Do Leabharlann
Bíonn
fáilte roimh gach duine i mbrainsí na Leabharlainne Poiblí.
Ní gá duit a bheith i do bhall chun leabhair, nuachtáin nó
irisí a léamh, chun úsáid a bhaint as na spásanna
staidéir, chun cuairt a thabhairt ar thaispeántais ná chun
freastal ar imeachtaí a eagraítear sa Leabharlann. Ach is gá
duit a bheith i do bhall chun leabhair nó nithe eile a fháil ar
iasacht ó na Leabharlanna. Cén chaoi ar féidir liom
ballraíocht a fháil? Teastóidh cineál éigin
aitheantais uait ar a dtaispeántar do sheoladh reatha mar shampla ceadúnas
tiomána, bille leictreachais nó leabhar oifig an phoist chun ballraíocht
a fháil. Teastóidh ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir
daoine óga (faoi bhun sé bliana d'aois) a ainm nó a hainm
a chur ar an bhfoirm iarratais. Céard a d'fhéadfainn a fháil
ar iasacht? Is féidir le baill suas le dhá ní dhéag
a fháil ar iasacht san iarraidh, lena n-áirítear leabhair,
dlúthdhioscaí, DVDanna, leabhair thaifeadta agus cluichí
ríomhaireachta. Is féidir sean-eagráin d'irisí a fháil
ar iasacht chomh maith. Cén t-achar ar féidir liom ábhar
ón Leabharlann a choinneáil? Is 21 lá an tréimhse
choitianta iasachta. Is féidir an tréimhse sin a fhadú áfach
ach glaoch, seasamh ag do leabharlann áitiúil, nó dul isteach
ar an suíomh gréasáin. Is féidir nithe nach bhfuil
curtha in áirithe ag iasachtóir eile a athnuachan cúig huaire
déag. Is féidir iasachtaí fadaithe a eagrú do bhaill
a mbíonn riachtanais speisialta acu; tá breis eolais le fáil
ag do bhrainse áitiúil ach é a iarraidh. Cén
chaoi a ndéanfaidh mé nithe a athnuachan? Tá trí
bhealach ann chun nithe a athnuachan: bualadh isteach chuig an mbrainse, ar an
bhfón nó ar líne. Beidh foireann na Leabharlainne sásta
do thicéad a sheiceáil ach sin a iarraidh ag do bhrainse áitiúil.
Moltar duit d'iasachtaí a thabhairt cothrom le dáta gach uair a
bhuaileann tú isteach chuig do leabharlann. Is féidir leat
chomh maith glaoch ar CHEANN AR BITH de leabharlanna brainse Dhún Laoghaire-Ráth
an Dúin chun do chuntas a sheiceáil. Bíodh do chárta
leabharlainne faoi do láimh agat, le do thoil, mar iarrfar ort an uimhir
ballraíochta atá air a thabhairt. Chun iasacht a athnuachan
ar líne, téigh isteach ar www.dlrcoco.ie/library
agus cliceáil ar an nasc cuí. Iarrfar ort d'uimhir iasachtóra
a chur isteach (is í seo an uimhir atá os cionn an bharrachóid
ar do chárta). Teastóidh uimhir aitheantais phearsanta uait chomh
maith; ní thabharfar an uimhir seo duit ach amháin nuair a bhuailfidh
tú isteach chuig do leabharlann áitiúil; is ar mhaithe le
slándáil a dhéantar sin. Má bhíonn fadhbanna
ar bith agat do chuntas a fháil ar líne, téigh i dteagmháil
le do thoil le ceann de na leabharlanna brainse.
An ngearrtar táillí
ar bith? Tá ballraíocht na leabharlainne saor in aisce agus
ní ghearrtar táillí ach amháin i gcás go mbeadh
nithe atá ar iasacht ón leabharlann thar téarma nó
i gcás go gcuirfí ní in áirithe. ticéid
do dhaoine fásta: 70c an ní in aghaidh na seachtaine nó cuid
de sheachtain. ticéid do leanaí: 55c an ní in aghaidh
na seachtaine nó cuid de sheachtain. ní (nithe) a chur in áirithe:
50c in aghaidh an ní
Chun fíneálacha a sheachaint
déan cinnte do nithe ar iasacht a athnuachan nó a thabhairt ar ais
ar an dáta nó roimh an dáta ar a bhfuil siad le tabhairt
ar ais. Cuimhnigh, áfach, gur féidir leat fós nithe atá
deireanach a athnuachan chun a thuilleadh fíneálacha a sheachaint.
