A

Languages

Catagóirí

  • Ceisteanna Coitianta Móréilimh dlr
  • Pleanáil
  • Uisce & Draenáil
  • Athchúrsáil & Dramhaíl
  • Taisteal & Iompar
  • Tithíocht
  • An Chomhairle & Daonlathas
    • Airgeadas
    • Seirbhísí Toghcháin
    • Rialachas
    • Gnó na Comhairle
    • Seirbhísí Toghcháin

      Conas is féidir liom an Dréacht-Chlár a cheadú?
      • ar an suíomh idirlín ag an nasc seo
      • trí ghlaoch a chur ar Rannóg an Chláir ar 01 2054880.
      • trí bhualadh isteach chuig oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire agus Dún Droma.
      • trí bhualadh isteach chuig an leabharlann áitiúil, oifig an phoist nó stáisiún na ngardaí.
      Conas is féidir liom an Stáisiún Vótála Áitiúil a aimsiú?

      Déantar na láthair na Stáisiún Vótála a athbhreithniú sa tréimhse roimh aon toghchán/reifreann. 

      Aimsigh do Stáisiún Vótála

      Níl mé in ann teacht ar m’ainm nuair a dhéanaim cuardach ar an suíomh idirlín …

      Chun go mbeimid i gcomhréir le rialacháin Cosanta Sonraí, tá an córas socraithe ar an gcaoi nach ndeimhneofar ach sonraí beachta ar an leathanach fiosrúcháin.

      Ar aibhsigh tú an baile fearainn ceart ar an liosta anuas?

      Ar thriail tú do shonraí a chuardach tríd an Eircode a chur isteach?

      Ar chuir tú do chéad ainm agus do shloinne iomlán isteach, e.g. d’fhéadfaí Anthony McVeigh a chur isteach mar Tony McVeigh?

      Is ionann na hiontrálacha ar an gclár agus an méid a chuir tú ar an bhfoirm. I gcás roinnt toghthóirí, tugadh ainm dóibh ach úsáideann siad ainm eile, e.g., Margaret ach glaoitear Peggy uirthi.

      D’fhéadfadh sé gur chuir tú Patrick ar an bhfoirm ach go bhfuil Paddy nó Pat á chuardach agat.

      D’fhéadfadh sé go bhfuil spásanna nó sínte fada i sloinnte mar O’Reilly, McMahon/Mac nó in ainmneacha Gaeilge.

      D’fhéadfadh sé go bhfuil spás nó fleiscín san ainm.

      Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár i ndiaidh an 25 Samhain, ní fheicfidh tú d’ainm ar an gClár Beo ar líne go dtí go bhfoilsítear é ar an 1 Feabhra.

      Má chuir tú iarratas isteach le bheith ar an gClár tar éis dó a bheith foilsithe ar an 1 Feabhra, ní fheicfidh tú d’ainm ar líne. Beidh d’ainm ar an Dréacht-Chlár a bheidh ar fáil ar líne ón 1 Samhain. 

      Cén fáth gur baineadh m’ainm den Chlár?

      Seoltar foirm RFA do shealbhóirí tí le linn mhíonna an tsamhraidh atá le líonadh isteach agus le seoladh ar ais chugainn chun gur féidir linn an clár a nuashonrú. Mura bhfuil d’ainm ar an bhfoirm seo, bainfear d’ainm den Chlár toisc nach n-áirítear ar an gClár seo ach daoine a luaitear go bhfuil gnáthchónaí orthu ag an seoladh áirithe sin.

      Beidh mé 18 mbliana d’aois tar éis teacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra ach beidh me 18 mbliana d’aois roimh Lá na Vótála. An bhféadfar mé a áireamh ar an gClár?

      Is féidir leat cur isteach le bheith san áireamh san Fhorlíonadh a chuirfear leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA2) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais roimh an dáta deiridh le bheith curtha san áireamh san Fhorlíonadh.

      An féidir liom aon rud a dhéanamh má tá Lá na Vótála tagtha ach nach bhfuil mo Chárta Vótála faighte agam?

      Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh lenár n-oifig ar dtús ar 01 205 4880 agus a chinntiú go bhfuil tú cláraithe ag an seoladh ceart agus go bhfuil an stádas/náisiúntacht cheart agat. Nuair a dheimhneofar an dá shonra seo, tabharfar treoracha duit chuig an Stáisiún Vótála cuí chun do vóta a úsáid.

      Bhog mé chuig seoladh eile tar éis teacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra, an áireofar mé ar an gClár ag mo sheoladh nua má ghairfear Toghchán/Reifreann?

      Is féidir leat iarraidh go n-áireofar thú ar an bhforlíonadh leis an gClár trí Fhoirm Iarratais Forlíonaidh (RFA3) a chomhlánú, an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus í a sheoladh ar ais chugainn roimh an dáta deiridh ar a n-áireofar daoine ar an bhForlíonadh.

      Cad is brí le cineál Toghcháin?

      Uachtarán: Is féidir le saoránaigh na hÉireann a bhfuil cónaí orthu in Éirinn vóta a chaitheamh i Reifreann nó i dToghchán Uachtaráin, Toghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla.

      Dáil: Is féidir le saoránaigh na Breataine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (D) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Dáil, Toghcháin don Eoraip agus Toghcháin Áitiúla.

      Eoraip: Is féidir le saoránaigh an AE a bhfuil cónaí orthu in Éirinn (E) vóta a chaitheamh i dToghcháin don Eoraip agus i dToghcháin Áitiúla.

      Áitiúil: Is féidir le saoránaigh neamh-AE (L) vóta a chaitheamh i dToghcháin Áitiúla.

      *arna chur in iúl ar an gclár.

      Mura bhfuil mé cláraithe nuair a ghairtear Toghchán/Reifreann, an féidir liom vóta a chaitheamh?

      Ní féidir. Caithfidh tú a bheith ar an gClár chun vóta a chaitheamh.

      Chuir mé m'ainm isteach le bheith san áireamh san Fhorlíonadh ach ní fheicim m'ainm ar líne?

      Ní chuirfear an Forlíonadh ar líne go dtí go bhfuil an dáta deiridh ar a n-áirítear ainmneacha air thart.

      Tá m’ainm ar an gClár agus anois is Saoránach na hÉireann mé tar éis theacht i bhfeidhm an Chláir ar an 15 Feabhra. An athrófar mo stádas ar an gClár má ghairtear Toghchán/Reifreann?

      Is féidir leat foirm iarratais (RFA5) a líonadh amach chun go gcuirfear d’ainm ar an bhforlíonadh le Clár na dToghthóirí. Caithfidh tú an fhoirm a fháil fianaithe i Stáisiún na nGardaí agus ní mór fianaise ar an tsaoránacht Éireann a chur leis, mar shampla cóip de do Dheimhniú Eadóirsithe nó den leathanach ábhartha de do Phas Éireannaigh.

      Tá mé faoi mhíchumas – cé na socruithe speisialta atá déanta dom?

      Tá eolas do vótálaithe faoi mhíchumas ar shuíomh Idirlín na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

      http://www.environ.ie/sites/default/files/migrated-files/en/Publications/LocalGovernment/Voting/FileDownLoad%2C1896%2Cen.pdf

  • Oidhreacht
  • Reiligí
  • Páirceanna & Spásanna Oscailte
  • Pobal

Seirbhísí Toghcháin

Back