Treoir Sheirbhísí
Is treoir áisiúil an tEolaire i leith Sheirbhísí na Comhairle.
Tá rún daingean ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sárchleachtas a chur chun cinn ó thaobh soláthar seirbhísí a bheidh oscailte do riachtanais chonaitheoirí sa Chontae agus dá bhfuil siad ag súil leis.
Tá gach iarracht déanta lena chinntiú go mbeifear in ann teacht ar an doiciméad seo.
Beidh an treoir seo le fáil ar iarratas i bhformáid eile trí theagmháil a dhéanamh le hOifigeach Rochtana na Comhairle ag 01 2054700.
Carranna Tréigthe
Cuireann an Chomhairle seirbhís ar fáil chun carranna tréigthe agus carranna nach bhfuil ag teastáil níos mó ag úinéirí a thabhairt chun bealaigh. Le haghaidh tuilleadh eolais ar aistriú cairr agus ar na táillí a bhaineann leis nó chun carr tréigthe a thuairisciú déan teagmháil le do thoil leis na Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054817/2054810 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Ualaí Neamhghnácha
Údaraíonn Ceadúnais Ualaigh Neamhghnách úsáid feithic(i)l(í) ar bhóithre poiblí a ndéanann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin obair chothabhála orthu. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le rannóg na Cothabhála ar Bhóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4609 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Fáil ar Thaifid (SF)
Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise 1997 – 2003 tá na cearta nua dlí a leanas ag gach duine:
• An ceart teacht ar thaifid oifigiúla atá á choinneáil ag an gComhairle.
• An ceart eolas pearsanta a fháil ceartaithe nuair atá sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, agus
• An cheart na fáthanna atá le cinntí a dhéanann an Chomhairle agus a dhéanann difear don duine féin a fháil.
Is éard is ciall leis na cearta sin a bheith ag an duine gur féidir leis an bpobal ó 21 Deireadh Fómhair 1998 ar aghaidh teacht ar eolas pearsanta a bhaineann leo agus atá á choinneáil ag an gComhairle is cuma cén uair a bailíodh an t-eolas, agus ar thaifid eile neamhphearsanta arna gcruthú i ndiaidh 21 Deireadh Fómhair 1998. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise ag (01) 2054734 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Cuntais Iníoctha
Is í rannóg na gcuntas iníoctha an rannóg lárnach le freagracht as próiseáil gach sonrasc soláthraí atá le híoc i dtaca le hearraí agus seirbhísí a chuireann an Chomhairle ar fáil. Is é Ríomhaistriú Airgid an modh íocaíochta agus is faoi réir tíolacadh doiciméadú bailí cánach a dhéantar na híocaíochtaí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2054776, cuir ríomhphost chuig accountspayable@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Scéim Tithíochta Inacmhainne
Ceadaíonn an scéim seo a thug an Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach díolachán tithe nua ar phraghas lascanaithe do dhaoine nach bhfuil in acmhainn praghas iomlán an mhargaidh a íoc. Bíonn coinníollacha áirithe i bhfeidhm. Tá Scéim Tithíochta Inacmhainne faoi Chuid V de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2002 ann freisin.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn tithíochta ag (01) 2047920 nó 2047923, ríomhphost housing@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Truailliú Aeir
Is é an tAcht um Thruailliú Aeir 1987 agus rialúcháin ghaolmhara a rialaíonn Truailliú Aeir. Is é an tOifigeach Sláinte Comhshaoil a fhiosraíonn teagmhais truailliú aeir mar atá tinte i ngairdíní, dóiteáin ar shuíomh tógála, gal thionsclaíoch etc. Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun teagmhais truailliú aeir athuairisciú déan teagmháil le hAonad Forfheidhmithe na Roinne Comhshaoil ag (01) 2047954 nó chuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie
Cáilíocht Aeir
I mí na Nollag 1999 ghlac an Chomhairle an Plean um Bhainistíocht Cháilíocht Aeir do Réigiún Bhaile Átha Cliath. Is é cuspóir na Comhairle Clár Monatóireachta a chur i bhfeidhm lena chinntiú go dtagtar le hoibleagáidí faoi Threoracha an AE.
Tá stáisiún monatóireachta le haghaidh gaile agus dé-ocsaíd sulfair lonnaithe i nDún Laoghaire. Bíonn dé-ocsaíd nítrigíne á tomhas ag Dún Droma, ag Carraig an tSionnaigh agus i nDún Laoghaire. Cuirtear na torthaí ar fáil uair in aghaidh na ráithe ar shuíomh idirlín na Comhairle.
Garraí Scóir
Tá suíomh ag an gComhairle taobh le Bóthar Chnocán Anville, Baile na nGabhar atá roinnte i ngarraí scóir faoi láthair. Tá an suíomh curtha in áirithe le haghaidh scéim bhóthair amach anseo ach ligtear amach na ceapacha ar bhonn bliantúil do dhaoine ar spéis leo a leithéid. Tá ainmneacha leis na ceapóga uile faoi láthair ach má tá tú ag iarraidh d’ainm a chur ar an liosta feithimh déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054762.
Ráiteas Airgeadais Bliantúil
Réitítear Ráiteas Airgeadais Bliantúil (RAB) gach bliain de réir an Chóid Chleachtais Chuntasaíochta agus leagtar amach ann na torthaí airgeadais don bhliain roimhe sin. Is é iniúchóir an Rialtais áitiúil a dhéanann iniúchadh ar na cuntais agus a thuairiscíonn don Aire Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Bhainistíochta Airgeadais ag (01) 2054726 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Tuarascáil Bhliantúil
Cuireann an Chomhairle tuarascáil bhliantúil ar fáil ina léirítear a bhfuil bainte amach sa bhliain roimhe agus ina léirítear feidhmíocht de réir táscairí seirbhíse. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2047090 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Iompar Frithshóisialta
Faoi Acht na dTithe 1997 tá cumhachtaí breise curtha ar fáil don Chomhairle chun cabhrú léi aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a eascraíonn in eastáit tithíochta de bharr mangaireacht drugaí agus iompar frithshóisialta tromchúiseach eile. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054828/2047258 nó cuir ríomhphost chuig housing@dlrcoco.ie
Roinn na nAiltirí
Tá Roinn na nAiltirí freagrach as réimse leathan seirbhísí a bhaineann le hobair tógála agus roinntear i gceithre chatagóir faoi leith í
- Soláthar agus Feabhsú Tithíochta
- Dearadh agus Forbairt Uirbeach
- Caomhnú agus Cosaint na hoidhreachta foirgníochta
- Comhairleach
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na nAiltirí ag (01) 2054700/2047985 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Scéim Ealaíontóirí sa Scoil
Tá an Scéim seo oscailte do gach scoil sa chontae. Is é an aidhm atá leis deis a thabhairt do dhaltaí scoile obair le healaíontóirí ar thogra ealaíon sonrach thar thréimhse 8 seachtaine go 8 mí. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hOifig na nEalaíon ag (01) 2719528 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie/arts
Deontais Ealaíon
Faoin Acht Ealaíon, 1973 tá sé de chumhacht ag an gComhairle deontais a thabhairt do dhuine nó do ghrúpa a eagraíonn taispeántas, imeacht nó léiriú a bhfuil fiúntas cultúrtha leis ina cheantar féin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hOifig na nEalaíon ag (01) 2719528/2759531 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie/arts
Oifig na nEalaíon
Reáchtálann an Chomhairle Clár Ealaíon forleathan ar a n-áirítear cónaitheachtaí cosúil leis an gclár cónaitheachta Ealaíontóir sa Scoil. Tugann Oifig na nEalaíon tacaíocht ar bhonn leanúnach d'ealaíona téatair, damhsa, ceoil agus radhairc sa chlár bliantúil atá acu. Cuireann suíomh idirlín Oifig na nEalaíon seirbhís ar fáil d’ealaíontóirí agus don dream ar spéis dóibh na healaíona. Tá sonraí na n-imeachtaí ar fáil ar líne ag www.dlrcoco.ie/arts nó déan teagmháil le hOifig na nEalaíon ag (01) 2719531
Halla/Ionad Tionóil
Tá an Halla Tionóil i Halla an Bhaile agus an Limistéar Tionóil i Halla an Chontae ar fáil ar fruiliú le haghaidh taispeántas, léirithe etc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054824/2047953 nó cuir ríomhphost chuig corp@dlrcoco.ie
Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin
Mar chuid dá Plean Bainistíocht Dramhaíola do Réigiún Bhaile Átha Cliath tá lárionad bainistíocht dramhaíola comhtháite tógtha ag an gComhairle ag Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin i gCarraig Mhaighin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Páirc Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin ag (01) 2913600 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Dóiteán i gCúlchlós
Is cion faoin Acht um Thruailliú Aeir, 1997 dóiteán a dhéanann núis a adhaint i gcúlchlós. Go ginearálta bíonn dóiteán dramhaíola mídhleathach faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.
Le haghaidh tuilleadh eolais nó más mian leat gearán a chur isteach déan teagmháil leis na Seirbhísí Comhshaoil, Aonad forfheidhmithe ag (01) 2047965/2047954 nó cuir ríomhphost chuig mailto:environ@dlrcoco.ie
Tránna
Seo leanas na tránna a dhéanann an Chomhairle obair chothabhála orthu:
Rinn na Mara
Cill Iníon Léinín
Cuas an Ghainimh
Trá na Carraige Gile
Trá Chorrbáin
Téann an Chomhairle i mbun clár forleathan glantachán trá ar na tránna uile agus admhaíonn an tábhacht don phobal atá ag a leithéid d’áis luachmhar.
Bíonn maoir snámha fostaithe i rith shéasúr an tsamhraidh ar na tránna uile thuasluaite. Bíonn siad ar dhualgas ó 1 Meitheamh go 1 Meán Fómhair.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar thránna/stádas brait ghoirm déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Páirc na Carraige Duibhe
Má tá aon cheist agat déan teagmháil le Roinn na bPáirceanna ag (01) 28884607 nó 2047977 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Draenacha Blocáilte
Is ar an tíosach aonair atá an fhreagracht bac i ndraein phríobháideach a scaoileadh nó fabht a dheisiú. Ní chuireann an Chomhairle seirbhís ar fáil chun draenacha blocáilte i maoin sealbhais phríobháideach a scaoileadh. Tá roinnt gnóthas príobháideacha ann a chuireann seirbhís scaoilte draenach ar fáil ar bhonn 24/7. D’fhéadfadh loiceadh maidir le hobair chothabhála a dhéanamh ar dhraenacha príobháideacha núis sláinte poiblí a chruthú agus d’fhéadfaí tíosaigh a ionchúiseamh faoi Achtanna na Sláinte Poiblí dá bharr. Ach má thaispeánann sé gur ábhar ón mbóthar is cúis leis an mbac féadfaidh an Chomhairle bheith freagrach as a scaoileadh.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an rannóg Uisce agus Draenála ag (01) 2054800.
Is ar an Roinn Cothabhála ar Thithe atá an fhreagracht draenacha a scaoileadh i gcóiríocht ar chíos ón gComhairle. Sa chás sin déan teagmháil le 01) 2054832.
Is ar an Roinn Iompair atá an fhreagracht maidir le clasáin bhóthair bhlocáilte; breathnaigh ar “glantachán clasáin” le do thoil.
Brat Gorm
Ar an iliomad critéar déine ar gá teacht leo chun an brat gorm a bhaint amach tá cáilíocht an uisce ina shnámhtar. I gcaitheamh shéasúr an tsnámha déantar tástáil ar bhonn seachtainiúil ar an uisce ina shnámhtar agus is iad torthaí na dtástálacha sin a chinneann deonú an bhrait ghoirm don trá sin nó a mhalairt. Cuirtear torthaí na dtástálacha sin ar taispeáint don phobal ar chlár an bhfógraí ag na tránna lena mbaineann. Ar chritéir eile a bhfuil feidhm acu faoi Scéim an Bhrait Ghoirm tá soláthar seirbhísí éigeandála, áiseanna páirceála, leithreas, bainistíocht bhruscair, eolas timpeallachta agus oideachais. Le haghaidh tuilleadh eolais ar thránna/stádas brait ghoirm déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Bannaí agus Ranníocaíochtaí
Is féidir le hÚdaráis Phleanála nuair a thugann sé cead pleanála d'fhorbairt ar bith coinníollacha a cheangal leis a éilíonn ranníocaíochta i ndáil le bonneagar poiblí agus le háiseanna a théann chun sochair na forbartha i limistéar an Údaráis Phleanála. Is féidir leis an Údarás Pleanála freisin íocaíocht banna a éileamh a chuideoidh chun forbairtí a thabhairt chun críche mar is cuí laistigh de limistéar riaracháin an Údaráis Phleanála. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2047956/2054867 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Tinte Cnámh
Má tá aon cheist agat a bhaineann le hábhar tinte cnámh i spásanna faoin spéir, déan teagmháil leis na hárais Pháirce ábhartha a leanas:
Cábán tSíle 01/2850118, Dún Laoghaire / Baile Lochlainn 01/2801643, Marlay 01/4934059, an Charraig Dhubh / Baile na Manach, Cnocán Anville 01/2884607 nó an rannóg Riarachán Páirce ag 01/ 2047977, 2054848, 2054341, 2047275 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Ionaid ‘Beir Leat’
Is éard atá in Ionaid ‘Beir Leat’ ionad sainithe bailiúcháin ar féidir leat ábhar in-athchúrsála a thabhairt chuige. Le haghaidh liosta iomlán de na hionaid ‘beir leat’ agus de na háiseanna athchúrsála déan teagmháil le Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054817 nó tabhair cuairt ar an suíomh idirlín ag http://www.dlrcoco.ie
Buiséad
Is i mí Dheireadh Fómhair/na Samhna a ullmhaítear de ghnáth an buiséad bliantúil don bhliain airgeadais dar gcion. Déantar briseadh síos ar chaiteachas ioncaim agus ar ioncam ina n-ocht ngrúpaí cláir ina léirítear an ghníomhaíocht a bhfuil lámh ag an gComhairle inti ó lá go ló i ngach réimse. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Bhainistíochta Airgeadais (01) 2054726 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Rialú Obair Thógála
Is í rannóg Rialú Obair Tógála na Roinne Pleanála atá freagrach as forfheidhmiú an Achta um Rialú Forgníochta 1990, agus Rialúcháin atá déanta faoin Acht sin trí mhonatóireacht agus trí chigireacht thráthrialta forbairtí. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an rannóg Rialú Obair Thógála ag 2047957 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Príomhphíopa Uisce Pléasctha
Le Príomhphíopa Uisce Pléasctha a thuairisciú déan teagmháil leis an uimhir a leanas:
Iarthar an Chontae – Áras Átha an Ghainimh – Teil: (01) 295 5063/5087 Oirthear an Chontae – Áras Phlás Sheoirse, Dún Laoghaire - Teil: (01) 205 4831
Lár an Chontae – Áras Bhóthar na Grúdlainne, Stigh Lorgan – Teil. (01) 288 4650
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800 nó i ndiaidh na Gnáthuaireanta – Gach Ceantar - Teil. (01) 677 8844
Lánaí Bus
In éindí leis an Oifig Thionscadail um Líonra Bus ar Ardchaighdeán, tá clár arna mhaoiniú trí Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath chun síneadh a chur leis an Líonra Bus ar Ardchaighdeán a bhfuil rath air cheana faoi lán seoil, agus tá roinnt scéimeanna ag céim an dearaidh nó ag céim na tógála. Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054884
Uasghrádú ar Stadanna Bus
Rinne an Roinn Iompair clár um uasghrádú ar stadanna bus sa chaoi is go mbeadh teacht orthu ag cathaoir rotha. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Thráchta ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Páirc agus Teach Chábán tSíle
Is teach Diméine ón 18ú céad Teach Chábán tSíle atá suite i bpáirc le 45 heachtár. Rinne an Chomhairle athchóiriú ar iarstóras ghráin sa chlós agus baintear úsáid as anois mar ionad coinne coirm cheoil nó ealaíon. Le breathnú air déan teagmháil le (01) 2047261 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Tá an pháirc oscailte don Phobal agus tá clós súgartha taitneamhach agus faichí inti. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2850118 nó 2047275 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Ceadúnais Chorrthrádála
Duine ar bith ar mian leis dul i mbun corrthrádála laistigh de cheantar riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ní mór dó/di iarratas a chur isteach ar cheadúnas corrthrádála.
Cuireann na Fodhlíthe um Chorrthrádála ar chumas na Comhairle ceadúnas a dheonú le haghaidh corrthrádála agus cuirtear i bhfeidhm iad freisin i ndáil le rialú agus bainistiú corrthrádála (tá cóipeanna de na Fodhlithe ar fáil ar iarratas).
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Reiligí
Tá dhá phríomhreilig faoi stiúir na Comhairle. Tá siad lonnaithe ag Gráinseach an Déin agus ag Seangánach. Tá an Chomhairle freagrach freisin as obair chothabhála a dhéanamh ar roinnt reiligí dúnta. Má tá aon cheist agat faoi reiligí déan teagmháil le (01) 2893416.
Athrú ar Ainmneacha Sráide
Is féidir le cónaitheoirí i gceantar faoi leith a iarraidh go n-aithreofaí ainm na sráide a bhfuil siad ina gcónaí uirthi. Socróidh an Chomhairle ansin, má aontaíonn na baill tofa, go rachaidh na cónaitheoirí i mbun vótála. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054829 nó cuir ríomhphost chuig corp@dlrcoco.ie
Páirc Theicneolaíochta agus Eolais Choill na Silíní
Is páirtí an Chomhairle i bhforbairt Pháirc Theicneolaíochta agus Eolais Choill na Silíní atá lonnaithe i gCoill na Silíní i mBaile Lochlainn. Tógadh seacht gcinn de bhloic oifige go dáta agus táthar ag tógáil ceann eile. Bhíodh tarraingt ar an bpáirc ag ceannairí domhanda i réimse teicneolaíochta Taighde agus Forbairt Ríomhaire agus is inti atá ceanncheathrú Éireannach Institiúid mhór Airgeadais. Tá naíolann agus áiseanna siopadóireacht curtha ar fáil inti agus tá ionad folláine/fóillíochta pleanáilte. Tá sé beartaithe síneadh a chur leis an ráille tráenach éadrom Luas go dtí Páirc Theicneolaíochta agus Eolais Choill na Silíní amach anseo.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054786
Athchúrsáil Chrann Nollag
Má tá aon cheist agat maidir le hathchúrsáil chrann Nollag déan teagmháil leis na hÁrais Pháirce ábhartha a leanas, Cábán tSíle 01/2850118, Dún Laoghaire / Baile Uí Lachnáin 01/2801643, Marlay 01/4934059, an Charraig Dhubh / Baile na Manach, Cnocán Anville 01/2884607 nó an rannóg Riarachán Páirce ag 01/ 2047977, 2054848, 2054341, 2047275 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Dúnadh Bóithre
Má bheartaíonn an Chomhairle bóthar a dhúnadh ar bhonn sealadach tá dualgas uirthi fógra a fhoilsiú faoi ag léiriú cearta achomhairc an phobail i leith an uiríll. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054700/2047958, nó cuir ríomhphost chuig transportation@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Dúnadh Lánaí
Má bheartaíonn an Chomhairle lána poiblí a dhúnadh ar bhonn sealadach tá dualgas uirthi fógra a fhoilsiú faoi ag léiriú cearta achomhairc an phobail i leith an uiríll. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054700/2047958, nó cuir ríomhphost chuig transportation@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Comhairle na nÓg
Faoin Straitéis Náisiúnta Leanaí is ar an mBord Forbartha Contae atá an fhreagracht as Comhairle na nÓg a chur chun cinn ar leibhéal áitiúil. Tugann sí deis don Aos Óg saincheisteanna a dhéanann difear dóibh a scrúdú agus a phlé. Is bealach í chun daoine óga a mhealladh le bheith páirteach i bpleanáil agus i seachadadh seirbhísí agus i gcur chun cinn polasaí. Roghnaítear toscairí Comhairle gach bliain chun freastail ar Dháil na nÓg na bliana sin. Is féidir ionadaí amháin a thoghadh don Choiste Náisiúnta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pobail agus Fiontair ag (01) 2054873 nó 2047295.
Fógraí Tosach Feidhme
I dtaca le gach forbairt a dteastaíonn cead phleanála lena haghaidh ní mór go gcuirfear, ar a laghad 14 lá roimh ré agus nach mó ná 28 lá roimh ré, fógra tosach feidhme chuig an Údarás Pleanála ag fógairt go bhfuiltear chun tús a chur le hobair. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2047957 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Roinn Pobail
Is é aidhm na Roinne cabhair a thabhairt do dhaoine chun cabhrú leo féin. Chun na críche sin cuireann Roinn Pobail na Comhairle seirbhís chuimsitheach tacaíochta agus comhairliúcháin ar fáil d’eagraíochtaí deonacha. Ina theannta sin oibríonn sí Scéim Deontas Pobail/Ealaíon forleathan, Scéim Fostaíocht Phobail, Tionscadail Speisialta agus Bainistíocht Eastáit.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pobail ag (01) 2054746 nó 2719503, nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Roinn Pobail agus Fiontair
Tá freagracht ag an Roinn Pobail agus Fiontair as obair an Bhoird Forbartha Contae a éascú, as prionsabail na Cuimsitheachta Sóisialta a leabú i bpolasaithe, i bpleananna, i gcláir agus i ngníomhartha na Comhairle Contae, as an gclár RAPID a thacú, as Fóram Pobail an Chontae, as Comhairle na nÓg agus as Coiste Cúram Leanaí an Chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pobail agus Fiontair ag (01) 2054721 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Fóram Pobail
Tá níos mó ná 400 ball ó eagraíochtaí pobail agus deonacha i bhfóram Pobail Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a chuireann clár ar fáil chun ionadaí pobail a ainmniú do Bhord Forbartha an Chontae, do Choistí Polasaí Straitéiseacha na Comhairle nó do ghrúpaí eile a bhfuil ionadaíocht phobail de dhíth. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin bhFóram déan teagmháil leis an Roinn Pobail agus Fiontair ag (01) 2047942 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Gearáin/ceisteanna
Ar an gcéad dul síos ba chóir gach gearán/ceist a dhéanamh/chur ar leibhéal na Roinne. Tá oiliúint curtha ar an bhfoireann chun freagra a thabhairt ar ghearáin/cheisteanna agus déantar gach iarracht chun iad a réiteach go pras agus go héifeachtach. Mura bhfuil tú sásta áfach leis an bhfreagra ar an ngearán féadfaidh tú úsáid a bhaint as Gnás Gearáin Oifigiúil na Comhairle. Le haghaidh tuilleadh eolais nó chun foirm ghearáin/cheiste a fháil déan teagmháil le do thoil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag (01) 2047090 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Múiríneoirí
Is bealach nádúrtha agus éasca múirín chun méid bhosca bruscair an teaghlaigh a laghdú agus, ag an am céanna, ábhar feabhsaithe atá go hiomlán nádúrtha a sholáthar don ghairdín. Nuair atá sé dreoite feabhsóidh agus cothóidh ábhar múirín an ithir agus feabhsóidh sé do ghairdín trí na cothaithigh úsáideacha a chur ar ais san ithir. Tig le tíosaigh múiríneoir a cheannach ar chostphraghas ón gComhairle; le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054817 agus le haghaidh leideanna faoi conas múirín a dhéanamh logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Nósanna imeachta maidir le hOrdú Ceannaigh Éigeantaigh
De réir na nósanna imeachta maidir le hOrdú Ceannaigh Éigeantaigh tá sé de cheart ag baill an phobail achomhairc a dhéanamh i gcoinne cinntí na Comhairle talamh/maoin a fháil go héigeantach. Sula ndéantar cinneadh faoi cé acu Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a dhearbhú nó gan a dhearbhú socraíonn an Bord Pleanála go reáchtálfar fiosrúchán poiblí áitiúil ag a n-éistfidh Cigire agóidí. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha agus Pleanála Eacnamúla ag (01) 2054398/2054762 nó cuir ríomhphost chuig propertymanagement@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Oiliúint Ríomhaire
Tá pacáistí féinfhoghlaim ar fáil sna leabharlanna brainse uile ar na pcannna a bhfuil teacht orthu saor in aisce. Bunscileanna ríomhaire, ECDL agus Microsoft Office trí fhéinteagasc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do leabharlann áitiúil nó le ceanncheathrú na leabhairlainne ag (01) 2781788 nó cuir ríomhphost chuig libraries@dlrcoco.ie
Coirmeacha Ceoil
Bíonn sraitheanna de cheadail, idir Jazz, cheol Clasaiceach agus cheol Traidisiúnta agus araile ar siúl go rialta in dhá cheann de thithe oidhreachta áille Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin .i. Teach Pháirc Marlay agus Teach Pháirc Chábán tSíle. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch gutháin ar Oifig na nEalaíon ag (01) 2719527 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie/arts
Reáchtáiltear líon Coirmeacha ceoil i bPáirc Marlay gach Samhradh freisin faoi choimirce na Comhairle. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrevents.ie
Teagmhálacha
Tá príomhoifigí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin suite ag Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Contae Átha Cliath. Tá oifig ag an gComhairle freisin ag Páirc Oifige Dhún Droma, Príomhshráid, Dún Droma, Baile Átha Cliath 14.
Teil. (01) 2054700. Facs (01) 2806969. Le haghaidh liosta iomlán de na huimhreacha teagmhála logáil isteach le do thoil ag http://www.dlrcoco.ie
Smachtú Capall/Madraí
Ghlac an Chomhairle Fodhlíthe de bhun an Achta um Rialú Capall 1996 i 1998 Cuireann na Fodlíthe ar chumas na Comhairle cásanna de chapaill atá ag imeacht ar seachrán laistigh den Chontae a rialú. Cuireann an Chomhairle seirbhís ar fáil freisin chun ainmhithe a bhíonn ag dul ar seachrán i limistéir phoiblí ar fud cheantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin a thabhairt chun bealaigh.
Faoin Acht um Rialú Madraí, 1986 tá dualgas ar an gComhairle a chinntiú go bhfuil ceadúnas ag gach madra. De réir rialúcháin a rinneadh faoin Acht tá dualgas ar an gComhairle freisin a chinntiú go bhfuil ceadúnas ag botháin mhadra chosanta; ní mór go mbeidh ionchlannán ag gach madra cosanta a ainmníonn an t-úinéir agus ní mór go mbeidh madraí contúirteacha coinnithe ar iall madra agus go mbeidh féasrach orthu.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil, Smachtú Madraí ag (01) 2054771 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Plean Corparáideach
Is plean cúig bliana an Plean Corparáideach ina bhfuil na cuspóirí corparáideacha leagtha amach a bhfuil súil ag an gComhairle go mbainfear amach iad laistigh de thréimhse shonraithe. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag 2047090 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Roinn na Seirbhísí Corparáideacha
Is é Roinn na Seirbhísí Corparáideacha atá freagrach as soláthar agus bainistiú réimse leathan seirbhísí, lena n-áirítear cruinnithe na Comhairle Contae, cruinnithe Toscaireachtaí, Riarachán Tógála, Forbairt Eagraíochta, Fear an Phobail, Saoráil Faisnéise, Clár na dToghthóirí, Deontais Ardoideachais agus oifig logánta na Comhairle i nDún Droma.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054700 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Comhairleoirí
Tá 28 gComhairleoir ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Déanann gach duine díobh ionadaíocht ar cheann amháin de na sé limistéar toghcháin, Dún Droma, An Charraig Dhubh, Gleann Cuilinn, Stigh Lorgan, an Baile Breac agus Dún Laoghaire.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054826 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Cruinnithe na Comhairle Contae
Tionólann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin cruinniú na Comhairle ar an dara Luan de gach mí (cé is moite Lúnasa). Tá ceangal reachtúil ar an gComhairle cruinniú faoin mBuiséid agus cruinniú Bliantúil a reáchtáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054826 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Bord Forbartha Contae
Is páirtíocht Bord Forbartha Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (BFCDLRD) den údarás áitiúil, de chomhlachtaí forbartha, d’ionadaithe ó ghníomhaireachtaí stáit agus de pháirtithe sóisialta. Is é an phríomhfhreagracht atá aige straitéis a sheachadadh le haghaidh forbairt sóisialta, eacnamúil agus cultúrtha fhadtéarmach an chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais logáil isteach ag http://www.dlrcdb.ie
Bíonn an Roinn Pobail agus Fiontair ag freastal d’obair Bhord Forbartha an Chontae agus is féidir dul i dteagmháil leo le haghaidh tuilleadh eolais ag (01) 2054896 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
An Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Taitneamhachta
Is í an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí atá freagrach as na limistéir a leanas - Conláistí, na hEalaíon, Tránna, Reiligí, Corrthrádáil, Cothabháil Chathartha, Cosaint Cósta, Forbairt Pobail, Oidhreacht, Leabharlanna, Páirceanna, Leithris Phoiblí, Spóirt agus Fóillíocht, Eamhnú.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759/2054701 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Gníomhaíochtaí Cultúrtha i Leabharlanna
Tá polasaí láidir agus gníomhach i ndáil le cultúr curtha i bhfeidhm ar fud líonra na mbrainsí ag an tseirbhís leabharlainne. Ar na buaicphointí bliantúla tá Bealtaine, sraith imeachtaí i mBealtaine a cheiliúrann an cumas cruthaíochta i ndaoine atá ag teannadh amach sna blianta, imeachtaí samhraidh i Lúnasa chun Féile Chultúir an Domhain a cheiliúradh, Féile na Leabhar Páiste i mí Dheireadh Fómhair agus Seachtain na hEolaíochta i mí na Samhna. Tugtar spreagadh do Chlár Forbartha Léitheora i rith na bliana le cuairteanna ó údair, le cainteanna, le ceardlanna agus le clubanna leabhair agus déanann an roinn Cultúir comhordú ar Chomórtas Filíochta Idirnáisiúnta na Féile Filíochta. Is í seirbhís na Leabharlainne freisin a eagraíonn clár forleathan taispeántas. Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch gutháin ar (01) 2781788 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Seirbhís Chustaiméara
Tá Cairt Chustaiméara ag an gComhairle a léiríonn an leibhéal seirbhíse a bhféadfaidh custaiméir bheith ag súil leis. Déantar suirbhéanna custaiméara d’fhonn mioneolas a fháil faoi shástacht chustaiméara. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag (01) 2047090 nó tabhair cuairt ar an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Rothar-Rianta
Tá líonra rothar-rianta curtha ar fáil cheana féin i bpáirceanna agus i spásanna oscailte agus leathnófar ar fud an chontae iad le cúnamh airgeadaithe ón DTO. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (2054884) 01 nó le Roinn na bPáirceanna ag (01) 2047275/2054848
Caisleán agus Ionad Oidhreachta Dheilginis
Is éard atá san ionad, atá oscailte don Phobal ó Aibreán go Nollaig, túrtheach meánaoise, eaglais ón aonú haois déag, reilig agus limistéar taispeántais. Tá ionadaíocht ag an gComhairle ar an mBord Bainistíochta.
Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch gutháin ar (01) 2858366 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Cosaint Sonraí
Is ionann Cosaint Sonraí agus an ceart bunúsach atá agat ar phríobháideachas. Tig leat teacht ar shonraí a bhaineann leat féin agus iad a cheartú. Ní mór dóibh sin a choinníonn sonraí a bhaineann leat cloí le prionsabail chosanta sonraí. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le do thoil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag (01) 2054734/2047090.
Struchtúir Chontúirteacha, crainn etc.
Tá dualgas ar úinéirí talún agus ar áititheoirí a chinntiú nach mbíonn struchtúir ar thaobh an bhóthair, crainn, toir etc ina n-ábhair chontúirte dóibh siúd a bhíonn ag úsáid nó ag obair ar bhóthar poiblí. Is féidir le húdarás Bóthair fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar úinéir talún nó ar áititheoir ag éileamh go gcuirfí oibríochtaí sonraithe i gcrích laistigh de thréimhse shonrach ama arna lua san fhógra le sábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag úsáid nó ag obair ar bhóthar poiblí a chinntiú.
Tá freagracht ag Roinn na nAiltirí as struchtúir/foirgnimh chontúirteacha agus is féidir dul i dteagmháil léi ag (01) 2047927/2054774.
Páirc na bhFia
Le haghaidh eolais déan teagmháil le (01) 2884607 nó 2047977 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Toscaireachtaí
Eagraítear sraith chruinnithe toscaireachtaí ar bhonn foirmiúil ar an dara Céadaoin de gach mí, cé is moite in Iúil/Lúnasa/Nollaig. Casann Cumainn Chónaitheoirí/grúpaí Pobail le Comhairleoirí agus le hoifigigh na Comhairle Contae i Seomra na Comhairle in Oifig Dhún Droma. Cuireann gach eagras clár oibre i láthair maidir le chúig ní a bhaineann lena cheantar, mar shampla soilse phoiblí, bainistíocht tráchta, gearradh féir etc. Bíonn oifigigh ábhartha na Comhairle Contae ar fáil chun freagraí a thabhairt ar cheisteanna.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054826, nó cuir ríomhphost chuig corp@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie/
Láithreáin Thréigthe
Tá Clár na Láithreán Tréigthe ar fáil don phobail lena iniúchadh de réir cheangal an Achta um Láithreán Tréigthe 1990. Déantar fiosrúchán faoi láithreáin thréigthe ar ghearán a fháil ó dhuine aonair/choiste etc. agus téitear i mbun gnímh de réir mar is gá. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054762
An Roinn Forbartha
Is í an Roinn Forbartha atá freagrach as éadáil talún agus foirgneamh d’fhonn riar ar riachtanais na Comhairle go ginearálta. Is í atá freagrach freisin as Scéimeanna Mótarbhealaigh agus as Orduithe Ceannaigh Éigeantaigh a dhéanamh maille le diúscairt talún agus foirgneamh. Tá riarachán agus obair chothabhála ar bhanc talún na Comhairle agus rialú láithreán tréigthe faoina cúram. Téann sí i mbun caidrimh leis an AE d’fhonn réimsí sochair a aithint a dhéanfadh leas na Comhairle Contae i gcomhthéacs na bhfoinsí agus na gclár airgeadais éagsúla a thagann ó Choimisiúin na hEorpa. Ar fhreagrachtaí eile na Roinne áirítear cúnamh a thabhairt, i gcomhpháirtíocht leis an bpobal turasóireachta agus le Cuideachta Turasóireachta Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, do chur chun cinn na turasóireachta i limistéar an Chontae.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054786 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Plean Forbartha
Tháinig an Plean Forbartha Contae (bunús do gach cinneadh pleanála) 2004-2010 le haghaidh Chontae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i bhfeidhm an 20 Aibreán 2004. Tá cóip an Phlean ar fáil lena iniúchadh ag an gcuntar poiblí den Roinn Forbartha, Halla an Chontae, Dún Laoghaire. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2054871 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Áiseanna Páirceála do Dhaoine le Míchumas
Is í an Roinn Iompair a dhéileálann le hiarratais ar bhánna /spásanna páirceála do dhaoine le míchumas.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tráchta ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Deontas do Dhaoine faoi Mhíchumas
Cuireann Scéim an Deontais do Dhaoine faoi Mhíchumas cúnamh ar fáil trí chóiríocht a sholáthar nó a chur in oiriúint do dhaoine le míchumais. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054847, nó cuir ríomhphost chuig housing@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Diúscairt talún/maoine
Is feidhm forchoimeádta de chuid na Comhairle diúscairt mhaoin na Comhairle agus is í Rannóg Mhaoine na Roinne Forbartha a dhéanann riarachán uirthi. Bainistíonn an Roinn portfóilió maoine na Comhairle, a chuimsíonn talamh, láithreáin tionsclaíocha, siopaí cónaithe agus garraí scóir. Iontráiltear sa Chlár Maoine taifid ar úinéireacht mhaoine na Comhairle agus ligtear amach gach bliain chun críocha féaraigh agus curadóireachta tailte atá faighte ag an gComhairle ach nach gá úsáidláithreach a bhaint astu.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054397/2054399 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
DLR Times
Is í an tAonad Forbartha Eagraíochta a tháirgeann an nuachtlitir ráithiúil “DLR Times”.
Dáiltear an “DLR Times “ mar mhír ionsáite i nuachtán náisiúnta ar bhonn ráithiúil agus tá sé ar fáil freisin in ollmhargaidh áitiúla sa Chontae, inár leabharlanna agus ar shuíomh idirlín na Comhairle. Is ann a bhíonn nuascéala maidir le cinntí na Comhairle, imeachtaí atá le teacht, sonraí seirbhísí etc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag (01) 2047090 nó chun an DLR Times a fheiceáil logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Madra (Smachtú)
Faoin Acht um Rialú Madraí, 1986 tá dualgas ar an gComhairle a chinntiú go bhfuil ceadúnas ag gach madra. De réir rialúcháin a rinneadh faoin Acht tá dualgas ar an gComhairle freisin a chinntiú go bhfuil ceadúnas ag botháin mhadra chosanta; ní mór go mbeidh ionchlannán ag gach madra cosanta a ainmníonn an t-úinéir agus ní mór go mbeidh madraí contúirteacha coinnithe ar iall madra agus go mbeidh féasrach orthu.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil, rannóg Smachtú Madraí ag (01) 2054771 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Salú Madra
Is fadhb bhruscair thromchúiseach salú madra agus is guais sláinte thromchúiseach é chomh maith. Rinneadh an Chomhairle Feachtas ‘Pooper Scooper’ chun feasacht ar fhadhbanna bruscar madra a mhúscailt. Tá ‘Pooper Scoopers’ ar fáil saor in aisce ó Oifigí na Comhairle i nDún Laoghaire nó i nDún Droma. Tá clár oideachas scoile in éindí le Scoileanna Glasa ina chuid den fheachtas. Is iad úinéirí madraí atá freagrach as glanadh suas i ndiaidh salú madra agus nuair a chliseann orthu é sin a dhéanamh d'fhéadfaí fíneáil de €125 a ghearradh orthu ar an bhfód nó suas go €3,000 sa chúirt. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Bhruscair, Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054817 ag an uimhir shaor bhruscair.
1800 403503.
Ceadúnais Mhadraí
Má tá madra agat caithfidh ceadúnas madra a bheith agat. Bíonn ceadúnais bailí ar feadh 12 mhí agus tá siad ar fáil ag oifigí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (Halla an Chontae nó Oifig Dhún Droma) nó ó aon Oifig Phoist ar tháille fóirsteanach. Is é an t-eolas a theastaíonn ar an gceadúnas madra ainm agus seoladh an úinéara agus cur síos ar an madra .i. an pór, dath etc. Féadfaidh sé go rachaidh an Maor Madra i dteagmháil leat agus ní mór go mbeidh tú in ann an ceadúnas a thabhairt ar aird. Teastaíonn ceadúnas amháin le haghaidh gach madra atá i do sheilbh. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054771, cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Póna Madra
Chun dul i dteagmháil leis an bPóna Madra cuir glaoch ar (01) 2783564.
Draenáil
Déanann an Rannóg Draenála obair chothabhála ar an líonra poiblí séaraigh, ar naisc séaraigh agus deisíonn píopaí agus scaoileann bacainní nuair is gá. Is ar úinéirí tithe atá an fhreagracht obair chothabhála a dhéanamh ar dhraenacha príobháideacha (píopaí a fhónann do thithe aonair nó do ghrúpaí tithe). Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an rannóg Uisce agus Draenála ag (01) 2054800. Taobh amuigh de ghnáthuaireanta tá Uimhir Éigeandála ag (01) 6778844.
Oifig Dhún Droma
In Oifig Dhún Droma, ar leataobh ón Phríomhshráid tá teacht go héasca ar an iomad seirbhísí a chuireann an Comhairle Contae ar fáil do chónaitheoirí Dhún Droma, don limistéar máguaird agus do na daoine atá ina gcónaí ar an taobh thiar den Chontae. Tá eolas chun dáta faoi sheirbhísí na Comhairle maille le foirmeacha iarratais ar fáil i nDún Droma agus is féidir íocaíochtaí a dhéanamh maidir le cíosanna, le muirir dhramhaíola, le rátaí etc. Is féidir lipéid dramhaíola, ceadúnais mhadraí, agus múiríneoirí a cheannach ann.
Tá seomra comhdhála agus seomra taispeántais ar fáil ann freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hOifig Dhún Droma ag (01) 2047209 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Ionad Athchúrsála Pháirc Éadáin
Tá Ionad Athchúrsála Pháirc Éadáin i nGlas Tuathail oscailte ó Luan go Déardaoin ó 8.30rn-4in, Dé hAoine 8.30rn-2.00in, Dé Sathairn 08.30rn-3.30in.
Tig leat gloine, cannaí alúmanaim agus cruach, páipéar, cairtchlár, tetra pak, plaisteacha, éadaí, cadhnraí, bolgáin solais a athchúrsáil.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag (01) 2054817 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Feasacht ar Chomhshaoil
Is iad Oifigigh Oideachas Comhshaoil na Comhairle a chuireann feasacht faoi cheisteanna timpeallachta chun cinn trí líon tionscnamh a mbíonn grúpaí pobail, scoileanna agus gnóthaí páirteach iontu. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag (01) 2054817 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Forfheidhmiú Reachtaíocht Chomhshaoil
Má sháraítear reachtaíocht Chomhshaoil (bainistíocht dramhaíola, truailliú aeir agus glór), féadfar imeachtaí forfheidhmithe a thionscnamh. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le forfheidhmiú nó chun gníomhaíocht/teagmhas dramhaíola mídhleathaí a thuairisciú déan teagmháil le hAonad Forfheidhmithe na Roinne Comhshaoil ag (01) 2047954 nó chuir ríomhphoist chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie
Roinn na Seirbhísí Comhshaoil
Cuireann Roinn na Seirbhísí Comhshaoil réimse bunseirbhísí ar fáil a leithéidí soláthar uisce, draenáil agus bailiúchán/diúscairt dramhaíola, monatóireacht bhruscair, bainistíocht dramhaíola, forfheidhmiú reachtaíocht chomhshaoil agus feasacht chomhshaoil; seirbhísí iadsan uile atá bunúsach ó thaobh sláinte shaoránaigh na tíre a chinntiú.
Tá an Roinn roinnte de réir na réimsí a leanas:
Uisce agus Draenáil. Teil. (01) 2054800/ 2054795
Bainistíocht dramhaíola/Bailiúchán bruscair/Scuabadh sráide Teil. (01) 2054810
Seirbhísí Comhshaoil/Athchúrsála/Smachtú Madraí Teil. (01) 2054817/2054771
Forfheidhmiú reachtaíocht bruscair/comhshaoil Teil. (01) 2054351/2047954
Le haghaidh tuilleadh eolais logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie nó cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie
Deontas um Dheisiúcháin Riachtanaigh
I Scéim Deontais um Dheisiúcháin Riachtanaigh na Comhairle foráiltear do cúnamh i bhfoirm dheontais a sholáthar lena chinntiú go ndéanfar athchóiriú bunúsach ar theaghais atá i seilbh daoine aosta agus nach féidir d’uireasa cúnaimh iad a chur in oiriúint ar gach uile bhealach mar áiteanna cónaithe do dhaoine ar chostas réasúnta.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054847/2047935, cuir ríomhphost chuig housing@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Bainistíocht Eastáit
Is éard atá i mBainistíocht Eastáit próiseas páirtíochta agus comhoibriú idir cónaitheoirí agus an Chomhairle. Tá i gceist leis go n-oibreodh siad i gcomhar le chéile chun eolas agus idéanna a mhalartú agus chun ciall na páirtíochta agus na freagrachta maidir leis an gcinnteoireacht a bhíonn ar siúl ina n-eastáit a chothú ar bhonn níos leithne i measc cónaitheoirí. Aithnítear leis go bhfuil sé de cheart ag cónaitheoirí go rachfaí i gcomhairle leo maidir le cinntí a dhéanann difear dá saol.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Imeachtaí
Cuireann páirceanna ionad coinne ar fáil do réimse leathan imeachtaí agus fóillíochta mar atá coirmeacha Popcheoil, aonaigh sheó, laethanta amuigh don teaghlach, margaidh bhia agus cheirde, agus gníomhaíochtaí pobail áitiúil. Le haghaidh eolais faoi imeachtaí a bhíonn ar siúl ar fud an Chontae logáil isteach ag http://www.dlrevents.ie/ nó déan teagmháil le hOifig na nEalaíon ag (01) 2719527.
Forbairt Dhíolmhaithe
Baineann seo le forbairtí áirithe nach dteastaíonn go dtugtar cead pleanála foirmiúil lena n-aghaidh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054827 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Onnmhairiú Dramhaíola (Loingsiú Trasteorann (LTT) Dramhaíola)
Uair ar bith a onnmhairítear dramhaíl ón tír amach bíodh sé le haghaidh aisghabhála nó diúscairt deiridh, ní mór forálacha na Rialachán LTT a chomhlíonadh go hiomlán; ní mór deimhniú lasta LTT a fháil roimh sheoladh. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag 2047954 nó logáil isteach ag wasteenforcement@dlrcoco.ie
Féile Filíochta
Eagraíonn an tseirbhís Leabharlainne Féile Filíochta/Comórtas Filíochta Idirnáisiúnta gach bliain. Rangaítear an comórtas mar imeacht ilteangach ollmhór le catagóirí i nGaeilge, Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Gàidhlig na hAlban, Spáinnis, Sualainnis, Breatnais agus ó 2006 i leith tá Polainnis curtha leis an liosta mar an 10ú catagóir theanga.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Leabharlanna ag (01) 2781788 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Féile Chultúr Domhanda
Imeacht bhliantúil i nDún Laoghaire ó 2001 i leith Féile na gCultúr Domhanda agus reáchtáiltear í i rith deireadh seachtaine deiridh Lúnasa.
Bíonn coirmeacha ceoil, oícheanta club, ceardlanna agus ranganna, taispeántais, amharclann, sorcas agus margaidh ar siúl ag an deireadh seachtaine.
Agus í ag díriú ar cheoil ó áiteanna ar fud an domhain ceiliúrann Féile na gCultúr Domhanda iolarthacht na dtraidisiún ilghnéitheacha ar bhonn áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2047270, cuir ríomhphost chuig fwc@dlrcoco.ie nó tabhair cuairt ar http://www.festivalofworldcultures.com
Deimhnithe Sábháilteachta ar Dhóiteán
Ceanglaítear ar gach forbairt, seachas tithe agus foirgnimh talmhaíochta, atá clúdaithe ag na rialúcháin foirgníochta de réir an Achta um Rialú Foirgníochta, 1990, Deimhniú Sábháilteachta ar Dhóiteán a fháil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2047282.
Seirbhísí Dóiteáin
Tá na Stáisiúin Dóiteáin lonnaithe ag Ascal na Cille, Dún Laoghaire agus ag Garran na gCnó, Ráth Fearnáin. Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a oibríonn an tseirbhís ar son na Comhairle.
Faichí Peile
Le haghaidh eolais faoi inimeartha faiche déan teagmháil le Roinn na bPáirceanna ag (01) 2054341 nó aertel leathanach 219 (deiridh seachtaine amháin)
Cosáin Choisithe
Tá an Comhairle ag cur clár athchóiriú cosán coisithe i bhfeidhm ar bhonn leanúnach. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair, Rannóg Chothabhála ar Bhóithre ag (01) 2047958/2054379
Cosáin Choisithe a Chuasú
Duine ar bith ar mian leis/léi an cosán taobh amuigh dá (h)áitreabh a ísliú/chuasú féadfaidh sé/sí iarratas a chur chuig Roinn Iompar na Comhairle chun na hoibríochtaí a fháil déanta ar chostas aontaithe ach go mbí cead phleanála faighte aige/aici. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4256 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Fóram do Dhaoine Scothaosta
Bunaíodh an fóram i 2001 le go mbeadh grúpaí agus daoine aonair a bhí ag breathnú i ndiaidh leas daoine scothaosta in ann teacht le chéile chun cúrsaí a phlé agus chun tuairimíocht a dhéanann difear do sheansaoránaigh an Chontae a chur i bhfocal.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2719501, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Saoráil Faisnéise
Déanann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin freastal don cheart atá ag an bpobal ó thaobh dlí teacht ar eolas atá á choinneáil ag an gComhairle Contae. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifigeach um Shaoráil Faisnéise ag (01) 2054734 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Tinte i nGairdíní
Is cion faoin Acht um Thruailliú Aeir tinte a dhéanann núis a adhaint i ngairdíní. Tá dóiteán dramhaíola, go ginearálta, mídhleathach faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996.
Le haghaidh tuilleadh eolais nó más mian leat gearán a chur isteach déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag (01) 2047965/2047954 nó cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie
Cúrsaí Gailf
Coinníonn an Chomhairle dhá Chúrsa Gailf:
An Chéim Uimh. Teil. (01)2952859, cúrsa gailf 9 bpoll.
Marlay Uimh. Teil. (01)4952100, cúrsa gailf par 3
Gearradh Féir
Is í Roinn na bPáirceanna atá freagrach as gearradh féir i spásanna faoin spéir agus i bpáirceanna.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na bPáirceanna ag (01) 2047275, 2047977, 2054848 nó 2054341 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Bosca/Mála Bruscair Glas
Cuireann Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin boscaí nó málaí glasa ar fáil dá custaiméirí chun ábhar in-athchúrsála tirim a bhailiú. Spreagann an tseirbhís seo, atá ligthe ar fhochonradh do hOxigen Environmental Ltd, custaiméirí chun a gcuid dramhaíola a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil. Is iad na hábhair a cheadaítear sna boscaí/málaí glasa nuachtáin, irisí, cairtchlár, cannaí alúmanaim, cannaí bia, tetra pak agus cartáin den chineál céanna. Is féidir le custaiméirí a gcuid muirear dramhaíola a laghdú go suntasach trí bhreis athchúrsála a dhéanamh agus trí úsáid níos fearr a dhéanamh de bhosca/mhála glas.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag (01) 2054810 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Líonra na nGnóthaí Glasa
Bhí an Chomhairle ag obair leis an bpobal gnó, leis an gCumann Tráchtála agus le Bord Forbartha an Chontae chun laghdú dramhaíola agus freagracht i leith na timpeallachta a chur chun cinn trí ghníomhaíochtaí a mhúsclaíonn feasacht agus trí ghéilliúntas i leith reachtaíocht dramhaíola a chinntiú.
