Dúirt an Comh. Ed O’Brien, Méara Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas: “Beidh gach duine i mBaile Átha Cliath buíoch i gcónaí de gach oibrí agus oibrí deonach túslíne a d’oibrigh gan stad gan staonadh chun sinn a choimeád sábháilte i rith na paindéime seo. Ach is é an bealach is fearr is féidir linn go léir an buíochas sin a thaispeáint anois ná chun iarracht bhreise a dhéanamh chun cloí leis na treoirlínte agus moill a chur ar scaipeadh an víris. Táimid ag iarraidh oraibh go léir a bheith in bhur n-oibrithe deonacha agus deireadh a chur leis an idirghníomhú sóisialta, cuairteanna ar na háiteanna is fearr linn agus le himeachtaí sóisialta a eagraítear ar an toirt chun gur féidir linn scaipeadh an víris a theorannú arís.”
Dúirt an Dr Deirdre Mulholland, Stiúrthóir Sláinte Poiblí, FSS an Oirthir: “Má bhíonn comharthaí COVID-19 ar dhaoine, tá sé tábhachtach go ndéanann siad teagmháil lena ndochtúir agus go gcloíonn siad leis an gcomhairle a chuireann siad ar fáil. Má mholann ár ndochtúir nó comhairle Sláinte Poiblí dúinn chun aonrú a dhéanamh nó chun srian a chur ar ár ngluaiseachtaí, is tábhachtach go gcloímid leis an gcomhairle sin chun slabhra an tarchuir a ghearradh. Chun teacht ar eolas fút féin agus daoine eile a chosaint, tabhair cuairt, le do thoil, ar https://www2.hse.ie/coronavirus/.”
Dúirt an Coimisinéir Cúnta um Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal, an Garda Síochána, Paula Hilman: “Leanann Gardaí ar fud na tíre ag oibriú lenár gcomhpháirtithe sna hÚdaráis Áitiúla agus i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun freastal ar riachtanais phobal leochaileach agus ar deacair iad a aimsiú. Ó thús Phaindéim COVID-19 ar aghaidh, bhí ár n-acmhainní dírithe ar dhaoine a gcasaimid leo ‘a Spreagadh chun Páirt a Ghlacadh, Míniú a Thabhairt dóibh agus a Spreagadh’ chun cloí le Rialuithe Sláinte Covid. I gcásanna inar sainaithníodh daoine aonair nó grúpaí mar dhaoine aonair nó grúpaí leochaileacha, d’oibrigh Gardaí ar fud na tíre go dlúth le comhghleacaithe sna hÚdaráis Áitiúla, FSS agus seirbhísí deonacha lena chinntiú go ndearnadh teagmháil leo siúd a sainaithníodh agus gur tugadh an tacaíocht dóibh a theastaíonn uathu. De réir mar a thagann athrú ar na cúinsí, tá ar Ghardaí ar fud na tíre tacaíocht a thabhairt do dhaoine aonair agus dophobail. Leanaimid le hidirchaidreamh a dhéanamh lenár gcomhghleacaithe in FSS agus Údaráis Áitiúla chun freagairt oiriúnach a chur ar fáil don phobal. Ba cheart do dhuine ar bith a dteastaíonn cúnamh an Gharda Síochána uathu teagmháil a dhéanamh lena nGarda Pobail / a stáisiún Gardaí áitiúil go díreach nó, i gcás éigeandála, glaoigh ar 999 nó 112.”
Chun tú féin agus daoine eile a chosaint, molann FSS chun do lámha a ní i gceart agus go minic. Clúdaigh do bhéal agus do shrón le ciarsúr nó do mhuinchille nuair a dhéanann tú casacht nó sraothartach agus cuir ciarsúir a d’úsáid tú isteach i mbosca bruscair. Déan rudaí agus dromchlaí a leagtar lámh orthu go minic a ghlanadh agus dhíghalrú. Seachain teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile trí fhad dhá méadar a choimeád idir tú féin agus daoine eile.