An bhfuil an Chomhairle freagrach as Láithreáin Thréigthe?
Faoin Acht um Láithreáin Thréigthe, 1990, tá sé d’oibleagáid ar an gComhairle fógra a eisiúint d’úinéirí an láithreáin/na maoine chun an láithreán/an mhaoin a réiteach sa chaoi is nach mbeidh sé tréigthe.
Conas ba cheart dom Láithreán Tréigthe a thuairisciú?
Ba cheart tuairiscí a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart go mbeadh léarscáil a léireodh an limistéar/an mhaoin ag gabháil leis, (coinnítear sonraí an ghearánaí faoi rún).
Cé na céimeanna a bhaineann le láithreán a chur ar Chlár na Láithreán Tréigthe?
- Faightear gearán i scríbhinn;
- Déanfar iniúchadh chun eolas ar staid an láithreáin a fháil;
- Mura bhfuil sé tréighte, dúnfar an comhad agus cuirfear é sin in iúl don ghearánaí;
- Má tá sé tréigthe, seirbheálfar fógra a rá go gcaithfear oibreacha áirithe a dhéanamh laistigh de thréimhse áirithe;
- Déanfar an dara hiniúchadh le feiceáil an bhfuil na hoibreacha curtha i gcrích ag na húinéirí;
- Má bhíonn na hoibreacha i gcrích, dúnfar an comhad agus cuirfear é sin in iúl don ghearánaí;
- Mura gcuirfear na hoibreacha i gcrích, seirbheálfar an dara fógra, agus mura ndéanfar aon fheabhsuithe, cuirfear an láithreán ar Chlár na Láithreán Tréigthe;
- Gearrtar tobhaigh agus ús i leith láithreán tréigthe go bliantúil.
Cén difear atá idir Láithreán Tréigthe agus Foirgneamh Contúirteach?
Is láithreán gránna é Láithreán Tréigthe ach d’fhéadfadh Foirgneamh Contúirteach a bheith contúirteach don phobal i gcoitinne. Chun foirgnimh/struchtúir chontúirteacha a thuairisciú, déan teagmháil leis an Roinn Ailtirí.
An féidir le haon duine breathnú ar Chlár na Láithreán Tréigthe?
Is féidir. Is féidir le daoine den phobal breathnú ar Chlár na Láithreán Tréigthe ag an gcuntar poiblí ar Leibhéal 3 de Halla an Bhaile. Ní féidir fótachóipeanna a dhéanamh de bharr cosanta sonraí.
Fadhbanna bruscair nó creimirí a thuairisciú–
Fadhb: |
Teagmháil: |
|
Rannóg Bruscair DLR |
|
An Rannóg Forfheidhmiúcháin Dramhaíola |
|
Oifigeach Sláinte Chomhshaoil |
|
An Rannóg um Bainistiú Réadmhaoine |