Seirbhísí, Imeachtaí & GníomhaíochtaíIs
iomaí imeacht agus gníomhaíocht a bhíonn ar siúl
sna Leabharlanna ar feadh na bliana agus bíonn siad dírithe ar na
haoisghrúpaí go léir agus tarraingteach dóibh. Ach
oiread leis na féilte bliantúla náisiúnta cosúil
le Bealtaine agus Saoire, is iomaí gníomhaíocht a bhíonn
ar siúl i rith na seachtaine nó na míosa i ngach ceann de
na Leabharlanna brainse chomh maith. Cumainn Leabhar Tá
cumann gníomhach leabhar, do dhaoine fásta, i ngach ceann de na
leabharlanna brainse. Cruinníonn na cumainn gach mí agus is iad
na baill a roghnaíonn na leabhair i gcónaí. Eagraíonn
Leabharlann Stigh Lorgan cumann leabhar Dickens chomh maith agus tá sé
sin dírithe go speisialta ar shaothar an údair sin agus eagraíonn
Leabharlann Dheilginse cumann leabhar Gaeilge ina bpléitear leabhair Ghaeilge
i nGaeilge. Is féidir mionsonraí faoi gach cumann a fháil
ag do bhrainse áitiúil ach iad a iarraidh. Oiliúint
ar an IdirlíonIs féidir oiliúint bhunúsach
saor in aisce ar an idirlíon a fháil i ngach leabharlann bhrainse.
Más mian leat páirt a ghlacadh sna ranganna seo níl le déanamh
ach eolas a iarraidh ag an gcuntar eisiúna. Cuimhnigh go mbíonn
an-tóir ar na cúrsaí seo agus iarrtar ort iad a chur in áirithe
go maith roimh an am. Seomraí ceoil Tá dhá
sheomra cheoil i Leabharlann Dheilginse ina bhfuil pianó agus cláirseach
agus is féidir leis an bpobal úsáid a bhaint astu. D'fhéadfaí
gléasanna eile ceoil a thabhairt isteach lena n-úsáid sna
seomraí seo; téigh i dteagmháil leis an bhfoireann le do
thoil. Bíonn na seisiúin ar siúl ar feadh uair an chloig
agus moltar seomra a chur in áirithe roimh ré. Seisiúin
mhalartacha teanga Bíonn seisiúin Mhalartacha Teanga ar
siúl i roinnt leabharlann inar féidir le daoine a scileanna a chleachtadh
sa dara teanga ar bhealach neamhfhoirmiúil. Scéalaíocht
Bíonn seisiúin scéalaíochta ar siúl
do leanaí óga i roinnt leabharlann. Is iondúil go mbíonn
siad ar siúl lá sa tseachtain ar feadh leathuair an chloig nó
mar sin ó Mheán Fómhair go Meitheamh. Is baill foirne nó
daoine deonacha as an bpobal áitiúil iad na scéalaithe go
léir a bhíonn againn. TaispeántaisTaispeántar
taispeántais de líon éagsúil de na cineálacha
ealaíon go léir le healaíontóirí áitiúla,
náisiúnta agus idirnáisiúnta go rialta sna leabharlanna
brainse. Athraítear na taispeántais ó shéasúr
go séasúr agus bogtar iad ó bhrainse go brainse. Comórtais
Eagraíonn Leabharlanna Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
comórtais a bhíonn saor in aisce agus a tharlaíonn go rialta;
áirítear gach uile shórt ó mhaidineacha tráth
na gceist go comórtais ghrianghrafadóireachta agus ealaíne
go féilte filíochta ar shamplaí de chomórtais a bhí
ar siúl go dtí seo. Fógrófar na comórtais sin
i mbrainsí de réir mar a bheidh siad ann. Stair Áitiúil
Coinnítear bailiúchán de stair áitiúil
Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i Leabharlann Dhún Laoghaire.
Coinnítear ábhar ann a bhaineann leis an gcontae agus a limistéar
máguaird, agus áirítear leabhair, eolairí, grianghraif,
léarscáileanna, tréimhseacháin agus daonáirimh,
agus acmhainní atá ar mhicreascannán agus ar dhlúthdhioscaí,
leis. Glaoigh, seol ríomhphost nó glaoigh isteach chuig Leabharlanna
Dhún Laoghaire má bhíonn taighde staire á dhéanamh
agat nó má bhíonn ceist agat faoin gceantar áitiúil.
