Beidh an Toghchán Áitiúil ar siúl Dé hAoine, an 24 Bealtaine 2019.
Ritear Toghchán Áitiúil le Comhairle nua a bhunú, a fhanann i mbun oifige go ceann téarma cúig bliana. Tá 40 Comhalta Tofa ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, a dhéanann ionadaíocht do na Toghlimistéir Áitiúla (TLÁnna) seo a leanas:
• TLÁ na Carraige Duibhe [6 Chomhalta Thofa]
• TLÁ Dhún Droma [7 gComhalta Thofa]
• TLÁ Dhún Laoghaire [7 gComhalta Thofa]
• Gleann Cuilinn-Áth an Ghainimh [7 gComhalta Thofa]
• Cill Iníon Léinín-Seanchill [7 gComhalta Thofa]
• TLÁ Stigh Lorgan [6 Chomhalta Thofa]
Beidh tú i dteideal vótáil i dToghchán Áitiúil má tá tú cláraithe le vótáil agus os cionn 18 mbliana d’aois, nó más rud é go slánóidh tú 18 mbliana d’aois ar Lá na Vótaíochta nó roimhe sin. Is é Dé hAoine, an 24 Bealtaine 2019 Lá na Vótaíochta. Cliceáil anseo le Clár na dToghthóirí a Sheiceáil lena chinntiú go bhfuil tú cláraithe le vótáil nó téigh chuig ár leathanach ‘Clár na dToghthóirí’, áit a mbeidh tú in ann foirm a íoslódáil le hiarratas a dhéanamh le d’ainm a chur leis an bhforlíonadh le Clár na dToghthóirí ionas go mbeidh tú in ann vótáil sa toghchán.
Le liosta na n-ionad vótaíochta sa limistéar a fheiceáil, cliceáil anseo
Fógraí Vótaíochta maidir le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin