Féile Filíochta- International Poetry Competition - A Dún Laoghaire-Rathdown County Council Library Event
you are here> homepage/Prizes Winners 2007/ Irish Category

Leathchéad i bPáras

I bPáras 'nár ndúiseacht dhúinn
Ní tú agam Caitlín Ní Uallacháin

Ná Cáit Ní Dhuibhir
Ná an Chúileann,
Ná Iníon an Phailitínigh

Ná m'Úna Bhán
Ná mo Mhal Dhubh an Ghleanna
Ná mo Mhary Kenny i ndiaidh an Éirne a shnámh
Ná aoinne eile de spéirmhná deasa na hÉireann

Ní tú m'Aisling, mo Chlíona ná m'Áine
Mo Mhedb, mo Dheirdre, ná mo Ghráinne

Mo bhean a fuair faill ar an bhfeart
Ná mo Shean-Bhean Bhocht

Mo Mhaidin i mBéara
Mo Shaoirse
Ná mo Mhise Éire

Ní tú m'Eileanór
Mo rú, mo stór, mo chuisle, mo thaisce

Ná aon téarma eile dar gcuid bréagaithrise
Ón Éirinn sin a bhí anallód ann

Ní tú mo Mhullach Íde
Ach mo Mhont Pharnasse

Ní tú mo stuairín na mbachall breá réidh
Ach mo spéirbhean Rue des Irlandais

Mo rogha bhéithe bréatha an Musée d'Orsay
Síofra de chuid Cézanne
Stuaire ó Thír na nÓg Gaugin
Ainnir ina craiceann mar dhear Renoir
Nó í sin is mó a chuireann coipeadh im chroí
Í sin de chuid Modigliani.

Tusa i do Phantheon
I do Ghenevieve en m'attendant go deo

I bhfad ó bhánchnoic Éireann ó

Taiscéalaíonn mo chroí do quartier Latin
D'ardáin is d'ísleáin

Neadaíonn id Louvre

Mo lán leapan de Rubens-bhean
Gur breá liom bheith ag iomaí leat

Is bean bheag dhána na gciní géara
Nach eol dom a hainm

Mo sháimhín só,
Mo rex fal de ó,
Mo bheir me ó,
Mo thallyho,
Mo threasna na dtonnta,
Mo ó ró 'sé do bheatha abhaile

Mo ó ró bog liom í
Tiocfaidh tusa is tiocfaidh mise is tiocfaimid le chéile

Mo níl ina lá
Mo ghrá.

 

Tadhg Ó'Dúshláine (1st Prize, Adult)
back

Mortás Cine

(dom athair)

Táim gafa ag bréithre an tseanchaí:
Mar a chuaigh na sídh 'on Chúil Thuaidh
Is beireadar leo báb óna leaba,
Gur cheapadar go raibh an svae leo gan dua
Ach gur ling gaolta mairbh an chailín
Ón reilig taobh an bhaile
Is fuasclaíodar í ón slua.

Nuair a leagam síos an leabhar
Braithimse míshocair
Mar is blow-in iomlán mise.

Is cloisim do ghuth ionam,
A pháiste nach bhfuil ann fós
Ach mar splanc im' chloigeann,
Ag fiafriú go buartha ar athair do thodhchaí
Cad a tharlós nuair a rugann an scaoth ortsa,
Nó an mbeir gafa acu de cheal sinsir i dteampall
I ngiorracht scread asail d'ár bhaile.

Agus deirim seo a leanas
Mar buanú ar shuaimhneas,
I dtreo is go mbeir ar do sheascaireacht,
Gan buairt, an lá úd amach anseo
A thagann tú chun solas gréine:

Dá mbeidh sé de dhánacht ag slua sídh
Méar a leagan ar fiú ribe do ghruaige,
Agus mise 'bheith i gceangail na gcúig gcaol
Acu le driseoga draíochta,
Tiocfaidh cabhair gan teip, gan mhoill.

Mar cloiseann mo shinsir,
Pléascann siad as fearta 'gus uaigheanna
I ngach tuath, i ngach cúige,
Gluaiseann siad ar luas marfach na mairbh:

Lynott lúfair Bealach an Doirín,
Mungumaraigh maordha Baile na gCros,
Toner teann téagartha Deilginis,
Faolánaigh faobharaigh Locha Garmain.

Sruthlaíonn na ndíormaí lena chéile,
Aghaidheanna casta siar ó dheas,
Táid uilig ann -
Fiú mo shin-seanathair,
An gabha a ghlac an súp,
Mar ag deireadh lae
Tá fuil níos tiugha ná uisce coisricthe -
Is fógrófar cath ar lucht an bhfuadach.

Chun cinn san áir
Beidh mo shean-athair,
An 'Slasher' Whelan,
a luaithre dóite luasctha suas
i bhfoirm fhir aríst,
a chamán ina lámh.

Is crithfidh na sídh le scanradh
Is múnfaidh na sídh 'na mbróga
Cosúil le yeomen ar Sliabh na mBan,

Mar, toisc gur bhfios don dream aerach
Chuile rud a thiteann amach,
Cuimhin leo an lá úd sa Naigín
Gur thug lucht ólta cider cois falla
Íde béil don tseanabhean craiceáilte
A chónaigh taobh leis
I Chearnóg Phiarais,
Is cé go raibh sé scothaosta fén dtráth seo
Múin an Slasher a chuid béasaí dóibh
Le buillí tréin ó dheas is ó chlé
De slait phráise na scuaibe simléire.

'Gus níos fíochmhara fós
beidh a bhean Peig ann,
is nuair a ólann sí braon gin,
brúann a beola go docht ina líne,
cuireann strainc ar gnúis
agus sánn amach a smig,
rithfidh amhailt agus púcaí le scéin
isteach i sídhbhrúghanna 'gus uamhanna
mar lucha móra roimh Jack Russell.

Geallaim seo dhuit, a pháiste m'intinn,
Beidh an lá linn
agus tusa, a mhaoineach,
Slán thar n-ais id' leaba
Sara dtuigeann tú
gur mó ná droch-thaidhreamh a bhí ann.

Mar cé nár póraíodh mo threabh sa taobh seo tíre
Trés na glúnta, thar na cianta
Fós agam tá mórtas cine
'gus muinín agam i mianach mhuintire.


Simon Ó Faoláin (2nd Prize, Adult)
back


Unsaí Meabhrach

Is minic a deireadh
m'athair críonna
ná raibh ag an
gcine daonna uile
trína chéile ach
trí únsa meabhrach.

Chaith sé a shaol
ag silleadh allais
ag cur is ag soláthar
ag tógaint clainne
ag saothrú a bheatha.

Bhíodh sé ag féachaint siar
ar Bhaile an Chalaidh
is ar fhear ansúd
nár dhein stróc riamh
ach a dhá chois ar leathad
ag imeacht uaidh amach
is é ag siúl roimis.
Níor dhein sé díobháil
do chlaí teorann
d'éan ná d'ainmhí
ná do'n nádúir
ina thimpeall.
Gan é ag maslú
ná ag cáineadh
is gan formad
aige le éinne ach é
ag seanachaíocht
ag sáimsireacht
is ag áireamh gaolta.

Nuair a tháinig a mheabhair
do m'athair críonna bocht
taréis do gabháil
trí bhráca an tsaoil
labhair sé is dúirt,
'táim á rá riamh
ná fuil sa tsaol go léir
ach trí únsa meabhrach,'
ar seisean go tomhaiste
'ach tugaim dhá únsa
do'n bhfear san thiar.


Domhnall Mac Síthigh (3rd Prize, Adult)
back


An Stoirm

Tháinig sí sa dorchadas i lár na hoíche
Nuair a bhí mise im' chodladh go sámh
Shleamhnaigh sí go bagrach timpeall an tí
Ag réiteach don scrios is don ghábh

Breathnaíonn sí isteach trí na fuinneoga
Ag feadaíl agus ag liúradh le gangaid
Tá na crainn ag éagaoin is ag bogadh
Is cuirimse mo chloigeann faoin bpluid

Leanann an doineann le réabadh is borradh
Is scéineachán bocht ina chloch sa nead
Tá doirse ag díoscán is buicéid ag sciorradh
An t-Aintiarna fós ag spochadh le scread

Ansin imíonn sí de sciotán ar maidin
Le náire agus aiféala faoin milleadh
Fágann sí scrios agus réabadh ina diaidh
Ach beidh sí ar ais le haghaidh tuilleadh



Donnacha Ó hAinmhire (1st Prize, Under 17)

back

Ón Dá Thaobh

Thit duilleoga an fhómhair ón gcrann sular chuir mé aithne orthu,
Gan fiú trí scór blian slánaithe acu,
Ach ní ghlacann an t-éag le leithscéalta.
A hathair 's a mháthair, goidthe go santach ag an ailse.
Tógtha ón dá thaobh.

Neilí, an t-aingeal nár casadh riamh orm,
Tá d'ainm 's spiorad i lár m'ainm 's m'anam,
Chomh foighneach agus tuisceanch i gcónaí,
Ag éirí i lár na hoíche chun tacú le hAli!

A Ghearóid, a sheanathair, an rógaire ceart,
Ghlaofá 'Bold Molly' orm, ghlaoinn 'Granddad' ort!
Ag tabhairt aireachas dos na colúir 's ag rásaíocht leo,
An t-aon chuimhne atá agam ort.

Ailse ag ithe ón dá thaobh dhíom,
Ní fhaca mé mórán ach chonaic mé an iomarca,
Mo bhéal i gconaí ag ceistiú Dé,
A ghoid duilleoga órga uaim……..ón dá thaobh.

 


Clíona Ní Chuirrín (2nd Prize, Under 17)
back


Braonta Gréine

Sciob an ghaoth an Samhradh uainn
Le báisteach,
olagón,
agus ísle brí.
Duilleoga ag damhsa, caillte sa cheo
Deora báistí le feiceáil
i súile na ndaoine
Ní mar sin atáimse.

Níl mórán againn ann;
saoithe na gaoithe,
páistí na báistí.

 


Muireann Ní Cheannabháin (3rd Prize, Under 17)
back


Seomra Leapa

I mo sheomra leapa,
Ta geansai ar an gcathaoir,
Ta leaba in aice na fuinneoige,
Mo bhroga i bpeiri faoin vardrus,
Mo eadai sa cofra tarraiceain.

An gcreideann tu e sin?
Ta mo sheomra ina phraiseach.
Ta eadai ar an urlar,
In ionad bheith sa chofra.
Caite ar mo leaba ta breagain is leabhair ata leite.

Nuair a bhionn mo sheomra ina phraiseach,
bionn mo Mham crosta.
Curim slacht air ansin is geallaim di
go mbeidh se mar sin feasta.

 


Sarah Fitzpatrick (1st Prize, Under 12)
back

An Leath Lá ar Scoil

Teim chuig an scoil ar a naoi a chlog.
Ar dtus deanim bearla.
Bim ag eisteacht leis na scealta.
Ansin seineamar ceol ar an fliut shasnach.
Ceapeann gach duine go mbionn se leadranach.
Ar a haon deag a chlog.
Bionn an loin beag.
Tar eis an loin ta sport againn.
Uaireanta bionn an muinteoir ag sugradh linn.
Ar crioch an spoirt ta gach duine traochta.
Ta an leath la on scoil deanta.


Denis O' Drisceoil (2nd Prize, Under 12)
back

A B C As Gaeilge

Tá a i gcomhair Ainm
Tá b i gcomhair Bus
Tá c i gcomhair Carr
Tá d i gcomhair Diamant
Tá e i gcomhair Éadaí
Tá f i gcomhair Farraige
Tá g i gcomhair Gárda
Tá h i gcomhair Halla
Tá i i gcomhair Impireacht
Tá j i gcomhair Jíp
Tá k i gcomhair níl aon rud ann
Tá l i gcomhair lacha
Tá m i gcomhair Mála
Tá n i gcomhair Nead
Tá o i gcomhair Ola
Tá p i gcomhair Pitear
Tá q i gcomhair Quinín
Tá r i gcomhair Ráife
Tá s i gcomhair Seola
Tá t i gcomhair Tae
Tá u i gcomhair Ubh
Tá v i gcomhair Vása
Tá w i gcomhair Wigwan
Tá x i gcomhair X-ghathú
Tá y i gcomhair Yó-yó
Tá z i gcomhair Zoo

 

Cara Ní Shé (3rd Prize, Under 12)

 

home | back | next | top

féile logo return to homepage