Grúpa Amharclannaíochta Dhún Laoghaire Tagann
an Grúpa Amharclannaíochta le chéile i leabharlann Dhún
Laoghaire, ar maidin, ar an dara Sathairn de gach mí. Grúpaí
Scríbhneoirí Buaileann grúpaí scríbhneoirí
gníomhacha lena chéile i Leabharlanna Dhún Droma, Dheilginse
agus Ghráinseach an Déin chun a saothair féin a léamh
agus a phlé. Má bhíonn a thuilleadh eolais uait níl
le déanamh ach dul i dteagmháil leis na brainsí sin. Cluichí
Boird Bíonn cumainn fichille agus cumainn chluichí do dhaoine
óga ar siúl i roinnt mhaith de na brainsí; cuir ceist ar
bhall foirne de do leabharlann áitiúil chun eolas a fháil
faoi na cumainn atá in aice leatsa. Bíonn cumann Scrabble ar siúl
do dhaoine fásta i leabharlann Dhún Droma gach dara hAoine chomh
maith. Club Cúpla Focal An dtaitníonn an Ghaeilge
leat? Ar mhaith leat deis labhartha le daoine cosúil leat i suíomh
neamhfhoirmiúil? Buail isteach agus labhair le daoine a bheadh ar aon intinn
leat i leabharlann Dhún Droma gach Luan ó 11.00 r.n. go 12.00 i.n.
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil ó Chaitríona
ar 2955410 nó ón leabharlann ar 2985000. Seirbhís
Bhaile ó Leabharlanna Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil
as Leabharlanna na Carraige Duibhe agus Stigh Lorgan agus tugann siad cuairt rialta
ar dhaoine nach mbíonn ar a gcumas dul chomh fada leis na leabharlanna.
Teitear chomh fada leis an duine aonair ina theach nó ina teach féin,
nó sa teach altranais, le rogha de leabhair, dlúthdhioscaí,
caiséid, agus araile. Is féidir ceist a chur faoin tseirbhís
seo ag ceachtar den dá leabharlann. Leabharlann Ar Líne Rochtain
Idirlín
Cuireann Leabharlanna Dhún Laoghaire - Ráth
an Dúin rochtain phoiblí saor in aisce ar an idirlíon ar
fáil. Is féidir dul isteach saor in aisce ar an idirlíon
gan sreang i ngach ceann de na leabharlanna brainse anois chomh maith. Tabhair
faoi deara, le do thoil, go mbíonn an rochtain go léir ar an idirlíon
faoi réir théarmaí agus choinníollacha na seirbhíse
leabharlainne. Is féidir doiciméid a phriontáil de ríomhairí
na leabharlainne agus gearrtar táille in aghaidh an leathanaigh. Is féidir
ríomhaire a iarraidh chomh maith ar a mbeadh gnéithe inrochtaineachta
cosúil le scáileán mór agus bogearraí téacs
go teanga. Suíomh Gréasáin na Leabharlainne Is
féidir an chatalóg a chuardach, leabhair agus meáin eile
a chur in áirithe lena mbailiú ag do bhrainse áitiúil,
d'iasachtaí reatha a athnuachan agus dul isteach ar do chuntas ar líne
le d'uimhir aitheantais phearsanta ar an suíomh gréasáin
www.dlrcoco.ie. Bealach isteach
chuig iliomad acmhainní ar líne is ea an suíomh gréasáin.
