimh Athluacháil €69.20 €69.20 €69.20   Dliteanas Rátaí – Roimh Athluacháil €13,840 €13,840 €13,840 €41,520 Luach Cíosa  €60,000 €81,500 €100,000   ARV i ndiaidh Athluachála   €0.170 €0.170 €0.170   Dliteanas Rátaí i ndiaidh Athluachála €10,200 €13,855 €17,000 €41,055 Roimh an athluacháil, bíonn an luacháil agus an measúnú rátaí mar an gcéanna i leith gach áitreabh. Tógann an Chomhairle rátaí de €41,520 isteach san iomlán. I ndiaidh na hathluachála, léiríonn na luachálacha rátaí na luachanna cíosa ar an margadh oscailte (ón dáta luachála, an 30 Meán Fómhair 2005). Is léir, i ndiaidh na hathluachála, go bhfuil an measúnú rátaí le haghaidh áitreabh A laghdaithe, go bhfuil áitreabh B nach mór mar an gcéanna ach go bhfuil measúnú méadaithe ag áitreabh C. Tógann an Chomhairle níos lú airgid isteach ar an iomlán freisin. 
Conas a ríomhtar na Rátaí Tráchtála?
Ríomhtar na rátaí trí luach an áitribh a iolrú faoin ráta bliantúil ar luacháil (ARV). Tá an Coimisinéir Luachála freagrach as luachálacha agus tá an tÚdarás Áitiúil freagrach as an ARV. Seo a leanas soiléiriú ar an dá théarma sin: Luacháil: Is é an Coimisinéir Luachála a chinneann luacháil áitreabh. Is é bunús na luachála ná an Glanluach Bliantúil (nó an NAV mar is fearr aithne air sa Bhéarla), i.e. luach cíosa an áitribh ar an margadh oscailte ar dháta luachála sonraithe. Chun cuspóirí athluachála, is é an dáta luachála ábhartha in Dún Laoghaire ná an 30 Meán Fómhair, 2005. Ráta Bliantúil ar Luacháil (ARV): "Is éard atá sa “Ráta Bliantúil ar Luacháil” (a tugadh “an ráta sa phunt” air roimhe sin), ná iolraitheoir  go bunúsach, agus cinneann an Chomhairle é ag an gCruinniú Buiséid Bliantúil. Ansin, “déanann” an Bainisteoir Contae an ráta tar éis próisis comhairliúcháin phoiblí. Is é an ráta bliantúil ar luacháil le haghaidh 2013 ná €0.1666. Léirítear an luacháil agus an ARV araon ar do bhille rátaí agus seo a leanas ríomh samplach:      Luacháil Inrátaithe x Ráta Bliantúil ar Luacháil = Rátaí       eg.     €100,000     x     €0.1648       =  €16,480.00  
Cathain a thagann na rátaí chun bheith dlite?
Íocfar na rátaí ina dhá ghála, an chéad ghála nuair a dhéantar an ráta agus nuair a fhaigheann áititheoir an áitribh an bille rátaí agus an dara gála faoin 1 Iúil. Mar rogha air sin, is féidir le híocóirí rátaí iad a íoc go míosúil trí dhochar díreach.
An féidir liom Tuirbín Gaoithe, Painéal Gréine nó Teaschaidéal a chur suas laistigh de chúirtealáiste an tí?
