PREASRÁITEAS
TORTHAÍ FHÉILE
FILÍOCHTA 2004
Tá torthaí an 16ú Féile Filíochta Bliantúil ar fáil
anois! Fuaireamar
6,076 dán i 9 dteanga agus tá buaiteoirí againn ó gach cearn den domhan: an
Astráil, SAM, an Ghearmáin, an Ostair, an Fhrainc, an Iodáil, an Spáinn,
Albain, an Bhreatain Bheag, Sasana, an tSualainn agus ar ndóigh Éire féin. Tá na dánta go
léir a bhuaigh le léamh ar www.dircoco.ie/library
anois.
Ba mhór againn méadú mór a fheiceáil ar uimhir na ndánta i
ngach catagóir Gaeilge i mbliana i gcomparáid le blianta eile. Fuarthas a dhá
oiread dánta Gaeilge i mbliana le anuraidh nach mór. Bhain Ciarán Mac Aibhistín
ó Bhéal Feirste an chéad duais i gcatagóir na nAosach don dán Clog na
Gréine.
Eisean a bhuann Buantrófaí
Chonradh na Gaeilge. Bhí Áine Ní Ghlinn as Baile Átha Cliath sa dara háit le Eadarlúid
agus Máirín Mhig Fhionnbharra, as Baile Átha Cliath freisin, sa tríú
háit le Uisce. Sa chatagóir Faoi 17, bhain Niamh Seoighe ó
Choláiste Cholmcille i nGaillimh an chéad duais agus Buantrófaí Chonradh na
Gaeilge do An Ghealach. B'í Alex Kennedy a bhain an dara duais
don dán Cinnteacht agus Aisling Ní Mhórdha an tríú duais le
haghaidh An Lá Sin. Sa chatagóir deiridh, Faoi 12, bronnadh an chéad
duais ar Dhearbhla Ní Mhórdha ó Scoil Aonghusa, Geata an Domhnaigh i nDroichead
Átha dá dán Lá Amháin. Bhí Seán Mac Dhonnagáin sa dara háit leis An
Seomra agus Áine Ní Fhlanagáin ó Charraig Mhachaire Rois sa tríú háit
leis An t-am.
I mbliana ar mhaithe le haiseolas níos fearr a thabhairt
dár bhfilí óga a ghlac páirt sa bhFéile Filíochta, roghnaíodh deichniúr
tánaistí eile sna catagóirí Faoi 17 agus Faoi 12 le teastais a fháil. Tá a
n-ainmneacha siúd le léamh ar an láithreán gréasáin againne ar leathanach na
mbuaiteoirí duaise.
Is mór againn a fhógairt gur bhain iontráil ón mBreatain
Bheag, Cartref le Tony Banchi, Gradam Dhán na hEorpa, mórdhuais
na Féile Filíochta. Is í
L'Assemblée des Regions d'Europe a bhronnann an trófaí seo don dán is
suaithinsí i gCatagóir na nAosach. Tá tuilleadh faoi Tony and an dán a bhuaigh, i
mBreatnais agus i mBéarla, le léamh ar an láithreán gréasáin againne.
Ceiliúrfar na dánta a bhuaigh i bhFéile Filíochta 2004 i
Halla an Chontae, Dún Laoghaire, Dé hAoine an 1ú Aibreán. Beidh ticéil ar
fáil ón 1ú Márta ó Marian Keyes, Leabharlannaí Sinsearach (Cultúr) ag (01) 278
1788 nó ríomphost mkeyes@dircoco.ie Beidh an ceiliúradh seo ar siúl ag an am
céanna agus Poetry Now Festival de chuid Dún Laoghaire-Ráth an Dúin (PN05) a
bheas ann idir 31ú Márta-3ú Aibreán 2005 agus atá á eagrú ag Oifig Ealaíon na
Comhairle Contae.
Féadfar an t-eolas go léir i dtaobh Poetry Now a fháil ach ríomhphost a
chur chuig arts@dircoco.ie ref; Poetry Now nó glao a chur ar (01) 205 4873.
Gabhaimid buíochas lenár moltóirí agus lenár n-urraithe
go léir as a gcuid saineolais agus tacaíochta agus gabhaimid buíochas ar leith
leis na haosaigh, déagóirí agus páistí iomadúla a chuir isteach ar an gcomórtas
uathúil seo.
Láinseálfar an 17ú Féile Filíochta go luath i mí an
Mheithimh 2005.