Leabharlanna Poiblí Chomhairle Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin
Clárú

An féidir liomsa úsáid a bhaint as an Leabharlann?
Is féidir le gach duine úsáid a bhaint aisti.
Fiú mura bhfuil tú i do bhall den Leabharlann fós, beidh fáilte romhat teacht isteach le leabhair, nuachtáin, nó irisí a léamh, le úsáid a bhaint as na h-áiseanna staidéir, nó le cuairt a thabhairt ar taispeántais. Más maith leat leabhair a thabhairt amach ar iasacht, áfach, beidh ort clárú.

Ba mhaith liom clárú - anois céard a dhéanfaidh mé?
Bíonn ballraíocht na Leabharlainne saor in aisce do chách.
Má theastaíonn uait clárú, ní gá duit ach fianaise aitheantais, a bhfuil do sheoladh baile air, a thaispeáint dúinn; mar shampla ceadúnas tiomána, bille leictreachais, leabhar oifig an phoist, srl. Iarrtar ar thuismitheoirí dhaoine óga foirm ráthaíochta a shíniú.

Céard a bheas ar fáil dom sa Leabharlann?
Nuair a bheas tú i do bhall den Leabharlann, beidh tú in ann suas go dhá leabhar déag a thógáil ar iasacht. Nó is féidir caiséid, dlúthdhioscanna, priontaí, nó leabhair ar téip a thógáil amach. Bíonn iar-eagráin na n-irisí le fáil ar iasacht, freisin.

Tuilleadh eolais ar an leathanach, Seirbhísí

An gcaithfidh mé táillí ar bith a íoc?
Ní chaithfidh, ach amháin má bhíonn tú déanach ag tabhairt do chuid leabhar ar ais. Sa chás sin gearrfar 40p ar gach leabhar ort, in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh cuid den tseachtain.
Is féidir an tréimhse iasachta a fhadú trí scairt gutháin nó cuairt a thabhairt ar an Leabharlann. Is féidir seo a dhéanamh faoi thrí, a fhad is nach bhfuil an leabhar curtha in áirithe ag léitheoir eile. Tabharfar tréimhse níos faide iasachta do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu teacht ag an Leabharlann.

An mbeidh fáil agam ar leabhair ó bhrainsí eile?
Le cárta ballraíochta ó bhrainse amháin, beidh fáil agat ar leabhair ó na brainsí eile ar fad. Is féidir leabhair ar bith ó bhrainse ar bith a chur in áirithe. Sa chás seo, gearrfar 30p ar gach iarratas.
Bíonn catalóg ar líne don phobal i ngach Leabharlann, agus is féidir suíomh leabhair ar bith a aimsiú air. Bíonn ar a laghad teirminéal amháin faoi choinne seo i ngach brainse. Chomh maith le tagairtí a fháil ón chatalóg, is féidir le baill na Leabharlainne breathnú ar shonraí a gcuntas féin ar an teirminéal seo.
Nuair nach mbíonn fáil ar leabhair ó Leabharlanna Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, is minic gur féidir iad a fháil ón Seirbhís Iasachtaí Idirleabharlainne.


Leathanach Tí | Léarscáil | Seirbhísí | Stair Áitiúil | Féile Filíochta | Naisc | An Comhairle Chontae