Tá 40 ionadaí a toghadh go daonlathach ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Is é ról na gComhairleoirí seo ná an creat polasaí ar laistigh de a bhfeidhmíonn an tÚdarás Áitiúil. Ar na freagrachtaí éagsúla atá orthu, a bhfuil liosta fada díobh ann (ar a dtugtar ‘feidhmeanna forchoimeádta’), tá:
- Fodhlíthe a dhéanamh, a leasú agus a chúlghairm
- An buiséad bliantúil a ghlacadh
- Plean Forbartha Contae a cheapadh nó a leasú
- Airgead a fháil ar iasacht
- Gradam cathrach a bhronnadh ar dhuine
Cathaoirleach
Toghann na comhaltaí Cathaoirleach gach bliain le haghaidh téarma de bhliain amháin agus Leas-Chathaoirleach as na comhaltaí. Gníomhaíonn an Cathaoirleach mar an chéad saoránach den Chontae agus, chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Údaráis Áitiúil, déanann sé/sí dualgais searmanais freisin. Déanann an Leas-Chathaoirleach na dualgais sin nuair nach bhfuil an Cathaoirleach ar fáil. Toghadh an Comhairleoir Cormac Devlin mar Chathaoirleach agus an Comhairleoir Shay Brennan mar Leas-Chathaoirleach ag an gcruinniú bliantúil ar an 13 Meitheamh 2016.