Nuair a thugann tú sonraí pearsanta d’eagraíocht nó do dhuine aonair, bíonn cearta agat maidir le húsáid na faisnéise sin agus tá sé de dhualgas ar an gComhairle na sonraí a choinneáil príobháideach agus sábháilte.
Seo a leanas na cearta atá i bhfeidhm nuair:
- atá do shonraí á gcoinneáil ar ríomhaire
- atá do shonraí á gcoinneáil ar pháipéar nó i bhformáid láimhe eile i gcóras comhdaithe
- is ionann do shonraí agus grianghraif nó thaifeadáin fístéipe de d'íomhá nó de thaifeadáin de do ghuth
Cinnteoidh na cearta seo go bhfuil an fhaisnéis atá á stóráil:
- ceart ó thaobh na bhfíoras de
- ar fáil dóibh siúd ar cheart dóibh í a fháil amháin, agus
- á húsáid do na cuspóirí a luadh amháin
Nuair atá duine aonair/eagraíocht i seilbh do shonraí pearsanta, tá sé de cheart agat:
-
go mbainfear úsáid as do shonraí de réir na rialachán maidir le cosaint sonraí
-
faisnéis ar do shonraí pearsanta a fháil
-
rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta
-
fios a bheith agat cé na sonraí atá á gcoinneáil
-
do shonraí a athrú nó a bhaint
-
cosc a chur ar úsáid do shonraí
-
do shonraí a bhaint de liosta margaíochta dírí
-
agóid a dhéanamh in aghaidh úsáid do shonraí pearsanta
-
eolas a fháil ar an loighic a bhí i gceist nuair ba é cinnteoireacht uathoibrithe an t-aon bhunús amháin le cinneadh tábhachtach a bhfuil tionchar aige ort
- diúltú do ghlaonna nó le post margaíochta dírí
