Seirbhísí Dramhaíola
Nótaí - Foirm do ghearán comhshaoil
Maidir le baill den phobal ar mian leo eachtraí truaillithe agus núise ar leith a chur in iúl don Chomhairle, iarrtar orthu Foirm do ghearán comhshaoil (MSWord - 30Kb)
, mar atá faoi iamh, a úsáid chuige sin.
Tá an fhoirm sin dírithe go sonrach ar ghearáin faoi eachtrai truaillithe nó núise Aeir nó Torainn, mar aon le Dumpáil Mhídhleathach agus gníomhartha gaolmhara.
Tabhair do d’aire, le do thoil, nach do ghearáin ghinearálta maidir le caitheamh bruscair a ceapadh an fhoirm seo, nach bhfuil oiriúnach chuige sin, agus gur cheart gearáin dá leithéid a thuairisciú go díreach chuig Rannóg an Bhruscair, ag uimhir gutháin (01) 205 4817.
Ba cheart gach eachtra a bhaineann le Truailliú Uisce a thuairisciú go díreach chuig an Rannóg Uisce agus Draenála, ag uimhir gutháin (01) 205 4800.
Déan deimhin de, le do thoil, go ndéantar an Fhoirm Gearán a comhlánú go hiomlán agus go dtugtar inti na sonraí teagmhála ar fad a iarrtar, sula gcuirfear isteach go dtí an tAonad Forfheimhithe í. Gan sna sonraí sin, ní bheidh an Chomhairle in ann tuairisc a chur ar ais chugat maidir le toradh do ghearáin. Is féidir faisnéis de bhreis, grianghraif nó léarscáileanna, mar shampla, a chur isteach leis an bhfoirm.
Mar riail ghinearálta, ní fhiosraionn an tAonad Forfheidhmithe gearán ó dhuine gan ainm. Caithfidh an Chomhairle leis na sonraí pearsanta ar fad mar eolas faoi rún, i gcás go n-iarrann an gearánaí go ndéanfar amhlaidh. Déan deimhin de, le do thoil, go ndéanfar an bosca cuí a mharcáil ar an bhfoirm, i gcás nach mian leat go nochtfaí do shonraí aitheantais le tríú páirtí ar bith.