Fógraítear leis seo gur gearradh Rátaí Contae ar an 27ú Eanáir, 2023 ar shealúchas atá faoi ráta i gContae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Is é 0.1801 an Ráta Bliantúil ar Luacháil le haghaidh sheirbhís na bliana airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2023.
MUIRIR CONTAE
Ráta Bliantúil ar Luacháil 0.1801
Tá na leabhair rátaí faoi mo chúram anois agus is féidir le haon duine lena mbaineann siad iniúchadh a dhéanamh orthu in Oifigí na Comhairle ag Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire agus beidh siad ar fáil ansin len iad a iniúchadh idir na h-uaireanta 10.00 r.n. agus 4.00 i.n. seachas Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Laethanta Saoire Bainc. Beidh na rátaí thuasluaite iníoctha ó dháta fhoilsithe an fhógra seo agus uaidh sin amach.
Arna dhátú 30ú Eanáir, 2023.
Helena Ní Chuinneagáin,
Stiúrthóir ar An Roinn Airgeadais agus Forbairt Eacnamaíochta,
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin,
Halla an Chontae,
Bóthar na Mara,
Dún Laoghaire.