Faigh amach faoina bhfuil ag tarlú i do leabharlann áitiúil
trí chliceáil ar Nuacht agus Imeachtaí, éist le podchraoladh
d'ócáidí cultúrtha na leabharlainne agus léigh
nó scríobh léirmheasanna ar leabhair. Tá stór
mór de naisc fhiúntacha ar an suíomh lena n-áirítear
Brittanica ar líne agus bunachair acmhainne eile agus tá nasc ann
chuig www.borrowbooks.ie
trína mbeidh tú ábalta catalóga leabharlainne fhormhór
na gcontaetha in Éirinn a chuardach. Stoc Leabharlainne Leabhair,
Tréimhseacháin agus Nuachtáin Is féidir breis
is 400,000 leabhar a fháil ar iasacht sna brainsí. Áirítear
ar na leabhair sin leabhair do dhaoine fásta agus do dhaoine óga,
leabhair ficsin agus leabhair nach ficsean iad, leabhair i gcló mór
agus ábhar litearthachta. Coinnítear tréimhseacháin
agus nuachtáin i ngach brainse. Cuireann siad leis an stoc leabhar agus
bíonn eolas cothrom le dáta iontu faoi réimsí ginearálta
agus réimsí speisialta spéise araon. Is féidir sean-eagráin
d'fhormhór na dtréimhseachán a fháil ar iasacht. Bíonn
seirbhís Taispeántas na Meán Cumarsáide le fáil
i Leabharlanna Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin trínar
féidir dul isteach saor in aisce ar líne ar bhreis is 600 eagrán
iomlán de nuachtáin agus d'irisí as gach cearn den domhan. Ábhar
closamhairc Bítear ag cur go seasta leis an mbailiúchán
DVDanna, Leabhair Thaifeadta, dlúthdhioscaí agus cúrsaí
teanga atá againn agus is féidir na nithe sin a fháil ar
iasacht as na brainsí go léir. Is féidir iad a fháil
ar iasacht díreach mar a dhéanfá le hábhar i gcló;
is dhá theideal déag an líon is féidir a fháil
san iarraidh ar gach ticéad leabharlainne. Ábhar Tagartha
agus Eolas Tá rogha de leabhair ar fáil i ngach leabharlann
mar ábhar tagartha. Tá líon éagsúil d'fhoirmeacha
iarratais ar fáil i ngach brainse chomh maith lena n-áirítear
foirmeacha lena n-aghaidh seo - pasanna, ceadúnais tiomána agus
clár na dtoghthóirí. Cé gur i Leabharlann Dhún
Laoghaire atá an príomhbhailiúchán den Stair Áitiúil,
coinnítear roinnt ábhair i ngach brainse ina bhfuil eolas stairiúil
a bhaineann go sonrach leis an gceantar áitiúil sin. Seirbhís
Iasachta Idirleabharlann Is féidir leat teacht ar stoc na leabharlann
brainse go léir sa chontae le cárta leabharlainne Dhún Laoghaire-Ráth
an Dúin. Is féidir ní atá i mbrainse eile a ordú
ach iarratas a dhéanamh; gearrtar táille 50c an ceann as nithe a
chur in áirithe. Agus is féidir teidil a chuardach níos faide
ó bhaile in Éirinn agus sa Bhreatain ar an táille chéanna
tríd an tSeirbhís Iasachta Idirleabharlann. Is féidir leabhair
as cló, ailt in irisí agus nithe speisialta a fháil ar an
mbealach seo. Féilte Leabharlainne Bealtaine Féile
náisiúnta ealaíon na hÉireann is ea Bealtaine a cheiliúrann
an chruthaitheacht atá i ndaoine breacaosta. Bíonn sí ar
siúl ar fud na tíre gach mí Bealtaine agus eagraítear
na céadta imeacht de gach cineál ealaíne. Bunaíodh
ainm na féile ar an bhféile ársa Cheilteach a cheiliúir
an t-earrach agus ceiliúrann Bealtaine athnuachan, cruthaitheacht agus
forás agus daoine ag dul in aois. Is iad Age & Opportunity - an ghníomhaireacht
náisiúnta chun rannpháirtíocht daoine breacaosta sa
tsochaí a fheabhsú agus a chur chun cinn - a chomhordaíonn
Bealtaine. Bíonn an tseirbhís leabharlainne rannpháirteach
gach bliain agus eagraíonn siad sraith cainteanna agus gníomhaíochtaí
- cuairteanna ó údair agus ceardlanna ina measc sin. Glór
na Leabharlainne Sraith dhébhliantúil de chainteanna le
húdair náisiúnta agus idirnáisiúnta agus daoine
mór le rá i gcúrsaí litríochta atá anseo.
Is fada agus is saibhir an traidisiún de chláir chultúrtha
atá ag an tseirbhís leabharlainne agus is cuid den mhisean atá
againn - údair chlúiteacha litríochta a chur os comhair an
phobail - a bhíonn i gceist leis an tsraith seo de chainteanna. Leabhair
sa Pháirc Is tionscnamh a eagraíonn seirbhísí
leabharlainne agus páirceanna Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth
an Dúin i dteannta a chéile é an tionscnamh seo. Tugtar cuireadh
d'údair saothair litríochta do dhaoine fásta agus do leanaí
giotaí saothair a léamh ag imeacht faoin aer i gceann de pháirceanna
Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Bíonn fáilte roimh
chách ag na léitheoireachtaí seo agus is lá spraoi
a bhíonn ann don chlann go léir ó tharla gur iomaí
taispeántas eile a bhíonn ar siúl amhail péintéireacht
aghaidhe, lámhchleasaithe agus siúlóirí ar chosa croise.
Is féidir leat éisteacht le podchraoladh d'imeachtaí a bhí
ar siúl roimhe seo tríd an nasc podchraolta a leanúint ar
an suíomh gréasáin atá againn www.dlrcoco.ie/library.
|