Le haghaidh tuilleadh eolais logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie nó déan teagmháil leis an Oifigeach Gnó Glas ag (01) 2054846.
Glantachán Clasáin
Is í Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre a dhéanann glantachán ar chlasáin sa Chontae.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4258 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Dramhaíl Ghuaiseach
Aon uair a thagann dramhaíl ghuaiseach ar an saol agus a bhíonn sí á hiompar le haghaidh a diúscartha/aisghabhála, ní mór go mbeidh Nóta Coinsíneachta ag gabháil leis an dramhaíl le linn di bheith ar iompar go ceann scríbe. Is féidir foirmeacha C1 a fháil ó Aonad Forfheidhmithe na Roinne Comhshaoil ar tháille a íoc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag (010 2047954 nó cuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie
Ceadúnais Chloch Chinn
Is chuig Reilig Ghráinseach an Déin ag (01) 2893416 is ceart iarratais ar cloch cinn a sheoladh.
Ceadúnas Ualaigh Throim
Tá foirmeacha iarratais ar cheadúnas ualaigh neamhghnách ar fáil ar líne trí theagmháil a dhéanamh leis an Roinn Iompair ag (01) 2054884 nó trí http://www.dlrcoco.ie
Oifig Oidhreachta
D’fhoilsigh an Chomhairle Plean Oidhreachta i 2004 i gcomhlachas leis an gComhairle Oidhreachta, plean a bheidh bailí ar feadh cúig bliana agus a bhfuil sé d’aidhm aige cosaint agus caomhnú oidhreachta na hOidhreachta a fheabhsú. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifigeach Oidhreachta ag (01) 2054868 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Deontais Ardoideachais (DAO)
Deonaíonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Deontais Ardoideachais faoi na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais) 1968 go 1992. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha, Rannóg DAO ag (2054777), cuir ríomhphost chuig heg@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Ceadúnas Clársconsa
Sa chás gur mian leat Clársconsa / Fál / Scafall a chur suas ar mhaoin phoiblí nó in aice léi beidh ort iarratas a chur isteach ar cheadúnas Clársconsa / Fáil / Scafaill.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4614 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Comhairle agus Eolas do Dhaoine gan Dídean
Cuireann an Rannóg um Chomhairle agus Eolas do Dhaoine gan Dídean seirbhís for-rochtana ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh atá gan dídean agus seirbhís Chothú Lonnaíochta agus Thionóntachta dóibh sin atá ag athrú ó bheith gan dídean go dtí cóiríocht shocair. Cuireann an Rannóg na nDaoine gan Dídean cásanna faoi bhráid seirbhísí tacaíochta eile freisin.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíocha ag (01) 2054828.
Ionad Fáilte do Dhaoine gan Dídean
Ó Nollaig 2006 ar aghaidh tá an Chomhairle ag cur dídean ar fáil do dhaoine gan chónaí ag ionad ilchuspóireach do dhaoine gan dídean. Tá an t–ionad lonnaithe ag Bailtíní Bentley i lár Dhún Laoghaire. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Tithíochta, rannóg na nDaoine gan Dídean ag (01) 2054828 nó taobh amuigh de ghnáthuaireanta ag 1800 724724
Iasacht Feabhsú Tí
Tá Iasachtaí Feabhsú Tí ar fáil d’iarratasóirí cáilithe lena chur ar a gcumas obair feabhsúcháin a dhéanamh ar a gcuid teaghaisí. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054756, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Iasacht Cheannach Tí
Tá Iasachtaí Ceannach Tí ar fáil do dhaoine incháilithe nach bhfuil in ann morgáiste oiriúnach a fháil ón earnáil phríobháideach. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054836, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Iarratas Tithíochta
Chun foirm iarratais ar Thithíocht a fháil déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2047260, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
An Roinn Tithíochta
Bainistíonn an Roinn Tithíochta stoc tithíochta na Comhairle. Áirítear ar a feidhmeanna tógáil, athchóiriú, éadáil, leithroinnt, cothabháil agus díolachán teaghaisí, measúnú agus bailiúchán cíosa, iasachtaí ceannach tí agus deontais áirithe a thabhairt amach agus oibríocht an Phlean um Thithíocht Shóisialta agus Inacmhainne. Is í an Roinn Tithíochta freisin a dhéileálann le hiompar frithshóisialta, leis an Lucht Siúil, le Daoine gan Dídean agus is í a oibríonn an Scéim Cóiríochta ar Chíos. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054700, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Straitéis Tithíochta
De réir Cuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000-2002 tá sé de cheangal ar Údaráis Phleanála Straitéis Tithíochta a ullmhú. Tá an Straitéis Tithíochta ionchorpraithe sa Phlean Forbartha Reatha ag Aguisín A agus ní mór go gcuirfear san áireamh ann an measúnú is déanaí den Riachtanas Tithíochta arna chur i gcrích faoi Alt 9 d’Acht na dTithe 1988. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2047914 nó 2054700 fo-líne 4031, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Roinn Acmhainní Daonna
Tá thart ar 1,300 ball foirne fostaithe ag an gComhairle Chontae i ngráid éagsúla Cléireachais/Riaracháin, Proifisiúnta/Teicniúil agus Ceirde/Láimhe. Is cás do Roinn na nAcmhainní Daonna gach a mbaineann le bainistíocht acmhainní daonna laistigh den eagras. Le haghaidh tuilleadh eolais nó sonraí faoi earcú déan teagmháil le Roinn na nAcmhainní Daonna ag (01) 2054887, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Oibreacha Feabhsúcháin in ionad Thithíocht na Comhairle
Ceadaíonn an scéim don Chomhairle obair fheabhsúcháin a dhéanamh ar chóiríocht atá faoi úinéireacht phríobháideach nó síneadh a chur léi d’iarratasóir ceadaithe atá ar an liosta feithimh do thithíocht mar mhalairt ar thithíocht údaráis áitiúil a chur ar fáil dó/di. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054832, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Deasc Faisnéise
Cuireann an Deasc Eolais i Halla an Chontae seirbhís eolais ar fáil don phobal maidir le seirbhísí uile na Comhairle. Tá an Deasc nasctha trí ríomhaire le mórán gach roinn, rud a thugann deis don phobal a bhfuil de cheistanna/ghearáin acu a chur chuig an ndeasc eolais le go ndéileálfar leo ansin seachas cuairt a thabhairt ar an roinn ábhartha. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an nDeasc Eolais ag (01) 2047913 or 2047908
Fodhlíthe maidir le Deoch Meisciúil (Tomhaltas in áiteanna poiblí)
Fodhlíthe arna dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin de bhua na cumhachta a thugtar don Chomhairle i gCuid VII den Acht Rialtais Áitiúil, 1994
Ag foráil do rialachán agus do rialú tomhaltas dí meisciúla ar bhóithre agus in áiteanna poiblí laistigh de Chontae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Teacht ar an Idirlín
Tá teacht ar an idirlín saor in aisce i ngach leabharlann bhrainse. Le haghaidh breis sonraí maidir le húsáid agus le cur in áirithe déan teagmháil le brainse áitiúil na leabharlainne nó le ceanncheathrú na leabharlainne ag (01)2781788 nó cuir ríomhphost chuig libraries@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Comhairle na bPáistí
Is é an tAonad Forbartha Eagraíochta a chomhordaíonn eolas lena chur ar shuíomh idirlín “Kids Council” www.dlrcoco.ie/kids. Chomh maith leis sin táirgeann siad nuachtlitir ráithiúil do scoileanna agus eagraíonn cuairteanna ar scoileanna ar a laghad uair in aghaidh na bliana. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Aonad Forbartha Eagraíochta ag (01) 2047090
Páirc Chnoc Chill Iníon Léinín
Le haghaidh eolais déan teagmháil le (01) 2801643 or 2047275 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Éadáil Talún
Faigheann an Rannóg Éadáil Talún talamh agus maoin d'fhonn riar ar riachtanais na Comhairle ó thaobh tithíochta, forbairt tionsclaíoch, mótarbhealaí/bóithre, áiseanna pobail agus spásanna faoin spéir. Is trí Chomhaontas nó trí Ordú Ceannaigh Éigeantaigh a dhéantar sin. Ar bhonn praiticiúil déantar iarrachtaí ar an gcéad dul síos talamh agus maoin a fháil trí chomhaontú agus faightear riar mhaith éadálacha ar an dóigh sin. Murar féidir teacht ar chomhaontú baintear leas as cumhachtaí Ceannaigh Éigeantaigh Is é an Roinn Forbartha a bhainistíonn éadáil talún.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Forbartha ag (01) 2054762 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Ionaid Fóillíochta
Cuireann an Chomhairle Contae Ionaid Fóillíochta ar fáil ag Ionad Fóillíochta Bhaile Lochlainn, teileafón (01) 2823344, Linn Snámha agus Ionad Folláine Bhaile na Manach, 01) 2301458, agus Ionad Fóillíocht Teaghlaigh Dhún Droma, (01) 2984654.
I mBaile Lochlainn tá trí chúirt istigh, maille le giomnaisiam den chéad scoth, stiúideo aeróbaice, seomra ilchuspóireach agus ceithre fhaiche scraith shaorga faoi sholas.
I Linn Snámha agus Ionad Folláine Bhaile na Manach tá giomnaisiam lánfheistithe, ceithre fhaiche sheachtar-ar-gach-taobh faoi sholas. Tá faiche amháin díobh sin oiriúnach d’úsáideoirí cathaoir rotha. In Ionad Fóillíocht Teaghlaigh Dhún Droma tá ceithre chúirt leadóige amuigh, dhá cúirt scuaise, solarium, stiúideo sláinte agus seomraí cruinnithe.
Seirbhísí Dlí
Cuireann Roinn Seirbhísí Dlí na Comhairle comhairle dlí agus seirbhísí dlíthiúil ginearálta ar fáil, lena n-áirítear dlíthíocht agus tíolacadh, do Ranna uile na Comhairle Contae. Ní chuireann an Roinn Seirbhísí Dlí seirbhís dhlíthiúil nó chomhairleach ar fáil do bhaill an phobail i gcoitinne. Ach féadfar ceisteanna maidir le cealú Iasachtaí Tithíochta, Gníomhais Teidil a ghabháil (coinnithe i ndáil le slándáil) agus ceisteanna freisin ó dhlíthithe atá gafa go díreach le hImeachtaí Dlí na Comhairle Contae nó le himeachtaí cosúil leo a chur i dtreo An Gníomhaire Dlí, Roinn Seirbhísí Dlí, Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, 4ú Urlár, Halla an Chontae, Bóthar na Mara, Dún Laoghaire, Contae Bhaile Átha Cliath nó teil. (01) 2054700 Folíne 4233.
Seirbhís Leabharlainne
Cuireann Leabharlanna Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin seirbhís thábhachtach phobail ar fáil. Is féidir le duine ar bith a chónaíonn sa Chontae, a oibríonn, atá ag freastal ar scoil nó a thugann cuairt ar an gContae bheith ina b(h)all. Tá ballraíocht saor in aisce agus tá sé ceadaithe do bhall leabhair, CDanna agus DVDanna a fháil ar iasacht agus teacht a fháil ar an Idirlín. Trí úsáid a bhaint as do charta ballraíochta agus as an uimhir uap (uimhir aitheantais phearsanta) is féidir teacht ar na bunachair sonraí a leanas, Marketline Business Resource Centre, Britannica Online agus Xrefer Plus.
Le haghaidh tuilleadh eolais faoin leabharlann logánta déan teagmháil le Ceanncheathrú na Leabharlainne ag (01) 2781788, cuir ríomhphost chuig libraries@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Ceadúnais - Diúscairt
Ní mór do dhaoine atá freagrach as sceitheadh eisilteach trádála nó séarachais ceadúnas a bheith acu ón gComhairle. Is í an Rannóg Thruailliú Uisce a dhéanann riarachán agus monatóireacht ar gach ceadúnas dá leithéid faoin Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce). Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800/2955087
Ceadúnais-Madraí
Má tá madra agat caithfidh ceadúnas madra a bheith agat. Bíonn ceadúnais bailí ar feadh 12 mhí agus tá siad ar fáil ag oifigí Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin (Halla an Chontae nó Oifig Dhún Droma) nó ó aon Oifig Phoist ar tháille fóirsteanach. Teastaíonn ceadúnas amháin le haghaidh gach madra atá i do sheilbh.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil, rannóg Smachtú Madraí ag (2054771) nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Ceadúnais – Oscailt Bhóthair
Duine ar bith ar mian leis/léi bóthar nó cosáin phoiblí a oscailt chun críche ar bith ní mór dó/di ceadúnas oscailte bóthair a fháil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Halla an Chontae ar iarratas. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054879, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Líne Teileafóin Saorghlao Bruscair
Coinníonn an Chomhairle uimhir shaor theileafóin 1800 403503 le haghaidh baill an phobail a thuairiscíonn cionta maidir le bruscar.
