Is é atá beartaithe sa scéim ná an Pailliún Folcadán atá ann a choinneáil agus a dhaingniú mar spásanna d’ealaíontóirí, caife gailearaí agus áiseanna leithris poiblí.
Beartaítear freisin go mbainfear na struchtúir a bhfuil drochbháil orthu ar chúl an Phailliúin chun go gcruthófar bealach nua agus tírdhreachú a nascfaidh an siúlbhealach ag Baile Nua Mhic Gabhann leis an gCé Thoir agus le Páirc an Phobail araon.
Faoi dheireadh, beartaítear freisin síneadh de thart ar 50m amach chun na farraige a chur leis an bpíobán sceite uisce stoirme ag Faiche Bhaile Nua Mhic Gabhann (díreach ina aice leis na Folcadáin), na linnte sáile atá ann cheana féin a líonadh isteach agus saoráidí nua snámha agus cé ghearr a chruthú chun go mbeidh rochtain níos fearr ag daoine ar chiumhais an uisce.