Is féidir. Ón 28.02.2007, tá siad díolmhaithe faoi Aicme 2 nua le rialacháin díolmhaithe, faoi réir teorainneacha. Tugann na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2007 éifeacht le forálacha i dtaobh forbairtí díolmhaithe maidir le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh teaghaisí agus luaitear go ndíolmhaítear painéal gréine a shuiteáil nó a chur suas ar chúirtealáiste an tí nó laistigh de chúirtealáiste an tí, nó ar aon fhoirgnimh laistigh de chúirtealáiste an tí fad is a chomhlíontar na coinníollacha agus na teorainneacha seo a leanas: Painéil Ghréine: Beidh achar fearais iomlán aon phainéal den chineál seo chomh maith le haon phainéil a cuireadh ann roimhe seo ar nó laistigh de chúirtealáiste an tí 12 mhéadar chearnacha ar a mhéad nó 50% d’achar iomlán an dín, pé acu is lú: Beidh an fad idir plána an bhalla nó an díon claonta agus an painéal 15 cm ar a mhéad; Beidh an fad idir plána dín chothroim agus an painéal 50 cm ar a mhéad; Beidh na painéil ghréine 50 cm ar a laghad ó imeall aon bhalla nó ón díon ar a gcuirfear é; Ní bheidh eagar griancheall saorsheasaimh níos airde ná 2 mhéadar ag an bpointe is airde de, os cionn leibhéal na talún; Ní chuirfear eagar griancheall saorsheasaimh ar bhalla tosaigh an tí ná chun tosaigh ar bhalla tosaigh an tí; Ní bheidh an t-achar de spás oscailte ar chúl an tí nó le taobh an tí níos lú ná 25 méadar chearnacha toisc gur tógadh eagar griancheall saorsheasaimh. Tuirbíní Gaoithe: Tá díolmhú ann maidir le tuirbín gaoithe a fhoirgniú nó a thógáil ar chúirtealáiste an tí nó laistigh de chúirtealáiste an tí faoi réir na Rialachán seo a leanas (Aicme 2): Ní chuirfear an tuirbín suas ar nó laistigh de chúirtealáiste an tí nó greamaithe den teach nó d’aon fhoirgneamh nó d’aon struchtúr eile laistigh dá cúirtealáiste. Beidh airde iomlán an tuirbín 13 mhéadar ar a mhéad. Beidh trastomhas an rótair 6 mhéadar ar a mhéad. Beidh an glanspás íosta idir bior íochtair an rótair agus leibhéal na talún 3 mhéadar ar a mhéad. Ní bheidh fad an túir tacaíochta níos lú ná airde iomlán an struchtúir (lena n-áirítear lann an tuirbín ag an bpointe is airde dá stua) móide méadar amháin ó theorainn aon pháirtí. Ní bheidh na leibhéil torainn níos mó ná 43dB(A) agus an gnáthoibriú ar siúl, ná níos mó ná 5dB(A) thar an torann cúlra, pé acu is mó, de réir mar a thomhaistear é ón áitreabh is cóngaraí a bhfuil daoine ina gcónaí ann. Ní thógfar níos mó ná tuirbín amháin laistigh de chúirtealáiste an tí. Ní fhoirgneofar, ní thógfar ná ní chuirfear aon struchtúr den chineál seo chun tosaigh ar bhalla tosaigh an tí. Beidh bailchríoch neamhlonrach, neamh-fhrithchaiteach ar chomhpháirteanna uile an tuirbín agus beidh an lann déanta as ábhar nach sraontar comharthaí teileachumarsáide. Ní bheidh aon chomhartha, fógra ná rud greamaithe den tuirbín gaoithe ná taispeánta air mura gá leis ó thaobh feidhmiú nó sábháilteacht an tuirbín. Mar eolas – Tugann na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2008 (IR 256 de 2008) feidhm do na forálacha a bhaineann le forbairtí díolmhaithe i dtaca le fuinnimh in-athnuaite le haghaidh foirgnimh tionscail, áitribh ghnó agus gabháltais talmhaíochta.   Féach na Rialacháin le haghaidh tuilleadh eolais  
Conas a aistrítear uaigh?
Más maith leat úinéireacht uaighe a aistriú, ní mór go dtabharfaidh úinéir na huaighe cead i scríbhinn. Caithfidh siad litir a scríobh agus a shíniú ina gcuirtear in iúl: Uimhir na huaighe Ainm agus seoladh an duine a n-aistreofar an uaigh chuige Go dtuigeann siad go bhfuil siad ag scaoileadh gach ceart adhlactha don uaigh luaite Tá táille €65 + CBL @23%, Costas Iomlán €79.95 as an aistriú. Má tá úinéir na huaighe marbh, caithfidh an duine ar mian leis/léi an uaigh a ghlacadh foirm Dearbhaithe Sannacháin Díorthaigh a shíniú os comhair feidhmeannach síochána. Ta an fhoirm seo ar fáil ón oifig i nGráinseach an Déin. Féadfar go mbeidh litreacha ó neasghaol an úinéara de dhíth freisin ina gcuirfear in iúl nach bhfuil sé/sí i gcoinne an aistrithe, ach amháin má tá uacht ann ina gcuirtear a mhalairt in iúl. Sa chás sin, bíonn an uaigh mar chuid d’iarmhar an eastáit mura luaitear go sonrach í.
Cá mhéad atá ar uaigh nua?
Uaigheanna nua i Seangánach: €2,900 + táille adhlacthaUaigheanna nua i nGráinseach an Déin: €16,000 + táille adhlacthaNíl siad ar fáil le ceannach roimh bhás.     .  

Catagóirí

Back