Maoir Bhruscair/Fíneálacha bruscair
Bíonn roinnt Maoir Bhruscair fostaithe ag an gComhairle. Is é príomhfhócas na seirbhíse seo an dlí maidir le truailliú, cosc agus rialú bruscair a fheidhmiú agus cabhair a thabhairt do phobail agus do ghnóthaí áitiúla a limistéar a fheabhsú ó thaobh timpeallachta. Is féidir le maoir bhruscair fíneálacha “ar an bhfód” de €125 a ghearradh mar gheall ar chionta i ndáil le bruscar. Chun cion i ndáil le bruscar a thuairisciú déan teagmháil leis na Maoir Bhruscair ag (01) 2054351/2054352 nó bain feidhm as an líne Shaorghlao Bruscair 1800 403503.
Pleananna Limistéir Áitiúil
Is éard is Pleananna Limistéir Áitiúil ann pleananna reachtúla faoi réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006. Féadfar iad a ullmhú i dtaca le haon limistéar a mheasann an tÚdarás Pleanála a bheith oiriúnach agus go háirithe le haghaidh na limistéar sin a bhfuil athnuachan eacnamúil, fisiciúil agus shóisialta de dhíth agus le haghaidh limistéar ar dóigh go mbeidh siad faoi réir forbartha ar scála mór. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag 2054871 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Stair Áitiúil
I ngach brainse den leabharlann coinnítear comhaid staire áitiúla a bhaineann leis an limistéar sonrach agus is féidir leis an bpobal teacht ar shraith léarscáilithe Stairiúil Shuirbhéireacht Ordanáis na hÉireann i ngach brainse; i mbrainse Dhún Laoghaire coinnítear an príomhbhailiúchán a bhaineann le Stair Áitiúil. Ar an suíomh idirlín Ask about Ireland tá eolas stairiúil a bhaineann leis an gContae. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an mbrainse den leabharlann is gaire duit.
Margaidh
Tá trí mhargadh sheachtainiúla feirmeoirí (margaidh CoCo) á reáchtáil ag an gComhairle.
Halla na Cathrach Dheilginis gach Aoine ó 10.00rn - 4.00in.
Páirc Marlay gach Sathairn 10.00rn – 4.00in.
Páirc an Phobail Dhún Laoghaire gach Domhnach 11.00rn – 4.00in.
Le haghaidh tuilleadh sonraí logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Teach Marlay
Le haghaidh tuilleadh eolais nó le breathnú air déan teagmháil le do thoil le (01) 2047261 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Páirc Marlay/Clós Ceirde
Le haghaidh tuilleadh eolais teil. (01) 4934059 nó 2054848 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
MMG (Míchumais Mhaolghluaiste)
Áiseanna le haghaidh daoine le Míchumais Mhaolghluaiste m.sh. áiseanna sábháilte thrasbhóthair choisithe / cuasú cosán coisithe / scéimeanna feabhsúchán cosán / naisc le hiompar poiblí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le MMG ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Miontuairiscí Cruinnithe Comhairle
Tá fáil ar Mhiontuairiscí faoi Chruinnithe Comhairle ar an suíomh idirlín ag http://www.dlrcoco.ie nó ag Roinn na Seirbhísí Comhshaoil ag 2054826. Ní féidir miontuairiscí a chur ar taispeáint go dtí go bhfaighfear cead ag an gcruinniú Comhairle ina dhiaidh.
Scéim Ceadúnas Morgáiste
Faoin Scéim Ceadúnas Morgáiste tá fóirdh eontas ar fáil le haghaidh ais íocaíocht í Morgáiste do thionóntaí agus do cheannaitheoirí tionónta a chuireann cóiríocht ar fáil dóibh féin trí bhíthin morgáiste agus a ghéilleann seilbh ar an teaghais atá acu faoi láthair don údarás áitiúil de réir théarmaí na scéime thuasluaite.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2047920/2047923, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Seomraí Cleachta Ceoil
Tá dhá sheomra cheoil i leabharlann Dheilginis ina bhfuil cláirseach agus pianó. Tá siad ar fáil saor in aisce dóibh sin ar mian leo na huirlis sin a chleachtadh. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le leabharlann Dheilginis ag (01) 2855277 nó cuir ríomhphost chuig dalkeylib@dlrcoco.ie
Comharthaí Faire Comharsanachta
Ar mholadh ón nGarda agus má dhéantar tadhall le Comhordaitheoir Limistéir na Scéime is féidir na comharthaí faire comharsanachta a chur suas ach na costais a bhaineann leis an tógáil a íoc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054884
Truailliú Fuaime
Is iad na hOifigigh Shláinte Chomhshaoil a fhiosraíonn gearáin a eascraíonn ó thorann tráchtála, tionsclaíoch agus comharsanachta. Féadfar fógraí a sheirbheáil ar na ciontaigh. Mura dtagann laghdú ar an núis, féadfar an cás a chur faoi bhráid na Cúirteanna. Go ginearálta baineann gearáin i leith torann baile nó teaghlaigh leis an ngearánaí agus is féidir cás a thionscnamh ar bhonn príobháideach tríd an gCúirt Dúiche faoi Alt 108 den Acht um Ghníomhaireacht Chaomhnú Chomhshaoil, 1992.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag (01) 2047954, cuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Fear an Phobail
Soláthraíonn Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ról idirchaidrimh d’Fhear an Phobail agus é i mbun a chuid fiosrúchán. Féadfar dul i dteagmháil le Fear an Phobail ag Oifig Fhear an Phobail, 18 Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2, Teil: (01) 6785222/6610570.
Uaireanta Oscailte
Bíonn oifigí na Comhairle i Halla an Chontae agus i ndún Droma oscailte don phobal ó Luan go hAoine, seachas laethanta saoire poiblí/bainc; le haghaidh sonraí iomlána na n-uaireanta oscailte d’oifigí, d’árais, do leabharlanna agus do pháirceanna poiblí uile logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Aireagal
Tháinig an foirgneamh beag liostáilte seo i seilbh Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i 1994 le linn athchóirú tailte i nDún Laoghaire láir ar leis an gClochar Doiminiceach iad tráth dá raibh. Tógadh an t-Aireagal i 1919 chun cóiríocht a thabhairt do dhealbh an Chroí Rónaofa. Is iad cónaitheoirí Dhún Laoghaire a cheannaigh an dealbh sa bhFrainc i gcomóradh fhir Dhún Laoghaire a bhásaigh sa Chéad Chogadh Domhanda. Chaith an tsiúr Concepta Lynch níos mó ná 16 bhliain ag péinteáil an taobh istigh i stíl na hAthbheochana Ceiltí, agus tá fuinneoga gloine daite sa bhfoirgneamh ó lámh Harry Clarke. Tá an tAireagal oscailte don phobal ar bhonn réamhchoinne amháin.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha ag (01) 2054762.
Bá Pháirceála - Cosc ar pháirceáil
Laistigh de limistéir le Rialú Páirceála cuirtear ceadúnais ar fáil d’oibritheoirí deimhnithe gabhdáin bhruscair chun cosc a chur ar pháirceáil i mbánna páirceála.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchtála ag (01) 205 4884 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Rialú Páirceála
Tá Scéim Rialaithe Páirceála i bhfeidhm sa Chontae. Tá Ceadúnais Pháirceála do Chónaitheoirí agus do Chuairteoirí ar fáil ar tháille agus faoi réir coinníollacha áirithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchtála ag (01) 205 4884 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Páirceanna
Tá Roinn na bPáirceanna freagrach as bainistiú agus as forbairt páirceanna/spásanna faoin spéir, crann ar thaobh bóthair agus i bpáirceanna sa chontae lena n-áirítear tithe oidhreachta ag Marlay agus ag Páirc Chábán tSíle, áiseanna fóillíochta, áiteanna súgartha agus Ionad Ceirde Marlay. Déanann Roinn na bPáirceanna obair chothabhála agus tugann tacaíocht do réimse leathan seirbhísí eile freisin, a leithéidí tírdhreachtú, caomhantas agus cúrsaí comhshaoil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na bPáirceanna ag (01) 2054700, cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie/parks
Íoc de réir Meáchain
Dá lú mheáchan an bhruscair is ea is lú a íoctar de réir na scéime Íoc de réir Meáchain. Ciallaíonn sin gur mó an stiúir a bhíonn agat, an custaiméir, ar na muirir bhruscair. Dé mhéad an iarracht a dhéanann tú an bruscar a athchúrsáil agus a laghdú is ea is lú an muirear bruscair a bheidh le híoc agat. Tá scéim tarscaoilte i bhfeidhm dóibh siúd ar ioncam íseal agus/nó atá ag brath ar leas sóisialta. Is féidir le custaiméirí meáchain agus arduithe na dramhaíola a bhailítear a sheiceáil anois ar shuíomh idirlín na Comhairle ag http://www.dlrcoco.ie . Teastaíonn uimhir chuntais agus uimhir bhosca bhruscair chun an t-eolas sin a fháil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le 2054747, cuir ríomhphost chuig charges@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie/
Páirc an Phobail
Déan teagmháil le (01) 2801643 or 2054341 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Achomhairc Phleanála
Sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2005 tá nósanna imeachta leagtha amach ar gá cloí leo i ndáil le hACHOMHAIRC maidir le hIarratais Phleanála.
· Is tréimhse 4 seachtaine ó dháta chinneadh na Comhairle an tréimhse achomhairc anois.
· Níl ceadaithe ach dóibh sin a rinne agóidí/aighneachtaí sula ndearnadh an cinneadh maidir leis an iarratas pleanála, achomharc a dhéanamh don Bhord Pleanála.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054867/2047956, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Iarratais Phleanála
Tá foirmeacha iarratais pleanála agus nótaí treoracha ar fáil ón suíomh idirlín www.dlrcoco.ie
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054859.
Roinn Pleanála
Is í an Roinn Pleanála atá freagrach as forálacha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963-1999, na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001-2005. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054859/2047282, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Forfheidhmiú Pleanála
Féadfaidh sáruithe fhorálacha an Acht Pleanála i leith forbartha bheith ina n-ábhar imeachtaí forfheidhmithe sa Chúirt. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054864/ 2047957 nó cuir ríomhphost chuig planning@dlrcoco.ie
Cead Phleanála
Teastaíonn cead phleanála le haghaidh gach forbartha seachas forbairt dhíolmhaithe de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000-2006 agus rialúchán a rinneadh ina dhiaidh sin.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pleanála ag (01) 2054859/2054865/2047282, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Áiteanna Súgartha
Coinníonn Roinn na bPáirceanna caoi ar líon áirithe de háiteanna súgartha ar fud an chontae.
Le haghaidh tuilleadh eolais cuir glaoch ar (01) 2047275/2047261/2054848 nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Féile Poetry Now
Is imeacht bhliantúil an Fhéile Poetry Now a bhfuil naisc láidre cruthaithe aici agus a bhfuil rún daingean aici caighdeán ard a bhaint amach. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Ealaíon ag (01) 2719530, nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie/arts
Struchtúir Chaomhnaithe
Féadfar struchtúir ar ábhar spéise iad ó thaobh na hailtireachta, na staire, na seandálaíochta, na n-ealaíon, an chultúir nó ón taobh sóisialta agus teicniúil de a chuimsiú sa Taifead um Struchtúir Caomhnaithe ar chuid de Phlean Forbartha an Chontae é.
Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil le Roinn na nAiltirí ag (01) 2054803/2047927
Leithris Phoiblí
Tá Leithris Phoiblí lánaimseartha á bhfeidhmiú ag an gComhairle i bPáirc an Phobail, Dún Laoghaire.
Leithris Phoiblí a fheidhmítear ar bhonn séasúrach (1 Aibreán go 31 Deireadh Fómhair):
· Cill Iníon Léinín (clós páirceála in aice an stáisiúin Dart),
· Rinn na Mara (Trá)
· Bóthar Vico, Cill Iníon Léinín.
Tá leithris phoiblí uathoibríoch ag Ascal Chuas an Ghainimh Thiar.Suiteáladh leithreas do dhaoine faoi mhíchumas ag Rinn na Mara i gcaitheamh an tséasúir shnámha.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759.
Núis Sláinte Poiblí
Is iad Oifigigh Shláinte Comhshaoil a fhiosraíonn thar cheann na Comhairle teagmhais Núis Sláinte Phoiblí a eascraíonn ó ábhar bréan arna charnú. Féadfar fógraí a sheirbheáil ar na ciontaigh. Mura dtagann laghdú ar an núis, féadfar an cás a chur faoi bhráid na gcúirteanna. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054800 nó chuig Oifig na Sláinte Comhshaoil, 8 Ascal na Carraige, Dún Laoghaire ag (01) 2082566.
Soilsiú Poiblí
Tá níos mó ná 20,000 solas poiblí sa Chontae. Is é polasaí cothabhála na comhairle fabhtanna a dheisiú, lochrainn nua a chur in áit na seancheann trí uasghrádú go lochrainn níos nua-aimseartha agus lochrainn de chineál atá níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh a shuiteáil.
Chun fabhtanna maidir le soilsiú poiblí a thuairisciú chuir glaoch le do thoil ar an Rannóg Soilsithe Phoiblí ag (01) 205 4809 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Clár Rapid
Lainseáladh an clár “Revitalising Areas Through Planning, Investment, and Development programme” ar bhonn náisiúnta i 2001 chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste uirbeach i limistéir ainmnithe. Is ar na limistéir Baile Lochlainn agus Seangánach/Rathsalach atá an Clár Rapid i nDún Laoghaire dírithe.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an gcomhordaitheoir RAPID sa Roinn Pobail agus Fiontair ag (01) 2047297 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Rátaí
Is ar mhaoin sealbhais thráchtála/thionsclaíoch atá rátaí iníoctha. Níl siad iníoctha ar mhaoin sealbhais bhaile nó talmhaíochta.
I ndiaidh measúnaithe an bhuiséid gach bliain, cinneann na comhaltaí tofa an ráta bliantúil luachála a bheidh le tobhach sa bhliain dar gcionn. Meastar rátaí ar mhaoine sealbhais trí thagairt a dhéanamh don ráta bliantúil luachála agus don luacháil uasdátaithe arna sholáthar ag an gCoimisinéir um Luachála. Tá siad iníoctha in dhá tráthchuid chothroma – an chéad cheann ar í a éileamh agus an dara cheann ar Iúil 1. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Airgeadais ag (01) 2054821 nó cuir ríomhphost chuig rates@dlrcoco.ie
Smacht Francach
Má tá aon cheist agat maidir le francaigh a bheith in áitribh phríobháideacha déan teagmháil le do thoil le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Sláinte Chomhshaoil, Rannóg Rialú Lotnaide ag (01) 4542087; maidir le haon cheist eile déan teagmháil leis na Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054800.
Athchúrsáil
Tá roinnt clár athchúrsála, a leithéidí athchúrsáil sa teaghlach agus ionaid athchúrsála Bhaile Uí Ógáin agus Pháirc Éadáin, tionscanta ag an gComhairle de bhun an pholasaí atá aici an athchúrsáil a chur chun cinn agus a spreagadh. Tá líonra forleathan Beir-Leat curtha ar bun ar fud an Chontae. Le haghaidh na sonraí iomlána faoi thionscnaimh athchúrsála agus le haghaidh liosta ioml án na n-ionad beir-leat logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie nó má tá aon cheist agat maidir le hathchúrsáil déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag (01) 205 4817 nó cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie
Bailiúchán Bruscair
Tá seirbhís bhailiúchán bruscair curtha ar fáil do circa 65,000 teaghlach, a bhformhór sin ar bhealaí na n-araidí rothaí. I roinnt ceantar ar deacair teacht orthu táthar ag leanúint ar aghaidh le seirbhís bhailithe málaí. Cuireadh tús le córas bailiúchán bruscair “Íoc de réir Meáchain” don chontae an 1 Eanáir 2005. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le Bailiúchán bruscair/Rannóg dramhaíola, Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054810 nó cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Clár na dToghthóirí
Féach “Clár na Vótálaithe”
Scéim Cóiríocht ar Chíos (SCC)
Tugadh isteach an tionscnamh seo d’fhonn riar ar riachtanais chóiríochta daoine atá ag fáil liúntas forlíontach cíosa, ar feadh níos mó ná 18 mí de ghnáth, agus a bhfuil tithíocht ag teastáil uathu le tamall fada. Tagann na hÚdaráis Áitiúil ar chomhaontú leis na Soláthraithe Cóiríochta (Tiarnaí Talún) a mbíonn a gcuid tionóntaí ag fáil Liúntas Forlíontach Cíosa nó a mbíonn teaghaisí nua acu lena n-úsáid faoin scéim. Déan teagmháil leis an Rannóg SCC ag (01) 2047264 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Cíos
Is í an Chomhairle a chinneann méid an chíosa a íocann tionóntaí de réir forálacha Scéim an Chíosa Ghrádaithe.
Is féidir an cíos seachtainiúil, blianacht cheannaigh agus tráthchodanna ceannaigh tionónta a íoc trí Billpay ag Oifig Phoist ar bith, ag siopa ar bith a bhfuil an comhartha Post-Point ar taispeáint, ag Oifigí Airgid na Comhairle nó trí Aistriú Creidmheasa ag Banc ar bith.
Bíonn Scéim Buiséad Teaglaigh á oibriú freisin ag an gComhairle do dhaoine atá ag fáil Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054841 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Dearadh Bóthair, Tógáil agus Feabhsú Acomhail
Tá an rannóg seo den Roinn Iompair freagrach as dearadh agus as tógáil na scéimeanna móra caipitil sa chontae maille le hobair fheabhsúcháin ar acomhail. Den chuid is mó is iad an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta agus an Roinn Comhshaoil Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a chuireann airgeadú ar fáil, m.sh. Mótarbhealach an Oirdheiscirt, Mótarbhealach Chros an Deiscirt etc. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2054806 nó logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Obair Chothabhála ar Bhóithre
Déantar obair fheabhsúcháin ar líonra bóthair na Comhairle ar bhonn leanúnach. Tá clár athchóiriú cosán coisithe ar siúl faoi láthair freisin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre sa Roinn Iompair ag (01) 2047958/2054379, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Marcanna Bóthair
Iarratais ar sholáthar marcanna nua bóthair reachtúla agus obair chothabhála ar mharcanna bóthair atá ann. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchtála ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Ceadúnais Oscailt Bhóthair
Eisítear ceadúnais chuig chonraitheoirí príobháideacha le go mbeidh siad in ann bóithre, cosáin coisithe agus limistéir ghlasa a oscailt de réir rialúcháin na Comhairle maidir le Rialú Oibreacha Bóthair, Seirbhísí Sláintíochta agus Sláinte agus Sábháilteacht. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad Rialacháin na mBóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4809 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Sábháilteacht ar Bhóthar
Soláthar Seirbhís Mhaor Scoile, cur chun cinn feasachta ar shábháilteachta ar bhóithre trí chomórtais agus trí thráth na gceist a reáchtáil sna scoileanna leis an mbéim ar oideachas tráchta agus ar chosc ar thionóisc agus scéimeanna oiliúna rothair agus gluaisrothair, is iadsan príomhghníomhaíochtaí na rannóige Sábháilteacht Bhóthair. Tá an Chomhairle gafa freisin le soláthar tionscadal “Safer Routes to Schools”.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifigeach Sábháilteacht ar Bhóithre ag (01) 2054813 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Comharthaí Bóthair
Iarratas maidir le soláthar comharthaí bóthair reachtúla agus treocha. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchtála ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Scuabadh Bóthair
Le haghaidh sonraí faoi scuabadh bóthair déan teagmháil le Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054810 nó cuir ríomhphost chuig environ@dlrcoco.ie
Eastát Tionsclaíoch Átha an Ghainimh
Tá eastát mór tionsclaíoch forbartha ag an gComhairle ag Áth an Ghainimh. Tá 60 heachtár san eastát agus is le haghaidh tionscal éadrom agus oifigí a rinne an Chomhairle an fhorbairt. Tá 300 gnó lonnaithe faoi láthair laistigh den eastáit agus tá thart ar 15,000 duine fostaithe iontu. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Forbartha ag 2054762 nó cuir ríomhphost chuig propertymanagement@dlrcoco.ie
Seirbhís Leabharlainne Scoile
Faoin Scéim Leabharlainne Scoile Náisiúnta cuirtear seirbhís ar fáil do seasca a sé scoil sa Chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Ceanncheathrú na Leabharlainne ag 2781788 nó cuir ríomhphost chuig libraries@dlrcoco.ie
Béilí Scoile
Faoi Scéim na mBéilí Scoile foráiltear do dháiliúchán ceapairí, barróga, torthaí agus bainne ar roinnt scoileanna a dhéanann lónadóireacht do thart ar 2000 páiste. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha, Oifig Dhún Droma ag (01) 2047209.
Seirbhís Mhaor Scoile
Cuireann an Chomhairle seirbhís mhaor scoile ar fáil ag an iomad áiteanna ar fud an chontae. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054884
Umair Sheipteacha
Ar mhaithe leis an sláinte phoiblí tá sé molta slod a bhaint d’umair sheipteacha ar a laghad uair sa bhliain ach b’fhearr dhá uair. Tá roinnt gnóthas príobháideacha diúscartha dramhaíola a chuireann an tseirbhís sin ar fáil.
Naisc Shéaraigh
Is í an Rannóg Uisce agus Draenála ag (01)2054800 a dhéileálann le ceisteanna maidir le naisc shéaraigh. Tá foirmeacha iarratais ar naisc shéaraigh ar fáil ar líne freisin ag http://www.dlrcoco.ie/
Scéim Comhúinéireachta
Tá an Scéim Comhúinéireachta ann chun freastal a dhéanamh do theaghlaigh nach bhfuil in acmhainn úinéireacht iomlán láithreach bonn, áit chónaithe a fháil in dhá cheann nó níos mó de ch é imeanna.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag 2047920/2047923, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Gabhdáin Bhruscair – Rialú
Ceadúnú oibreoirí gabhdán bruscair faoi na Fodhlíthe um Rialú Gabhdán Bruscair 1998.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchta ag (01) 205 4884 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Aonad Cuimsitheachta Sóisialta
Is é aidhm an Aonaid Chuimsitheachta Sóisialta an obair atá ar siúl ag an údarás áitiúil chun dul i ngleic le heisiamh sóisialta sainghrúpaí sa phobal a neartú agus a chur chun cinn trí chur chuige comhordaithe ilgníomhaireachta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Pobail agus Fiontair, Aonad Cuimsitheachta Sóisialta ag (01) 2047924 nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Teorainneacha Luais
Is í an Chomhairle, faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961-2004, a dhéanann Fodhlíthe Teorainn Luais i ndáil leis an gceantar is Contae riaracháin Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin é agus le chaoinchead an Údaráis um Bóithre Náisiúnta.
Is féidir cóip a fháil ón Rannóg Tráchta trí glaoch a chur ar (01) 205 4700 nó trí logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Forbairt Spóirt
Oibríonn an Rannóg Forbartha Spóirt i ndlúthpháirtíocht le Comhlachtaí Riaracháin Náisiúnta spóirt agus clubanna agus pobal spóirt áitiúla chun rannpháirteachas i ngníomhaíocht fisiciúil, spóirt agus fóillíochta a chur chun chinn agus a éascú do gach duine i nDún Laoghaire-Ráth an Dúin. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Oifigeach Forbartha Spóirt ag (01) 2719505 nó cuir ríomhphost chuig sports@dlrcoco.ie
Ceadúnais le haghaidh Troscán agus Comharthaí Sráide
Tá táillí ceadúnais maidir le feistis, gléasanna agus struchtúir sonracha ar Bhóithre Poiblí faoi réir Alt 254 den Acht Um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus Rialacháin na mblianta 2001 agus 2002. Is féidir iarratais a chur chuig an Rannóg Tráchta i scríbhinn. Samplaí is ea Ceadúnas le haghaidh Bord agus Cathaoireacha, Struchtúir Fógraíochta, comharthaí Méar Eolais.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchta ag (01) 205 4879 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Linn Snámha
Cuireann an Chomhairle áiseanna snámha ar fáil ag Linn Snámha agus Ionad Folláine Bhaile na Manach, Teileafón (01) 2301458 agus ag Linn Snámha Ghleann Albanach, (01) 2881502. Tá linn snámha 25 m, linn d’fhoghlaimeoirí, sabhna, seomraí gléasta agus giomnaisiam lánfheistithe ina sainchuid de Linn Snámha agus d’Ionad Folláine Bhaile na Manach. Cuireann Linn Snámha Ghleann Albanach linn 33m ar fáil maille le háiseanna gléasta a ghabhann léi. Tá an dá áit oscailte don phobal agus is iontu a dhéantar freastal ar cheachtanna snámha, ar shnáimh phoiblí agus ar ranganna aqua-fit.
Eastáit a Thógáil i gCúram
Is í an rannóg Forbartha Tógála den Roinn Pleanála atá freagrach as cigireacht a dhéanamh ar fhoirgnimh sula dtógtar i gcúram go foirmeálta iad lena chinntiú go bhfuiltear ag teacht le caighdeáin na Comhairle.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an rannóg Forbartha Tógála ag (01) 2047957.
Deimhnithe Tógáil-i-gCúram
Eisítear Deimhnithe Tógáil-i-gCúram lena dheimhniú cé acu atá nó nach bhfuil bóthar nó lána áirithe i gcúram Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus caoi á choinneáil air ag an gComhairle. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Rannóg na Cothabhála ar Bhóithre ag (01) 205 4700 Fo-líne 4609 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Comharthaí Sealadhacha Imeachta
Is féidir iarratas ar chead chun comhartha a thógáil d’fhonn imeacht a fhógairt a chur chuig an Rannóg Tráchta. Ní bhaineann aon táille le comhartha sealadach imeachta ar bhóithre poiblí ar mhaithe le cuspóir í carthanacha áitiúla. Is féidir iarratais a chur chuig an Rannóg Tráchta i scríbhinn.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchta ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Scéim Ceannaigh Tionónta
Ceadaíonn an Scéim Ceannaigh Tionónta do thionóntaí na Comhairle an teach atá siad ag fáil ar chíos ón gComhairle a cheannach le cúnamh lascaine atá bunaithe ar fhad a dtionóntachta leis an gComhairle. Tá teaghaisí áirithe atá eisiata ón scéim. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta ag (01) 2054845 nó cuir ríomhphost chuig housing@dlrcoco.ie
Cúirteanna Leadóige
Tá cúirteanna leadóige ag 11 áit ar fud an Chontae; is iad clubanna leadóige pobalbhunaithe faoi cheadúnas ón gComhairle a riarann cuid mhaith acu.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2047275, nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie
Amharclann
Cuireann Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire clár imeachtaí i láthair ar feadh na bliana lena n-áirítear téatar, damhsa agus ceol. Tá ionadaíocht ag an gComhairle ar Bhord Chuideachta Bhainistíochta Amharclann an Pavilion.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAmharclann an Pavilion ag (01) 2312929, nó logáil isteach ag http://www.paviliontheatre.ie
Turasóireacht
Is í an Chuideachta Thurasóireachta Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an Chuideachta Mhargaíochta agus Bholscaireachta don Chontae.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le (01) 2054855, nó logáil isteach ag http://www.dlrtourism.com
Grúpa Comhairleach Tráchta (GCT)
Is cónaidhm í an Grúpa Comhairleach Tráchta den Roinn Tráchta agus den Gharda Síochana a thagann le chéile chun iarratais ar “Signing and Lining” a phlé m.sh. línte buí dúbailte, acomhail bhosca bhuí, comharthaí STAD agus GÉILL SLÍ etc. de réir an Achta um Thrácht ar Bhóithre agus is iad a dhéanann na moltaí cuí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Rannóg Tráchta ag (01) 205 4700 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Scéimeanna Suaimhniú Tráchta
Cuireadh bearta suaimhniú tráchta i bhfeidhm ar fud an chontae agus bhí siad éifeachtúil i ndáil le luas agus brú tráchta a laghdú i gceantair chónaitheacha. Le haghaidh iarratas ar iniúchadh / dearadh / cur i bhfeidhm / suirbhéanna – haitseáil, rampanna etc. déan teagmháil leis an Rannóg Tráchta, Roinn Iompair ag (01) 2054376/2047265 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Comharthaí Tráchta/Trasbhealaí Coisithe
Tá méadú suntasach tagtha ar líon na dtrasbheala í coisithe agus tá an chomhairle ag leanúint leis an bpolasaí iad a uasghrádú go caighdeán MMG (Míchumais Mhaolghluaiste). Má tá ceist agat maidir le comharthaí tráchta nó trasbhealaí coisithe, déan teagmháil leis an Roinn Iompair ag (01) 2054376/2047265
Cóiríocht don Lucht Siúil
Tá an Chomhairle geallta clár a chur i bhfeidhm chun c ó ir í ocht a chur ar fáil don Lucht Siúil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Tithíocha ag (01) 2054739/2054849.
Eamhnú
Tá Dún Laoghaire eamhnaithe leis na bailte Brest san Frainc agus Anglesea sa Bhreatain Bheag.
Le haghaidh tuilleadh sonraí déan teagmháil leis an Roinn Cultúir, Forbairt Pobail agus Conláistí ag (01) 2054759.
Seirbhís Tréidliachta
Comhlíonannan an Cigire Tréidliachta feidhmeanna éagsúla a bhaineann go príomha le sábháilteacht bhia. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil ag (01) 2054810.
Clár na Vótálaithe
Is í Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an comhlacht reachtúil a ullmhaíonn agus a fhoilsíonn Clár na Vótálaithe. Le bheith cláraithe ní mór go mbeadh 18 mbliana nó níos mó slánaithe ag an nduine ar an dáta a thagann an Clár i bhfeidhm. Lena chinntiú go bhfuil tú cláraithe chun vótála nó le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Corparáideacha ag (01) 2054880, cuir ríomhphost chuig registerofelectors@dlrcoco.ie , nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Muirir Dramhaíola
Gearrtar muirir dhramhaíola chomhshaoil ar gach teaghlach a bhaineann áis as seirbhís bhailiúchán dramhaíola na Comhairle.
Le haghaidh na scéime tarscaoilte breathnaigh thíos le do thoil. Tugadh scéim mhuirearaithe isteach i 2005 ar bhain 3 eilimint leis an muirear: muirear seasta, muirear in aghaidh ardaithe, agus muirir in aghaidh an chileagraim mheáchain bhailithe. Féadfaidh custaiméirí meáchain agus arduithe na dramhaíola a bhailítear a sheiceáil anois ar shuíomh idirlín na Comhairle ag http://www.dlrcoco.ie Teastaíonn an uimhir chuntais agus uimhir an bhosca bruscair chun an t-eolas a fháil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Airgeadais, Rannóg Mhuirir Dhramhaíola ag (01) 2054747 nó cuir ríomhphost chuig charges@dlrcoco.ie
Foirmeacha Tarscaoilte Muirir Dhramhaíola
Tá scéim tarscaoilte á hoibriú i ndáil le muirir dhramhaíl Chomhshaoil le haghaidh iadsan ar ioncam íseal agus/nó atá ag brath ar an leas sóisialta. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Airgeadais, Rannóg Mhuirir Dhramhaíola ag (01) 2054747, cuir ríomhphost chuig charges@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie
Ceadúnais Bhailiúchán Bruscair
Teastaíonn Ceadúnais Bhailiúchán Bruscair ó chuideachta a bhailíonn dramhaíl. Is í Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath an t-údarás ábhartha i dtaca le Mór-Réigiún Bhaile Átha Cliath agus taisctear iarratais le haghaidh Ceadúnais Bhailiúcháin dá leithéid go díreach leis an Údarás sin. Coinnítear clár na gCeadúnas Bailiúcháin sa roinn Comhshaoil, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Halla an Chontae, agus tá sé ar fáil le haghaidh iniúchta phoiblí.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag 2047954 nó cuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie Féadfar teagmháil díreach a dhéanamh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag Lána Mhuire Mhaith, Baile Átha Cliath 8 agus ar an bhfón ag 4114312.
Bainistíocht Dramhaíola
Ghlac Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin Plean Bainistíocht Dramhaíola i 2006 a thugann aghaidh ar cheisteanna tábhachtacha a leithéid cosc ar dhramhaíl, athchúrsáil, aisghabháil agus diúscairt shábháilte.
Déileálann Rannóg Bhainistíocht Dhramhaíola na Comhairle le soláthar agus le bainistíocht seirbhísí a leithéid bailiúchán bruscair, laghdú dramhaíola tráchtála, áiseanna athchúrsála, feasacht chomhshaoil, scuabadh bóthair agus forfheidhmiú rialachán comhshaoil. Le haghaidh tuilleadh eolais logáil isteach ag www.dlrcoco.ie
Pacáistiú Dramhaíola
Cuireann táirgeoirí móra pacáistiú dramhaíola atá cláraithe le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin mar dhream féinrialaitheach áis ‘take-back’ ar fáil i dtaca leis an gcineál dramhaíola a tháirgeann siad.
Le haghaidh liosta de na táirgeoirí sin agus le haghaidh tuilleadh eolais fúthu déan teagmháil leis an roinn Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag (01) 2047954, cuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie/
Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL)
Tá ceadúnas ag teastáil le haghaidh aisghabháil dramhaíola nó gníomhaíocht diúscartha ar bith. Tá Clár Miondíoltóirí Dramhthrealaimh Leictrigh agus Leictreonaigh ar fáil ar shuíomh idirlín na Comhairle.
Le haghaidh foirm iarratais nó breis eolais déan teagmháil leis an roinn Comhshaoil, Aonad Forfheidhmithe ag 2047954, cuir ríomhphost chuig wasteenforcement@dlrcoco.ie nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Muirir Uisce (Muirir uisce tráchtála)
Gearrtar muirear i ndáil le soláthar seirbhísí uisce agus dramhuisce do gach áitreabh tráchtála laistigh den Chontae.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le do thoil leis an Roinn Airgeadais ag (01) 2054821, nó logáil isteach ag http://www.dlrcoco.ie
Naisc Uisce
Is í Rannóg na Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800 a dhéileálann le ceisteanna maidir le naisc uisce. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ón oifig nó ag an suíomh idirlín ag http://www.dlrcoco.ie
Oibríochtaí Uisce
Cuimsíonn Oibríochtaí Uisce deisiúchán phríomhphíopaí uisce arna bpléascadh, rialú brú, agus brath sceithe. Baintear úsáid as teicnící sofaisticiúla le sceitheanna a laghdú agus lena chinntiú go sroicheann an céatadán uasta uisce sconnaí na dtomhaltóirí. Le sceith nó le briseadh sa soláthar uisce a thuairisciú déan teagmháil le rannóg na Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800.
Taobh amuigh de na Gnáthuaireanta tá Uimhir Éigeandála ag (01) 6778844.
Truailliú Uisce
Daoine ar mian leo truailliú uisce a thuairisciú ba chóir dóibh dul i dteagmháil le Cigirí Truailliú Uisce na Comhairle ag (01) 2955087/2955063.
Ní mór do dhaoine atá ag scaoileadh eisilteach trádála nó séarachais isteach in aibhneacha, i lochanna, i sruthanna, in uisc í taoide etc. ceadúnas a bheith acu ón gComhairle. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na Seirbhísí Comhshaoil ag (01) 2054800.
Soláthar Uisce
Tagann an soláthar uisce i gContae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin go príomha ó phlandaí cóireála uisce na Comhairle ag an Tochar, ag Bóthar na Bruíne agus ag an mBaile Mór.
Coinníonn rannóg na Seirbhísí Uisce caoi ar shuíomh idirlín cuimsitheach ar a n-áirítear eolas faoi fhoinsí, crua na huisce, stóras, blas na huisce, folláine na huisce, pléasc píopaí agus sceith, truailliú, stair etc.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800.
I gcás éigeandála i ndiaidh 5in agus ag an deireadh seachtaine, cuir glaoch gutháin ar an tseirbhís Éigeandála Uisce agus Draenála ag (01) 6778844.
Caighdeán Uisce
Is ag na plandaí cóireála go príomha a dhéantar rialú caighdeáin ar an soláthar uisce inólta trí phróisis a rialú d’fhonn uisce a chomhlíonfaidh Rialacháin an AE a sholáthar. Déantar tástálacha ar amhuisce, ar uisce deiridh agus ar uisce ag na céimeanna cóireála idireatarthu thar mar atá leagtha síos de mhinicíochtaí tástála íosta sna Rialacháin. Déantar achoimre míosúil ar torthaí thástálacha an chaighdeáin uisce agus cuirtear ar taispeáint é ar shuíomh idirlín na Comhairle.
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Seirbhísí Uisce ag (01) 2054800.
Cead slí
Eisítear na ceadúnais sin chuig na comhlachtaí reachtúla agus chuig chuideachtaí fóntais eile le go mbeidh siad in ann bóithre, cosáin coisithe agus limistéir ghlasa a oscailt de réir rialúcháin na Comhairle maidir le Rialú Oibreacha Bóthair, Seirbhísí Sláintíochta agus Sláinte agus Sábháilteacht. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le hAonad Rialacháin na mBóithre ag (01) 205 4700 fo-líne 4615 nó logáil isteach ag an suíomh idirlín http://www.dlrcoco.ie/
Fiadhúlra
Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Roinn na bPáirceanna ag (01) 2047275, nó cuir ríomhphost chuig parks@dlrcoco.ie